Ordú 80

Na Clárlanna Probháide Ceantair

1. Ní bheidh feidhm ag an Ordú seo ach maidir le cleachtas agus nós imeachta Probháide neamhchointinní.


I. Iarratas ar phrobháid nó litreacha riaracháin.


2. Féadfar iarratas ar phrobháid nó litreacha riaracháin a dhéanamh san Oifig Phrobháide i ngach cás. Féadfar iarratas a dhéanamh, freisin, i gClárlann Cheantair i gcásanna ina mbeidh áit chónaithe sheasta tar éis bheith ag an éagach, tráth a bháis, laistigh den cheantar ina mbeidh an t-iarratas á dhéanamh. Déanfaidh Cláraitheoir Ceantair, sula mbreithneoidh sé an t-iarratas sin, a fhionnadh an áit chónaithe sheasta sin a bheith ag an éagach tráth a bháis.


3. Féadfar iarratas den sórt sin a dhéanamh i gClárlanna Ceantair trí aturnae nó i bpearsa.


4. Ní dhéanfaidh aon Chláraitheoir Ceantair, nó aon chléireach i gClárlann Cheantair, gnó a sheoladh, go díreach nó go neamhdhíreach, dó féin, nó mar an aturnae thar ceann aon duine eile sa Chlárlann Cheantair chun a mbeidh sé ceaptha. Beidh oifigí poiblí na gClárlann Ceantair uile agus faoi seach ar oscailt le haghaidh gnó gach lá de na laethanta agus na huaireanta an chloig a mbeidh sé forordaithe oifigí na hArd-Chúirte a bheith ar oscailt lena linn.


5. Ní cheadóidh Cláraitheoir Ceantair probháid nó litreacha riaracháin a eisiúint go dtí go mbeidh na fiosrúcháin go léir is cuí leis a thionscnamh freagartha chun a shástachta, go háirithe nuair a bheidh iarratais déanta i bpearsa. Tabharfaidh Cláraitheoir Ceantair, ina dhiaidh sin agus uile, a oiread saoráide chun deonuithe probháide nó riaracháin a fháil agus a bheidh i gcomhréir le haird chuí ar earráid nó calaois a chosc.


6. (i) Agus cinneadh á dhéanamh cé dó a ndeonófar litreacha riaracháin eastáit duine a bheidh tar éis bháis an 1ú lá d’Eanáir, 1967, nó dá éis, agus é ina dhíthiomnóir go hiomlán agus sainchónaí air i bPoblacht na hÉireann, beidh na daoine ag a mbeidh leas tairbhiúil in eastát an éagaigh i dteideal deonú riaracháin san ord tosaíochta seo a leanas, eadhon:—

(a) an céile marthanach;
(b) an céile marthanach i gcomhpháirt le leanbh leis an éagach arna ainmniú ag an gcéile sin;

(c) leanbh nó leanaí an éagaigh (lena n-áirítear aon duine ag a mbeidh teideal de bhua an Achta Dlisteanais, 1931, teacht i gcomharbas ar eastát an éagaigh);

(d) sliocht aon linbh a bheidh tar éis bháis le linn shaol an éagaigh;

(e) athair nó máthair an éagaigh nó, i gcás duine neamhdhlisteanaigh a bheidh tar éis bháis gan bheith dlisteanaithe, an mháthair;

(f) deartháireacha agus deirfiúracha an éagaigh (cibé acu iad a bheith lánghaolmhar nó leasghaolmhar dó);

(g) i gcás ina mbeidh aon deartháir nó deirfiúr tar éis maireachtáil i ndiaidh an éagaigh, sliocht dearthár nó deirféar a bheidh tar éis bháis roimh an éagach;

(h) nianna agus neachtanna don éagach (cibé acu iad a bheith lánghaolmhar nó leasghaolmhar dó);

(i) seantuismitheoirí;

(j) uncailí agus aintíní (cibé acu iad a bheith lánghaolmhar nó leasghaolmhar dó);

(k) sin-seantuismitheoirí;

(l) neasghaolta eile den ghlúin ghaoil is gaire (cibé acu iad a bheith lánghaolmhar nó leasghaolmhar dó), agus tosaíocht á tabhairt do thaobhghaolta ar shinsearaigh réimdhíreacha;

(m) ainmnitheach an Stáit.


(ii) Beidh an ceart céanna ar dheonú ag ionadaí pearsanta aon duine de na daoine atá luaite anseo roimhe seo (seachas ainmnitheach an Stáit) is a bheidh ag an duine arb é a ionadaí é, ach sin faoi réir fho-riail (8) (b) den riail seo lena bhforáiltear go dtabharfar tosaíocht do leasanna beo ar leasanna marbha.


(iii) I gcás ina mbeidh éilimh easaontacha ar dheonú i measc comhaltaí d’aicme a bheidh i dteideal riaracháin, tarchuirfear an t-ábhar chun an Oifigigh Phrobháide agus tabharfar an deonú do na héilitheoirí díobh a roghnóidh an tOifigeach Probháide tar éis dó fógra 21 lá ar a laghad a thabhairt do na hiarratasóirí iomaíochta nó, ar agóid a bheith déanta i scríbhinn laistigh den tréimhse sin, do cibé duine a roghnóidh an Chúirt.


(iv) Más rud é go mbeidh na daoine go léir a bheidh i dteideal deonú faoi na forálacha sin roimhe seo den ordachán seo glanta as, féadfar deonú a thabhairt do chreidiúnaí de chuid an éagaigh, nó, faoi réir fho-riail (8) (b) den riail seo, d’ionadaí pearsanta creidiúnaí.


(v) Beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Uchtála, 1952-1976, agus an teideal chun deonú á chinneadh, faoi mar atá feidhm acu i gcineachadh maoine i gcás díthiomnachta.


(vi) I gcás ina mbeidh an t-éagach tar éis bháis an 1 Eanáir, 1967, nó dá éis, agus sainchónaí air i bPoblacht na hÉireann, agus uacht fágtha aige gan aon seiceadóir a bheith ceaptha léi, nó lena mbeidh seiceadóir nó seiceadóirí ceaptha a bheidh glanta as trí bhás, tréigean nó forghairm, nó ar shlí eile, cinnfear an duine nó na daoine a bheidh i dteideal deonú riaracháin maille le huacht de réir an oird tosaíochta seo a leanas, eadhon:—

(a) aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach ag teachtadh dó ar iontaobhas d’aon duine eile;
(b) aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach saoil;

(c) aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach eile nó, faoi réir fho-riail (8) (b) den riail seo, lena bhforáiltear go dtabharfar tosaíocht do leasanna beo ar leasanna marbha, ionadaí pearsanta aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharaigh den sórt sin;

(d) aon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach saoil i gcomhpháirt le haon leagáidí nó réadtiomnaí iarmharach deiridh ar thréigean nó ar thoiliú na coda eile de na leagáidithe nó réadtiomnaithe iarmharacha saoil;

(e) i gcás nach mbeidh an t-iarmhar i dtéarmaí a bheidh diúscartha go hiomlán, tarchuirfear an t-ábhar chun an Oifigigh Phrobháide, agus féadfaidh seisean, más dóigh leis an t-eastát go léir nó bunáite an eastáit, arna fhionnadh tráth an iarratais ar dheonú, a bheith diúscartha mar sin féin ag an tiomnóir, a cheadú deonú a thabhairt d’aon leagáidí nó réadtiomnaí a bheidh i dteideal an eastáit a bheidh diúscartha amhlaidh, nó i dteideal scaire ann, gan aird a thabhairt ar an duine a bheidh i dteideal scaire in aon iarmhar nach mbeidh diúscartha leis an uacht;

(f) i gcás nach mbeidh an t-iarmhar diúscartha go hiomlán leis an uacht, aon duine (seachas creidiúnaí) a bheidh i dteideal deonú i gcás díthiomnachta iomláine de réir an oird tosaíochta atá leagtha amach i bhfo-rialacha (1) go (5);

(g) aon leagáidí nó réadtiomnaí nó aon chreidiúnaí nó, faoi réir fho-riail (8) (b), ionadaí pearsanta aon duine den sórt sin.


(vii) I gcás ina dteipfidh ar bhronntanas d’aon duine de bhíthin alt 82 den Acht Comharbais, 1965 (lena bhforáiltear go mbeidh bronntanais d’fhinnéithe fianaithe nó dá gcéilí ar neamhní), ní bheidh aon cheart ag an duine sin ar dheonú mar thairbhí arna ainmniú san uacht ach beidh sin gan dochar dá cheart ar dheonú in aon cháil eile.

(viii)

(a) Féadfar deonú a thabhairt d’aon duine a bheidh ina theideal gan fógra a thabhairt do dhaoine eile a bheidh i dteideal deonú san aicme chéanna, ach féadfaidh an Cláraitheoir Ceantair a cheangal go dtabharfar fógra;
(b) Mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt tabharfar deonú do dhuine beo d’aicme a bheidh ina theideal i dtosaíocht ar ionadaí pearsanta duine den aicme sin a bheidh tar éis bháis i ndiaidh an éagaigh;

(c) Mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt tabharfar deonú do dhuine nach mbeidh faoi mhíchumas dlíthiúil i dtosaíocht ar chúramaí nó ar chaomhnóir duine faoi mhíchumas dlíthiúil ag a mbeidh teideal comhionann, ar an gcoinníoll, i gcás iarratais ó chúramaí duine faoi mhíchumas dlíthiúil, go rachaidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide, sula dtabharfar deonú, i gcomhairle le Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.


(ix) I gcás ina mbeidh uacht in aon teanga seachas an Ghaeilge nó an Béarla, féadfaidh an Cláraitheoir Ceantair, le ordú ón Oifigeach Probháide, í a ligean faoi chruthú i dtéarmaí tiontaithe uirthi sa Ghaeilge nó sa Bhéarla.


(x) I gcás ina mbeidh a leas iomlán in eastát an éagaigh sannta ag an aon duine amháin a bheidh i dteideal an eastáit, cibé acu faoi uacht nó i gcás díthiomnachta, beidh an sannaí sin i dteideal, le ordú ón Oifigeach Probháide, ionad an tsannóra a ghabháil san ord tosaíochta i gcomhair deonú.


(xi) I gcás ina mbeidh duine i dteideal an leasa thairbhiúil in eastát iomlán éagaigh, féadaidh an tOifigeach Probháide a ordú go ndé anfar riarachá n, ar thréigean an duine sin, a dheonú don duine, nó do na daoine i gcomhpháirt, arna ainmniú nó arna n-ainmniú aige, a bheadh i dteideal eastát, nó scaire in eastát, an duine a bheidh ag tréigean amhlaidh dá mba rud é go raibh sé tar éis bháis ina dhíthiomnóir.


(xii) I gcás ina mbeidh tuismitheoirí éagaigh i dteideal an leasa thairbhiúil in eastát iomlán an éagaigh sin, féadfar riarachán, ar thréigean agus ar thoiliú na dtuismitheoirí sin, a dheonú don leanbh, nó do na leanaí i gcomhpháirt, a ainmneoidh na tuismitheoirí.


(xiii) Ní thabharfar aon deonú riaracháin do bhreis is triúr i gcomhpháirt mura n-ordóidh an tOifigeach Probháide a mhalairt.


(xiv) Nuair is gá, ar bhás ionadaí phearsanta éagaigh gan an t-eastát a bheith riartha go hiomlán aige, riarachán eastát neamhriartha an éagaigh a dheonú, is iad na rialacha a mbeidh feidhm acu ar iarratas a dhéanamh ar dheonú bunaidh na rialacha a mbeidh feidhm acu maidir le fionnadh an deontaí nua.


(xv) Agus cinneadh á dhéanamh cé dó a bhféadfar deonú riaracháin i gcás díthiomnachta, nó maille le huacht, a thabhairt i gcás duine a bheidh tar éis bháis roimh an 1ú lá d’Eanáir, 1967, comhlíonfar na rialacha a bhí i bhfeidhm agus ab infheidhme go dtí seo maidir le cás den sórt sin.

II. Uacht a fhorghníomhú.

7. Ar iarratas ar phrobháid nó litreacha riaracháin maille leis an uacht a fháil, déanfaidh an Cláraitheoir Ceantair an uacht a iniúchadh agus féachfaidh sé an mbeidh taispeáinte le téarmaí an chlásail fhianaithe (más ann) go mbeifear tar éis na forálacha reachtúla maidir le fianú uachtanna a chomhlíonadh.


8. Más rud é nach mbeidh aon chlásal fianaithe i ndoiciméad a thíolacfar i gcomhair probháide nó litreacha riaracháin maille leis an uacht, nó mura leor an clásal fianaithe, éileoidh an Cláraitheoir Ceantair mionnscríbhinn ó dhuine amháin, ar a laghad, de na finnéithe a mbeidh an uacht fianaithe acu lena síniú, más rud é go mbeidh na finnéithe sin nó ceachtar acu ar marthain, chun a chruthú go mbeifear tar éis na forálacha reachtúla maidir le forghníomhú uachtanna a chomhlíonadh. Cuirfear nóta arna shíniú ag an gCláraitheoir Ceantair isteach ar an gcóip léirscríofa den uacht a bheidh i gceangal leis an bprobháid nó leis an riarachán, á chur in iúl mionnscríbhinní forghníomhaithe cuí, nó de réir mar a bheidh, a bheith comhdaithe.


9. Má dhealraíonn sé don Chláraitheoir Ceantair, ar cibé mionnscríbhinní a chomhdó far a ghrinnscrúdú, nach mbeifear tar éis na forálacha reachtúla a chomhlíonadh, diúltóidh an Cláraitheoir Ceantair probháid na huachta airbheartaithe.


10. Más rud é go mbeidh an bheirt fhinné a mbeidh an uacht fianaithe acu lena síniú tar éis bháis, nó mura féidir, mar gheall ar imthosca eile, aon mhionnscríbhinn a fháil ó cheachtar díobh, rachfar i muinín daoine eile (más ann) a bhféadfaidh sé go mbeidh siad tar éis bheith i láthair tráth forghníomhaithe na huachta, ach mura féidir aon mhionnscríbhinn ó aon duine eile den sórt sin a fhá il, gheofar fianaise i mionnscríbhinn faoin bhfíoras agus faoi lámhscríbhneoireacht an éagaigh agus na bhfinnéithe a mbeidh an uacht fianaithe acu lena síniú, agus freisin faoi aon imthosca a bhféadfaidh sé go mbeidh siad ina gcúis le toimhde i bhfabhar an fhorghníomhaithe chuí.


11. In aon chás ina mbeifear tar éis uacht ar dealraitheach í a bheith forghníomhaithe go cuí a thabhairt ar aird i gcomhair probháide nó i gcomhair riaracháin maille leis an uacht, ní dhéanfaidh Cláraitheoir Ceantair probháid aon uachta roimhe sin, nó riarachán maille le haon uacht roimhe sin, nó riarachán i leith an éagaigh, mar dhuine a bheidh tar éis bháis ina dhíthiomnóir, a dheonú gan ordú ón gCúirt, nó ón Oifigeach Probháide, lena dtaispeánfar an uacht dheireanach gan a bheith i dteideal probháide. In éagmais an ordaithe sin rachaidh an Cláraitheoir Ceantair i gcumarsáid leis an Oifigeach Probháide.


III. Idirlínithe agus athruithe.

12 Beidh idirlínithe agus athruithe neamhbhailí mura rud é go mbeidh siad tar éis bheith san uacht roimh fhorghníomhú na huachta, nó, más rud é go mbeidh siad déanta dá éis sin, mura rud é go mbeidh siad forghníomhaithe agus fianaithe ar an modh is gá de réir dlí, nó mura rud é go mbeidh siad déanta bailí trí ath-fhorghníomhú na huachta, nó trí chodaisíl a bheidh ag gabháil léi a fhorghníomhú ina dhiaidh sin.


13. I gcás ina mbeidh idirlínithe agus athruithe san uacht (mura rud é go mbeidh siad forghníomhaithe go cuí, nó réamhaithriste sa chlásal fianaithe nó sainaitheanta ar dhóigh eile leis), comhdófar mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní i gcruthúnas ar iad a bheith san uacht roimh fhorghníomhú na huachta, ach amháin nuair is beag tábhacht a bheidh leis na hathruithe, agus go mbeidh siad fianaithe le hinisealacha na bhfinnéithe fianaithe.

IV. Scriosadh amach agus díobhadh.

14. Ní bheidh feidhm ag scriosadh amach agus díobhadh mura rud é go gcruthófar é a bheith san uacht roimh fhorghníomhú na huachta, nó mura rud é go ndéanfar na hathruithe a bheidh déanta san uacht leis sin a fhorghníomhú agus a fhianú go cuí, nó mura rud é go mbeidh siad déanta bailí trí ath-fhorghníomhú na huachta nó trí chodaisíl a bheidh ag gabháil léi a fhorghníomhú ina dhiaidh sin. Más rud é nach bhféadfar aon fhianaise shásúil a thabhairt ar aird i dtaobh thráth déanta an scriosta amach agus an díobhaidh sin, agus nach mbeidh na focail a bheidh scriosta amach nó díofa glanta amach ar fad, ach go bhféadfar, ar an bpáipéar a iniúchadh, iad a fhionnadh, ní foláir iad a bheith ina gcuid den phrobháid. I ngach cás ina bhféadfadh tábhacht a bheith leis na focail a bheidh scriosta amach nó díofa, beidh mionnscríbhinn ag teastáil.

V. Doiciméid dá dtagrófar in uacht.

15. Má bhíonn tagairt in uacht d’aon ghníomhas, páipéar, meabhrán, nó doiciméad eile, de chineál a tharraingeodh ceist ar chóir nó nár chóir dó bheith ina chomhchuid den uacht, tabharfar an gníomhas, an páipéar, an meabhrán nó an doiciméad eile sin ar aird, d’fhonn a fhionnadh an mbeidh sé i dteideal probháide; agus, mura dtabharfar ar aird é, tabharfar cuntas ina neamhthabhairt ar aird.


16. Ní ligfear aon ghníomhas, páipéar, meabhrán nó doiciméad eile chun probháide mar chuid d’uacht mura rud é go mbeidh sé tar éis bheith ann tráth forghníomhaithe na huachta agus go mbeidh tagartha dó san uacht.


VI. An dreach a bheidh ar an bpáipéar.


17. Más rud é go mbeidh aon rianta de chéir shéalaithe nó de shéalaí taois, nó marcanna eile, ar na páipéir thiomnacha, a bhféadfaí an tát a bhaint astu go mbeidh páipéar, meabhrán nó doiciméad eile tar éis bheith i gceangal leo nó ag gabháil leo, tabharfar an páipéar, an meabhrán nó an doiciméad eile sin ar aird, agus, mura dtabharfar ar aird é, tabharfar cuntas ina neamhthabhairt ar aird.


VII. Scríbhneoireacht le peann luaidhe ar uachtanna.


18. Nuair is le peann luaidhe a bheidh uacht scríofa nó nuair a bheidh aon scríbhneoireacht le peann luaidhe ar uacht nó ar scríbhinn nó ar dhoiciméad eile a chomhdófar i gClárlann Cheantair, déanfar cóip mhacasamhla den uacht, den scríbhinn nó den doiciméad eile, nó de na leathanaigh nó duilleoga di nó de ar a mbeidh an scríbhneoireacht le peann luaidhe, a chomhdú freisin, agus na codanna sin a bheidh scríofa le peann luaidhe san uacht nó sa scríbhinn bhunaidh, nó sa doiciméad bunaidh eile, scríofa i ndúch dearg.


VIII. Cásanna amhrasacha.


19. I ngach cás ina mbeidh amhras ann, ar chúis ar bith, faoi aon uacht a bheith i dteideal probháide, agus i ngach cás ina dtiocfaidh ceist chun cinn ar chóir feidhm a bheith ag aon athrú, idirlíniú, scriosadh amach nó díobhadh, nó ar chóir aon ghníomhas, páipéar, meabhrán nó doiciméad eile a bheith ina chuid d’uacht, nó má thagann ann d’aon amhras de dhroim an dreacha a bheidh ar an bpáipéar, nó ar aon phonc eile, rachaidh an Cláraitheoir Ceantair i gcomhairle leis an Oifigeach Probháide, agus féadfaidh seisean ordacháin na Cúirte a ghlacadh nó a cheangal ar na páirtithe an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte.


20. Braitheann ceart páirtithe chun litreacha riaracháin maille leis an uacht, agus litreacha riaracháin maille leis an uacht de bonis non, chomh hiomlán sin ar imthosca gach cáis ar leith a thionscnófar i dtaca le foclaíocht na huachta, go ndéanfar, aon uair a bheidh ceart an pháirtí a mbeidh iarratas á dhéanamh aige incheistithe in aon chor, ráiteas i dtaobh an cháis, agus cóip den uacht ag gabháil leis, a tharchur chuig an Oifigeach Probháide agus tabharfaidh seisean comhairle ina thaobh.

IX. Iarratas ó chorparáid iontaobhais.


21. Nuair a dhéanfaidh corparáid iontaobhais iarratas ar dheonú, déanfaidh oifigeach arna údarú chun déanamh amhlaidh an mhionnscríbhinn is gá faoi chomhair deonú a mhionnú thar a ceann.


22. I gcás corparáide iontaobhais ag a mbeidh bord gobharnóirí, bord stiúrthóirí nó comhlacht rialaithe eile, is le rún ón mbord gobharnóirí nó ón mbord stiúrthóirí nó ón gcomhlacht rialaithe eile sin a dhéanfar oifigeach a údarú chun an mhionnscríbhinn sin a mhionnú, agus, i ngach cás eile, is le rún ón gcorparáid iontaobhais a dhéanfar sin.


23. I dteannta gach iarratais den sórt sin ó chorparáid iontaobhais taiscfear cóip (arna séalú le séala na corparáide iontaobhais sin) den rún lena n-údarófar oifigeach chun an mhionnscríbhinn a mhionnú is gá chun an deonú a fháil. I gcás ina mbeidh an chóip sin a dúradh taiscthe cheana féin i dteannta iarratais roimhe sin is leor ina dhiaidh sin fótastat den chóip sin a thaisceadh.

X. Riarachán teoranta.


24. Mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt, ní dheonófar riarachán teoranta mura rud é go mbeidh gach duine a bheidh i dteideal an deonaithe ghinearálta tar éis toiliú nó tréigean, nó forghairthe agus go mbeidh sé tar éis loiceadh láithriú: sa riail seo cialláýonn an focal ‘‘teoranta’’ teoranta do chuid de shócmhainní nó d’eastát an éagaigh agus di sin amháin.


25. Ní cheadó far d’aon duine a bheidh i dteideal deonú ginearálta riaracháin i leith eastát an éagaigh deonú teoranta a ghlacadh, ach amháin le hordú ó n gCúirt.

XI. Riarachán faoin Acht Comharbais, 1965.


26. Aon uair a dhé anfaidh an Chúirt, faoin Acht Comharbais, 1965, alt 27, duine éigin a cheapadh ina riarthóir nach duine a bheadh i dteideal an deonaithe ar dhóigh eile, déanfar ordú a bheith déanta faoin alt a lua i mionn an riarthóra, sa deonú riaracháin agus sa bhanna riaracháin.

XII. Deonú d’Aturnae.


27. I gcás duine a mbeidh cónaí air lasmuigh de dhlínse na Cúirte nó a bheidh ar tí dlínse na Cúirte a fhágáil, nó a bheidh, i dtuairim na Cúirte nó an Oifigigh Phrobháide, faoi mhíchumas géar leanúnach coirp, féadfar riarachán, nó riarachán maille leis an uacht, a dheonú dá aturnae, ag gníomhú dó faoi chumhacht aturnae.

XIII. Deonú do Chaomhnóir.


28. Féadfar deonú riaracháin a thabhairt don chaomhnóir ar naíon le haghaidh úsáid an naín.


29. I gcás nach mbeidh caomhnóir tiomnach nó caomhnóir arna cheapadh ag an gCúirt, nó le forálacha nó faoi fhorálacha an Achta um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, ag naíon, déanfar caomhnóir a shannadh le hordú ón gCúirt nó ón Oifigeach Probháide. Is é foras a bheidh leis an iarratas ar an ordú sin mionnscríbhinn a thaispeánfaidh, oiread agus is féidir sin, méid na sócmhainní, aois an naín agus cé leis a mbeidh cónaí air, gurb é a bheidh sa chaomhnóir beartaithe an té is gaire i ngaol don naíon nó go mbeidh an té is gaire i ngaol tar éis a cheart chun na caomhnóireachta a thréigean, nó go mbeidh sé ag toiliú le sannadh an chaomhnóra bheartaithe, agus go mbeidh an caomhnóir beartaithe sin réidh leis an gcaomhnóireacht a ghlacadh air féin. Ar an iarratas sin a dhéanamh chuici tabharfaidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide aird ar mhianta sainráite aon naín os cionn dhá bhliain déag d’aois.

XVI. Mionn riarthóra.


30. (i) Déanfar mionn riarthóra a fhoclú ar dhóigh go ndéanfar na daoine go léir a mbeidh ceart tosaíochta acu chun an deonaithe a ghlanadh as. I gcás ina mbeidh leasanna tosaíochta ann taispeánfar ar éadan an deonaithe conas a bheidh siad glanta as.


(ii) I riarachán de chineál speisialta, cumfar an ráiteas sa mhionn agus na litreacha riaracháin de réir fhíorais an cháis.


(iii) Déanfar luach na maoine a bheidh luaite i mionn an riarthóra a fhíorú le mionnscríbhinní eile má éilíonn Cláraitheoir Ceantair é.

XV. Banna riaracháin.

31. Déanfaidh an tOifigeach Probháide nó an tOifigeach Probháide Cúnta nó an Cláraitheoir Ceantair, nó coimisinéir nó duine eile atá údaraithe anois nó a údarófar amach anseo chun mionnscríbhinní a thógáil, bannaí riaracháin a fhianú, ach i gcás ar bith ní dhéanfaidh aturnae nó gníomhaire an pháirtí a fhorghníomhóidh iad iad a fhianú. Maidir le síniú an riarthóra ar bhanna den sórt sin, mura dtógfar san Oifig Phrobháide nó sa Chlárlann Cheantair é, is é an duine céanna a chuirfidh an riarthóir sin faoi mhionn a fhianóidh é mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide nó an Cláraitheoir Ceantair a mhalairt.


32. Féachfaidh Cláraitheoir Ceantair chuige, a mhéid is féidir, gur daoine freagracha a bheidh sna hurraí le bannaí riaracháin.


33. Déanfaidh na hurraí le bannaí riaracháin fírinniú sa tsuim chomhlán a mhionnófar i leith eastát an éagaigh, mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide nó an Cláraitheoir Ceantair a mhalairt.


34. Is é foirm an bhanna riaracháin arna forordú ag Uachtarán na hArd-Chúirte ó thráth go chéile a úsáidfear i gcás eastát daoine a bheidh tar éis bháis an 1 Eanáir, 1967, nó dá éis. Is é an fhoirm atá leagtha amach i bhFoscríbhinn Q, Cuid II, an fhoirm atá forordaithe ar dháta déanta na rialacha seo. I gcás eastát daoine a bheidh tar éis bháis roimh an 1 Eanáir, 1967, úsáidfear na foirmeacha a bhí in úsáid go dtí seo i ndáil leis na heastáit sin.

XVI. Deonú a eisiúint.


35. Ní eiseofar aon phrobháid nó litreacha riaracháin go dtí go mbeidh ceithre lá dhéag caite ó dháta éagtha an éagaigh, mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide é.


36. Déanfar gach probháid nó litir riaracháin a eiseofar ó Chlárlann Cheantair a líonadh isteach sa Chlárlann sin; agus déanfar aon deonú roimhe sin a bheidh cúlghairthe nó a mbeidh deireadh tagtha leis a ghlanadh as sa Chlárlann sin.


37. Beidh i bhfógraí um iarratas ar dheonuithe probháide nó riaracháin maille le huacht, a tharchuirfidh Cláraitheoir Ceantair chuig an Oifigeach Probháide, i dteannta na sonraí a shonraítear san Acht Comharbais, 1965, alt 36, sliocht as focail na huachta lena mbeidh an t-iarratasóir ceaptha ina sheiceadóir, nó na focail (más ann) ar a mbeidh a éileamh ar an riarachán sin á bhunú aige, agus taispeánfar iontu lá déanta an iarratais.


38. Leagfar amach san fhógra iarratais ainmneacha agus leasanna na ndaoine go léir a mbeadh, de réir chleachtas na Cúirte, ceart acu i dtosaíocht ar cheart an iarratasóra, agus taispeánfar ann conas a bheidh an ceart tosaíochta sin glanta as. I gcás na daoine, nó aon duine díobh, a bheith tar éis tréigean, luafar dáta an tréigin sin. Má dhéanann an t-iarratasóir éileamh mar ionadaí duine eile, luafar dáta agus sonraí an deonaithe sin dó maidir le heastát an duine eile sin.


39. Déanfar mionn seiceadóra nó riarthóra a shíniú agus a mhionnú mar mhionnscríbhinn agus a chomhdú sa Chlárlann Cheantair chuí.


40. Déanfaidh an Cláraitheoir Ceantair an dréachtmhionn faoi chomhair deonuithe probháide speisialta nó teoranta, nó riaracháin i gcás díthiomnachta nó maille le huacht, a tharchur chuig an Oifigeach Probháide lena shocrú; agus ní eiseofar aon deonú speisialta nó teoranta go dtí go mbeidh an dréachtmhionn faoina chomhair sin socraithe ag an Oifigeach Probháide.


41. Féadfaidh Cláraitheoir Ceantair, i gcásanna ina measfaidh sé gur gá é, cruthúnas a éileamh, de bhreis ar mhionn an tseiceadóra nó an riarthóra, ar chéannacht an éagaigh, nó ar chéannacht an pháirtí a mbeidh an deonú á iarraidh aige.


42. Gach uacht nó cóip d’uacht a fhoilseánfar i mionn seiceadóra nó riarthóra maille le huacht, déanfaidh an seiceadóir nó an riarthóir sin, agus an duine a mbeidh sé curtha faoi mhionn os a chomhair, í a mharcáil. Déanfar an mharcáil sin ar chúl na huachta nó in áit eile sa chaoi go mbeidh sí so-aitheanta ón uacht féin agus ón bhfianú uirthi.

XVII. Tréigean.


43. Aon duine a thréigfidh probháid uacht nó litreacha riaracháin eastát duine éagtha i gcáil amháin, ní cheadófar dó uiríoll a fháil i leith an éagaigh chéanna i gcáil eile, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.


XVIII. Deonú a chúlghairm agus a athrú.


44. Ní chúlghairfear deonuithe probháide nó litreacha riaracháin ach le hordú ón gCúirt nó ón Oifigeach Probháide.


45. Ní athróidh Cláraitheoir Ceantair aon deonú probháide nó litreacha riaracháin gan ordú ón Oifigeach Probháide a bheith faighte roimh ré. I gcás gur gá ainm an tiomnóra nó an díthiomnóra, nó an dáta báis, a athrú, tabharfar fógra faoi iarratas chun leasú a dhéanamh, agus ní dhéanfaidh Cláraitheoir Ceantair an t-athrú a bheidh ordaithe go dtí go mbeidh an gnáthdheimhniú ar an bhfógra sin faighte ón Oifigeach Probháide.


XIX. Mionnscríbhinní.


46. Beidh feidhm ag Ordú 40, Cuid I, maidir le mionnscríbhinní a chomhdófar nó a úsáidfear i gClárlanna Ceantair.


47. I ngach cás ina ndéanfaidh finné a mbeidh uacht fianaithe aige lena shíniú mionnscríbhinn d’fhonn forghníomhú na huachta sin a chruthú, teisteoidh an finné sin i dtaobh na slí ina mbeifear tar éis an uacht sin a fhorghníomhú agus a fhianú.


XX. Caveat.


48. Aon duine a mbeidh ar intinn aige cur i gcoinne deonú probháide nó litreacha riaracháin a eisiúint, déanfaidh sé, go pearsanta nó trína aturnae, caveat a thaisceadh san Oifig Phrobháide nó sa Chlárlann Cheantair chuí.


49. Is é lá a thaiscthe an dáta a bheidh ar caveat, agus ní fhanfaidh sé i bhfeidhm ach go ceann sé mhí, agus ansin rachaidh sé in éag agus beidh sé gan éifeacht; ach féadfar caveat a athnuachan ó thráth go chéile.


50. I ngach caveat luafar ainm agus seoladh an duine a mbeidh sé á thaisceadh thar a cheann, agus áit chláraithe ghnó an aturnae a bheidh á thaisceadh, nó mura mbeidh aon aturnae ann, seoladh le haghaidh seirbheála (laistigh den dlínse) ag a bhféadfar rabhadh i leith an caveat a thabhairt agus, i gcás inarb amhlaidh a bheidh, luafar sa caveat nach mbeifear á thaisceadh ach d’fhonn a fheiceáil gur leor an t-urrús.


51. Aon duine a dhéanfaidh, go bhfios dó féin, nó a chuirfidh faoi deara, go bhfios dó féin, go ndéanfar, caveat a thaisceadh i gClárlann Cheantair in ainm duine bréige, nó le seoladh bréige don duine a n-airbheartófar ann é a bheith taiscthe thar a cheann, measfar é a bheith ciontach i ndíspeagadh Cúirte.


52. Díreach ar caveat a thaisceadh, cuirfidh Cláraitheoir Ceantair cóip de chuig an Oifigeach Probháide, agus, freisin, chuig Cláraitheoir aon cheantair eile ina mbeidh líomhnaithe cónaí a bheith ar an éagach tráth a bháis, nó inarb eol áit chónaithe sheasta a bheith aige tráth a bháis, agus luafaidh sé lá taiscthe an caveat.


53. Ní dhéanfaidh aon caveat difear d’aon deonú arna dhéanamh lá taiscthe an caveat, nó an lá a gheofar fógra á rá caveat a bheith taiscthe i gClárlann Cheantair.


54. Is ón Oifig Phrobháide amháin a thabharfar rabhadh i leith caveat.


55. Tar éis caveat a bheith taiscthe, ní rachaidh Cláraitheoir Ceantair ar aghaidh leis an deonú probháide nó riaracháin lena mbainfidh sé go dtí go mbeidh sé dulta as feidhm nó tarraingthe siar, nó go dtí go mbeidh fógra faighte aige ón Oifig Phrobháide á rá rabhadh a bheith tugtha i leith an caveat agus gan aon láithreas a bheith taifeadta nó deireadh a bheith leis na himeachtaí cointinneacha de dhroim an caveat.


XXI. Forghairm agus subpoena.


56. Is ón Oifig Phrobháide amháin a eiseofar forghairm agus subpoena.


57. Ní eiseofar aon deonú ó Chlárlann Cheantair, tar éis forghairme, gan cóip fhianaithe den ordú on gCúirt nó ón Oifigeach Probháide lena n-údarófar é.

XXII. Tiomnóir dall agus neamhliteartha.


58. Ní cheadóidh Cláraitheoir Ceantair probháid uacht aon duine dhaill nó neamhliteartha, nó riarachán maille le huacht aon duine dhaill nó neamhliteartha, a eisiúint mura deimhin leis, ó fhianaise i mionnscríbhinn, an uacht a bheith léite amach don tiomnóir roimh fhorghníomhú na huachta, nó eolas a bheith ag an tiomnóir an tráth sin i dtaobh ábhar na huachta. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis sin á cur ar fáil, cuirfidh an Cláraitheoir Ceantair scéala go dtí an tOifigeach Probháide.


XXIII. Athrú i ndeonú.


59. Aon uair a dhéanfar aon athrú i ndeonú, nó a chomhdófar tréigean, déanfaidh an Cláraitheoir Ceantair fógra faoin athrú nó tréigean sin a chur ar aghaidh gan mhoill chuig an Oifigeach Probháide, ach ní bheidh aon taille iníoctha i leith aon fhógra den sórt sin.


XXIV. Liosta deonuithe.


60. Beidh sna liostaí deonuithe probháide agus riaracháin a cheanglaítear ar Chláraitheoir Ceantair a thabhairt faoin Acht Comharbais, 1965, alt 36, ainm na Clárlainne Ceantair ina mbeifear tar éis deonú den sórt sin a dhéanamh agus céadainm agus sloinne gach tiomnóra agus díthiomnóra.


61. Beidh ag gabháil le gach liosta deonuithe den sórt sin a chuirfidh Cláraitheoir Ceantair ar aghaidh cóip den taifead ar gach deonú a bheidh luaite ann. I dteannta na sonraí riachtanacha i dtaobh an deonaithe dá dtagrófar ann a lua, beidh sa taifead ionad agus dáta báis an tiomnóra nó an díthiomnóra, ainmneacha agus tuairisc gach seiceadóra nó riarthóra, dáta gach deonaithe, agus an tsuim a mbeidh mionnaithe luach an eastáit a bheith faoina bun.


62. Laistigh de cheithre lá ó dheireadh gach míosa, cuirfidh gach Cláraitheoir Ceantair ar aghaidh go dtí an Oifig Phrobháide tuairisceán, agus é leagtha amach de réir na haibítre, ar na deonuithe probháide nó litreacha riaracháin go léir a bheifear tar éis a cheadú ina Chlárlann Cheantair le linn na míosa roimhe sin.

XXV. Fógra don Ard-Aighne.


63. I ngach cás ina ndéanfar iarratas ar litreacha riaracháin (i gcás díthiomnachta nó maille le huacht nach mbeidh an t-eastát go léir diúscartha lé i) eastát duine neamhdhlisteanaigh a bheidh tar éis bháis agus é ina bhaitsiléir nó í ina bean neamhphósta, nó é ina bhaintreach fir nó í ina baintreach mná gan sliocht, agus nach mbeidh aon duine i dteideal teacht i gcomharbas air faoi fhorálacha an Achta Dlisteanais, 1931, nó i ngach cás ina ndéanfar iarratas ar litreacha riaracháin eastáit duine a bheidh tar éis bháis gan aon ghaol arb eol é a bheith aige nó aici, tabharfar fógra faoin iarratas sin don Ard-Aighne chun go bhféadfaidh sé a chinneadh an mbeidh sé fóirsteanach idirghabháil a dhéanamh ar thaobh an Stáit; agus ní bheidh aon deonú le heisiúint go dtí go mbeidh curtha in iúl aige cén beart is cuí a dhéanamh.


XXVI. Páipéir a tharchur.


64. Nuair a dhéanfar iarratas chun na Cúirte, i ndáil le hiarratas ar dheonú i gClárlann Cheantair, déanfaidh an Cláraitheoir Ceantair gach páipéar agus doiciméad bunaidh iomchuí a tharchur chuig an Oifig Phrobháide; agus, tar éis ordacháin na Cúirte a bheith glactha, déanfar na páipéir agus na doiciméid sin a chur ar ais, ar na páirtithe dá iarraidh sin (mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt), chuig an gCláraitheoir Ceantair, mar aon le cóip fhianaithe den ordú ón gCúirt.


65. Déanfar páipéir bhunaidh a chur ar aghaidh chuig an Oifig Phrobháide aon uair ar gá iad a iniúchadh chun a chur ar chumas an Oifigigh Phrobháide na ceisteanna a bheidh curtha faoina bhráid ag Cláraitheoir Ceantair a fhreagairt. Féadfaidh Cláraitheoir Ceantair páipéir agus doiciméid eile a tharchur chuig an Oifigeach Probháide, agus féadfaidh an tOifigeach Probháide páipéir agus doiciméid eile a tharchur chuig Cláraitheoir Ceantair, leis an bpost cláraithe.

XXVII. Cóipeanna d’uachtanna.


66. Beidh cóipeanna d’uachtanna a bheidh le cur i gceangal leis an bprobháid nó leis na litreacha riaracháin scríofa i bpeannaireacht sholéite, nó clóite nó clóscríofa nó, i gcásanna cuí, fótachóipeáilte, de réir mar a ordóidh an Cláraitheoir Ceantair.


67. Ní dhéanfar cóipeanna d’uachtanna agus de dhoiciméid thiomnacha eile a chóimheas leis na scríbhinní bunaidh mura gceanglófar sin go sonrach. Gach cóip a mbeidh ceangailte í a dheimhniú déanfar í a dheimhniú faoi láimh an Chláraitheora Ceantair.


68. Ní ghreamófar séala na Cúirte d’aon chóip d’uacht nó de dhoiciméad eile, mura mbeidh an chóip sin fianaithe agus deimhnithe.

XXVIII. Doiciméid a thabhairt ar aird.

 

69. (i) Má cheanglaítear uacht nó doiciméad eile a bheidh comhdaithe i gClárlann Cheantair a thabhairt ar aird in aon áit eile, déanfar iarratas chun na críche sin luath go leor chun déanamh agus scrúdú cóipe den uacht sin, nó den doiciméad eile sin, a chur san áireamh.


(ii) Ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, déanfar (mura n-ordóidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide a mhalairt) cóip den uacht sin nó den doiciméad eile sin, agus scrúdófar an chóip sin leis an scríbhinn bhunaidh, agus taiscfear an chóip scrúdaithe sin in ionad na scríbhinne bunaidh go dtí go gcuirfear ar ais í.


(ii) I gcás ina mbeidh an uacht nó an doiciméad eile ag teastáil chun í nó é a thabhairt ar aird san Ard-Chúirt ar Cuaird nó sa Chúirt Chuarda, féadfar, le hordachán ón gCláraitheoir Ceantair, an uacht sin nó an doiciméad eile sin a chur leis an bpost cláraithe chuig an gCláraitheoir Contae cuí.

XXIX. Urraí.


70. Ní ghlacfar le haon aturnae cleachtach, nó le cléireach nó printíseach d’aturnae cleachtach, mar urra le banna riaracháin, gan cead ón gCúirt nó ón Oifigeach Probháide.

XXX. Iarratas pearsanta ar dheonú.


71. Daoine ar mian leo deonuithe probháide nó litreacha riaracháin a fháil gan aturnae do dhéanamh idirghabhála, déanfaidh siad iarratas i gClárlann Cheantair i bpearsa, agus ní trí litir.


72. Ní ghlacfar aon iarratas den sórt sin trí ghníomhaire.


73. Maidir le duine a bheidh ag déanamh iarratais i bpearsa, ní bheidh duine eile ag freastal air agus é ag gníomhú dó, nó ar dealraitheach é a bheith ag gníomhú dó, mar chomhairleoir, mura gceadóidh an Cláraitheoir Ceantair a mhalairt.


74. Maidir le hiarratas a bheidh déanta ar an gcéad ásc trí aturnae, ní áireofar dá éis sin é mar iarratas pearsanta, mura n-ordóidh an tOifigeach Probháide a mhalairt.


75. Ní dhéanfar iarratas ar dheonú probháide nó riaracháin i gcás a bheidh tar éis a bheith os comhair na Cúirte cheana féin (le foriarratas nó eile) a bhreithniú mar iarratas pearsanta, ach is trí aturnae a dhéanfar é, mura n-ordóidh an tOifigeach Probháide a mhalairt.


76. Aon uair a thiocfaidh sé chun bheith riachtanach i gcúrsa iarratas a dhéanamh i bpearsa ordacháin na Cúirte a fháil, ní rachfar ar aghaidh leis an iarratas go dtí go mbeidh na hordacháin sin faighte.


77. Is sa Chlárlann Cheantair a ullmhófar agus a mhionnófar na páipéir is gá faoi chomhair an deonaithe. Féadfaidh iarratasóir na páipéir sin, nó aon cheann díobh, arna líonadh, a thabhairt leis, agus má bhíonn siad cruinn féadfar iad a ghlacadh agus, más rud é go mbeidh siad mionnaithe cheana féin, athmhionnó far iad. Ón uair a ghlacfar aon pháipéir i gClárlann Cheantair ní thabharfar amach iad ach amháin in imthosca speisialta le cead ó n Oifigeach Probháide.


78. Beidh gach banna riaracháin, i gcásanna iarratais phearsanta, le forghníomhú sa Chlárlann Cheantair a mbeidh an deonú á dhéanamh aici, mura gceadóidh an Cláraitheoir Ceantair a mhalairt.


79. Is sa Chlárlann Cheantair óna mbeidh an deonú le heisiúint a dhéanfar léirscríbhinní uachtanna agus páipéar tiomnach.


80. Déanfaidh gach iarratasóir ar dheonú probháide nó litreacha riaracháin sceideal den mhaoin dá ndéanfaidh an deonú difear a thabhairt faoina láimh.


81. Ní thabharfar comhairle dlí d’iarratasóirí maidir leis an maoin a bheidh le háireamh sa sceideal, nó ar aon ábhar eile a bhainfidh leis an iarratas, agus ní bhreithneofar Cláraitheoir Ceantair a bheith freagrach ach sna treoracha a bheidh tugtha dó a chur i bhfoirm chúý, ach cabhró idh sé , a mhéid is indéanta, le hiarratasóirí trí fhaisnéis agus treoruithe a thabhairt dóibh i dtaobh an chúrsa nach foláir dóibh a leanúint.


82. Déanfar admháil nó dearbhú ar gach iarratas a thabhairt de láimh don iarratasóir, agus ceanglófar ar an duine a mbeidh ar intinn aige an deonú, nuair a bheidh sé curtha i gcrích, a fháil an admháil sin a thabhairt ar aird.

XXXI. Ilghnéitheach.


83. Déanfaidh gach iarratasóir ar dheonú probháide nó litreacha riaracháin deimhniú ar bhás nó adhlacadh an éagaigh a thabhairt ar aird, nó cúis shásúil a thabhairt i dtaobh gan é a thabhairt ar aird.


84. Beidh feidhm ag an Ordú seo maidir le codaisíleacha ar an gcuma chéanna is a bheidh feidhm aige maidir le huachtanna.


85. Is i cibé foirm a fhorordóidh an tOifigeach Probháide ó thráth go chéile de réir imthosca an cháis a bheidh an deimhniú a cheanglaítear ar oifigeach cuí na Cúirte a thabhairt faoin Customs and Inland Revenue Act, 1881, Alt 30, arna leasú leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, chun críocha an Finance Act, 1894.


86. I gcás eastát daoine a bheidh tar éis bháis an 1 Eanáir, 1967, nó dá éis, is iad na foirmeacha i bhFoscríbhinn Q, Cuid I, i gcás inarb infheidhme iad, a úsáidfear. I gcás eastát daoine a bheidh tar éis bháis roimh an 1 Eanáir, 1967, is iad na foirmeacha a bhí in úsáid go dtí seo i ndáil le heastáit den sórt sin a úsáidfear.