Ordú 26

Scor

1. Tráth ar bith sula bhfaighidh an gearánaí cosaint an chosantóra nó, tar éis í a fháil, sula dtionscnóidh sé aon imeacht eile sa chaingean (ach amháin aon iarratas idirbhreitheach), féadfaidh sé, le fógra i scríbhinn i bhFoirm Uimh. 20 i bhFoscríbhinn C, scor go hiomlán dá chaingean i gcoinne gach duine nó aon duine de na cosantóirí, nó aon chuid nó codanna den chúis ghearáin a mbeidh líomhnaithe aige í a bheith aige a tharraingt siar, agus air sin íocfaidh sé costais an chosantóra sin i leith na caingne nó, mura mbeidh scortha go hiomlán den chaingean, na costais a bheidh tagtha den ábhar a bheidh tarraingthe siar amhlaidh. Déanfar na costais sin a fhómhas. Féadfaidh an gearánaí, áfach, tráth ar bith sula gcuirfear aon chúis síos i gcomhair trialach, scor go hiomlán dá chaingean, le costais nó gan costais a bheith le híoc ag aon pháirtí, ar thoiliú i scríbhinn, arna shíniú ag na páirtithe go léir nó ag a n-aturnaetha, a thabhairt ar aird don oifigeach cuí agus déanfar na costais sin (más ann) a fhómhas. Ní bheidh an scor nó an tarraingt siar sin, de réir mar a bheidh, ina chosaint nó ina cosaint ar aon chaingean ina dhiaidh sin. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa riail seo, ní bheidh an gearánaí inniúil ar scor den chaingean gan cead ón gCúirt, ach féadfaidh an Chúirt, roimh an éisteacht nó an triail, nó lena linn nó dá héis, ar cibé téarmaí is cóir i dtaobh costas, agus i dtaobh aon chaingne eile, agus i dtaobh aon ní eile, a ordú go scoirfear den chaingean, nó go scriosfar amach aon chuid den chúis ghearáin a bheidh líomhnaithe. Féadfaidh an Chúirt, mar an gcéanna, agus an rogha chéanna aici i dtaobh téarmaí, a ordú go ndéanfar, ar chosantóir dá iarraidh sin, na forais chosanta nó frithéilimh go léir a mbeidh líomhnaithe aige iad a bheith aige, nó aon chuid díobh, a tharraingt siar nó a scriosadh amach, ach ní bheidh cosantóir inniúil ar a chosaint, nó aon chuid di, a tharraingt siar gan an cead sin.

2. Nuair a bheidh cúis taifeadta le haghaidh trialach, féadfaidh an gearánaí nó an cosantóir í a tharraingt siar, ar thoiliú i scríbhinn arna shíniú ag na páirtithe, nó ag a n-aturnaetha, a thabhairt ar aird don oifigeach cuí. Áireofar sa toiliú liost-uimhir agus ionad trialach an cháis.

3. Féadfaidh aon chosantóir breithiúnas a thaifeadadh le haghaidh chostais na caingne, má scoirtear go hiomlán den chaingean ina choinne, nó le haghaidh na gcostas a bheidh tagtha den ábhar a bheidh tarraingthe siar, mura mbeidh scortha go hiomlán den chaingean, más rud é nach n-íocfar na costais sin faoi seach laistigh de cheithre lá tar éis iad a fhómhas.

4. Más rud é, sula n-íocfar costais caingne scortha, go dtionscnófar aon chaingean ina dhiaidh sin, i leith na cúise céanna caingne nó i leith cúise caingne arb ionann go substaintiúil í agus an chúis chaingne sin, féadfaidh an Chúirt a ordú an chaingean sin ina dhiaidh sin a bhac, go dtí go mbeidh na costais sin íoctha.