Ordú 78

Rialacha na nUaschúirteanna

1. Féadfar ionstraim lena mbunófar nó lena gcúlghairfear cumhacht aturnae a thaisceadh nó a chomhdú sa Phríomh-Oifig má bhíonn sí fíoraithe de réir riail 2, agus an mhionnscríbhinn, an dearbhú nó an doiciméad nó na doiciméid eile (más ann) lena mbeidh an forghníomhú fíoraithe ag gabháil léi.
 

2. (1) Féadfar forghníomhú aon ionstraime den sórt sin a fhíorú—

(a) le mionnscríbhinn arna mionnú nó dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag an bhfinné fianaithe nó ag duine éigin eile a mbeidh an ionstraim forghníomhaithe ina láthair, no i gcás nach mbeidh aon duine den sórt sin ar fáil, ag duine neamhchlaon éigin a aithneoidh síniú an deontóra; nó

(b) más rud é go mbeidh an ionstraim forghníomhaithe lasmuigh de limistéar dhlínse na Cúirte os comhair nótaire phoiblí, le deimhniú nótaireachta lena gcomhlíonfar forálacha mhír (2) den riail seo; nó

(c) le haon fhianaise eile ar leorfhianaise í i dtuairim an Mháistir.

(2) Beidh deimhniú nótaireachta ar fhorghníomhú ionstraime i gceangal leis an ionstraim. I gcás inar deimhniú ó nótaire poiblí arna cheapadh chun gníomhú d’aon chuid de Chomhlathas Briotanach na Náisiún nó d’aon sealúchas Briotanach an deimhniú, tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala agus ar shíniú an nótaire sin, arna ghreamú d’aon deimhniú den sórt sin nó arna mhúnlú air nó arna chur leis, gan a thuilleadh cruthúnais; ach in aon chás eile déanfar síniú an nótaire phoiblí, agus an nótaire poiblí do bheith i seilbh na hoifige sin, a fhíorú i Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an deimhniú ón gcléireach contae ar ina limistéar a bheidh an nótaire ag cleachtadh, agus in áiteanna eile déanfaidh breitheamh nó cúirt ag a mbeidh dlínse san áit ina mbeidh an ionstraim forghníomhaithe, nó ionadaí nó gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta de chuid na hÉireann ag feidhmiú a fheidhmeanna dó sa tír nó san áit ina mbeidh an ionstraim forghníomhaithe, é a fhíordheimhniú.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala agus ar shíniú na ndaoine a n-údaraítear anseo roimhe seo dóibh deimhniú nótaireachta a fhíordheimhniú.
 

3. Déanfar innéacs aibítreach d’ainmneacha dheontóirí na gcumhachtaí aturnae uile a ullmhú agus a choimeád sa Phríomh-Oifig agus, i gcás ina dtaiscfear ionstraim lena gcúlghairfear cumhacht aturnae, cuirfear nóta faoin gcúlghairm sin ar an innéacs. Féadfaidh aon duine an t-innéacs a chuardach ar an táille fhorordaithe a íoc.
 

4. Ní dhéanfaidh aon duine cóipeanna d’aon ionstraimí den sórt sin nó ní bhainfidh aon duine sleachta astu. Déanfar cóipeanna fianaithe d’ionstraimí den sórt sin a sholáthar ar an táille fhorordaithe a íoc.
 

5. Glacfar le cóip fhianaithe d’ionstraim a sholáthrófar faoin Ordú seo mar leorfhianaise ar ábhair na hionstraime sin, agus ar thaisceadh na hionstraime sa Phríomh-Oifig, agus beidh sí ina fianaise prima facie ar fhorghníomhú cuí na hionstraime sin.