Ordú 27

Mainneachtain pléadála

Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.

(S.I. 490/2021)

  1. Mura ndéanfaidh an gearánaí, agus é de cheangal air ráiteas éilimh a sheachadadh, an ráiteas a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte chuige sin, féadfaidh an cosantóir, faoi réir fhorálacha riail 2, nuair a bheidh an tréimhse ama sin caite, a iarraidh ar an gCúirt an chaingean a dhíbhe, le costais, d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh; agus déanfaidh an Chúirt, ar an iarratas sin a éisteacht, i gcás inar deimhin léi gur seirbheáladh fógra faoin iarratas ar an ngearánaí, a ordú an chaingean a dhíbhe dá réir sin, mura deimhin leis an gCúirt, ar chúiseanna a bheidh le réamhaithris san ordú, gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, fad a chur leis an tréimhse ama chun an ráiteas éilimh a sheachadadh agus, i gcás inar deimhin léi amhlaidh, déanfaidh an Chúirt ordú:

(a) lena ndéanfar fad a chur leis an tréimhse ama chun ráiteas éilimh a sheachadadh go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh an Chúirt is gá sna himthosca go léir, agus

(b) lena bhforálfar, mura ndéanfar an ráiteas éilimh a sheachadadh agus cóip den ráiteas éilimh sin a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh den tréimhse ama fhadaithe sin, go mbeidh an chaingean arna díbhe gan aon iarratas eile chun na Cúirte agus go bhféadfaidh an t-oifigeach cuí, ar é a iarraidh tráth ar bith ina dhiaidh sin, an díbhe sin a dheimhniú i scríbhinn.

  1. (1) Ní fhéadfar aon fhógra foriarratais chun an chaingean a dhíbhe d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh, i gcaingne ina mbeidh damáistí neamhleachtaithe i dtort nó i gconradh á n-éileamh, a sheirbheáil mura rud é go mbeidh scríofa ag an gcosantóir, 28 lá ar a laghad roimh sheirbheáil an fhógra sin, chuig an ngearánaí ag tabhairt fógra dó á rá é a bheith ar intinn aige fógra foriarratais a sheirbheáil chun éileamh an ghearánaí a dhíbhe agus, san am céanna, ag toiliú le seachadadh déanach an ráitis éilimh laistigh de 28 lá ó dháta na litreach.

(2) Más rud é nach ndéanfar aon ráiteas éilimh a sheachadadh laistigh den tréimhse sin, beidh de chead ag an gcosantóir fógra foriarratais a sheirbheáil chun an chaingen a dhíbhe, le costais, d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh.

(3) Seirbheálfar an fógra foriarratais ar an ngearánaí tráth nach déanaí ná deich lá ó dháta a eisithe, mar aon le litir lena ndéanfar aird an chosantóra a tharraingt go sonrach ar fhorálacha fho-riail (4).

(4) Más rud é go ndéanfaidh an gearánaí:

(a) ráiteas éilimh a sheachadadh ar an gcosantóir tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis sheirbheáil an fhógra foriarratais sin chun an chaingean a dhíbhe d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh, agus
(b) cóip den ráiteas éilimh a thaisceadh sa Phríomh-Oifig agus cóip dheimhnithe den fhógra foriarratais i gceangal léi tráth nach déanaí ná deich lá roimh an dáta fillte,

ní chuirfear an foriarratas sin chun an chaingean a dhíbhe i liosta an bhreithimh ach beidh sé arna scriosadh amach agus íocfaidh an cosantóir leis an ngearánaí suim £750 i leith a chostas maidir leis an bhforiarratas sin ar dhíbhe.

  1. Faoi réir fhorálacha rialacha 16 agus 17, mura mbeidh in éileamh an ghearánaí ach éileamh ar fhiach nó éileamh leachtaithe, nó éileamh chun talamh a aisghabháil, nó chun earraí sonracha a sheachadadh, agus nach seachadfaidh an cosantóir cosaint laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte chuige sin, féadfaidh an gearánaí, nuair a bheidh an tréimshe ama sin caite, breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig le haghaidh mhéid an fhéich nó an éilimh leachtaithe sin, nó go n-aisghabhfaidh an duine a mbeidh a theideal dearbhaithe sa ráiteas éilimh seilbh ar an talamh, nó go seachadfar na hearraí sonracha gan an rogha a thabhairt don chosantóir na hearraí sin a choimeád ar a luach a íoc, de réir mar a bheidh, le costais.

  2. Más rud é gurb é a bheidh in éileamh an ghearánaí éileamh ar fhiach nó éileamh leachtaithe, nó éileamh chun talamh a aisghabháil, nó chun earraí sonracha a sheachadadh, agus éileamh freisin ar dhamáistí airgid nó aon fhaoiseamh eile, agus nach seachadfaidh an cosantóir cosaint laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte chuige sin, féadfaidh an gearánaí breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh mar a fhoráiltear i riail 3, agus féadfaidh sé iarratas a dhéanamh freisin mar a fhoráiltear i riail 9 i leith an éilimh sin ar dhamáistí airgid nó faoiseamh eile.

  3. Más rud é, in aon chaingean den sórt a luaitear i rialacha 3 agus 4, go mbeidh cosantóirí leithleacha ann, má mhainníonn duine díobh mar a luaitear sna rialacha sin, féadfaidh an gearánaí breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh i gcoinne an chosantóra a bheidh ag mainneachtain amhlaidh, agus forghníomhú a eisiúint ar an mbreithiúnas sin gan dochar dá cheart chun dul ar aghaidh lena chaingean i gcoinne na gcosantóirí eile nó i gcoinne an chosantóra sin faoi riail 4.

  4. Más caingean í chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, ní thaifeadfar aon bhreithiúnas faoin Ordú seo go dtí go mbeidh mionnscríbhinn, arna déanamh ag an tiarna talún nó ag a ghníomhaire nó a ghlacadóir nó a chléireach, comhdaithe ina luafar cíos bliana amháin ar a laghad a bheith dlite, de bhreis ar gach liúntas ceart agus cóir, tráth tionscanta na caingne.

  5. I gcaingean chun gabháltas nó tailte ar a mbeidh gabháltas talmhaíochta nó féaraigh, nó gabháltas a mbeidh cuid de ina ghabháltas talmhaíochta agus an chuid eile ina ghabháltas féaraigh, de réir a chineáil, a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa ní thaifeadfar aon bhreithiúnas faoin Ordú seo go dtí go mbeidh mionnscríbhinn, arna déanamh ag an tiarna talún nó ag a ghníomhaire nó a ghlacadóir nó a chléireach, comhdaithe ag fíorú an fhormhuinithe speisialta ar an toghairm. Féadfaidh an mhionnscríbhinn sin a bheith i bhFoirm Uimh. 6 i bhFoscríbhinn A, Cuid 1.

  6. I gcaingne probháide, má mhainníonn aon chosantóir cosaint a sheachadadh féadfaidh an chaingean dul ar aghaidh d’ainneoin na mainneachtana sin.

(Níl an leasú seo a leanas ar fáil i nGaeilge fós)

9. (1) In all actions other than those in the preceding rules of this Order mentioned, if a defendant being bound to deliver a defence, does not do so within the time allowed, the plaintiff may, subject to the provisions of rule 10, set down the action on motion for judgment; and on the hearing of such application the Court shall, where it is satisfied that the defendant has been served with notice of the application, give to the plaintiff such judgment for such specific relief claimed in the statement of claim to which it considers the plaintiff to be entitled, unless the Court is satisfied, for reasons to be recited in the order, that it is necessary in the interests of justice that the time for delivery of the defence should be extended, in which case the provisions of sub-rule (2) will apply.

(2) Where the Court is satisfied to extend the time for delivery of the defence under sub-rule (1), the Court shall, to the extent possible, determine the specific relief claimed in the statement of claim to which it considers the plaintiff to be entitled in the event of the failure of the defendant to deliver a defence, and shall make an order:

(a) extending the time for delivery of a defence for such period as the Court considers necessary in all of the circumstances and directing the filing of a copy of the defence within that period in the Central Office, and

(b) further providing that, in the event that the defendant fails to deliver and file the defence within that period, the plaintiff shall have liberty to enter judgment (without further order) for the specific relief claimed in the statement of claim to which the Court has found the plaintiff to be entitled as aforesaid.

(3) In any case in which it considers it necessary to do so in order fully to specify the relief to which the plaintiff is entitled under sub-rule (1) or sub-rule (2), the Court may:

(a) direct the holding of any necessary accounts or enquiries or the taking of any other steps which it considers necessary to define more precisely the scope of the judgment to which it considers the plaintiff to be entitled;

(b) direct the assessment of any damages to which the plaintiff may be entitled, to be ascertained by a Judge and a jury, in case any party requires and is entitled to one, but otherwise without a jury, and, if without a jury, either by a Judge or by the Master or by the Examiner, as the Judge may direct, on evidence by affidavit or otherwise

  1. (1)  Ní fhéadfar aon fhógra um fhoriarratas ar bhreithiúnas d’éagmais cosanta, i gcaingne ina mbeidh damáistí neamhleachtaithe i dtort nó i gconradh á n-éileamh, a sheirbheáil mura rud é go mbeidh scríofa ag an ngearánaí, 28 lá ar a laghad roimh sheirbheáil an fhógra sin, chuig an gcosantóir ag tabhairt fógra dó á rá é a bheith ar intinn aige fógra um fhoriarratas ar bhreithiúnas a sheirbheáil agus, san am céanna, ag toiliú le seachadadh déanach cosanta laistigh de 28 lá ó dháta na litreach.

(2) Mura seachadfar aon chosaint laistigh den tréimhse ama sin beidh de chead ag an ngearánaí fógra um fhoriarratas ar bhreithiúnas d'éagmais cosanta a sheirbheáil.

(3) Seirbheálfar an fógra foriarratais ar an gcosantóir tráth nach déanaí ná deich lá ó dháta a eisithe, mar aon le litir lena ndéanfar aird an chosantóra a tharraingt go sonrach ar fhorálacha fho-riail (4).

(4) Más rud é go ndéanfaidh an cosantóir:

(a) cosaint a sheachadadh ar an ngearánaí tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis an fógra foriarratais sin ar bhreithiúnas a sheirbheáil, agus
(b) cóip den chosaint a thaisceadh sa Phríomh-Oifig agus cóip dheimhnithe den fhógra foriarratais i gceangal léi tráth nach déanaí ná deich lá roimh an dáta fillte,

beidh sé arna scriosadh amach agus íocfaidh an cosantóir leis an ngearánaí suim €750 i leith a chostas maidir leis an bhforiarratas sin ar bhreithiúnas.

  1. Más rud é, in aon chaingean den sórt a luaitear i riail 9, go mbeidh cosantóirí leithleacha ann, ansin, má mhainníonn duine de na cosantóirí sin mar a dúradh, féadfaidh an cosantóir (más cúis chaingne intéarfa í an chúis chaingne) an chaingean a chur síos láithreach le foriarratas ar bhreithiúnas i gcoinne an chosantóra a bheidh ag mainneachtain amhlaidh, nó féadfaidh sé í a chur síos ina choinne tráth a taifeadta le haghaidh trialach, nó a curtha síos le foriarratas ar bhreithiúnas i gcoinne na gcosantóirí eile.

  2. Mura seachadfaidh an gearánaí freagra, nó mura seachadfaidh aon pháirtí aon phléadáil ina dhiaidh sin, laistigh den tréimhse a bheidh lamháilte chuige sin, measfar na pléadálacha a bheith dúnta ar an tréimhse sin a bheith caite, agus measfar na ráitis ábhartha fhíorais go léir sa phléadáil a bheidh seachadta go deireanach a bheith séanta agus curtha faoi shaincheist. 

  3. In aon chás ina dtiocfaidh saincheisteanna chun cinn i gcaingean seachas idir gearánaí agus cosantóir, má mhainníonn aon pháirtí in aon saincheist den sórt sin aon pléadáil a sheachadadh, féadfaidh an páirtí freasúrach cibé breithiúnas, más ann, a ndealróidh sé é a bheith ina theideal ar na pléadálacha a iarraidh ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt a ordú breithiúnas a thaifeadadh dá réir sin, nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh is gá chun ceartas iomlán a dhéanamh idir na páirtithe.

  4. Sula dtaifeadfar breithiúnas mainneachtana i leith aon fhéich nó éilimh leachtaithe faoin Ordú seo, comhdófar mionnscríbhinn ina sonrófar an tsuim a bheidh dlite iarbhír an uair sin.

  5. (1) Féadfaidh an Chúirt aon ordú lena ndéantar caingean an ghearánaí a dhíbhe d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh, faoin Ordú seo nó faoi aon Ordú eile de na Rialacha seo, a chur ar ceal ar cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile is cuí leis an gCúirt, más deimhin leis an gCúirt go raibh imthosca speisialta (a bheidh le réamhaithris san ordú) ann, tráth an loicthe, a mhíníonn an loiceadh agus a chuireann bonn cirt faoi.

(Níl an leasú seo a leanas ar fáil i nGaeilge fós)

(2)  Any judgment by default, whether under this Order or any other Order of these Rules, may be set aside by the Court upon such terms as to costs or otherwise as the Court may think fit, if the Court is satisfied that at the time of the default special circumstances (to be recited in the order) existed which explain and justify the failure, and any necessary consequential order may be made where an action has been set down under rule 9.

  1.  In imeachtaí arna dtionscnamh ag iasachtóir airgid, nó ag sannaí nó ag ionadaí pearsanta dlíthiúil iasachtóra airgid, chun airgead a bheidh tugtha ar iasacht ag an iasachtóir airgid, nó aon ús ar an airgead sin, a ghnóthú, ní thaifeadfar breithiúnas d’éagmais cosanta go dtí go mbeidh 12 mhí caite ó dháta eisiúna thoghairm thionscanta na n-imeachtaí, mura mbeidh cead faighte ón gCúirt ar dtús. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an gcead sin le foriarratas iar bhfógra a sheirbheálfar ceithre lá glan ar a laghad roimh an éisteacht; agus beidh feidhm ag forálacha Ordú 13, riail 16(2) agus (3), maidir leis an iarratas sin.

  2. I gcaingne chun fiach nó éileamh leachtaithe a bheidh ag teacht de chomhaontú fruilcheannaigh nó comhaontú díola creidmheasa (arna mhíniú leis an Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995), nó d’aon chonradh ráthaíochta a bhainfidh le comhaontú den sórt sin, a ghnóthú, ní thaifeadfar breithiúnas de mhainneachtain cosanta go dtí go mbeidh 12 mhí caite ó dháta eisiúna thoghairm thionscanta na n-imeachtaí, mura mbeidh cead faighte ón gCúirt ar dtús. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an gcead sin le foriarratas iar bhfógra a sheirbheálfar ceithre lá glan ar a laghad roimh an éisteacht, go pearsanta nó leis an bpost cláraithe arna dhíriú chuig an gcosantóir ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige; agus ní thaifeadfar breithiúnas go dtí go mbeidh mionnscríbhinn comhdaithe ina luafar na ceanglais a shonraítear in alt 32 nó (de réir mar a bheidh) alt 58 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995, a bheith comhlíonta.

  3. (1) Tabharfaidh an gearánaí fógra i scríbhinn don chosantóir laistigh de 28 lá ó dháta taifeadta aon bhreithiúnais sa Phríomh-Oifig de réir an Ordaithe seo.

(2) Seirbheálfaidh an gearánaí ar an gcosantóir cóip d’aon ordú ón gCúirt lena ndeonaítear breithiúnas de mhainneachtain láithriú laistigh de 28 lá ó dháta tabhartha agus comhlánaithe an ordaithe sin.

(3) Tabharfaidh an cosantóir fógra i scríbhinn don ghearánaí laistigh de 28 lá ón dáta a mbeidh aon chaingean arna díbhe ar dtús de bhun ordaithe arna dhéanamh de réir riail 1.

(4) Seirbheálfaidh an cosantóir ar an ngearánaí cóip d’aon ordú ón gCúirt lena ndéantar caingean a dhíbhe d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh laistigh de 28 lá ó dháta tabhartha agus comhlánaithe an ordaithe sin.”

 

Ordú 27 Riall 9  arna ionadú ag S.I. 454 of 2022

Ordú27 Riall 15(2) arna ionadú ag S.I. 454 of 2022