Ordú 13

Mainneachtain láithriú

Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.

(S.I. 490 of 2021)

  1. I gcás nach mbeidh aon láithreas taifeadta de réir toghairme ar son cosantóra ar leanbh é, nó duine mímheabhrach nach mbeidh breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne, sula ndéanfaidh an gearánaí aon bheart eile san imeacht i gcoinne an chosantóra, déanfaidh sé iarratas chun an Mháistir ar ordú go sannfar duine cuí éigin le bheith ina chaomhnóir ar an gcosantóir sin agus trína bhféadfaidh sé láithriú agus an t-imeacht a chosaint. Ní dhéanfar aon ordú den sórt sin mura ndealróidh sé, tráth éisteachta an iarratais sin, an toghairm a bheith seirbheáilte go cuí, agus fógra faoin iarratas sin a bheith seirbheáilte, tar éis an tréimhse ama a bheidh lamháilte chun láithriú a bheith caite, agus sé lá glan ar a laghad roimh an lá a bheidh ainmnithe san fhógra sin chun an t-iarratas a éisteacht, ar an duine a mbeidh an cosantóir sin tar éis bheith leis nó faoina chúram tráth seirbheála na toghairme sin agus, freisin (i gcás an cosantóir sin a bheith ina leanbh nach mbeidh cónaí air lena thuismitheoir nó lena chaomhnóir nó faoina chúram), ar thuismitheoir nó ar chaomhnóir, más ann, an linbh sin, mura ndéanfaidh an Máistir, tráth éisteachta an iarratais sin, an tseirbheáil sin is déanaí a luaitear a ligean thar ceal.
     
  2. (1) I gcás ina loicfidh aon chosantóir láithriú de réir toghairme, agus gur mian leis an ngearánaí dul ar aghaidh ar mhainneachtain láithriú faoi aon cheann de na rialacha seo a leanas den Ordú seo nó faoi Ordú 27, riail 13, déanfaidh an gearánaí ar dtús fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcosantóir ina ndaingneofar é a bheith ar intinn aige dul ar aghaidh ar mhainneachtain láithriú agus, san am céanna, ina dtoileofar leis an taifeadadh déanach láithris laistigh de 28 lá ó dháta na litreach.

    (2) Mura dtaifeadfar aon láithreas laistigh den tréimhse sin, beidh de chead ag an ngearánaí dul ar aghaidh ar mhainneachtain láithriú faoi aon cheann de na rialacha seo a leanas den Ordú seo nó faoi Ordú 27, riail 13, ar an gcoinníoll go mbeidh mionnscríbhinn seirbheála na toghairme nó fógra in ionad seirbheála, de réir mar a bheidh, agus na litreach dá dtagraítear i bhfo-riail (1), comhdaithe aige.
     
  3. I gcás ina loicfidh aon fhreagróir in imeachtaí arna dtionscnamh le fógra foriarratais tionscnaimh de bhun Ordú 81A, Ordú 84B nó Ordú 84C láithreas a thaifeadadh de réir an fhógra foriarratais sin (nó, tar éis dó loiceadh láithreas a thaifeadadh, nach mbeifear tar éis é a éisteacht le cead ón gCúirt de réir mhír (a) d’fho-riail (2A) de riail 2 d’Ordú 12), féadfaidh an Chúirt, ar an bhforiarratas a éisteacht, más deimhin léi gur seirbheáladh an fógra faoin bhforiarratas ar an bhfreagróir sin, cibé cinn de na faoisimh atá á lorg san fhógra foriarratais i gcoinne an fhreagróra sin is cóir agus cuí léi a dheonú.
     
  4. (1) I gcás ina ndéanfar éileamh ar éileamh leachtaithe a fhormhuiniú ar thoghairm thionscnaimh (iomlánach nó achomair) agus go loicfidh an cosantóir, nó na cosantóirí uile, má tá níos mó ná cosantóir amháin ann, láithriú dá réir sin, féadfaidh an gearánaí breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig le haghaidh cibé suime a bheidh luaite sa mhionnscríbhinn a cheanglaítear le riail 20 nach mó ná an tsuim a bheidh formhuinithe ar an toghairm, mar aon le hús (más ann) go dtí dáta an bhreithiúnais, agus costais.

    (2) D’ainneoin fho-riail (1), in imeachtaí ag iasachtóir airgid (arna mhíniú leis an Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995), nó ag ionadaí nó ionadaithe pearsanta iasachtóra airgid, nó ag sannaí, chun airgead a bheidh tugtha ar iasacht ag an iasachtóir airgid a ghnóthú, nó chun aon chomhaontú nó urrús a bhainfidh le haon airgead den sórt sin a chur i bhfeidhm, ní dhéanfar breithiúnas a thaifeadadh de mhainneachtain láithriú mura mbeidh cead faighte ón Máistir nó ón gCúirt, de réir mar a bheidh, de réir fhorálacha riail 16.

    (3) D’ainneoin fho-riail (1), i gcaingne chun fiach nó éileamh leachtaithe a bheidh ag teacht de chomhaontú fruilcheannaigh nó comhaontú díola creidmheasa (arna mhíniú leis an Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995), nó d’aon chonradh ráthaíochta a bhainfidh le comhaontú den sórt sin, a ghnóthú, ní dhéanfar breithiúnas a thaifeadadh de mhainneachtain láithriú mura mbeidh cead faighte ón Máistir nó ón gCúirt, de réir mar a bheidh, de réir fhorálacha riail 17. 
     
  5. (1) In aon chás nach mbeidh aon láithreas taifeadta in imeacht chun talamh a aisghabháil laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris, nó má tá láithreas taifeadta ach an chosaint teorannaithe do chuid den talamh nó do scair neamhroinnte sa talamh agus di sin amháin, beidh de chead ag an ngearánaí, faoi réir fhorálacha riail 6, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh éilimh i leith foghailbhrabús, riaráistí cíosa, nó cíosa dhúbailte, nó damáistí mar gheall ar shárú conartha, nó éagóir nó díobháil don áitreabh a mbeidh éileamh á dhéanamh ina leith, formhuinithe ar an toghairm, breithiúnas a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig go ndéanfaidh an duine a mbeidh a theideal dearbhaithe sa toghairm seilbh a aisghabháil ar an talamh, nó ar an gcuid nó ar an scair neamhroinnte di nach mbainfidh an chosaint léi.

    (2) Ní bheidh aon dámhachtain chostas sa bhreithiúnas sin, ach beidh an céanna gan dochar do cheart an ghearánaí na costais a chur á mbreithniú ag an oifigeach cuí, agus dul ar aghaidh trí chaingean chun na foghailbhrabúis, na riaráistí cíosa nó an cíos dúbailte agus na damáistí sin, maille le costais, nó aon cheann díobh, a ghnóthú. Ar an gcoinníoll, más imeacht é chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, nach ndéanfar aon bhreithiúnas a thaifeadadh faoin riail seo go dtí go mbeidh mionnscríbhinn arna déanamh ag an tiarna talún, a ghníomhaire, a ghlacadóir nó a chléireach, comhdaithe, ina luafar cíos bliana ar a laghad a bheith dlite, de bhreis ar gach liúntas ceart agus cóir, tráth tionscanta an imeachta. 
     
  6. In aon chás nach mbeidh aon láithreas taifeadta in imeacht chun talamh a aisghabháil laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris, nó má tá láithreas taifeadta ach an chosaint teorannaithe do chuid den talamh nó do scair neamhroinnte sa talamh agus di sin amháin, beidh de chead ag an ngearánaí, in ionad dul ar aghaidh faoi riail 5, i dtaobh an éilimh chun an talamh sin nó an chuid sin nó an scair neamhroinnte sin di, de réir mar a bheidh, a aisghabháil, agus i dtaobh an éilimh (más ann) i leith foghailbhrabús, riaráistí cíosa, nó cíosa dhúbailte, nó damáistí mar gheall ar shárú conartha, nó éagóir nó díobháil don áitreabh a mbeidh éileamh á dhéanamh ina leith, dul ar aghaidh (i gcás imeachta a bheidh tionscanta le toghairm iomlánach) faoi riail 7 nó (i gcás imeachta a bheidh tionscanta le toghairm achomair) an toghairm a leagan síos lena héisteacht cibé lá a shocróidh an Máistir, agus sa chás deiridh sin, féadfar cibé breithiúnas a thabhairt, ar an toghairm a éisteacht, a mheasfaidh an Máistir, i gcás laistigh dá dhlínse, nó an Chúirt, an cosantóir a bheith ina theideal.
     
  7. (1) I gcás ina mainneoidh aon chosantóir láithriú (seachas cosantóir a luaitear i riail 1) de réir toghairme iomlánaí, déanfaidh an gearánaí, ach amháin i gcás éilimh dá bhforáiltear ar shlí eile in aon cheann de na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, ráiteas éilimh a sheachadadh trína chomhdú sa Phríomh-Oifig agus air sin féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, le foriarratas iar bhfógra chun an chosantóra, ar bhreithiúnas san imeacht de mhainneachtain láithriú, agus (más gá) chun aon damáistí a bhféadfaidh an gearánaí a bheith ina dteideal a fhionnadh, le giúiré i gcás aon pháirtí a bheith i dteideal giúiré agus é sin á éileamh aige, ach taobh amuigh de sin gan ghiúiré, agus sa chás deiridh sin féadfaidh an Chúirt méid na ndamáistí sin a shocrú í féin ar fhianaise i mionnscríbhinn nó eile, nó féadfaidh sí an t-ábhar a tharchur chun an Mháistir lena chinneadh.

    (2) Más rud é, i gcás lena mbaineann fo-riail (1), go measfar feidhm a bheith ag forálacha aon ordaithe le haghaidh sheirbheáil ionadach na toghairme, nó aon ordaithe faoi Ordú 11 lena dtugtar cead an toghairm nó fógra faoin toghairm a sheirbheáil lasmuigh den dlínse maidir le seirbheáil an fhógra foriarratais.
     
  8. I gcás ina mainneoidh aon chosantóir láithriú de réir toghairme díobhálacha pearsanta arna míniú in Ordú 1A, féadfaidh an gearánaí (gan ráiteas éilimh a sheachadadh) iarratas a dhéanamh chun na Cúirte le foriarratas ar bhreithiúnas sa chaingean de mhainneachtain láithriú ar mhionnscríbhinn nó mionnscríbhinní gur seirbheáladh an toghairm díobhálacha pearsanta agus mionnscríbhinn ag fíorú ábhar na toghairme díobhálacha pearsanta sin a chomhdú sa Phríomh-Oifig.
     
  9. I gcás ina ndéanfar éileamh chun earraí sonracha a sheachadadh a fhormhuiniú ar thoghairm, leis féin nó le haon éileamh eile, agus go loicfidh an cosantóir láithriú, féadfaidh an gearánaí, má theastaíonn uaidh go ndéanfar na hearraí sin a shainseachadadh, ordú le haghaidh breithiúnais a iarraidh ar an gCúirt chun na hearraí a bheidh coinnithe a fháil ar ais gan an rogha a thabhairt don chosantóir na hearraí sin a choimeád ar a luach a íoc agus chun na hearraí a fhionnadh, i cibé slí a ordóidh an Chúirt, a mbeidh an gearánaí i dteideal, i leith a neamhsheachadta, iad a aisghabháil agus a bheidh fós gan seachadadh, agus, ar iadsan a fhionnadh amhlaidh, féadfar ordú seachadta a eisiúint ina leith.
     
  10. I gcás ina ndéanfar éileamh ar éileamh leachtaithe a fhormhuiniú ar thoghairm thionscnaimh (iomlánach nó achomair) agus go mbeidh cosantóirí leithleacha ann, agus go láithreoidh duine amháin nó níos mó díobh de réir na toghairme, agus go loicfidh duine nó daoine eile díobh láithriú, féadfaidh an gearánaí breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh de réir riail 4 i gcoinne na gcosantóirí sin nach mbeidh tar éis láithriú, agus féadfaidh sé forghníomhú a eisiúint ar an mbreithiúnas sin, gan dochar dá cheart imeachtaí a thabhairt ar aghaidh i gcoinne na gcosantóirí díobh a bheidh tar éis láithriú.
     
  11. I gcás ina mbeidh cosantóirí leithleacha i dtoghairm iomlánach a luaitear i riail 7 agus go láithreoidh duine amháin nó níos mó de na cosantóirí sin de réir na toghairme sin, agus go loicfidh duine nó daoine eile díobh láithriú, féadfaidh an gearánaí dul ar aghaidh faoi riail 7 i gcoinne an chosantóra nó na gcosantóirí a bheidh ag loiceadh amhlaidh láithriú agus éistfear an t-iarratas ar bhreithiúnas faoin riail agus fionnfar na damáistí (más ann) a bhféadfaidh sé go mbeidh an gearánaí ina dteideal, amhail i gcoinne an chosantóra nó na gcosantóirí sin, san am céanna le triail an imeachta nó na saincheiste san imeacht sin i gcoinne an chosantóra nó na gcosantóirí eile, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
     
  12. I gcás ina ndéanfar éileamh ar éileamh leachtaithe, mar aon le héileamh nó le héilimh eile, a fhormhuiniú ar thoghairm iomlánach agus go loicfidh aon chosantóir láithriú de réir na toghairme sin, féadfaidh an gearánaí breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh i leith an éilimh leachtaithe, mar aon le hús (más ann) agus costais mar a fhoráiltear sna rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, i gcoinne an chosantóra nó na gcosantóirí a bheidh ag loiceadh láithriú agus féadfaidh sé dul ar aghaidh, i dtaobh an éilimh nó na n-éileamh eile, mar a fhoráiltear i cibé riail de na rialacha sin is infheidhme.
     
  13. I gcás ina dtaifeadfar breithiúnas críochnaitheach de bhun aon rialach de na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo:

(a) déanfaidh an Chúirt, i gcás inar deimhin léi, ar iarratas arna dhéanamh chun na críche sin le foriarratas iar bhfógra chun an ghearánaí, go bhfuil neamhrialtacht éigin sna himeachtaí nó sa phróiseas trína bhfuarthas an breithiúnas sin, an breithiúnas sin a chur ar ceal ar cibé téarmaí, más ann, is cóir;

(b) féadfaidh an Chúirt an breithiúnas sin a chur ar ceal d’ainneoin go bhfuarthas é ar mhodh rialta agus cead cosanta a thabhairt ar cibé téarmaí is cóir, i gcás inar deimhin léi, ó fhianaise i mionnscríbhinn ón gcosantóir, nó thar a cheann, in iarratas le foriarratas iar bhfógra chun an ghearánaí, go bhfuil cosaint mhaith ag an gcosantóir ar éileamh an ghearánaí agus gur gá ar mhaithe leis an gceartas cead cosanta a thabhairt;

(c) féadfaidh an Chúirt, ar iarratas arna dhéanamh chun na críche sin, an breithiúnas sin a athrú ar cibé téarmaí, más ann, is cóir.

  1. I gcás ina ndéanfar éileamh ar aon bhanna, cúnant, nó comhaontú a bheidh faoi réim an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1853, alt 145, a fhormhuiniú ar thoghairm thionscnaimh, agus go loicfidh an cosantóir láithriú de réir na toghairme sin, ní sheachadfar aon ráiteas éilimh agus féadfaidh an gearánaí, gan sáruithe a chur i gcéill, cead chun breithiúnas a thaifeadadh le haghaidh cibé suime is cóir léi a iarraidh ar an gCúirt le foriarratas, agus ar an iarratas sin a dhéanamh chuici féadfaidh an Chúirt a ordú breithiúnas a thaifeadadh dá réir sin, nó féadfaidh sí cibé fiosrúchán nó triail saincheisteanna a ordú a dhealróidh a bheith riachtanach chun éileamh an ghearánaí a fhionnadh, agus más rud é nach mbeidh an tsuim a fhionnfar a bheith dlite chomh mór leis an tsuim a bheidh luaite sa bhanna, sa chúnant nó sa chomhaontú sin, féadfaidh an gearánaí, a sheiceadóirí nó a riarthóirí, i gcás aon sáraithe ina dhiaidh sin, iarratas a dhéanamh ó thráth go chéile chun na Cúirte, agus air sin féadfaidh an Chúirt, a mhéid a bheidh an tsuim a bheidh luaite sa bhanna, sa chúnant nó sa chomhaontú sin, nó fuíoll na suime sin, faoi di, cibé ordú eile a dhéanamh nó cibé fiosrúchán nó triail eile a ordú, lena mbeidh an éifeacht a dúradh, is cóir.
     
  2. In aon chás nach mbeidh an gearánaí i dteideal breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig faoi aon cheann de na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, agus ina loicfidh an cosantóir nó na cosantóirí uile, má tá níos mó ná cosantóir amháin ann, láithriú, ach, mar gheall ar íocaíocht, sásamh, cealú núise nó ar aon chúis eile, nach gá don ghearánaí dul ar aghaidh, féadfaidh sé, le cead ón Máistir, a gheofar le foriarratas iar bhfógra, breithiúnas a thaifeadadh le haghaidh costas. Ar an gcoinníoll go gcomhdófar an fógra sin agus go seirbheálfar é sa tslí ina mbeifear tar éis an toghairm a sheirbheáil, nó i cibé slí eile a ordóidh an Máistir.
     
  3. (1) In imeachtaí arna dtionscnamh ag iasachtóir airgid nó ag ionadaí nó ionadaithe pearsanta iasachtóra airgid nó ag sannaí chun airgead a ghnóthú a bheidh tugtha ar iasacht ag an iasachtóir airgid, nó chun aon chomhaontú nó urrús a bhainfidh le haon airgead den sórt sin a chur i bhfeidhm, is le fógra a bheidh le filleadh os comhair an Mháistir ceithre lá glan ar a laghad tar éis an fógra a sheirbheáil a dhéanfar iarratas ar chead chun breithiúnas a thaifeadadh de mhainneachtain láithriú.

    (2) Ní eiseofar an fógra foriarratais sin go dtí go mbeidh an tréimhse ama a bheidh ceaptha chun láithreas a thaifeadadh caite agus go mbeidh mionnscríbhinn seirbheála na toghairme comhdaithe. Féadfar an fógra foriarratais a sheirbheáil go pearsanta nó leis an bpost cláraithe, arna dhíriú chuig an gcosantóir ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige.

    (3) Nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht, cibé acu a láithreoidh an cosantóir nó nach láithreoidh sé, féadfaidh an Máistir nó an Chúirt, de réir mar a bheidh:

(a) cumhachtaí na Cúirte faoin Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995, a fheidhmiú agus

(b) más deimhin leis nó léi, le mionnscríbhinn nó eile, an fógra foriarratais a bheith seirbheáilte go cuí, cead a thabhairt breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh i leith an éilimh go léir nó i leith coda de, agus

(c) maidir le haon chuid den éileamh a ndiúltófar cead chun breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh ina thaobh, aon ordacháin a thabhairt nó aon ordú a dhéanamh den sórt a d’fhéadfaí a thabhairt nó a dhéanamh tráth éisteachta na toghairme nó foriarratais ar bhreithiúnas, de réir mar a bheadh, dá mbeadh láithreas taifeadta ag an gcosantóir, ar cibé téarmaí i dtaobh fógra don chosantóir agus eile a mheasfar is cóir.

  1. I gcaingne chun fiach nó éileamh leachtaithe a bheidh ag teacht de chomhaontú fruilcheannaigh nó de chomhaontú díola creidmheasa, nó aon chonradh ráthaíochta a bhainfidh le comhaontú den sórt sin, a ghnóthú, is sa tslí chéanna a fhorordaítear i bhfo-rialacha (1) agus (2) de riail 16 a dhéanfar iarratas ar chead chun breithiúnas a thaifeadadh de mhainneachtain láithriú, agus ní thaifeadfar breithiúnas go dtí go mbeidh mionnscríbhinn comhdaithe ina luafar na ceanglais a shonraítear in alt 32 nó (de réir mar a bheidh) in alt 58 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995, a bheith comhlíonta.
     
  2. In aon chás a thiocfaidh os a chomhair faoi aon cheann de na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, féadfaidh an Máistir, in ionad cead a thabhairt chun breithiúnas a thaifeadadh nó an cead sin a dhiúltú, an toghairm a chur ar liosta na Cúirte lena héisteacht.
     
  3. I ngach imeacht nach bhforáiltear dó go speisialta ar shlí eile le rialacha an Ordaithe seo, i gcás nach láithreoidh an páirtí a mbeidh an toghairm seirbheáilte air laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris, ar an ngearánaí do chomhdú mionnscríbhinne seirbheála agus, i gcás inar cuí, ráiteas éilimh, féadfaidh an t-imeacht dul ar aghaidh amhail is dá mbeadh an páirtí sin tar éis láithriú, ach sin faoi réir fhorálacha Ordú 37, i dtaobh caingne ina mbeidh cuntas á éileamh.
     
  4. Sula dtaifeadfar breithiúnas mainneachtana i leith aon éilimh leachtaithe faoin Ordú seo comhdófar mionnscríbhinn ina sonrófar an tsuim a bheidh dlite iarbhír an uair sin.
     
  5. Más rud é, in aon chás ina mbeidh gearánaí i dteideal breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig faoi aon cheann de na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, go n-éileoidh an gearánaí ús ar iomlán nó ar aon chuid den tsuim airgid a mbeidh sé i dteideal an breithiúnas sin a thaifeadadh lena haghaidh idir dáta fabhraithe na cúise caingne agus dáta an bhreithiúnais, faoi alt 22 d’Acht na gCúirteanna, 1981, féadfaidh an gearánaí iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú le haghaidh breithiúnais ina n-áireofar an t-ús sin. Beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an ngearánaí nó ag duine éigin eile a fhéadfaidh mionnú go deimhneach i dtaobh na bhfíoras, ina sonrófar an tsuim a bheidh dlite iarbhír an uair sin agus na fíorais ar a mbeifear ag seasamh mar thaca leis an éileamh ar ús, mar thaca leis an iarratas sin.
     
  6. (1) Tabharfaidh an gearánaí fógra i scríbhinn don chosantóir laistigh de 28 lá ó dháta taifeadta aon bhreithiúnais sa Phríomh-Oifig de réir an Ordaithe seo.

    (2) Déanfaidh an gearánaí cóip d’aon ordú ón gCúirt lena ndeonófar breithiúnas de mhainneachtain láithriú arna dhéanamh de réir aon fhorála den Ordú seo a sheirbheáil ar an gcosantóir laistigh de 28 lá tar éis an t-ordú sin a thabhairt agus a chomhlánú.