Ordú 82

Gníomhais chomhshocraíochta

1. Is i bhFoirm Uimh. 1 agus i bhFoirm Uimh. 2, faoi seach, i bhFoscríbhinn S a bheidh na mionnscríbhinní atá le comhdú de bhun an Deeds of Arrangement Act, 1887, alt 6.
 

2. Is i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn S a dhéanfar an achomaireacht ar a mbeidh in aon ghníomhas comhshocraíochta a thaifeadadh ar an gClár faoin Acht sin 1887.
 

3. Ar gach có ip de ghníomhas comhshocraíochta a thíolacfar lena comhdú formhuineoidh an duine a thíolacfaidh í ainm an fhéichiúnaí, dáta an ghníomhais agus dáta a chomhdaithe, méid iomlán na dleachta lena mbeidh an gníomhas stampáilte, agus deimhniú arna shíniú ag aturnae an fhéichiúnaí, nó ag an duine a thíolacfaidh an chóip lena comhdú, á dheimhniú gur cóip cheart den ghníomhas í an chóip, agus ina luafar an líon fóiliónna (dhá fhocal is seachtó an ceann) a bheidh sa ghníomhas.
 

4. Nuair a chlárófar gníomhas comhshocraíochta scríobhfar deimhniú ar an ngníomhas bunaidh á dheimhniú an gníomhas a bheith cláraithe go cuí, maille le dáta an chláraithe.
 

5. Beidh sleachta as an gcóip chomhdaithe de ghníomhas comhshocraíochta teoranta do dháta an fhorghníomhaithe agus an chláraithe, ainmneacha, seoltaí, agus tuairiscí an fhéichiúnaí agus na bpáirtithe sa ghníomhas, agus ráiteas gairid i dtaobh chineál agus éifeacht an ghníomhais.
 

6. Is i bhFoirm Uimh. 4 i bhFoscríbhinn S a bheidh an mhionnscríbhinn atá le comhdú de bhun an Deeds of Arrangement Amendment Act, 1890, Alt 2 (2).
 

7. Is i bhFoirm Uimh. 5 i bhFoscríbhinn S a dhéanfar an achomaireacht ar a mbeidh in aon doiciméid agus mionnscríbhinní a thaifeadadh ar an gClár faoin Acht sin 1890.
 

8. Beidh achomaireachtaí as aon doiciméad nó mionnscríbhinn a chomhdófar faoin Acht sin 1890 teoranta do dhátaí na hachainí, don ordú i bhféimheacht, d’ainm, do sheoladh agus do thuairisc an fhéichiúnaí, agus do ráiteas gairid i dtaobh chineál agus éifeacht an rúin ó chreidiúnaithe arna dhaingniú leis an ordú sin i bhféimheacht.