Ordú 86

An Chúirt Achomhairc: Ginearálta : I.R. Uimh. 485 de 2014

I. RÉAMHRÁITEACH AGUS GINEARÁLTA

Léiriú agus réim
1. (i) San Ordú seo agus in Orduithe 86A, 86B, 86C agus 86D—

ciallaíonn “achomharcóir”:

(a) duine a dhéanann achomharc, nó a bhfuil ar intinn aige achomharc a dhéanamh, chun na Cúirte Achomhairc (lena n-áirítear achomharc arna thionscnamh sa Chúirt Uachtarach roimh an lá bunaithe dá dtagraítear in alt 5 den Acht um an gCúirt Achomhairc, 2014, agus a gceanglaítear le dlí leanúint leis os comhair na Cúirte Achomhairc),
(b) duine a dhéanann iarratas, nó a bhfuil ar intinn aige iarratas a dhéanamh, ar chead achomhairc chun na Cúirte Achomhairc, in aon chás ina gceanglaítear le dlí cead a bheith ag duine le haghaidh achomhairc den sórt sin, agus

(c) faoi réir cibé modhnuithe is gá, folaíonn sé duine a thionscnaíonn imeachtaí os comhair na Cúirte Achomhairc;

tá le “Cláraitheoir Contae” an bhrí chéanna atá leis sna Rialacha Cúirte Cuarda agus, i gcás ina n-éilíonn nó ina gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé aon duine arna cheapadh chun gníomhú mar Chláraitheoir don Ard-Chúirt ar Cuaird;
ciallaíonn “Cúirt Achomhairc” an Chúirt Achomhairc agus:

(a) i ndáil le haon iarratas idirbhreitheach nó iarratas nó foriarratas nóis imeachta dá dtagraítear in alt 7A(6) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, folaíonn sé Uachtarán na Cúirte Achomhairc nó aon Bhreitheamh den Chúirt Achomhairc arna ainmniú ag Uachtarán na Cúirte Achomhairc de réir an fho-ailt sin chun iarratas den sórt sin a éisteacht agus a chinneadh, agus
(b) i ndáil le haon ordacháin i ndáil le seoladh aon imeachtaí os comhair na Cúirte Achomhairc, folaíonn sé Uachtarán na Cúirte Achomhairc nó Breitheamh den Chúirt Achomhairc arna ainmniú ag Uachtarán na Cúirte Achomhairc faoi alt 7C(1) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961;

ciallaíonn “an chúirt a ndéantar achomharc uaithi” an chúirt (agus, chun amhras a sheachaint, folaíonn sé armchúirt nó breitheamh míleata) a ndéantar achomharc (nó iarratas ar chead achomhairc) uaithi chun na Cúirte Achomhairc, agus i gcás ina gceadaíonn nó ina n-éilíonn an comhthéacs é, folaíonn sé aon bhinse a bhfuil ceart achomhairc chun na Cúirte Achomhairc ann i gcoinne a bhreithe;
folaíonn “breith” breithiúnas, ordú, fíorasc, fionnachtain nó cinneadh;

tá le “achtachán” an bhrí chéanna atá leis san Acht Léiriúcháin, 2005;

ciallaíonn “an Oifig” Oifig Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc;

ciallaíonn “an Cláraitheoir” Cláraitheoir na Cúirte Achomhairc;

folaíonn “freagróir”—

(a) freagróir i leith achomhairc chun na Cúirte Achomhairc;
(b) freagróir i leith iarratais ar chead achomhairc chun na Cúirte Achomhairc, agus

(c) más iomchuí, aon pháirtí seachas an páirtí tionscanta in aon ábhar os comhair na Cúirte Achomhairc ar shlí seachas ar mhodh iarratais ar chead achomhairc nó ar mhodh achomhairc;

ciallaíonn “ordachán cleachtais reachtúil” ordachán cleachtais arna eisiúint faoi alt 7C(2) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.

(ii) Tá feidhm ag an Ordú seo agus ag Orduithe 86A, 86B, 86C, 86D agus 87 maidir le gach imeacht agus iarratas in imeachtaí ina bhfuil dlínse ag an gCúirt Achomhairc faoin dlí agus, chun amhras a sheachaint, tá feidhm acu, a mhéid is infheidhme, maidir le gach achomharc chun na Cúirte Achomhairc ó aon bhinse nó aon chomhlacht speisialta agus, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, beidh feidhm maidir le haon chineál eile imeachta os comhair na Cúirte Achomhairc ag an nós imeachta faoin Ordú seo, agus faoi Orduithe 86A, 86B, 86C, 86D agus 87, is infheidhme maidir le hachomhairc, ach sin faoi réir aon mhodhnuithe is gá.

(iii) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt, aon tagairtí san Ordú seo, agus in Orduithe 86A, 86B, 86C, 86D agus 87, d’fhoirmeacha is tagairtí iad do na foirmeacha i bhFoscríbhinn U, fara na modhnuithe is gá i gcás inar cuí sin maidir leis an gcás.
Seoladh achomharc agus iarratas

2. (i) Déanfar gach achomharc agus gach ábhar eile a bheidh os comhair na Cúirte Achomhairc a ullmhú lena éisteacht nó lena chinneadh, agus éistfear agus cinnfear é, ar mhodh a bheidh cóir dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí a íoslaghdú.

(ii) Féadfaidh an Cláraitheoir, ó thráth go chéile, cibé fiosrúcháin a dhéanamh, agus cibé tuarascálacha nó faisnéis a lorg ar na páirtithe, is cuí leis nó a ordóidh an Chúirt Achomhairc maidir le dul chun cinn aon achomhairc agus féadfaidh sé:

(a) i gcás ina measfaidh sé ceanglais fho-riail (1) gan a bheith á gcomhlíonadh, nó
(b) i gcás nach mbeifear tar éis teorainn ama a fhorchuirtear leis an Ordú seo a chomhlíonadh,

an t-ábhar a liostú os comhair na Cúirte Achomhairc.


(iii) D’ainneoin aon fhorála eile den Ordú seo, féadfaidh an Chúirt Achomhairc, tráth ar bith, a ordú aighneachtaí i scríbhinn a thaisceadh agus a sheirbheáil maidir le hachomharc nó le haon saincheist nó foriarratas in aon achomharc.
Ordacháin agus teorainneacha ama

3. (1) Féadfaidh an Chúirt Achomhairc, tráth ar bith agus ó thráth go chéile:

(i) uaithi féin agus tar éis na páirtithe a éisteacht, nó
(ii) ar pháirtí dá iarraidh sin le foriarratas iar bhfógra chun an pháirtí eile nó chun na bpáirtithe eile,

cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh i leith seoladh imeachtaí os comhair na Cúirte Achomhairc a dhealróidh a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh ar mhodh a bheidh cóir dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-riail (1), féadfaidh an Chúirt Achomhairc ordacháin a thabhairt agus orduithe a dhéanamh:

(a) lena socrófar teorainneacha ama;
(b) lena bhfadófar nó lena ngiorrófar aon teorainn ama atá leagtha síos leis na Rialacha seo (mura rud é, dá ndéanfaí amhlaidh, go mbeadh sé sin contrártha d’aon fhoráil de chuid reachta).

(3) Féadfar iarratas ar fhadú ar thréimhse ama a dhéanamh tar éis an teorainn ama a bheith dulta in éag.

(4) I gcás ina ndéanfar doiciméad a thíolacadh lena thaisceadh déanach, féadfaidh an Cláraitheoir glacadh leis an doiciméad lena thaisceadh le toiliú gach páirtí eile lena mbainfidh i scríbhinn.

(5) [7] I gcás ina ndéanfar doiciméad (seachas fógra achomhairc) a thíolacadh déanach lena thaisceadh, féadfaidh an Cláraitheoir glacadh leis an doiciméad lena thaisceadh, ach sin gan dochar do cheart aon pháirtí lena mbaineann agóid a dhéanamh i gcoinne an taiscthe dhéanaigh.

Seirbheáil

4. (i) Féadfar doiciméad a bheidh le húsáid in imeachtaí sa Chúirt Achomhairc a sheirbheáil ar aon cheann de na modhanna seo a leanas—

(a) trí sheirbheáil phearsanta,
(b) leis an bpost cláraithe,

(c) le modh leictreonach i gcás ina mbeidh an duine a bheidh le seirbheáil tar éis toiliú le seirbheáil leis an modh sin nó go gceadófar sin le hordachán cleachtais reachtúil, agus

(d) ach amháin i gcás fógra achomhairc, ar aon mhodh eile a cheadaítear le hOrdú 121 (agus i gcás ina n-úsáidfear aon mhodh den sórt sin, beidh feidhm ag forálacha Ordú 121).

(ii) Más rud é, tar éis don Chláraitheoir cibé fiosrúcháin, más ann, a mheasfaidh sé a bheith cuí a dhéanamh, nach deimhin leis gur leor an tseirbheáil a bheidh déanta in aon chás áirithe, féadfaidh an Cláraitheoir a ordú seirbheáil a dhéanamh ar mhodh eile nó féadfaidh sé a ordú fógra faoin iarratas nó faoin achomharc a thabhairt ar bhealach eile.
(iii) Áireofar i mionnscríbhinn seirbheála mionsonraí na ndaoine a mbeifear tar éis iad a sheirbheáil agus an modh seirbheála a bheifear tar éis a úsáid, agus luafar inti an dáta a mbeifear tar éis an doiciméad a sheirbheáil go pearsanta, a chur sa phost, a sheachadadh ag an malartán doiciméad nó a sheoladh go leictreonach, de réir mar a bheidh.

(iv) Measfar, go dtí go suífear a mhalairt, gur leorsheirbheáil í seirbheáil ar pháirtí ar bhealach ar a mbeidh páirtithe sna himeachtaí sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi tar éis comhaontú, nó ar a mbeifear tar éis comhaontú ina measc, nó ar bhealach a mbeidh an chúirt sin tar éis é a ordú.

Fógraí ón gCúirt Achomhairc

5. Mura bhforáiltear a mhalairt i reacht nó san Ordú seo, i gcás ina gceanglaítear ar an gCláraitheoir fógra a thabhairt d’aon duine faoi ábhar, féadfaidh an fógra a bheith i cibé foirm, agus féadfar é a thabhairt ar cibé modh, is cuí leis an gCláraitheoir.


Doiciméid a thaisceadh

6. Faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, féadfar doiciméad a thaisceadh san Oifig ar aon cheann de na modhanna seo a leanas—

(a) ar aon mhodh a cheadaítear le hOrdú 117A (agus i gcás ina n-úsáidfear aon mhodh den sórt sin, beidh feidhm ag forálacha Ordú 117A);
(b) i gcás ina gceadófar amhlaidh le hordachán cleachtais reachtúil, le modhanna leictreonacha de réir an ordacháin chleachtais reachtúil iomchuí.

Iarratas ar an gcéad ásc chun na cúirte a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi

7. Faoi réir aon fhorála de chuid reachta, aon uair a fhéadfar, faoi na Rialacha seo, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc nó chun na cúirte a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, déanfar é, ar an gcéad ásc, chun na cúirte a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi.
Éifeacht ordaithe idirbhreithigh sa chúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi

8. Ní oibreoidh aon ordú nó rialú idirbhreitheach, arna dhéanamh ag cúirt a mbeidh achomharc á dhéanamh uaithi, nach mbeidh aon achomharc déanta ina choinne, chun an Chúirt Achomhairc a urchosc ar cibé breith a thabhairt, nó a dhochrú ó cibé breith a thabhairt, ar an achomharc, a mheasfaidh an Chúirt Achomhairc a bheith cóir.
Urrús i leith costas

9. Féadfaidh an Chúirt Achomhairc, faoi imthosca speisialta, a ordú taisceadh nó urrús eile, sa mhéid a shocróidh an Chúirt Achomhairc, a dhéanamh nó a thabhairt i leith na gcostas a bheidh le teacht d’aon achomharc.


Leasuithe

10. (i) Féadfar fógra achomhairc, nó aon doiciméad eile arna úsáid in achomharc chun na Cúirte Achomhairc, a leasú tráth ar bith ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt Achomhairc.

(ii) Is le foriarratas iar bhfógra chun na bpáirtithe eile dá ndéanfadh an leasú difear a dhéanfar iarratas ar chead chun leasú a dhéanamh.
Neamhchomhlíonadh

11. (i) Faoi réir fho-rialacha (4) agus (5) de riail 3, féadfaidh an Cláraitheoir diúltú aon fhógra achomhairc nó aon doiciméad eile a eisiúint ar fógra nó doiciméad é nach gcomhlíonfaidh ceanglais an Ordaithe seo nó ceanglais aon ordacháin chleachtais reachtúil a mbeidh feidhm aige maidir leis an achomharc nó leis an iarratas a bheidh i gceist.

(ii) Aon pháirtí arb éagóir leis diúltú de réir fho-riail (1) fógra achomhairc nó doiciméad eile a eisiúint, féadfaidh sé, laistigh de 14 lá ó lá an diúltaithe, iarratas a dhéanamh le foriarratas iar bhfógra chun na Cúirte Achomhairc á iarraidh eisiúint an fhógra achomhairc nó an doiciméid eile a údarú.

(iii) Faoi réir riail 3(5) agus fho-rialacha (1) agus (2) den riail seo, i gcás nach gcomhlíonfaidh achomharcóir nó iarratasóir rialacha an Ordaithe seo nó, de réir mar a bheidh, Orduithe 86A, 86B, 86C, 86D agus/nó 87, nó aon riail chleachtais a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ní chuirfidh sin cosc leis an achomharc nó leis an iarratas a thabhairt ar aghaidh tuilleadh mura n-ordóidh an Chúirt Achomhairc amhlaidh, ach féadfar déileáil leis an achomharc nó leis an iarratas ar cibé modh agus ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt Achomhairc.


II. IARRATAIS IDIRBHREITHEACHA

Iarratais idirbhreitheacha chun na Cúirte Achomhairc
12. (i) Mura gceadóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt, is le foriarratas iar bhfógra, a mbeidh mionnscríbhinn, arna mionnú ag an bpáirtí tionscanta, nó thar a cheann, mar fhoras leis, a dhéanfar gach iarratas idirbhreitheach chun na Cúirte Achomhairc.

(ii) Déanfar an fógra foriarratais agus an mhionnscríbhinn a thaisceadh san Oifig agus déanfar cóip den fhógra foriarratais agus den mhionnscríbhinn (agus d’aon fhoilseáin) a sheirbheáil ar gach páirtí eile dá ndéanfaidh an t-iarratas idirbhreitheach difear, tráth nach déanaí ná ceithre lá glan roimh dháta fillte an iarratais.

(iii) Féadfaidh an Chúirt Achomhairc a ordú an t-iarratas a sheirbheáil ar aon pháirtí eile.

(iv) Beidh de chead ag gach páirtí ar a seirbheálfar an t-iarratas cóip de mhionnscríbhinn freagartha a thaisceadh san Oifig agus a sheirbheáil.

(v) Mura n-ordófar a mhalairt, taiscfidh an páirtí tionscanta, san Oifig, tráth nach déanaí ná dhá lá glan roimh dháta fillte an iarratais, leabhrán foriarratais innéacsaithe a mbeidh na leathanaigh uimhrithe ann, le haghaidh úsáid na Cúirte Achomhairc, ina gcuimseofar cóipeanna de na nithe seo a leanas:

(a) an fógra foriarratais;
(b) gach mionnscríbhinn arna taisceadh mar thaca leis an bhforiarratas, nó i gcoinne an fhoriarratais, agus gach foilseán a bheidh ag gabháil le gach mionnscríbhinn den sórt sin, agus

(c) aon doiciméad eile san achomharc a bheartóidh aon pháirtí tagairt a dhéanamh dó nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht.

Iarratais ex parte chun na Cúirte Achomhairc
13. Mura gceadóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt, déanfar fógra á rá é a bheith ar intinn iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc a thabhairt don Chúirt Achomhairc trí fhógra i bhFoirm Uimh. 1 a thaisceadh leis an gCláraitheoir tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig sula mbeidh ar intinn an t-iarratas a dhéanamh, mar aon leis an gcóip bhunaidh agus trí chóip d’aon mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an iarratas sin agus aon fhoilseáin.

 


 

  [7] Ordú 86, riail 3(5) arna chur in ionad IR 469 de 2018, le héifeacht ón 10 Nollaig 2018.