Ordú 104

An tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978

1. San Ordú seo

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978;

ciallaíonn ‘‘an Stiúrthóir’’ sealbhóir, de thuras na huaire, oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí.

2. Is le foriarratas iar bhfógra don duine a mbeidh faoiseamh á lorg ina choinne a dhéanfar iarratas ar ordú faoi Alt 8 (3) den Acht.

3. Is é teideal a chuirfear ar an bhfógra foriarratais ná maidir leis an Acht, ar iarratas ón Stiúrthóir; luafar ann an faoiseamh a bheidh á lorg; luafar ann ainm an Stiúrthóra, agus a áit ghnó nó a sheoladh le haghaidh seirbheála; an dáta a mbeidh sé beartaithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar fhaoiseamh; agus comhdófar sa Phríomh-Oifig é.

4. Tabharfar fógra faoin bhforiarratas don duine a mbeidh an faoiseamh á lorg ina choinne (an freagróir); ach, más rud é go ndealróidh sé don Chúirt, maidir le haon duine nach mbeidh fógra tugtha dó, gur chóir go mbeadh an fógra sin aige nó gur chóir go mbeadh sé tar éis bheith aige, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a dhíbhe, nó éisteacht an iarratais a chur ar atráth, ionas go bhféadfar an fógra sin a thabhairt, ar cibé téarmaí (más ann) is cuí leis an gCúirt a fhorchur.

5. Ní foláir ceithre lá ar a laghad a bheith idir tráth seirbheála an fhógra agus an lá a bheidh ainmnithe ann chun an foriarratas a éisteacht.

6. (a) Faoi réir cheart na Cúirte chun cibé ordacháin a thabhairt chuige sin is cuí nó is caoithiúil léi, is le mionnscríbhinn a thabharfar fianaise tráth éisteachta foriarratais faoi riail 2.

(b) Déanfar aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid mar thaca leis an bhforiarratas a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus seirbheálfar cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin i dteannta an fhógra. Déanfaidh an freagróir aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid i gcoinne an iarratais a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh de thrí lá tar éis an mhionnscríbhinn ón iarratasóir a sheirbheáil air agus ní foláir don fhreagróir, laistigh den tréimhse sin, cóip d’aon mhionnscríbhinn a mbeidh ar intinn aige í a úsáid a sheirbheáil ar an iarratasóir.