Ordú 6

Toghairmeacha comhthráthacha

1. Féadfaidh an gearánaí in aon imeachtaí, tráth eisiúna na toghairme tionscnaimh, nó tráth ar bith go ceann dhá mhí dhéag tar éis í a eisiúint, toghairm chomhthráthach amháin nó níos mó a eisiúint, agus beidh an dáta eisiúna céanna ar gach toghairm chomhthráthach is a bheidh ar an toghairm bhunaidh, agus déanfar í a mharcáil le séala ar a mbeidh an focal ‘‘comhthráthach’’, maille le dáta eisiúna na toghairme comhthráthaí; agus déanfaidh an t-oifigeach cuí an séala sin a mhúnlú ar an toghairm; ar an gcoinníoll i gcónaí nach mbeidh an toghairm chomhthráthach nó na toghairmeacha comhthráthacha sin i bhfeidhm ach ar feadh na tréimhse a mbeidh an toghairm bhunaidh sna himeachtaí sin i bhfeidhm lena linn.

2. Féadfar toghairm a bheidh le seirbheáil laistigh den dlínse a eisiúint agus a mharcáil mar thoghairm chomhthráthach i dteannta toghairme a bheidh le seirbheáil, nó a mbeidh fógra fúithi in ionad seirbheála le tabhairt, lasmuigh den dlínse; agus féadfar toghairm a bheidh le seirbheáil, nó a mbeidh fógra fúithi in ionad seirbheála le tabhairt, lasmuigh den dlínse a eisiúint agus a mharcáil mar thoghairm chomhthráthach i dteannta toghairme a bheidh le seirbheáil laistigh den dlínse.