Ordú: 63B

Imeachtai Iomaíochta : I.R. Uimh. 130 de 2005

I. Réamhráiteach

Mínithe
1. San Ordú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs nó an t-ábhar a mhalairt-

ciallaíonn “Acht” an tAcht Iomaíochta, 2002;

ciallaíonn “Údarás” an tÚdarás Iomaíochta arna choimeád ar marthain le halt 29 den Acht;

ciallaíonn “Coimisiún” an Coimisiún Eorpach;

ciallaíonn “gealltanas” oibleagáid ar thaobh gnóthais, ar oibleagáid í a eascraíonn de bhua togra arna chur ar aghaidh de bharr é a bheith ina ábhar do ráiteas i scríbhinn ón Údarás den sórt a luaitear in alt 20(3) den Acht;

ciallaíonn “Liosta Iomaíochta” an liosta ina ndéanfar imeachtaí iomaíochta, agus aon fhoriarratais nó iarratais eile in imeachtaí iomaíochta, a éisteacht de réir riail 4 den Ordú seo;

ciallaíonn “imeachtaí iomaíochta”:

(a) imeachtaí i bhfeidhmiú cirt caingne a thugtar le halt 14(1) den Acht do dhuine arb éagóir leis nó léi aon chomhaontú, breith, cleachtas comhbheartaithe nó mí-úsáid a thoirmisctear faoi alt 4 nó 5 den Acht;
(b) imeachtaí i bhfeidhmiú cirt caingne a thugtar le halt 14(2) den Acht don Údarás i leith chomhbheartaithe nó mí-úsáide a thoirmisctear faoi alt 4 nó 5 nó le hAirteagal 81 nó 82 den Chonradh;

(c) achomharc i gcoinne an Údaráis do dhéanamh dearbhú faoi alt 4(3) den Acht;

(d) achomharc i gcoinne aon chinnidh ón Údarás faoi mhír (b) nó (c) d’alt 22(3) den Acht, seachas cinneadh arna dhéanamh i ndáil le cumasc meán nach mbeidh éifeacht leis de bhua alt 23(9) nó 25(2) den Acht;

(e) imeachtaí maidir le hathbhreithniú breithiúnach ar bhreith ón Údarás;

(f) imeachtaí maidir le hurghaire chun a cheangal go ndéanfar de réir téarmaí de chuid gealltanais nó cinnidh, nó de chuid ordaithe arna dhéanamh ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta faoi alt 23(4) den Acht, atá i bhfeidhm de thuras na huaire;

(g) imeachtaí lena lorgaítear feidhm Airteagal 81 nó 82 den Chonradh;

(h) imeachtaí maidir le faoiseamh faoin dlí coiteann i leith coinníll nó cúnaint in aon chomhaontú a líomhnaítear ina leith go gcuireann sé srian go míréasúnach le trádáil;

(i) aon imeachtaí eile a bhaineann le feidhm forála den Acht, den Rialachán nó d’Airteagail 81, 82, 86, 87 nó 88 den Chonradh.

ciallaíonn “cinneadh” cinneadh ón Údarás arna dhéanamh faoi alt 21 nó 22 den Acht;
ciallaíonn “éisteacht ordachán tosaigh” éisteacht de réir riail 4(3)(b) nó 6 den Ordú seo chun ordacháin a thabhairt nó orduithe a dhéanamh maidir le himeachtaí a ullmhú le haghaidh trialach agus maidir le cásbhainistiú, agus chun na gcríoch eile a luaitear i riail 6;

ciallaíonn “Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta” an Breitheamh den Ard-Chúirt a bheidh sannta de thuras na huaire ag Uachtarán na hArd-Chúirte chun na feidhmeanna atá ag Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta a chomhlíonadh, ar feidhmeanna iad a thugtar leis an Ordú seo;

ciallaíonn “Breitheamh” aon Bhreitheamh den Ard-Chúirt, lena n-áirítear an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta, a bheidh sannta de thuras na huaire ag Uachtarán na hArd-Chúirte chun imeachtaí, nó aon iarratas i ndáil le himeachtaí, sa Liosta Iomaíochta a éisteacht agus a chinneadh;

ciallaíonn “Cláraitheoir” cláraitheoir na hArd-Chúirte, a bheidh, de thuras na huaire agus le ceadú Uachtarán na hArd-Chúirte, sannta ag an oifigeach ag a mbeidh, de thuras na huaire, bainistiú na Príomh-Oifige, chun na feidhmeanna de chuid Cláraitheora a chomhlíonadh, ar feidhmeanna iad a thugtar leis an Ordú seo;

ciallaíonn “Rialachán” Rialachán (CE) Uimh. 1 de 2003 ón gComhairle;

ciallaíonn “Conradh” an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Feidhm an Ordaithe seo

2. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Ordú seo, i gcás go n-eascróidh aon easaontas idir an fhoráil a dhéantar le haon riail den Ordú seo agus aon fhoráil eile de na Rialacha seo, beidh forlámhas ag an bhforáil den riail den Ordú seo maidir le himeachtaí iomaíochta.

Foirmeacha a úsáid

3. (i) Úsáidfear na foirmeacha i bhFoscríbhinn Y a ghabhann leis na Rialacha seo, mar a fhoráiltear san Ordú seo, in imeachtaí arna dtaifeadadh sa Liosta Iomaíochta, fara cibé athruithe a cheadóidh an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta nó an Cláraitheoir, nó is gá sna himthosca. Déanfar na hordacháin a bheidh in aon fhoirm a chomhall i ndáil leis an gcéanna. I gcás go mbeidh na foirmeacha sin infheidhme, beidh aon chostais a tharlóidh de dheasca mainneachtana forálacha d’aon riail a bhaineann le hábhar foirme a chomhlíonadh nó de dheasca mainneachtana aon ordacháin a bheidh i bhfoirm a chomhlíonadh le híoc ag an bpáirtí a úsáidfidh an céanna nó déanfar na costais sin a dhílamháil don pháirtí a úsáidfidh an céanna, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.

(ii) Is é seo a leanas an teideal a bheidh ar imeachtaí sa Liosta Iomaíochta:

“AN ARD-CHÚIRT
IOMAÍOCHT”.


An Liosta Iomaíochta
4. (i) Déanfaidh an Breitheamh imeachtaí iomaíochta, agus aon fhoriarratais nó iarratais eile in imeachtaí iomaíochta, a éisteacht sa Liosta Iomaíochta.

(ii) Féadfaidh páirtí in imeachtaí iomaíochta, aon tráth:

(a) roimh dheireadh na bpléadálacha, i gcás imeachtaí iomlánacha, nó
(b) roimh chomhdú mionnscríbhinní a chríochnú, i gcás imeachtaí a bheidh le héisteacht ar mhionnscríbhinn gan phléadálacha,

trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí nó na páirtithe eile sna himeachtaí sin, iarratas a dhéanamh chuig an mBreitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta chun dáta a shocrú le haghaidh na héisteachta ordachán tosaigh.


(iii) Ar iarratas chun dáta a shocrú le haghaidh na héisteachta ordachán tosaigh, déanfaidh an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta:

(a) dáta a shocrú le haghaidh na héisteachta ordachán tosaigh, nó
(b) plé le héisteacht an iarratais mar an éisteacht ordachán tosaigh.

(iv) Féadfaidh aon bhreitheamh, i gcás gur deimhin leis nach mór, de bhua fho-riail 1 den riail seo, imeachtaí, nó iarratas in imeachtaí, a éisteacht sa Liosta Iomaíochta, agus le toiliú an Bhreithimh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta, na himeachtaí nó an t-iarratas sin a aistriú chuig an Liosta Iomaíochta.

II. Nós imeachta réamhthrialach

Ginearálta
5. Féadfaidh Breitheamh, aon tráth agus ó am go ham, uaidh féin agus tar éis na páirtithe a éisteacht, cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh, lena n-áirítear teorainneacha ama a shocrú, maidir le seoladh na n-imeachtaí arna dtaifeadadh sa Liosta Iomaíochta, is dealraitheach a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú.


Ordacháin tosaigh

6. (i) Gan dochar do ghinearáltacht riail 5 den Ordú seo, féadfaidh Breitheamh, ag an éisteacht ordachán tosaigh:

(a) uaidh féin agus tar éis na páirtithe a éisteacht, nó
(b) ar iarratas ó pháirtí trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí nó na páirtithe eile a fhillfear ar an éisteacht ordachán tosaigh, aon cheann de na hordacháin seo a leanas a thabhairt chun an cinneadh ar na himeachtaí a éascú ar an modh a luaitear sa riail sin:

(i) ordachán i dtaobh an leanfar leis na himeachtaí—

(a) fara pléadálacha agus éisteacht ar fhianaise bhéil,
(b) d’éagmais pléadálacha foirmiúla agus trí ráiteas maidir le saincheisteanna dlí nó fíorais, nó saincheisteanna dlí agus fíorais araon,

(c) d’éagmais pléadálacha foirmiúla agus an leanfar lena n-éisteacht ar mhionnscríbhinn fara fianaise bhéil, nó

(d) d’éagmais pléadálacha foirmiúla agus an leanfar lena n-éisteacht ar mhionnscríbhinn d’éagmais fianaise béil;


(ii) ordachán lena socraítear aon saincheisteanna fíorais nó dlí a bheith le cinneadh sna himeachtaí;
(iii) ordachán chun na himeachtaí a chomhdhlúthú le cúis nó le hábhar eile a bheidh ar feitheamh san Ard-Chúirt;

(iv) ordachán chun go ndéanfaidh na páirtithe, nó aon cheann díobh, saincheisteanna a mhíniú, lena n-áirítear go ndéanfaidh na páirtithe meabhráin a mhalartú eatarthu d’fhonn saincheisteanna a shoiléiriú;

(v) ordachán lena gceadaítear d’aon pháirtí a fhormhuiniú nó a phléadálacha a athrú nó a leasú, nó lena gceadaítear ráiteas maidir le saincheisteanna a leasú;

(vi) ordachán lena gceanglaítear agarcheisteanna a sheachadadh, nó doiciméid a fhollasú nó a iniúchadh;

(vii) ordachán lena gceanglaítear fiosrúcháin a dhéanamh nó cuntais a thógáil;

(viii) ordachán lena gceanglaítear liostaí doiciméad a chomhdú, cibé acu i gcoitinne nó i leith nithe sonracha;

(ix) ordachán lena n-ordaítear d’aon fhinnéithe saineolacha dul i gcomhairle lena chéile:


(a) chun na saincheisteanna a shainaithint, is saincheisteanna ar ina leith a bheartaíonn siad fianaise a thabhairt,
(b) chun teacht ar chomhaontú, más féidir, maidir leis an bhfianaise a bheartaíonn siad a thabhairt i leith na saincheisteanna sin, agus

(c) chun aon ní a bhreithniú a n-ordóidh an Breitheamh dóibh é a bhreithniú, agus lena gceanglaítear ar na finnéithe sin sonraí i dtaobh thoradh a gcomhchomhairliúchán a thaifeadadh i meabhrán a bheidh le cur acu faoi bhráid an Chláraitheora i gcomhpháirt agus a dhéanfaidh siad a sheachadadh ar na páirtithe:ar choinníoll nach mbeidh aon toradh den sórt sin ina cheangal ar aon slí ar na páirtithe;

(x) ordachán lena bhforáiltear do dhoiciméid nó faisnéis a mhalartú idir na páirtithe, nó go ndéanfaidh na páirtithe doiciméid nó faisnéis a tharchur chuig an gCláraitheoir go leictreonach, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha agus eisceachtaí a ordóidh Breitheamh;

(xi) ordachán lena ndéanfar aon fhinné a cheistiú faoi mhionn os comhair Breithimh, Cláraitheora nó oifigigh eile den Chúirt, nó aon duine eile, agus in aon áit, de réir Chuid II d’Ordú 39;

(xii) ordachán i dtaobh cibé acu ar chóir nó nár chóir do na himeachtaí, de bhua a gcastachta, líon na saincheisteanna nó na bpáirtithe, méid na fianaise, nó ar chúis speisialta eile, a bheith faoi réir cásbhainistiú de réir rialacha 13 agus 14 den Ordú seo;

(xiii) ordachán go gcuirfear na himeachtaí nó aon saincheist iontu ar atráth ar feadh cibé tréimhse ama, nach faide ná ocht lá is fiche, is cuí leis chun am a thabhairt do na páirtithe a bhreithniú cibé ar chóir na himeachtaí nó an tsaincheist sin a tharchur chuig próiseas idirghabhála, comhréitigh nó eadrána, agus i gcás go gcinnfidh na páirtithe na himeachtaí nó an tsaincheist a tharchur amhlaidh, go ndéanfar fadú ar an am a bheidh ag aon pháirtí chun aon fhoráil de na Rialacha seo nó aon ordú ón gCúirt a chomhlíonadh.

(ii) Gan dochar d’aon achtachán nó riail dlí ar dá bhua nó dá bua a bheidh doiciméid nó fianaise faoi phribhléid ó thaobh nochtadh, féadfaidh Breitheamh, chun cabhrú leis breith a thabhairt i dtaobh cibé acu an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé aon ordú nó an dtabharfaidh nó nach dtabharfaidh sé aon ordachán de réir fho-riail 1 den riail seo, a ordú do na páirtithe, nó d’aon cheann díobh, faisnéis a sholáthar i leith na n-imeachtaí, lena n-áireofar:


(a) liosta de na daoine a bhfuiltear ag súil ina leith go dtabharfaidh siad fianaise;
(b) sonraí i dtaobh aon ní de chineál eacnamaíoch nó teicniúil a fhéadfaidh a bheith i gceist nó a fhéadfaidh a bheith ina ábhar d’fhianaise;

(c) meastachán réasúnaithe ar an tréimhse ama is dóigh a chaithfear—


(i) ar na himeachtaí a ullmhú le haghaidh trialach, agus
(ii) ar thriail na n-imeachtaí;


(d) sonraí i dtaobh aon socruithe idirghabhála, comhréitigh nó eadrána a fhéadfaidh a bheith ar fáil do na páirtithe.

(iii) Féadfaidh Breitheamh, más cuí leis, aon iarratas ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a éisteacht, cibé acu is de chineál urghaire nó eile é, ag an éisteacht ordachán tosaigh.
Foriarratais agus Iarratais

7. (i) Féadfaidh Breitheamh a ordú go n-ullmhóidh gach ceann de na páirtithe i bhforiarratas nó in iarratas aighneacht i scríbhinn ar a mbeidh ainm an údair, agus beidh an aighneacht sin beacht agus seachnófar argóint an-fhada inti, agus sonrófar inti:

(a) cineál an cháis i gcoitinne agus na fíorais chúlra a mhéid a bhaineann siad leis an ní a bheidh os comhair na Cúirte;
(b) na haighneachtaí dlí ar a mbeifear ag seasamh agus ina luafar na húdaráis tacaíochta;

(c) na haighneachtaí fíorais a bheidh le déanamh faoi threoir na fianaise.

(ii) Déanfar na haighneachtaí i scríbhinn a thaisceadh leis an gCláraitheoir tráth nach giorra ná aon lá iomlán amháin roimh an dáta ar a n-éistfear an foriarratas nó an t-iarratas.
Agarcheisteanna

8. Féadfaidh páirtí in imeachtaí arna dtaifeadadh sa Liosta Iomaíochta aon tráth tar éis dó a ráiteas nó a phointí éilimh, nó a chosaint nó a phointí cosanta, de réir mar a bheidh, a sheachadadh, agarcheisteanna i scríbhinn a sheachadadh chun aon pháirtí eile sna himeachtaí a cheistiú, agus beidh nóta ag bun na n-agarcheisteanna sin tráth a seachadta ina luafar cé acu de na hagarcheisteanna sin a cheanglaítear ar gach duine de na daoine sin a fhreagairt: ar choinníoll nach ndéanfaidh páirtí ar bith níos mó ná sraith amháin agarcheisteanna a sheachadadh ar an bpáirtí céanna gan ordú chun na críche sin; ar choinníoll freisin, maidir le hagarcheisteanna nach mbaineann le haon nithe atá i gceist sna himeachtaí, go measfar iad a bheith neamhábhartha d’ainneoin go bhféadfaidís a bheith inghlactha ar fhinné a chroscheistiú ó bhéal.

9. Is i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn Y a ghabhann leis na Rialacha seo a bheidh agarcheisteanna a sheachadfar de réir riail 8 den Ordú seo.

10. Is trí mhionnscríbhinn a bheidh le comhdú laistigh de lá is fiche ó na hagarcheisteanna a fháil, nó laistigh de cibé tréimhse ama eile a cheadóidh Breitheamh, a thabharfar freagraí ar agarcheisteanna.

11. Is i bhFoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn Y a ghabhann leis na Rialacha seo a bheidh mionnscríbhinn a bheidh mar fhreagra ar agarcheisteanna.

12. Beidh feidhm ag forálacha rialacha 3, 5, 6, 7, 10 agus 11 d’Ordú 31 de na Rialacha seo, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le haon agarcheisteanna a dhéanfar a sheachadadh nó a bheidh le seachadadh de réir na rialach seo.
Cásbhainistiú

13. (i) I gcás go n-ordóidh Breitheamh, de réir riail 6, go mbeidh na himeachtaí faoi réir cásbhainistiú, socróidh sé dáta le haghaidh comhdhála um chásbhainistiú agus féadfaidh sé aon ordacháin bhreise is cuí leis a thabhairt go ndéanfar cibé bearta, más ann, sna himeachtaí a chríochnú roimh chomhdháil den sórt sin (lena n-áireofar cásleabhrán a ullmhú de réir fho-riail 9 den riail seo).

(ii) Is Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú agus a dhéanfaidh í a rialáil.

(iii) I gcás go gcuirfear an chomhdháil um chásbhainistiú ar atráth, déanfar í a chur ar atráth go dtí dáta sonrach.

(iv) Freastalóidh na haturnaetha a bheidh i láthair do gach ceann de na páirtithe, nó an páirtí féin, i gcás nach comhlacht corpraithe é agus nach mbeidh aturnae ag feidhmiú ar a shon, ar an gcomhdháil um chásbhainistiú. I gcás gur dóigh leis an mBreitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú gur gá nó gurb inmhianaithe é, féadfaidh sé a ordú don pháirtí sin nó, i gcás gur comhlacht corpraithe an páirtí, don oifigeach cuí do pháirtí, freastal ar an gcomhdháil um chásbhainistiú, d’ainneoin go bhféadfaidh aturnae a bheith ag feidhmiú ar son an pháirtí.

(v) Cinnteoidh gach aturnae a fhreastalóidh ar an gcomhdháil um chásbhainistiú go mbeidh sé sách eolach ar na himeachtaí, agus go mbeidh údarás aige ón bpáirtí a mbeidh sé ag feidhmiú ar a shon chun déileáil le haon nithe ar dóigh go ndéileálfar leo ag an gcomhdháil.

(vi) I gcás go mbeidh abhcóidí ag feidhmiú ar son páirtí, féadfaidh na habhcóidí sin freastal ar an gcomhdháil um chásbhainistiú, ach ní cheadófar ach d’abhcóide amháin de na habhcóidí sin freastal tráth a dhéanfar costais a fhómhas nó a shocrú.

(vii) Is é is cuspóir don chomhdháil um chásbhainistiú a chinntiú go n-ullmhófar na himeachtaí le haghaidh trialach ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil, agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí a íoslaghdú, agus go háirithe go ndéanfar na nithe seo a leanas a luaithe is féidir roimh an triail:

(a) na saincheisteanna, cibé acu is saincheisteanna fíorais nó dlí, a mhíniú chomh soiléir, chomh cruinn agus chomh beacht agus is féidir;
(b) na pléadálacha agus na mionnscríbhinní go léir agus na ráitis go léir maidir le saincheisteanna a sheirbheáil;

(c) aon iarratais trí litir ar shonraí agus freagraí ar na hiarratais sin, aon admhálacha, nó aon iarrataí ar admhálacha, aon fhógraí chun doiciméid nó fíorais a admháil agus freagraí ar na fógraí sin, agus aon mhionnscríbhinní arna ndéanamh de bhun aon fhógraí chun fíorais nó doiciméid a ghlacadh, a sheirbheáil nó a sheachadadh, de réir mar a bheidh;

(d) na hiarratais go léir ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a bheartaíonn aon cheann de na páirtithe a dhéanamh;

(e) aon ordacháin a bheidh tugtha nó orduithe a bheidh déanta ag an éisteacht ordachán tosaigh, nó i gcúrsa comhdhála um chásbhainistiú, a chomhlíonadh.

(viii) I gcás nach mbeidh ordachán ar bith tugtha go mbeidh na himeachtaí faoi réir cásbhainistiú, féadfaidh ceachtar páirtí, aon tráth roimh an triail, iarratas a dhéanamh chuig an mBreitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta trí fhoriarratas iar bhfógra chun an pháirtí nó chun na bpáirtithe eile, is iarratas ar ordachán go dtionólfar comhdháil um chásbhainistiú. Leagfar amach go soiléir beacht sa mhionnscríbhinn is foras don fhoriarratas na forais ar a mbeidh an chomhdháil um chásbhainistiú á lorg. I gcás go ndéanfaidh aon pháirtí agóid i gcoinne ordacháin den sórt sin, is trí mhionnscríbhinn freagartha a thabharfaidh siad a n-agóidí.
(ix) Déanfaidh an gearánaí, an t-iarratasóir nó páirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile, cásleabhrán a ullmhú a bheidh le taisceadh leis an gCláraitheoir agus le seirbheáil ar an bpáirtí nó na páirtithe eile tráth nach déanaí ná ceithre lá iomlána roimh an gcéad dáta a shocrófar don chomhdháil um chásbhainistiú.

(x) Beidh an méid seo a leanas sa chásleabhrán:

(a) achoimre cáis, ina mbeidh

(i) sracléiriú comhaontaithe ar an gcás agus sraith de theagmhais iomchuí nach mbeidh faoi dhíospóid;
(ii) liosta de na saincheisteanna sin nach mbeidh faoi dhíospóid;

(iii) ráiteas comhaontaithe maidir leis na saincheisteanna sin a bheidh faoi dhíospóid, agus


(b) doiciméadacht réamhthrialach i sraith chróineolaíoch, lena n-áirítear (más cuí) cóipeanna de phléadálacha a bheidh malartaithe, mionnscríbhinní a bheidh comhdaithe (seachas mionnscríbhinní seirbheála), ráitis maidir le saincheisteanna, orduithe a bheidh déanta nó ordacháin a bheidh tugtha agus aon chomhfhreagras idir na páirtithe, nach ndeirtear ina leith a bheith “gan dochar”, maidir le hullmhú an cháis le haghaidh trialach.


(xi) Déanfaidh an páirtí atá freagrach as an gcásleabhrán a ullmhú an cásleabhrán a tháirgeadh agus a chothabháil, i cibé foirm, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a ordóidh an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta agus, i gcás go n-ordóidh an Breitheamh amhlaidh, déanfar an cásleabhrán a thaisceadh nó a sheirbheáil ar mhodh leictreonach, agus ar cibé coinníollacha agus faoi réir cibé eisceachtaí a fhorordóidh sé.
(xii) Maidir leis an bpáirtí atá freagrach as an gcásleabhrán a ullmhú, déanfaidh sé, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile, a bhfuil sa chásleabhrán a athbhreithniú nó cuirfidh sé lena bhfuil sa chásleabhrán ó am go ham mar is gá.

14. Ag an gcomhdháil um chásbhainistiú, féadfaidh an Breitheamh:

(a) amchlár a shocrú chun ullmhú an cháis le haghaidh trialach a chríochnú, agus féadfaidh sé, chun na críche sin, aon amchlár beartaithe a bheidh comhaontaithe ag na páirtithe a ghlacadh más deimhin leis go bhfuil sé réasúnach;
(b) aon orduithe a dhéanamh nó aon ordacháin a thabhairt a fhéadfaidh sé a dhéanamh nó a ordú faoi riail 6(1) nó (2) den Ordú seo;

(c) más dóigh leis go bhfuil moill mhíchuí i seoladh na n-imeachtaí nó má tá sé míshásta ar shlí eile le seoladh na n-imeachtaí, agus gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar don Bhreitheamh le hOrdú 33, riail 11, a cheangal ar an bpáirtí a dhealraíonn a bheith freagrach as seoladh na n-imeachtaí, nó ar an oifigeach cuí don pháirtí sin nó ar an aturnae dá mbeidh treoir tugtha sna himeachtaí ag an bpáirtí sin, freastal os a chomhair chun an mhoill nó an seoladh eile lena bhfuil sé míshásta a mhíniú, agus féadfaidh sé, air sin, cibé rialú nó ordachán a dhéanamh nó a thabhairt is cuí leis chun na himeachtaí nó seoladh na n-imeachtaí a luathú;

(d) gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar don Bhreitheamh le hOrdú 99, riail 37, fo-riail 13, na costais a bhaineann le haon fhormhuiniú éilimh, pléadáil, ráiteas maidir le saincheisteanna nó doiciméad eile sna himeachtaí ina bhfuil ábhar neamhriachtanach, nó atá ar fad neamhriachtanach, a dhílamháil, agus na costais a bhain d’aon pháirtí eile de bharr an chéanna a dhámhachtain i gcoinne an pháirtí sin;

(e) gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar don Bhreitheamh le hOrdú 33, riail 11 agus le hOrdú 99, riail 37, fo-riail 31, costais aon pháirtí a dhílamháil, ar costais iad ar mhoill nó ar mhainneachtain ag an bpáirtí sin teorainn ama a chomhlíonadh maidir le haon ghníomh a dhéanamh nó aon imeacht a thabhairt ba chúis leo, agus na costais a bhain d’aon pháirtí eile de bharr an chéanna a dhámhachtain i gcoinne an pháirtí sin.

Ullmhú le haghaidh trialach
15. (i) I gcás nach dtabharfar aon ordachán go mbeidh na himeachtaí faoi réir cásbhainistiú, a luaithe a chríochnófar an malartú pléadálacha, mionnscríbhinní nó ráiteas maidir le saincheisteanna, féadfaidh an Breitheamh, ar iarratas ó aon cheann de na páirtithe, más cuí leis, dáta a shocrú le haghaidh comhdhála réamhthrialach.

(ii) I gcás go dtabharfar ordachán go mbeidh na himeachtaí faoi réir cásbhainistiú, féadfaidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú, más cuí leis, dáta a shocrú le haghaidh comhdhála réamhthrialach a luaithe a chomhlíonfar na horduithe go léir a dhéanfar nó na hordacháin go léir a thabharfar i gcúrsa na comhdhála um chásbhainistiú.

16. I gcás go mbeidh dáta le haghaidh comhdhála réamhthrialach socraithe, déanfaidh gach páirtí, i gcomhairle lena n-abhcóidí faoi seach, ceistiúchán réamhthrialach i bhFoirm Uimh. 3, i bhFoscríbhinn Y a ghabhann leis na Rialacha seo, a chomhlánú agus a thaisceadh leis an gCláraitheoir tráth nach déanaí ná ceithre lá iomlána roimh an dáta a shocrófar le haghaidh na comhdhála réamhthrialach.

17. (i) Is Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach agus a dhéanfaidh í a rialáil.

(ii) I gcás go gcuirfear an chomhdháil réamhthrialach ar atráth, déanfar í a chur ar atráth go dtí dáta sonrach.

(iii)


(a) I gcás go mbeartaíonn páirtí go bhfeidhmeoidh aturnae ar a shon ag an triail, sa chás sin freastalóidh an príomhaturnae, a bheartaítear a fheidhmeoidh ar son an pháirtí amhlaidh, ar an gcomhdháil réamhthrialach.

(b) I gcás go mbeartaíonn páirtí go bhfeidhmeoidh aturnae agus abhcóidí ar a shon ag an triail, sa chás sin freastalóidh an príomhabhcóide, a bheartaítear a fheidhmeoidh ar son an pháirtí amhlaidh, ar an gcomhdháil réamhthrialach.

18. Maidir leis an gcomhdháil réamhthrialach, déanfaidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcéanna na bearta a bheidh fós le déanamh chun an cás a ullmhú le haghaidh trialach, fad dóchúil na trialach, agus na socruithe, más ann, le haghaidh finnéithe agus aon socruithe eile a cheanglaítear a dhéanamh le haghaidh na trialach, a shuíomh, agus féadfaidh sé aon orduithe a dhéanamh agus aon ordacháin a thabhairt i leith socruithe le haghaidh na trialach is dóigh leis is gá.
19. I gcás gur deimhin leis an mBreitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach go bhfuil na himeachtaí ullamh chun dul ar aghaidh chun trialach, socróidh sé dáta le haghaidh trialach.

20. (i) Faoi réir fho-riail 2 den riail seo, mura n-ordóidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach a mhalairt, déanfaidh an gearánaí, an t-iarratasóir nó páirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile, na nithe seo a leanas a ullmhú agus a thaisceadh leis an gCláraitheoir, tráth nach giorra ná ceithre lá iomlána roimh an dáta a shocrófar le haghaidh na trialach:

(a) leabhrán trialach, a bheidh innéacsaithe agus i sraith chróineolaíoch, agus ina mbeidh cóipeanna d’aon phléadálacha, mionnscríbhinní, ráitis maidir le saincheisteanna, doiciméid nó sleachta as doiciméid a mbeidh comhaontú déanta idir na páirtithe ina leith faoi fho-riail 2 den riail seo, ráitis dá bhforáiltear i riail 22 den Ordú seo, comhfhreagras agus aon doiciméid eile a mbeartaítear seasamh orthu ag an triail, agus
(b) achoimre cáis, ina mbeidh:


(i) sracléiriú comhaontaithe ar an gcás agus sraith de theagmhais iomchuí nach bhfuil faoi dhíospóid,
(ii) liosta de na saincheisteanna sin nach bhfuil faoi dhíospóid,

(iii) liosta de na daoine a bhfuil baint acu go príomha leis na nithe nó na teagmhais is ábhar do na himeachtaí agus,

(iv) más cuí, gluais de théarmaí teicniúla ar dóigh go n-úsáidfear iad i gcúrsa na trialach.

(ii)


(a) Féadfaidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach a iarraidh ar na páirtithe dul i gcomhairle lena chéile d’fhonn comhaontú, más féidir, ar liosta de na doiciméid agus, de réir mar is cuí, d’aon sleachta as doiciméid a bheartaítear seasamh orthu ag an triail.
(b) I gcás go ndéanfaidh na páirtithe aon chomhaontú den sórt sin, déanfaidh an gearánaí, an t-iarratasóir nó páirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile, leabhrán a ullmhú agus a thaisceadh leis an gCláraitheoir, tráth nach giorra ná ceithre lá iomlána roimh an dáta a shocrófar le haghaidh na trialach, ar leabhrán é a bheidh innéacsaithe agus i sraith chróineolaíoch, ina mbeidh cóipeanna de na doiciméid nó na sleachta sin agus, más cuí, ina léireofar trí chlibeanna, aibhsiú le dathanna nó ar shlí eile a ordóidh an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta nó an Cláraitheoir, aon sleachta iomchuí as an gcéanna a mbeartaítear seasamh orthu ag an triail.

(c) I gcás nach féidir leis na páirtithe teacht ar aon chomhaontú den sórt sin, tabharfaidh siad fógra don Chláraitheoir agus, mura n-ordóidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach a mhalairt, maidir leis an ngearánaí, leis an iarratasóir nó leis an bpáirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh, rachaidh sé ar aghaidh de réir fho-riail 1 den riail seo, amhail is nach mbeadh aon iarraidh déanta ag an mBreitheamh faoi mhír (a) den fho-riail seo.

(iii) Déanfaidh an páirtí atá freagrach as an leabhrán trialach a ullmhú an leabhrán trialach a tháirgeadh i cibé foirm, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a ordóidh an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta agus, i gcás go n-ordóidh an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta amhlaidh, déanfar an leabhrán trialach a thaisceadh nó a sheirbheáil ar mhodh leictreonach, agus de réir cibé coinníollacha agus faoi réir cibé eisceachtaí a fhorordóidh sé.


21. (i) Faoi réir fho-riail 3, más rud é in aon chás go ndéanfaidh an Breitheamh cumarsáid leis an gCoimisiún de bhíthin Airteagal 11(1) nó Airteagal 11(4) den Rialachán nó chun aon chríche eile, agus go measfaidh an Breitheamh gur cuí é ar mhaithe leis an gceartas, déanfaidh an Cláraitheoir cóip den chumarsáid agus d’aon chumarsáid a bheidh faighte ón gCoimisiún mar fhreagra a tharchur chuig gach ceann de na páirtithe a luaithe is féidir tar éis don Bhreitheamh an céanna a sheoladh nó a fháil (de réir mar a bheidh).

(ii) Faoi réir fho-riail 3, i gcás go rachaidh an Breitheamh i gcomhairle leis an gCoimisiún faoi Airteagal 11(5) den Rialachán chun a thuairim a fháil in aon chás a bhaineann le feidhm dhlí an Chomhphobail, nó i gcás go n-iarrfaidh an Breitheamh ar an gCoimisiún faisnéis nó tuairim a tharchur chuig an gCúirt faoi Airteagal 15(1) den Rialachán, déanfaidh an Cláraitheoir cóip d’aon chumarsáid arb í an iarraidh sin í nó ar cuid den iarraidh sin í agus d’aon fhreagra a bheidh faighte ón gCoimisiún mar fhreagra ar an iarraidh sin a tharchur chuig gach ceann de na páirtithe a luaithe is féidir tar éis don Bhreitheamh an céanna a sheoladh nó a fháil (de réir mar a bheidh).

(iii) Féadfaidh an Breitheamh, i gcás go measann sé gur gá é chun cosc a chur le nochtadh faisnéise, is faisnéis a bhfuil a nochtadh toirmiscthe le hAirteagal

287 den Chonradh, a ordú nach ndéanfar faisnéis, nó cuid d’aon fhaisnéis, a bheidh in aon chumarsáid idir an Chúirt agus an Coimisiún, a tharchur chuig na páirtithe.

III. Tuairimí

22. (i) Faoi réir Airteagal 15(3) den Rialachán, i gcás nach páirtí in imeachtaí iomaíochta an tÚdarás, féadfaidh an Breitheamh, ar iarratas ó pháirtí, ón Údarás nó uaidh féin, a cheadú don Údarás tuairimí i scríbhinn nó ó bhéal a chur isteach ar cibé nithe nó saincheisteanna is cuí leis an mbreitheamh. Maidir le hiarratas den sórt sin, más páirtí a dhéanfaidh é, is iar bhfógra chun an Údaráis agus chun na bpáirtithe eile a dhéanfar é agus, más é an tÚdarás a dhéanfaidh é, is iar bhfógra chun na bpáirtithe a dhéanfar é. Nuair a bheidh tuairimí i scríbhinn á gcur isteach ag an Údarás faoin bhfo-riail seo, déanfaidh sé cóipeanna de na tuairimí a sheirbheáil ar gach ceann de na páirtithe an tráth céanna, agus déanfaidh sé aon tuairimí ó bhéal faoin bhfo-riail seo a chur isteach i bhfianaise na bpáirtithe.
(ii) I gcás go gcuirfidh an tÚdarás nó an Coimisiún tuairimí i scríbhinn faoi bhráid na Cúirte in imeachtaí iomaíochta de réir Airteagal 15(3) den Rialachán, tabharfaidh an Cláraitheoir cóip de na tuairimí sin do gach ceann de na páirtithe sna himeachtaí.

(iii) I gcás gur mian leis an Údarás nó leis an gCoimisiún tuairimí ó bhéal a chur faoi bhráid Breithimh in imeachtaí iomaíochta de réir Airteagal 15(3) den Rialachán, déanfaidh an tÚdarás nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, iarratas ar chead chun na tuairimí sin a dhéanamh trí fhoriarratas iar bhfógra chun na bpáirtithe.

(iv) I gcás go gcuirfidh an tÚdarás nó an Coimisiún tuairimí faoi bhráid na Cúirte, féadfaidh gach ceann de na páirtithe mionnscríbhinn a bheidh mar fhreagra ar na tuairimí sin, nó freagra i cibé foirm eile a ordóidh an Breitheamh, a chomhdú laistigh de cibé tréimhse a cheadóidh an Breitheamh, agus déanfaidh siad cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin nó d’fhoirm eile de fhreagra a sheirbheáil, laistigh den tréimhse sin, ar an bpáirtí nó ar na páirtithe eile agus ar an Údarás nó ar an gCoimisiún (de réir mar a bheidh).

IV. Measúnóirí

23. (i) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó pháirtí nó uaithi féin agus tar éis na páirtithe a éisteacht, duine a cheapadh chun cabhrú leis an gcúirt ní, nó fianaise i ndáil le ní, a thuiscint nó a shoiléiriú, ar ní é a bhfuil scil agus taithí ag an duine sin (dá ngairtear “saineolaí” anseo ina dhiaidh seo sa riail seo) ina leith.
(ii) Féadfaidh an Chúirt saineolaí a cheapadh ar ainmniú ó na páirtithe nó ón gcúirt, agus ar cibé téarmaí maidir lena tháillí a íoc agus ar shlí eile a ordóidh an Chúirt.

(iii) Freastalóidh an saineolaí ar cibé méid den éisteacht a ordóidh an Chúirt, agus beidh sé ar fáil dá éis sin chun cabhrú leis an gCúirt mar a dúradh, de réir mar a ordóidh an Chúirt.

(iv) I gcás go soláthróidh an saineolaí comhairle nó faisnéis eile don Chúirt, déanfaidh an Chúirt, i gcás gur cuí léi é ar mhaithe leis an gceartas, fógra a thabhairt do na páirtithe maidir leis an gcomhairle nó leis an bhfaisnéis sin agus tabharfaidh sí deis do gach ceann díobh aighneachtaí a dhéanamh ina leith.

V. Achomhairc

24. (i) Is trí fhógra foriarratais tionscnaimh a dhéanfar achomharc chun na Cúirte i gcoinne an Údaráis do dhéanamh dearbhú faoi alt 4(3) den Acht.
(ii) Eiseofar an fógra foriarratais laistigh de 28 lá tar éis don Údarás an fógra a fhoilsiú i dtaobh dearbhú a dhéanamh faoi alt 4(3) den Acht nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh Breitheamh ar iarratas arna dhéanamh iar bhfógra chun an Údaráis.

(iii) Maidir leis an bhfógra foriarratais, agus i dteannta ceanglais riail 3(2) den Ordú seo a chomhlíonadh, is é maidir le hachomharc i gcoinne an Údaráis do dhéanamh dearbhú faoi alt 4(3) den Acht an teideal a bheidh air, ar iarratas ón duine atá ag tionscnamh an achomhairc, agus sonrófar ann an faoiseamh atáá lorg, ainm agus áit chónaithe nó seoladh seirbheála an duine a bhfuil faoiseamh á lorg aige agus an dáta ar a mbeartaítear iarratas ar fhaoiseamh a dhéanamh chun na Cúirte.

(iv) Tabharfar fógra faoin bhforiarratas don Údarás, ar choinníoll, má dhealraíonn sé don Bhreitheamh ag aon chéim gur chóir fógra a bheith tugtha d’aon duine eile nár tugadh an fógra sin dó, go bhféadfaidh an Breitheamh éisteacht an chéanna a chur ar atráth chun go bhféadfar an fógra sin a thabhairt, ar cibé téarmaí (más ann) is cuí leis an mBreitheamh a fhorchur.

(v) Mura dtugann an Breitheamh cead speisialta dá mhalairt, ní foláir 10 lá iomlána ar a laghad a bheith idir seirbheáil an fhógra agus an lá a bheidh ainmnithe ann chun an foriarratas a éisteacht.

25. (i) Is trí fhógra foriarratais tionscnaimh a thionscnófar achomharc a fhéadfar a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne cinnidh ón Údarás faoi mhír (b) nó (c) d’alt 22(3) den Acht.

(ii) Eiseofar an fógra foriarratais laistigh de 1 mhí amháin:

(a) tar éis an dáta a chuirfidh an tÚdarás an cinneadh lena mbaineann in iúl don ghnóthas is achomharcóir, nó
(b) i gcás gur cinneadh é a bhaineann le cumasc meán, tar éis 30 lá a bheith caite ón dáta ar a ndéanfar an cinneadh sin (i gcás nach mbeidh, laistigh den tréimhse sin, ordú faoi fho-alt (4) d’alt 23 den Acht i ndáil leis an gcumasc déanta ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta nó go mbeidh sé sonraithe aige i scríbhinn nach mbeartaíonn sé ordú den sórt sin a dhéanamh i ndáil leis an gcumasc).

(iii) Maidir leis an bhfógra foriarratais, agus i dteannta ceanglais riail 3(2) den Ordú seo a chomhlíonadh, is é maidir le hachomharc i gcoinne cinnidh ón Údarás faoi mhír (b) nó (c) d’alt 22(3) den Acht (de réir mar a bheidh) an teideal a bheidh air, ar iarratas ón duine atá ag tionscnamh an achomhairc, agus sonrófar ann an faoiseamh atá á lorg, ainm agus áit chónaithe nó seoladh seirbheála an duine a bhfuil faoiseamh á lorg aige agus an dáta ar a mbeartaítear iarratas ar fhaoiseamh a dhéanamh chun na Cúirte.
(iv) Tabharfar fógra faoin bhforiarratas don Údarás, ar choinníoll, má dhealraíonn sé don Bhreitheamh ag aon chéim gur chóir fógra a bheith tugtha d’aon duine eile nár tugadh an fógra sin dó, go bhféadfaidh an Breitheamh éisteacht an chéanna a chur ar atráth chun go bhféadfar an fógra sin a thabhairt, ar cibé téarmaí (más ann) is cuí leis an mBreitheamh a fhorchur.

(v) Mura dtugann an Breitheamh cead speisialta dá mhalairt, ní foláir 10 lá iomlána ar a laghad a bheith idir seirbheáil an fhógra agus an lá a bheidh ainmnithe ann chun an foriarratas a éisteacht.

26. (i) Faoi réir fho-riail 2, is trí mhionnscríbhinn a thabharfar fianaise ag éisteacht foriarratais faoi rialacha 24 nó 25, mura n-ordóidh an Breitheamh go bhféadfar fianaise a thabhairt ó bhéal.

(ii) I gcás go dtionscnófar achomharc i gcoinne cinnidh ón Údarás faoi mhír (b) nó (c) d’alt 22(3) den Acht i leith saincheiste fíorais, ní fhéadfar fianaise a thabhairt de réir fho-riail 1 ach amháin i gcás go measann Breitheamh go raibh sé míréasúnach don Údarás glacadh le haon ní lena mbaineann mar fhíoras nó aon ní lena mbaineann a fhionnadh mar fhíoras.

(iii) Déanfar aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid mar thaca leis an bhforiarratas a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus déanfar cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin a sheirbheáil leis an bhfógra. Déanfaidh an freagróir nó an fógra-pháirtí aon mhionnscríbhinn a úsáidfear i gcoinne an achomhairc a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh de 7 lá ó mhionnscríbhinn an iarratasóra a sheirbheáil agus ní foláir don fhreagróir nó don fhógra-pháirtí, de réir mar a bheidh, cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin a bheartaíonn sé a úsáid a sheirbheáil ar an iarratasóir laistigh den tréimhse sin.

VI. Fianaise

Fianaise bhéil
27. (i) Mura n-ordóidh Breitheamh a mhalairt, déanfaidh páirtí a bheartaíonn seasamh ar fhianaise bhéil ó fhinné maidir le fíoras nó ó shaineolaí i dtriail, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta na trialach sin i gcás an ghearánaí, an iarratasóra nó páirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh agus tráth nach déanaí ná seacht lá roimh dháta na trialach sin i gcás an chosantóra, an fhreagróra nó páirtí eile a dhéanfaidh na himeachtaí a chosaint, ráiteas i scríbhinn a sheirbheáil ar an bpáirtí nó ar na páirtithe eile ina leagfar amach na gnéithe riachtanacha den fhianaise sin arna shíniú agus arna dhátú ag an bhfinné nó ag an saineolaí, de réir mar a bheidh.

(ii) Féadfaidh Breitheamh, in imthosca eisceachtúla a bheidh le réamhaithris san ordú agus tar éis na páirtithe go léir a éisteacht, ordú a dhéanamh á ordú go ndéileálfar leis an ráiteas i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-riail 1 den riail seo nó le haon chuid den chéanna mar an fhianaise bhunúsach ón bhfinné nó ón saineolaí lena mbaineann, ach sin amháin tar éis don fhinné nó don saineolaí sin é a fhíorú faoi mhionn.


Fianaise trí nasc físe nó ar mhodh eile

28. (i) Féadfaidh Breitheamh a cheadú d’fhinné fianaise a thabhairt, cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát, trí nasc físe beo nó ar mhodh eile.

(ii) Déanfar fianaise a thabharfar de réir fho-riail 1 den riail seo a thaifeadadh ar fhíseán nó ar shlí eile de réir mar a ordóidh an Breitheamh.

VII. Láthair na trialach

29. Maidir leis na himeachtaí go léir sa Liosta Iomaíochta, agus maidir le trialacha uile na n-imeachtaí sin, mura n-ordóidh Breitheamh a mhalairt in aon imeachtaí áirithe agus ar chúis speisialta, beidh siad ar siúl i seomra cúirte cuí arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte i gcomhairle leis an mBreitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta agus atá suite i mBaile Átha Cliath.

VIII. An Cláraitheoir

30. Féadfaidh an Cláraitheoir imeachtaí atá liostaithe sa Liosta Iomaíochta, ar dóigh leis go raibh moill mhíchuí ina leith, a tharchur chuig Breitheamh.
Taifid

31. (i) Déanfaidh an Cláraitheoir na taifid seo a leanas a bhunú agus a chothabháil:

(a) clár d’imeachtaí a bheidh taifeadta sa Liosta Iomaíochta;
(b) clár d’orduithe arna ndéanamh nó d’ordacháin arna dtabhairt ag Breithiúna in imeachtaí sa Liosta Iomaíochta;

(c) féilire maidir le suíonna Breithiúna;

(d) taifead ar dhul chun cinn i ngach ceann de na himeachtaí a bheidh taifeadta sa Liosta Iomaíochta.

(ii) Féadfar taifid den sórt sin a shealbhú go leictreonach agus féadfar iad a shealbhú ar leithligh nó i bhfoirm chónasctha.

32. Déanfaidh an Cláraitheoir comhad a bhunú agus a chothabháil le haghaidh gach ceann de na himeachtaí sa Liosta Iomaíochta, ar comhad é a fhéadfaidh, go hiomlán nó go páirteach, a bheith i bhfoirm leictreonach agus sannfar cód nó uimhir i sraith do gach ceann de na himeachtaí sin chun críocha aitheantais.

33. I gcás go dtabharfaidh an Chúirt breithiúnas i scríbhinn ina mbeidh breith ar fheidhm Airteagal 81 nó Airteagal 82 den Chonradh, cuirfidh an Cláraitheoir cóip den bhreithiúnas sin gan mhoill chuig an gCoimisiún leis an ngnáthphost réamhíoctha tar éis fógra i dtaobh an bhreithiúnais iomláin i scríbhinn a bheith tugtha do na páirtithe.

IX. Costais

34. Maidir leis na costais a bhaineann leis an éisteacht ordachán tosaigh, measfar, mura n-ordóidh an Breitheamh a mbeidh an éisteacht sin ar siúl os a chomhair a mhalairt, gur costais sa chúis iad.
35. Féadfaidh an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta Iomaíochta ceanglais a fhorordú maidir le foirm agus ábhar na mbillí costas a bheidh le hullmhú i leith imeachtaí arna dtaifeadadh sa Liosta Iomaíochta. I gcás nach mbeidh déanta aige amhlaidh, ullmhófar na billí costas sin ar an modh a fhorordaítear le hOrdú 99, riail 29.

36. Ar Bhreitheamh aon iarratas idirbhreitheach a chinneadh, déanfaidh an Breitheamh costais a dhámhachtain ach amháin mura féidir, de réir ceartais, breithniú a dhéanamh ar dhliteanas i leith costas ar bhonn an iarratais idirbhreithigh.

X. Doiciméid a sheirbheáil, a mhalartú agus a thaisceadh go leictreonach

37. (i) Maidir le doiciméid a cheanglaítear a sheirbheáil nó a mhalartú in imeachtaí sa Liosta Iomaíochta faoi na Rialacha seo, i gcás go gceadóidh Uachtarán na hArd-Chúirte é le hordachán cleachtais, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé eisceachtaí a shonróidh Uachtarán na hArd-Chúirte le hordachán cleachtais den sórt sin, féadfar iad a sheirbheáil nó a mhalartú, de réir mar a bheidh, go leictreonach.
(ii) Maidir le doiciméid a cheanglaítear a chomhdú in imeachtaí sa Liosta Iomaíochta faoi na Rialacha seo, i gcás go gceadóidh Uachtarán na hArd-Chúirte é le hordachán cleachtais, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé eisceachtaí a shonróidh Uachtarán na hArd-Chúirte le hordachán cleachtais den sórt sin, féadfar iad a chomhdú go leictreonach leis an gCláraitheoir agus féadfaidh an Cláraitheoir iad a stóráil ar an modh céanna.

(iii) Gan dochar do ghinearáltacht fho-rialacha 1 nó 2 den riail seo, féadfar, le hordachán cleachtais arna thabhairt ag Uachtarán na hArd-Chúirte de bhun ceachtar de na fo-rialacha sin, ceanglais a fhorordú maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) na crua-earraí agus trealamh eile, discéid nó CD-ROManna agus prótacal cumarsáide nó prótacail chumarsáide a bheidh le húsáid ag páirtithe a dhéanfaidh doiciméid a chomhdú, a sheirbheáil nó a mhalartú go leictreonach;
(b) pasfhocail, sínithe leictreonacha, sínithe digiteacha nó modhanna eile a úsáid chun doiciméid a dhéanfar a chomhdú, a sheirbheáil nó a mhalartú go leictreonach a fhíordheimhniú;

(c) ballaí dóiteáin, uirlisí frithvíreas nó feistí nó feidhmchláir eile a úsáid chun damáiste don chóras faisnéise de chuid na Seirbhíse Cúirteanna nó de chuid aon pháirtí nó de chuid aturnae nó abhcóidí dá gcuid a sheachaint;

(d) cleachtais nó prótacail a chomhlíonadh chun a chinntiú nach dtéann ábhar dochrach, díobhálach nó colúil isteach sa chóras faisnéise de chuid na Seirbhíse Cúirteanna nó de chuid aon pháirtí nó de chuid aturnae nó abhcóidí dá gcuid;

(e) na doiciméid a bheidh le comhdú, le seirbheáil nó le malartú go leictreonach a fhormáidiú, a eagrú, a shainaithint, a chódú agus a innéacsú;

(f) an modh ina bhféadfar doiciméid a dhéanfar a chomhdú, a sheirbheáil nó a mhalartú go leictreonach, nó cóipeanna de na doiciméid sin, a thfolacadh nó a úsáid ar shlí eile sa Chúirt.