Ordú 131

Coistú Thithe An Oireachtais : I.R. Uimh 381 de 1998

1. San Ordú seo:

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Choistí Thithe an Oireachtais (Inordaitheacht, Pribhléidí agus Díolúintí Finnéithe), 1997;

ciallaíonn “coiste” coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann) nó fochoiste de chuid coiste den sórt sin;

ciallaíonn “ordachán” ordachán arna thabhairt faoi alt 3 d’Acht 1997.

2. (1) Is trí fhógra foriarratais tionscnaimh a thionscnófar iarratas chun na Cúirte de bhun alt 3(7), alt 5(2)(i) nó alt 6(2) d’Acht 1997, nó achomharc chun na Cúirte de bhun alt 4(3) d’Acht 1997. Is “Maidir leis an Acht um Choistí Thithe an Oireachtais (Inordaitheacht, Pribhléidí agus Díolúintí Finnéithe), 1997” an teideal a bheidh ar an bhfógra foriarratais, ar iarratas ón duine a thionscnóidh an t-iarratas nó an t-achomharc, agus luafar ann go comair an t-ordachán nó an cinneadh ar ina leith atá an t-iarratas nó an t-achomharc á thionscnamh agus cineál na bhfaoiseamh atá á lorg ar an gCúirt.

(2) Beidh mar fhoras leis an bhforiarratas mionnscríbhinn ón duine a thionscnóidh an t-iarratas nó an t-achomharc.

3. I gcás go ndéanann cathaoirleach coiste iarratas de bhun alt 3(7) d’Acht 1997, déanfar an t-iarratas sin laistigh de lá is fiche tar éis don choiste teacht chun bheith ar an eolas faoin bhfíoras nár chomhlíon duine ordachán, nó laistigh de cibé tréimhse ama eile a fhéadfaidh an Chúirt a cheadú faoi Ordú 122. Maidir leis an mionnscríbhinn forais:

(a) i gcás go dtugtar ordachán i scríbhinn, foilseánfar inti an t-ordachán sin;

(b) i gcás nach dtugtar ordachán i scríbhinn, déanfar cineál an ordacháin a thuairisciú go comair inti;

(c) luafar inti an chaoi nár chomhlíon an duine an t-ordachán;

(d) sonrófar inti an faoiseamh atá á lorg ar an gCúirt chun go mbeidh lánéifeacht leis an ordachán.

4. I gcás go ndéanann duine achomharc a thionscnamh i gcoinne an chinnidh ó Chathaoirleach nó ó Chathaoirligh coiste, de bhun alt 4(3) d’Acht 1997, déanfar achomharc den sórt sin a thionscnamh laistigh de lá is fiche tar éis fógra faoi chinneadh den sórt sin a thabhairt don duine. Ní bheidh feidhm ag Ordú 122 maidir le hachomharc den sórt sin. Maidir leis an mionnscríbhinn forais:

(a) foilseánfar inti cóip den ordachán ar ina leith a dhéantar an cinneadh, i gcás go bhfuil an t-ordachán sin i scríbhinn;

(b) i gcás nach dtugtar ordachán i scríbhinn, déanfar a thuairisciú go comair inti cineál an ordacháin ar ina leith a dhéantar an cinneadh;

(c) foilseánfar inti cóip den chinneadh arna dhéanamh ag an gCathaoirleach nó ag na Cathaoirligh, i gcás go bhfuil cinneadh den sórt sin i scríbhinn;

(d) déanfar cineál an chinnidh arna dhéanamh ag an gCathaoirleach nó ag na Cathaoirligh a thuairisciú go comair inti, i gcás nach bhfuil cinneadh den sórt sin i scríbhinn; agus

(e) luafar inti an bonn atá le tuairim an duine nach bhfuil an fhianaise nó an doiciméad lena mbaineann an t-ordachán iomchuí maidir le himeachtaí an choiste.

5. I gcás go ndéanann duine nó cathaoirleach coiste iarratas de bhun alt 5(2)(i) d’Acht 1997, déanfar an t-iarratas sin laistigh de lá is fiche tar éis don choiste a bheith tar éis fógra a thabhairt don duine faoina bhreith gan an t-ordachán iomchuí a tharraingt siar. Ní bheidh feidhm ag Ordú 122 maidir le hiarratas den sórt sin. Maidir leis an mionnscríbhinn forais:

(a) foilseánfar inti cóip den ordachán ar ina leith a dhéantar an bhreith, i gcás go bhfuil an t-ordachán sin i scríbhinn;

(b) i gcás nach dtugtar ordachán i scríbhinn, déanfar a thuairisciú go comair inti cineál an ordacháin ar ina leith a dhéantar an bhreith;

(c) foilseánfar inti cóip den bhreith arna déanamh ag an gcoiste, i gcás go bhfuil breith den sórt sin i scríbhinn;

(d) déanfar cineál na breithe arna déanamh ag an gcoiste a thuairisciú go comair inti, i gcás nach bhfuil breith den sórt sin i scríbhinn;

(e) luafar inti na forais ar a n-éilíonn an duine go bhféadfaí an dochar a thuairiscítear in alt 5(2)(a) nó (b) a dhéanamh mar thoradh ar an ordachán arna thabhairt i ndáil leis an bhfianaise nó leis an doiciméad;

(f) i gcás go ndéanann an cathaoirleach iarratas, de bhun alt 5(2)(i)(II), luafar inti na forais ar ar thug an coiste breith gan an t-ordachán a tharraingt siar.

6. I gcás go ndéanann coiste iarratas de bhun alt 6(2) d’Acht 1997, déanfar an t-iarratas sin laistigh de lá is fiche tar éis faisnéis a bheith tugtha don choiste maidir le tuairim an duine go bhfuil sé nó sí i dteideal gan an t-ordachán iomchuí a chomhlíonadh, de bhua alt 11(1), nó laistigh de cibé tréimhse ama eile a fhéadfaidh an Chúirt a cheadú faoi Ordú 122. Maidir leis an mionnscríbhinn forais arna mionnú thar ceann an choiste:

(a) foilseánfar inti cóip den ordachán ar ina leith a dhéantar an bhreith, i gcás go bhfuil an t- ordachán sin i scríbhinn;

(b) i gcás nach dtugtar ordachán i scríbhinn, déanfar a thuairisciú go comair inti cineál an ordacháin ar ina leith a dhéantar an bhreith;

(c) foilseánfar inti an fógra i scríbhinn, más ann, ón duine lena gcuirtear in iúl don choiste go bhfuil an duine den tuairim go raibh sé nó sí, de bhua alt 11(1), i dteideal gan an t- ordachán a chomhlíonadh; agus

(d) más eol don choiste é, luafar inti an bonn ar ar tháinig an duine ar an tuairim go raibh sé nó sí, de bhua alt 11(1), i dteideal gan an t-ordachán a chomhlíonadh.

7. Maidir le fógra foriarratais a eisítear i leith iarratais chun na Cúirte a dhéantar, nó i leith achomhairc chun na Cúirte a thionscnaítear, seirbheálfar é, mar aon leis an mionnscríbhinn forais, leis an ngnáthphost réamhíoctha ar an duine lena mbaineann nó ar chathaoirleach an choiste, de réir mar a bheidh. In aon chás inar dealraitheach gur gá é, déanfar foriarratas ar ordacháin a thionscnamh lena lorgaítear ordacháin na Cúirte i dtaobh an fógra foriarratais a sheirbheáil ar aon duine eile a bhféadfaidh baint a bheith aige leis an iarratas ar achomharc a chinneadh (lena n-áirítear aon duine dá dtagraítear in alt 9 nó 10 d’Acht 1997).

8. Déanfaidh an Chúirt achomharc a dhéantar nó iarratas a thionscnaítear de bhun Acht 1997 a éisteacht agus a chinneadh ar mhionnscríbhinn mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, agus féadfaidh an Chúirt cibé ordacháin a thabhairt maidir le fianaise bhéil a thabhairt is dealraitheach a bheith cuí sna himthosca.