Ordú 135

An tAcht um Choimisiúin Imscrúdúcháin, 2004 : I.R. Uimh. 23 de 2006

1. San Ordú seo:

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Choimisiúin Imscrúdúcháin, 2004;

ciallaíonn “coimisiún” coimisiún imscrúdúcháin.

2. Is trí fhógra foriarratais tionscnaimh (dá ngairtear “an fógra foriarratais” san Ordú seo) a dhéanfar iarratas faoi aon cheann de na hailt seo a leanas den Acht:

(a) iarratas ar ordachán faoi mhír (a) d’alt 11(3) den Acht;

(b) iarratas ar ordú faoi alt 16(6) den Acht;

(c) iarratas ar ordú faoi alt 17(3) den Acht lena ndaingnítear ordachán ó choimisiún chun costais a íoc faoi fho-ailt (1) nó (2) d’alt 17 den Acht;

(d) iarratas ar ordú faoi alt 21(7) den Acht;

(e) achomharc i gcoinne cinnidh ó choimisiún faoi alt 22(1) den Acht;

(f) iarratas ar ordú faoi alt 35(1)(b) den Acht; (g) iarratas ar ordacháin faoi alt 35(2)(b) den Acht;

(h) iarratas ar ordacháin faoi alt 38(2) den Acht.

3. (1) Is maidir leis an alt iomchuí den Acht ar dá bhun a dhéantar an t-iarratas an teideal a bheidh ar an bhfógra foriarratais. I gcás go lorgaítear faoiseamh i gcoinne aon duine nó daoine, áireofar sa teideal an duine a bhfuil faoiseamh á lorg aige mar iarratasóir agus an duine nó na daoine a bhfuil faoiseamh á lorg ina choinne nó ina gcoinne mar fhreagróirí. I gcás ar bith eile is ar an iarratas ón duine a bhfuil faoiseamh á lorg aige an teideal a bheidh ar an bhfógra foriarratais. Sonrófar san fhógra foriarratais na faoisimh áirithe atá á lorg agus an fhoráil nó na forálacha áirithe den Acht lena n-údaraítear gach faoiseamh den sórt sin a dheonú.

(2) Beidh mionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir nó thar ceann an iarratasóra mar fhoras leis an bhfógra foriarratais, agus déanfar í, mar aon le cóipeanna den mhionnscríbhinn sin agus d’aon fhoilseáin a ghabhann léi, ach amháin aon fhoilseán a cheanglaítear a thabhairt ar aird i gclúdach séalaithe de réir riail 4 nó riail 11, a sheirbheáil ar gach freagróir agus ar cibé duine nó daoine eile a ordóidh an Chúirt. Beidh feidhm ag forálacha Ordú 52, riail 6, de Rialacha na nUaschúirteanna (maidir le fógra) maidir leis an bhfógra foriarratais a sheirbheáil.

4. I gcás iarratais ar ordachán faoi mhír (a) d’alt 11(3) den Acht, ach amháin i gcás go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, foilseánfar sa mhionnscríbhinn forais, i gclúdach séalaithe, sonraí na fianaise nó scríbhinn den fhianaise, nó (de réir mar a bheidh) cóip dhílis den doiciméad atáthar ag iarraidh a nochtadh nó a fhoilsiú, is clúdach nach mbeidh le hoscailt ach amháin ag an gCúirt nó ar ordachán ón gCúirt. Beidh feidhm ag an nós imeachta seo maidir le tagairtí a dhéantar don fhianaise nó don doiciméad sin in aon mhionnscríbhinn eile i leith an iarratais sin.

5. I gcás iarratais ar ordú faoi alt 16(6) den Acht, sonrófar san fhógra foriarratais an t-ordachán a thug an coimisiún agus atáthar ag iarraidh a chomhlíonadh, agus sonrófar ann an faoiseamh atá á lorg ar an gCúirt chun a chumasú go mbeidh lánéifeacht leis an ordachán. I gcás gur i scríbhinn a tugadh an t-ordachán sin, foilseánfar sa mhionnscríbhinn forais cóip dhílis den doiciméad ina bhfuil an t-ordachán sin.

6. I gcás iarratais ar ordú faoi alt 17(3) den Acht, sonrófar sa mhionnscríbhinn forais an bonn ar dá réir a bheidh coimisiún, faoi fho-alt (1) nó (2) d’alt 17 den Acht, de réir mar a bheidh, tar éis a ordú don fhreagróir na costais lena mbaineann a íoc.

7. I gcás iarratais ar ordú faoi alt 21(7) den Acht, sonrófar san fhógra foriarratais an iarraidh a rinne an coimisiún ar an bhfreagróir faoi alt 21(5) den Acht agus, i gcás gur i scríbhinn a rinneadh an iarraidh sin, foilseánfar sa mhionnscríbhinn forais cóip dhílis den iarraidh sin.

8. I gcás achomhairc i gcoinne cinnidh ó choimisiún faoi alt 22(1) den Acht:

(a) sonrófar san fhógra foriarratais an iarraidh, an cheist nó an t-ordachán, dá dtagraítear in alt 21(2) den Acht, ar mar fhreagra uirthi nó air a éilíonn an freagróir go bhfuil sé i dteideal diúltú faisnéis a nochtadh nó doiciméad a thabhairt ar aird, agus

(b) maidir leis an mionnscríbhinn forais


(i) i gcás go bhfuiltear tar éis cinneadh an choimisiúin a dhéanamh i ndáil le doiciméad, foilseánfar inti aon ráiteas i scríbhinn a sholáthair an t-achomharcóir de réir alt 21(4)(b) den Acht nó mionnscríbhinn a sholáthair an t-achomharcóir de réir alt 16(1)(f) den Acht, agus

(ii) foilseánfar inti cóip dhílis den doiciméad, más ann, ina bhfuil nó ina dtaifeadtar an cinneadh a rinne an coimisiún faoi alt 21(2) den Acht.

9. I gcás iarratais ar ordú faoi alt 35(1)(b) den Acht, foilseánfar sa mhionnscribhinn forais an dréacht-tuarascáil nó an chuid den dréacht sin a fuair an t-iarratasóir.

10. I gcás iarratais ar ordacháin faoi alt 35(2)(b) den Acht, foilseánfar sa mhionnscríbhinn forais

(a) an dréacht-tuarascáil nó an chuid den dréacht sin is ábhar don iarratas, agus

(b) an ráiteas i scríbhinn a cuireadh faoi bhráid an choimisiúin de réir mhír (a) d’alt 35(1) den Acht.

11. I gcás iarratais ar ordacháin faoi alt 38(2) den Acht, ach amháin i gcás go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, foilseánfar sa mhionnscríbhinn forais, i gclúdach séalaithe, an chuid iomchuí nó na codanna iomchuí den tuarascáil deiridh nó den tuarascáil eatramhach is ábhar don iarratas, is clúdach nach mbeidh le hoscailt ach amháin ag an gCúirt nó ar ordachán ón gCúirt. Beidh feidhm ag an nós imeachta seo maidir le tagairtí a dhéantar don tuarascáil sin in aon mhionnscríbhinn eile i leith an iarratais sin.

12. Féadfaidh an Chúirt, ar an dáta a chéadsocraítear chun an fógra foriarratais a éisteacht (nó ar aon atráthú den éisteacht sin), cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh, lena n-áirítear teorainneacha ama a shocrú, maidir le seoladh na n-imeachtaí a dhealraíonn di a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú, agus féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith iontu:

(a) ordacháin maidir le fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil ar aon duine eile, lena n-áirítear an modh seirbheála agus an tréimhse ama a cheadaítear chun an tseirbheáil sin a dhéanamh (agus chun na críche sin féadfaidh an Chúirt éisteacht an fhógra foriarratais nó aon éisteacht eile ar an iarratas sin a chur ar atráth go dtí dáta a shonraítear), agus

(b) ordacháin maidir le haon pháirtí do sheirbheáil aon mhionnscríbhinne breise ar aon pháirtí nó páirtithe eile.