Ordú 134

An Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú : I.R. 884 de 2004 & I.R. Uimh. 674 de 2005

1. San Ordú seo:
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Choimisiún chun
Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú, 2000;

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú arna bhunú le halt 3 den Acht;

ciallaíonn “an Coiste” an Coiste Imscrúdúcháin arna bhunú de bhun alt 10(1) den Acht;

ciallaíonn “ordachán” ordachán arna thabhairt faoi alt 14 den Acht.

2. (i) Is trí thoghairm speisialta a thionscnófar iarratas chun na Cúirte, de bhun alt 14(3). Is é “Maidir leis an Acht um Choimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú, 2000” an teideal a bheidh ar an toghairm speisialta ar iarratas ón gCoiste, agus luafar inti go comair an t-ordachán a bhfuil an t-iarratas á thionscnamh ina leith agus cineál an fhaoisimh atáá lorg ón gCúirt.
(ii) Tionscnófar an t-iarratas sin laistigh de lá is fiche tar éis don Choiste teacht ar an eolas gur mhainnigh nó gur dhiúltaigh duine an t-ordachán a chomhlíonadh nó déanamh dá réir, nó laistigh de cibé tréimhse ama eile a fhéadfaidh an Chúirt a ordú de bhun Ordú 122.

(iii) Beidh mionnscríbhinn arna mionnú thar ceann an Choiste mar fhoras leis an toghairm speisialta agus seirbheálfar an dá cheann acu i dteannta a chéile. Maidir leis an mionnscríbhinn sin:

(a) i gcás gur tugadh an t-ordachán i scríbhinn, foilseánfar inti an t-ordachán sin;
(b) i gcás nár tugadh an t-ordachán i scríbhinn, tabharfar tuairisc inti go comair ar chineál an ordacháin a tugadh;

(c) luafar inti an tslí ina líomhnaítear gur mhainnigh nó gur dhiúltaigh an duine an t-ordachán a chomhlíonadh nó déanamh dá réir;

(d) sonrófar inti an faoiseamh atá á lorg ón gCúirt chun go mbeidh lánéifeacht leis an ordachán.

(iv) Seirbheálfar an toghairm ar an duine lena mbaineann agus, laistigh de lá is fiche ó dháta na seirbheála, nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a fhéadfaidh an Chúirt a cheadú, déanfaidh an duine sin mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní a chomhdú mar fhreagra ar an toghairm.

3. (i) Maidir le hiarratas chun na Cúirte ar ordachán a dhéanfaidh an Coimisiún de bhun alt 25(1) den Acht, is trí thoghairm speisialta a thionscnófar é. Is é “Maidir leis an Acht um Choimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú, 2000” an teideal a bheidh ar an toghairm speisialta ar iarratas ón gCoimisiún.

(ii) Beidh mionnscríbhinn arna mionnú thar ceann an Choimisiúin mar fhoras leis an toghairm speisialta. Maidir leis an mionnscríbhinn forais:

(a) sonrófar inti na hordacháin a cheanglaítear ar an gCúirt a thabhairt i ndáil le feidhmeanna an Choimisiúin nó an Choiste, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh; agus
(b) sonrófar inti an gníomh nó an neamhghníomh a bheartaíonn an Coimisiún nó an Coiste, de réir mar a bheidh, a dhéanamh agus ar ina leith a cheanglaítear ceadú na Cúirte.

4. (i) Maidir le hiarratas chun na Cúirte a dhéanfaidh an Coimisiún nó an Coiste, de réir mar a bheidh, de bhun alt 26(1)(b) den Acht, is trí thoghairm speisialta a thionscnófar é agus is é “Maidir leis an Acht um Choimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú, 2000” an teideal a bheidh air ar iarratas ón gCoimisiún nó ón gCoiste, agus luafar ann gur ordú um nochtadh de bhun alt 26(1) (b) d’Acht 2000 an t-ordú a lorgaítear.
(ii) Beidh mionnscríbhinn arna mionnú thar ceann an Choimisiúin nó an Choiste, de réir mar a bheidh, mar fhoras leis an toghairm speisialta sin. Maidir leis an mionnscríbhinn forais sin:

(a) sonrófar inti cineál na faisnéise ar ina leith atá ordú um nochtadh á lorg ag an gCoimisiún nó ag an gCoiste; agus
(b) soláthrófar inti gach faisnéis is gá i leith an duine a meastar an fhaisnéis sin a bheith i seilbh, faoi urláimh nó ar fáil aige; agus

(c) sonrófar inti leasanna an cheartais nó cearta na ndaoine lena mbaineann an fhaisnéis sin a cheanglaíonn an t-ordú um nochtadh a lorgaítear a dhéanamh.

5. (i) Is trí fhoriarratas ex parte a dhéanfar iarratas de bhun riail 3 nó 4 thuas.
(ii) I ngach iarratas de bhun riail 3 nó 4 thuas, déanfaidh an Coimisiún nó an Coiste, de réir mar a bheidh, cibé ordacháin a lorg maidir le fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar aon duine, comhlacht nó páirtí is dealraitheach a bheith riachtanach in imthosca an cháis, nó cibé ordacháin bhreise a lorg is dealraitheach a bheith cuí, agus féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, cibé ordacháin a thabhairt maidir le fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar aon duine, comhlacht nó páirtí is dealraitheach a bheith riachtanach in imthosca an cháis nó cibé ordacháin bhreise a thabhairt is dealraitheach a bheith cuí.