Ordú 1

Imeachtaí a thionscnamh

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim1-I.R. Uimh. 248 De 2005

 

1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna Rialacha seo, is le toghairm ón gCúirt dá ngairfear toghairm thionscnaimh a thionscnófar imeachtaí sibhialta san Ard-Chúirt.

2.[1]  Is i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn A, Cuid I (ach amháin in imeachtaí aimiréalachta), a bheidh toghairm thionscnaimh chun imeachtaí iomlánacha a thionscnamh le pléadálacha agus éisteacht ar fhianaise béil (dá ngairtear toghairm iomlánach sna Rialacha seo).

3. I gcás aon éilimh dá luaitear in Ordú 2, riail 1, is i bhFoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn A, Cuid I, a bheidh toghairm thionscnaimh chun imeachtaí achoimre a thionscnamh gan phléadálacha agus a éistfear le mionnscríbhinn, le fianaise béil nó gan fianaise béil (dá ngairtear toghairm achomair sna Rialacha seo).

4. I gcás aon éilimh dá luaitear in Ordú 3 (seachas in imeachtaí aimiréalachta), is i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn A, Cuid I, a bheidh toghairm thionscnaimh chun imeachtaí achoimre a thionscnamh gan phléadálacha agus a éistfear le mionnscríbhinn, le fianaise béil nó gan fianaise béil (dá ngairtear toghairm speisialta sna Rialacha seo).

5. Aon chostais a thiocfaidh d’aon fhoirmeacha toghairme nó formhuinithe orthu a úsáid, seachas na foirmeacha, nó níos liosta ná na foirmeacha, a fhorordaítear sna Rialacha seo, is ar an bpáirtí a bheidh á n-úsáid a thitfidh siad, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

6. I ngach imeacht (ach amháin imeacht chun mionaoiseach a ghlacadh faoi choimirce) a thionscnófar le toghairm thionscnaimh, ní foláir an nós imeachta le toghairm iomlánach a leanúint, ach amháin i gcás ina ndéantar nós imeachta le toghairm achomair nó le toghairm speisialta a cheangal nó a údarú leis na Rialacha seo.

 

 

 

Leasuithe


I.R. Uimh. 248 de 2005
Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.