Ordú 70B

Páirtnéireacht shibhialta agus comhchónaí : I.R. 348 de 2011

An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010
 
I. Réamhráiteach
 
 
1. San Ordú seo:
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um
 
Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010;
 
ciallaíonn “Acht 2004” an tAcht um Chlárú Sibhialta, 2004;
 
tá le “imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta” an bhrí chéanna atá leis in alt 139 den Acht;
 
ciallaíonn “imeachtaí comhchónaithe” imeachtaí faoi Chuid 15 den Acht;
 
folaíonn tagairt do pháirtnéireacht shibhialta a chlárú, i gcás páirtnéireachta sibhialta a aithnítear de bhua alt 5 den Acht, caidreamh dlíthiúil dá dtagraítear san alt sin a chlárú.
 
 
II. Imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta Imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta a thosú
 
2. (i) Is trí thoghairm speisialta, ar toghairm páirtnéireachta sibhialta í, a thosófar imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta i leith aon cheann amháin nó níos mó de na faoisimh seo a leanas:
(a) ordú faoi alt 4(1) den Acht lena n-áirítear cás ina lorgaítear an faoiseamh sin de bhua ordaithe arna dhéanamh faoi alt 5 den Acht;
(b) ordú ar iarratas ó pháirtnéir sibhialta go ndearbhófar tíolacas a bheith ar neamhní, faoi alt 28 den Acht, nó ar fhaoiseamh faoi alt 34 den Acht;
 
(c) ordú faoi alt 29(1) den Acht lena ndéantar an toiliú ó pháirtnéir sibhialta is gá faoi alt 28 den Acht a ligean thar ceal nó ordú faoi alt 29(4) den Acht chun an toiliú is gá faoi alt 28 den Acht a thabhairt thar ceann páirtnéara shibhialta;
 
(d) faoiseamh faoi alt 30(1) den Acht nó alt 30(2) den Acht; (e) ordú cothabhála faoi alt 45 den Acht;
 
(f) ordú ar iarratas ó pháirtnéir sibhialta nó ó leanbh éagaigh a bhí ina pháirtnéir sibhialta nó ina páirtnéir sibhialta roimh bhás faoi alt 106 den Acht, ar ordú é lena gcinnfear ceist a eascróidh idir páirtnéirí sibhialta maidir le teideal chun maoine nó seilbh ar mhaoin;
 
(g) foraithne neamhnithe páirtnéireachta sibhialta faoi alt 107 den Acht;
 
(h) foraithne scaoilte i leith páirtnéireachta sibhialta faoi alt 110 den Acht;
 
(i) ordú ar sholáthar as eastát páirtnéara shibhialta éagtha faoi alt 127 den Acht;
 
(j) ordú lena n-ordaítear maoin a dhíol faoi alt 128 den Acht;
 
(k) faoi réir riail 15, ordú lena gcealaítear diúscairt faoi alt 137 den Acht;
 
(l) faoiseamh idir páirtnéirí sibhialta faoin Partition Act 1868 agus faoin Partition Act 1876, i gcás gur ní ábhartha é maidir leis na himeachtaí iad a bheith ina bpáirtnéirí sibhialta dá chéile.
 
(ii) Is trí fhógra foriarratais tionscnaimh a thosófar na himeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta seo a leanas:
 
(a) iarratas chun na Cúirte de bhun alt 48 den Acht, a mbeidh mionnscríbhinní ón dá pháirtnéir shibhialta mar fhoras leis agus an comhaontú lena mbaineann foilseánta le ceann acu, agus ina bhfíoróidh gach páirtnéir sibhialta go bhfuil comhairle dlí neamhspleách faighte aige nó aici, nó go bhfuil deis aige nó aici comhairle dlí neamhspleách a fháil, i ndáil leis an gcomhaontú, ar choinníoll, i gcás go ndéantar faoiseamh faoi alt 48 den Acht a lorg i dteannta faoisimh eile faoin Acht, go bhféadfar an faoiseamh sin a lorg in aon toghairm speisialta, gan é a bheith riachtanach foriarratas tionscnaimh a thionscnamh ar leithligh;
(b) iarratas chun na Cúirte de bhun alt 127(7) den Acht ó ionadaí pearsanta páirtnéara shibhialta éagtha ar chead chun an t-eastát a dháileadh.
 
(iii) Is é seo a leanas an teideal a bheidh ar gach imeacht dlí páirtnéireachta sibhialta:
 
“AN ARD-CHÚIRT PÁIRTNÉIREACHT SHIBHIALTA
 
Maidir le halt ..... den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 (nó de réir mar a bheidh)
 
Idir/
A.B., Iarratasóir agus
 
C.D., Freagróir”
 
 
(iv) Is é “Formhuiniú Éilimh Speisialta” an teideal a bheidh ar an bhformhuiniú éilimh agus déanfar an faoiseamh a lorgaítear agus gach alt den Acht faoina lorgaítear an faoiseamh agus na forais ar a lorgaítear an faoiseamh a lua ann go sonrach, fairis na sonraí go léir is gá.
 
3. (i) Déanfar imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta i leith faoisimh faoi na hAchtanna um Fhoréigean Baile, 1996 go 2002 (arna leasú le Cuid 9 den Acht), ar imeachtaí iad a tionscnaíodh agus a saothraíodh san Ard-Chúirt de bhun Airteagal 34.3.1 den Bhunreacht, a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh de réir Ordú 70A, fara cibé modhnuithe is gá.
 
(ii) Déanfar iarratas chun na Cúirte de bhun alt 59B(2) d’Acht 2004 (arna chur isteach le halt 16 den Acht) a thosú trí fhógra foriarratais tionscnaimh, a mbeidh mionnscríbhinn ó dhuine amháin de na páirtnéirí sibhialta beartaitheacha, nó ón dá pháirtnéir shibhialta bheartaitheacha, mar fhoras leis, agus ina leagfar amach agus ina gcruthófar na cúiseanna leis an díolmhú a lorgaítear ó cheanglas alt 59B(1)(a) agus an chúis gur ar mhaithe le leasanna na bpáirtnéirí sibhialta beartaitheacha an díolmhú.
 
Éileamh a fhíorú
 
4. (i) In aon imeachtaí de bhun riail 2(1), beidh i mionnscríbhinn ina bhfíoraítear na himeachtaí nó ina dtugtar freagra orthu (“an mhionnscríbhinn” sa riail seo) ceann amháin nó níos mó de na sonraí atá leagtha amach sa riail seo, más infheidhme.
 
(ii) I gcás iarratais ar fhoraithne scaoilte páirtnéireachta sibhialta, áireofar na nithe seo a leanas sa mhionnscríbhinn:
 
(a) dáta clárúcháin agus áit chlárúcháin pháirtnéireacht shibhialta na bpáirtithe;
(b) an fad ama a raibh cónaí ar na páirtithe ar leithligh óna chéile agus seoladh gach duine de na páirtithe le linn na tréimhse ama sin, más eol sin;
 
(c) aois na bpáirtnéirí sibhialta, an fad a mhair a bpáirtnéireacht shibhialta agus an fad ama ar lena linn a bhí na páirtnéirí sibhialta ina gcónaí lena chéile tar éis a bpáirtnéireacht shibhialta a chlárú;
 
(d) aon mhíchumas coirp nó meabhrach atá ar cheachtar páirtnéir sibhialta;
 
(e) sonraí iomlána i dtaobh aon leanaí de chuid an iarratasóra nó an fhreagróra nó i dtaobh aon leanaí a bhfuil sé d’oibleagáid ar cheachtar de na páirtnéirí sibhialta iad a chothú agus luafar an bhfuil soláthar déanta i gcomhair gach linbh agus aon linbh den sórt sin, agus má tá, cén soláthar é;
 
(f) an bhfuil aon fhéidearthacht ann go dtiocfaidh an t-iarratasóir agus an freagróir ar chomhréiteach agus má tá, cén bonn ar a bhféadfadh sé sin tarlú;
 
(g) mionsonraí i dtaobh aon fhaoisimh dlí páirtnéireachta sibhialta roimhe sin a lorgaíodh agus/nó a fuarthas agus mionsonraí i dtaobh aon chomhaontaithe idirscartha roimhe sin a rinneadh idir na páirtithe (agus, más cuí, is ceart cóip dheimhnithe d’aon ordú Cúirte iomchuí agus/nó d’aon chomhaontú iomchuí a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn);
 
(h) mionsonraí i dtaobh aon fhaoisimh dlí pósta nó teaghlaigh roimhe sin a fuair ceachtar de na páirtithe (agus más cuí, is ceart cóip dheimhnithe d’aon ordú Cúirte iomchuí agus/nó d’aon chomhaontú iomchuí a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn);
 
(i) an áit ina bhfuil sainchónaí ar gach páirtí ar dháta an iarratais lena dtionscnaítear an t-imeacht nó an áit ina raibh gnáthchónaí ar gach páirtí don bhliain roimh dháta an iarratais sin;
 
(j) mionsonraí i dtaobh árais chomhroinnte/áras comhroinnte agus/nó áiteanna cónaithe comhroinnte eile de chuid na bpáirtithe, lena n-áirítear, más iomchuí, mionsonraí i dtaobh aon áras/áiteanna cónaithe comhroinnte roimhe sin, agus is ceart mionsonraí i dtaobh mhodh áitithe agus úinéireachta na n-áras/na n-áiteanna cónaithe sin a áireamh iontu;
 
(k) i gcás go ndéantar tagairt sa toghairm páirtnéireachta sibhialta d’aon mhaoin dhochorraithe, cibé acu is talamh cláraithe nó neamhchláraithe í agus tuairisc ar na tailte/na háitribh dá dtagraítear amhlaidh;
 
(l) aon ní eile atá iomchuí chun críocha alt 129(2) den Acht.
 
(iii) I gcás iarratais ar fhoraithne neamhnithe faoi alt 107 den Acht, áireofar sa mhionnscríbhinn cibé cinn de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) agus is cuí agus:
 
(a) sonraí i dtaobh na bhforas atá leagtha amach in alt 107 den Acht, arb iad na forais iad ar a bhféadfaí foraithne den sórt sin a dheonú agus sonraí i dtaobh gach ceann de na fíorais a líomhnaítear ina leith go dtacaíonn siad leis na forais sin;
(b) i gcás go bhfuil líomhain i gceist leis an iarratas nach raibh duine de na páirtithe nó nach raibh siad araon in ann toiliú feasach a thabhairt, is trí mhionnscríbhinn a dhéanfaidh an síciatraí sainchomhairleach an fianú sa chéill sin a luaitear in alt 107(c)(iv) den Acht a thabhairt ar an gcéad ásc agus, i gcás go ndéanfaidh an páirtí freasúrach díospóid i gcoinne aon fhianaithe den sórt sin, ansin, gan dochar do cheart an pháirtí sin croscheistiú a dhéanamh agus/nó fianaise shaineolach a thabhairt ar aird, féadfar iarratas a dhéanamh chun an Mháistir chun cigire síciatrach a cheapadh i leith an pháirtí lena mbaineann;
 
(c) in aon chás cuí eile, féadfaidh an Máistir lia-chigire agus/nó cigire síciatrach a cheapadh i leith ceachtar páirtí.
 
(iv) I gcás iarratais ar fhaoiseamh faoi alt 4 den Acht, áireofar sa mhionnscríbhinn cibé cinn de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) agus is cuí agus:
 
(a) cineál na cúise atá ag an iarratasóir chun an faoiseamh a lorgaítear faoi alt 4 den Acht a lorg;
(b) mionsonraí iomlána faoi chlárú na páirtnéireachta sibhialta agus/nó scaoileadh na páirtnéireachta sibhialta ar ina leith a lorgaítear an dearbhú, lena n-áirítear dáta clárúcháin agus áit chlárúcháin agus/nó dáta scaoilte agus áit scaoilte na páirtnéireachta sibhialta (agus, más cuí, is ceart cóip dheimhnithe den fhoirm chlárúcháin páirtnéireachta sibhialta agus/nó den fhoraithne scaoilte a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn);
 
(c) i gcás go lorgaítear dearbhú faoi alt 4 de bhua ordaithe arna dhéanamh faoi alt 5 den Acht, is ceart cóip dheimhnithe den ionstraim chlárúcháin nó den ionstraim scaoilte, maille le haistriúchán fíordheimhnithe uirthi, más cuí, a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn;
 
(d) sonraí aon imeachta roimhe sin nó aon imeachta atá ar feitheamh, i ndáil le haon pháirtnéireacht shibhialta lena mbaineann, nó a bhaineann le stádas páirtnéireachta sibhialta nó stádas pósta páirtí sa pháirtnéireacht shibhialta lena mbaineann;
 
(e) cearta aon duine seachas na páirtnéirí sibhialta lena mbaineann, ar cearta iad a bhféadfaidh an faoiseamh a lorgaítear difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear duine lena bhfuil ceachtar páirtnéir sibhialta cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta nua nó lena bhfuil ceachtar páirtnéir sibhialta pósta, nó aon leanbh de chuid ceachtar páirtnéara shibhialta nó a bhfuil sé d’oibleagáid ar cheachtar páirtnéir sibhialta é nó í a chothú.
 
(v) I gcás iarratais ar fhaoiseamh faoi alt 106 den Acht, áireofar sa mhionnscríbhinn cibé cinn de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) agus is cuí agus:
 
(a) tuairisc, cineál agus méid an airgid nó na maoine eile lena mbaineann an t-iarratas;
(b) an méid a bhí ar eolas ag an bpáirtnéir sibhialta is iarratasóir nó ag an tuismitheoir éagtha i ndáil le sealbhú nó rialú an airgid nó na maoine eile lena mbaineann an t-iarratas gach aon tráth iomchuí;
 
(c) cineál agus méid an leasa atá á éileamh ag an iarratasóir san airgead nó sa mhaoin eile lena mbaineann an t-iarratas agus an bonn ar a ndéantar an t-éileamh sin;
 
(d) cineál agus méid aon éilimh ar fhaoiseamh a dhéanfar agus an bonn ar a ndéantar aon éileamh den sórt sin;
 
(e) sonraí faoi aon íocaíocht nó diúscairt iomchuí arna déanamh ag an bpáirtnéir sibhialta is freagróir nó ag an bpáirtnéir sibhialta is tuismitheoir éagtha;
 
(f) cearta aon duine seachas na páirtnéirí sibhialta lena mbaineann, ar cearta iad a bhféadfaidh an faoiseamh a lorgaítear difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear duine lena bhfuil ceachtar páirtnéir sibhialta cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta nua nó lena bhfuil ceachtar páirtnéir sibhialta pósta, nó aon leanbh de chuid ceachtar páirtnéara shibhialta nó a bhfuil sé d’oibleagáid ar cheachtar páirtnéir sibhialta é nó í a chothú.
 
(vi) I gcás iarratais ar sholáthar as eastát páirtnéara shibhialta éagtha faoi alt 127 den Acht, áireofar sa mhionnscríbhinn cibé cinn de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) agus is cuí agus:
 
(a) dáta clárúcháin agus áit chlárúcháin na páirtnéireachta sibhialta agus dáta agus áit aon scaoilte ar an bpáirtnéireacht shibhialta (agus, más cuí, is ceart cóip dheimhnithe den fhoirm chlárúcháin páirtnéireachta sibhialta agus/nó den fhoraithne scaoilte a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn);
(b) mionsonraí i dtaobh aon fhaoiseamh dlí páirtnéireachta sibhialta roimhe sin a fuair an t-iarratasóir agus go háirithe i dtaobh aon orduithe cothabhála cnapshuime, orduithe cúitimh airgeadais agus orduithe coigeartaithe maoine;
 
(c) mionsonraí i dtaobh aon sochair a fuarthas ón bpáirtnéir sibhialta éagtha, nó thar ceann an pháirtnéara shibhialta éagtha, cibé acu trí chomhaontú nó ar shlí eile agus mionsonraí i dtaobh aon sochar a fhabhróidh chuig an iarratasóir faoi théarmaí uacht an pháirtnéara shibhialta éagtha nó ar shlí eile;
 
(d) dáta báis an pháirtnéara shibhialta éagtha, an dáta a deonaíodh ionadaíocht den chéad uair i leith eastát an pháirtnéara shibhialta sin agus, más infheidhme, an dáta a tugadh fógra i dtaobh bhás an pháirtnéara shibhialta éagtha don iarratasóir faoi alt 127(7) den Acht agus an dáta a thug an t-iarratasóir fógra don ionadaí pearsanta á rá go raibh ar intinn aige nó aici iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh de bhun alt 127(8) den Acht;
 
(e) stádas páirtnéireachta sibhialta nó pósta an pháirtnéara shibhialta éagtha ar an dáta báis agus stádas páirtnéireachta sibhialta nó pósta an iarratasóra ar dháta an iarratais agus an amhlaidh go bhfuil páirtnéireacht shibhialta eile nó pósadh déanta ag an iarratasóir ón tráth a scaoileadh an pháirtnéireacht shibhialta idir an t-iarratasóir agus an páirtnéir sibhialta éagtha;
 
(f) mionsonraí i dtaobh chleithiúnaithe an pháirtnéara shibhialta éagtha ar an dáta báis, i dtaobh chleithiúnaithe an iarratasóra ar dháta an iarratais, agus i dtaobh aon daoine leasmhara eile;
 
(g) deimhneasc i dtaobh an ndearnadh aon ordú roimhe sin faoi alt 127(11) den Acht;
 
(h) mionsonraí i dtaobh luach eastát an pháirtnéara shibhialta éagtha, más eol sin.
 
(vii) I gcás iarratais ar fhaoiseamh idir páirtnéirí sibhialta faoin Partition Act 1868 agus faoin Partition Act 1876, i gcás gur ní ábhartha é maidir leis na himeachtaí iad a bheith ina bpáirtnéirí sibhialta dá chéile, áireofar sa mhionnscríbhinn cibé cinn de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) agus is cuí agus:
 
(a) tuairisc, cineál agus méid an airgid nó na maoine eile lena mbaineann an t-iarratas;
(b) cineál agus méid aon éilimh ar fhaoiseamh a dhéanfar agus an bonn ar a ndéantar aon éileamh den sórt sin;
 
(c) cearta aon duine seachas na páirtnéirí sibhialta lena mbaineann, ar cearta iad a bhféadfaidh an faoiseamh a lorgaítear difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear duine lena bhfuil ceachtar páirtnéir sibhialta cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta nua nó lena bhfuil ceachtar páirtnéir sibhialta pósta, nó aon leanbh de chuid ceachtar páirtnéir sibhialta nó a bhfuil sé d’oibleagáid ar cheachtar páirtnéir sibhialta é nó í a chothú.
 
Mionnscríbhinn Acmhainne
 
5. (i) Gan dochar do na nithe seo a leanas:
 
(a) ceart aon pháirtí chun sonraí i dtaobh aon ní a lorg ar an bpáirtí eile in aon imeacht, nó
(b) ceart aon pháirtí chun iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú follasaithe, nó
 
(c) dlínse na Cúirte faoi alt 142 den Acht,
 
in aon chás ina lorgaítear faoiseamh airgeadais faoin Acht, déanfaidh gach páirtí Mionnscríbhinn Acmhainne a chomhdú agus a sheirbheáil san imeacht.
 
(ii) Is i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn II a bheidh an Mhionnscríbhinn Acmhainne.
 
(iii) Déanfar Mionnscríbhinn Acmhainne ón iarratasóir a sheirbheáil in éineacht leis an mionnscríbhinn fíoraithe a bheidh mar fhoras leis an imeacht agus déanfar Mionnscríbhinn Acmhainne aon fhreagróra nó aon pháirtí eile a sheirbheáil in éineacht leis an mionnscríbhinn freagartha san imeacht mura rud é go n-ordóidh an Máistir nó an Chúirt a mhalairt. Tar éis Mionnscríbhinn Acmhainne a sheirbheáil, féadfaidh ceachtar páirtí a iarraidh ar an bpáirtí eile na hítimí go léir dá dtagraítear sa mhionnscríbhinn sin, nó aon cheann díobh, a dheimhniú laistigh de 21 lá tar éis an iarraidh sin a fháil.
 
(iv) I gcás go mainneoidh páirtí na forálacha i ndáil le comhdú agus seirbheáil Mionnscríbhinne Acmhainne a chomhlíonadh go cuí nó i gcás go mainneoidh sé nó sí na nithe a bheidh leagtha amach inti a dheimhniú go cuí, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas trí fhógra foriarratais, ordú follasaithe a dheonú agus/nó aon ordú den sórt sin a dhéanamh a mheasann an Chúirt is cuí agus is gá, lena n-áirítear ordú nach mbeidh an páirtí sin i dteideal leanúint ar aghaidh leis an éileamh sin ar aon fhaoiseamh coimhdeach faoin Acht ná an t-éileamh sin a chosaint, de réir mar is cuí, ach amháin de réir mar a cheadóidh an Chúirt agus ar cibé téarmaí a chinnfidh an Chúirt is cuí nó féadfaidh an Chúirt an t-imeacht a chur ar atráth go ceann tréimhse ama sonraithe chun a chumasú go gcomhlíonfar aon iarraidh roimhe sin den sórt sin nó aon ordú ón gCúirt.
 
Faoiseamh eatramhach, idirbhreitheach, coimhdeach nó iarmhartach
 
6. (i) Is trí fhógra foriarratais chun na Cúirte a dhéanfar iarratas chun na Cúirte ar aon fhaoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach, lena n-áirítear iarratas ar aon cheann de na faoisimh seo a leanas:
 
(a) ordú faoi alt 30 nó alt 34 den Acht;
(b) ordú faoi alt 46 den Acht lena n-urscaoiltear nó lena n-athraítear ordú cothabhála;
 
(c) ordú cothabhála eatramhach faoi alt 47 den Acht;
 
(d) ordú faoi alt 50(3) den Acht chun ordachán le haghaidh tarchur íocaíochtaí cothabhála a urscaoileadh;
 
(e) ordú faoi alt 52 den Acht chun ordú cothabhála a urrú;
 
(f) ordú faoi alt 53(2) den Acht le haghaidh ordaithe astaithe tuillimh;
 
(g) cinneadh faoi alt 58 den Acht;
 
(h) ordú faoi alt 60 den Acht lena n-urscaoiltear nó lena n-athraítear ordú astaithe tuillimh;
 
(i) ordú sábháilteachta, ordú urchoisc, ordú urchoisc eatramhach nó ordú cosanta faoi na hAchtanna um Fhoréigean Baile, 1996 agus 2002, arna leasú le Cuid 9 den Acht, nó ordú faoi alt 30 nó alt 34 den Acht go dtí go ndéanfar iarratas ar fhoraithne scaoilte;
 
(j) ordú faoi alt 116 den Acht lena gceanglaítear ar pháirtnéir sibhialta íocaíochtaí tréimhsiúla nó íocaíochtaí cnapshuime a dhéanamh le haghaidh cothú go dtí go ndéanfar iarratas ar fhoraithne scaoilte.
 
(ii) Is trí fhógra foriarratais chun na Cúirte a dhéanfar iarratas chun na Cúirte ar aon fhaoiseamh coimhdeach nó iarmhartach ina dhiaidh sin tar éis foraithne scaoilte a bheith déanta, lena n-áirítear iarratas ar aon cheann de na faoisimh seo a leanas:
 
(a) ordú faoi alt 117 den Acht lena gceanglaítear ar pháirtnéir sibhialta íocaíochtaí tréimhsiúla nó íocaíochtaí cnapshuime le haghaidh cothú a dhéanamh agus/nó a urrú agus/nó ordú astaithe tuillimh i leith aon íocaíochtaí den sórt sin tar éis foraithne scaoilte a bheith déanta;
(b) ordú coigeartaithe maoine faoi alt 118 den Acht tar éis foraithne scaoilte a bheith déanta;
 
(c) ordú coimhdeach faoi alt 119 den Acht tar éis foraithne scaoilte a bheith déanta;
 
(d) ordú cúitimh airgeadais faoi alt 120 den Acht tar éis foraithne scaoilte a bheith déanta;
 
(e) ordú coigeartaithe pinsin faoi alt 121 den Acht tar éis foraithne scaoilte a bheith déanta;
 
(f) ordú faoi alt 127(11) den Acht;
 
(g) faoi réir riail 14, ordú faoi alt 131(2) den Acht lena n-urscaoiltear nó lena n-athraítear ordú a luaitear in alt 131(1) den Acht.
 
(iii) Is trí fhoriarratas iar bhfógra a dhéanfar iarratas chun lia-chigire agus/nó cigire síciatrach a cheapadh i leith páirtí agus, ar an bhforiarratas a éisteacht, féadfaidh an Máistir, ar cibé téarmaí is cuí leis, duine a bheidh cáilithe go hoiriúnach a cheapadh chun páirtí a scrúdú agus chun tuarascáil a thabhairt don Chúirt maidir le cibé nithe a ordófar.
(iv) Déanfar cóip den fhógra foriarratais faoi fho-riail (1), (2) nó (3) a sheirbheáil ar an bpáirtí eile nó ar na páirtithe eile san imeacht 14 lá iomlána roimh an dáta fillte agus, más cuí, beidh an mhionnscríbhinn ón bpáirtí tionscnaimh mar fhoras leis.
 
(v) Féadfar iarratas lena mbaineann fo-riail (1) a dhéanamh ex parte chun na Cúirte in aon chás ina dteastaíonn faoiseamh eatramhach de chineál práinneach agus láithreach ón iarratasóir agus féadfaidh an Chúirt in aon chás, más deimhin léi gur cuí é, cibé faoiseamh a dheonú, nó cibé ordú a dhéanamh is dealraitheach di a bheith cuí sna himthosca.
 
(vi) Is i bhFoirm Uimh. 2 nó 3, de réir mar is cuí, i bhFoscríbhinn II a bheidh ráiteas maidir le tuilleamh chun críocha mhír (a) nó mhír (b) d’alt 56(1) den Acht. Déanfar ráiteas den sórt sin ó fhéichiúnaí cothabhála a fhíorú ar mhionnscríbhinn nó faoi mhionn ag éisteacht an iarratais. Ní gá ráiteas den sort sin ó fhostóir a fhíorú ar mhionnscríbhinn mura rud é go n-éilíonn an creidiúnaí cothabhála amhlaidh.
 
(vii) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is ar mhionnscríbhinn a éistfear aon iarratas lena mbaineann an riail seo. I gcás go n-éistfidh an Chúirt aon fhianaise bhéil i gcúrsa aon iarratais ex parte, ullmhóidh an t-iarratasóir nó aturnae an iarratasóra nóta i dtaobh na fianaise sin agus ceadóidh an Chúirt é agus déanfar an nóta sin, mar aon le cóip den ordú a bheidh déanta, más ann, a sheirbheáil láithreach ar an bhfreagróir, mura rud é go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
 
(viii) Maidir le hiarratas ó pháirtnéir sibhialta leasmhar ar atráthú imeachtaí i gcoinne páirtnéara shibhialta eile faoi alt 32 den Acht nó ar fhaoiseamh faoi alt 33 den Acht, is trí fhoriarratas sna himeachtaí i gcoinne an pháirtnéara shibhialta eile iar bhfógra chuig gach duine de na páirtithe sna himeachtaí sin atá ag iarraidh go ndéanfar iad a uamadh leis na himeachtaí sin (más rud é nár seirbheáladh fógra tríú páirtí ar an iarratasóir sna himeachtaí sin) a dhéanfar é agus sonrófar ann aon ordú atá á lorg faoi alt 32 nó alt 33 den Acht.
 
Fógra d’Iontaobhaithe
 
7. (i) Déanfaidh iarratasóir a lorgóidh ordú faoin Acht lena ndéanfar difear do phinsean ar aon slí fógra a thabhairt d’iontaobhaithe na scéime pinsean lena mbaineann i bhFoirm Uimh. 4 i bhFoscríbhinn II chun iad a chur ar an eolas faoin iarratas.
 
(ii) Maidir le ríomh a sholáthraíonn na hiontaobhaithe sin de réir alt 126(2) den Acht, déanfaidh duine atá údaraithe go cuí chuige sin ag na hiontaobhaithe é a dheimhniú, ach ní gáé a fhíorú ar mhionnscríbhinn mura n-éileoidh duine de na páirtithe amhlaidh.
 
(iii) Féadfaidh na hiontaobhaithe, más dóigh leo gur gá é, Mionnscríbhinn Uiríoll a chomhdú.
Foriarratas ar Ordacháin
 
8. (i) Féadfaidh iarratasóir nó freagróir, ag aon chéim, foriarratas ar ordacháin a thabhairt chun na Cúirte:
 
(a) i gcás go bhfuil aon leanaí cleithiúnacha de chuid ceachtar páirtnéara shibhialta ann, ar leanaí iad atá sui juris agus a ndéanfaidh cinneadh an imeachta nó aon saincheiste sna himeachtaí difear dá leas nó dá riocht, nó ar dóigh go ndéanfaidh an cinneadh sin difear dá leas nó dá riocht,
(b) i gcás go lorgaítear ordú maidir le díol aon mhaoine a bhfuil leas ag aon pháirtí eile nó a bhféadfadh leas a bheith ag aon pháirtí eile ina leith;
 
(c) i gcás go lorgaítear ordú d’aon chineál lena ndéanfar difear do rialacha scéime pinsean nó lena gceanglófar go mbeidh na rialacha sin gan chomhlíonadh; nó
 
(d) i gcás go dtionscnaítear iarratas ina lorgaítear soláthar as eastát páirtnéara shibhialta éagtha, nó i gcás go n-ordóidh an Chúirt é in aon chás eile.
 
(ii) Beidh an mhionnscríbhinn ón bpáirtí tionscnaimh mar fhoras leis an bhfógra foriarratais ar ordacháin agus sainaithneofar inti, go háirithe, an páirtí nó an duine a ndéanfaidh cinneadh an imeachta nó aon saincheiste san imeacht difear dá leasanna, nó ar dóigh go ndéanfaidh an cinneadh sin difear dá leasanna, agus ar chóir fógra a thabhairt dó nó di maidir leis an imeacht sin agus deis a thabhairt dó nó di éisteacht a fháil.
 
(iii) Féadfaidh an Chúirt, ar fhoriarratas den sórt sin nó ar fhoriarratas uaithi féin, cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordachán a thabhairt de bhun alt 141 den Acht agus is dealraitheach is cuí agus féadfaidh sí, i gcás go lorgófar aon ordú lena ndéanfar difear do rialacha scéime pinsean, a ordú go dtabharfar fógra breise d’iontaobhaithe na scéime pinsean sin de réir Fhoirm Uimh. 4 i bhFoscríbhinn II nó i cibé leagan athraithe den Fhoirm sin a ordóidh an Chúirt, de réir mar is cuí.
 
(iv) Ach amháin i gcás go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, maidir le fógra-pháirtí ar mian leis nó léi uiríll a dhéanamh chun na Cúirte, is trí mhionnscríbhinn a dhéanfaidh sé nó sí na huiríll sin, agus comhdófar agus seirbheálfar an mhionnscríbhinn sin ar na páirtithe go léir san imeacht laistigh de 28 lá tar éis an fógra faoin iarratas ar fhaoiseamh a sheirbheáil orthu nó laistigh de cibé tréimhse ama eile a ordóidh an Chúirt.
 
9. Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim, a ordú go ndéanfaidh na páirtithe in aon imeacht pléadálacha i ndáil le gach ceann nó aon cheann de na saincheisteanna a eascraíonn san imeacht idir na páirtithe, nó idir na páirtithe nó aon duine acu agus aon tríú páirtí, a mhalartú ar cibé téarmaí is dealraitheach is cuí agus féadfaidh sí cibé ordacháin is dealraitheach is gá a thabhairt i ndáil leis an ní.
 
Éisteacht
 
10. (i) Ach amháin i gcás go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is ar mhionnscríbhinní ó na páirtithe a éistfear aon iarratas eatramhach nó idirbhreitheach a thionscnaítear faoin Acht, faoi réir cheart na bpáirtithe chun a iarraidh an páirtí freasúrach a chroscheistiú maidir lena mhionnscríbhinn nó maidir lena mionnscríbhinn. Féadfaidh aon pháirtí fógra faoi chroscheistiú a sheirbheáil i ndáil le teisteoir aon mhionnscríbhinne a sheirbheáiltear air.
 
(ii) Ach amháin i gcás go n-ordóidh an chúirt a mhalairt, is ar fhianaise bhéil ó na páirtithe a éistfear aon iarratas faoin Acht.
 
(iii) I gcás go lorgaíonn an t-iarratasóir nó an freagróir faoiseamh de bhun alt 121 den Acht (nó faoi alt 48 den Acht, i gcás go bhfuil coigeartú pinsean i gceist sa chomhaontú), is trí mhionnscríbhinn arna comhdú thar ceann an iarratasóra nó an fhreagróra, de réir mar a bheidh, a thabharfar aon fhianaise ar luach achtúireach an tsochair faoin scéim, ar fianaise í a meastar go bhfuil gá léi de bhreis ar an ríomh arna sholáthar faoi alt 126(2) den Acht. Déanfar an mhionnscríbhinn sin thar ceann páirtí tionscnaimh a mhionnú agus a sheirbheáil ar na páirtithe go léir san imeacht agus a chomhdú 28 lá ar a laghad roimh an éisteacht agus beidh sí faoi réir an chirt fógra a sheirbheáil faoi chroscheistiú i ndáil leis an mionnscríbhinn. Nuair a bheidh duine amháin de na páirtithe tar éis fianaise ar luach achtúireach an tsochair a thabhairt ar aird tríd an mionnscríbhinn sin, ar fianaise í a mbeartaíonn an páirtí eile í a dhíospóid, is trí mhionnscríbhinn a chomhdófar 14 lá ar a laghad roimh an éisteacht a dhéanfaidh sé nó sí amhlaidh, faoi réir an chirt chun fógra a sheirbheáil faoi chroscheistiú i ndáil leis an gcéanna.
 
11. I gcás go lorgaítear aon fhaoiseamh nár éilíodh go sonrach, féadfaidh an Chúirt na himeachtaí a chur ar atráth chun gur féidir cibé leasuithe is gá a dhéanamh ar an toghairm páirtnéireachta sibhialta agus sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.
 
12. Féadfar iarratas chun imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta atá ar feitheamh os comhair na Cúirte a tharchur nó a aistriú chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an gCúirt Dúiche faoi alt 25 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 agus faoi alt 11 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 a dhéanamh trí fhoriarratas iar bhfógra aon tráth tar éis láithreas a thaifeadadh.
 
13. In aon imeacht dlí páirtnéireachta sibhialta a aistríodh chuig an Ard-Chúirt de bhun alt 140(5) nó alt 140(7) den Acht, déanfaidh an t-iarratasóir agus an freagróir araon, laistigh de cheithre lá dhéag ó dhéanamh an ordaithe nó laistigh de cibé tréimhse ama breise a cheadóidh an Máistir, mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní forlíontacha ar dealraitheach ina leith go bhfuil gá leo chun go mbeidh siad i gcomhréir le ceanglais an Ordaithe seo amhail is dá mba rud é gur tosaíodh an t-imeacht san Ard-Chúirt, mar aon le cóip dheimhnithe den ordú lena n-aistrítear an céanna, a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus, air sin, déanfar an t-imeacht a liostú lena éisteacht.
 
14. Is trí fhoriarratas san imeacht iar bhfógra chuig an bpáirtí lena mbaineann a dhéanfar iarratas chun na Cúirte faoi alt 131 den Acht agus beidh mionnscríbhinn ina bhfíoraítear an céanna mar thacaíocht leis agus leagfar amach go hiomlán ann conas agus cathain a tháinig athrú ar imthosca agus an tslí ar ar tháinig athrú orthu nó cén fhianaise nua atá ann ar dá barr is ceart don Chúirt ordú lena mbaineann an t-alt a athrú nó a urscaoileadh nó a mhodhnú thairis sin ar shlí ar bith.
 
15. I gcás go bhfuil imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta ina lorgaítear faoiseamh eile ar marthain idir na páirtithe, féadfar iarratas faoi alt 137 den Acht a dhéanamh chun na Cúirte, aon tráth, trí fhoriarratas iar bhfógra san imeacht chuig an bpáirtí lena mbaineann agus beidh mionnscríbhinn mar thacaíocht leis lena bhfíoraítear na fíorais a líomhnaítear i ndáil leis an diúscairt a bhfuil gearán á dhéanamh ina leith agus sonrófar ann an faoiseamh atá á éileamh agus an tslí a ndeirtear go bhfuil an diúscairt beartaithe chun an faoiseamh atá á éileamh a shárú nó chun difear a dhéanamh dó ar aon slí agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ar an bhforiarratas sin a mheastar is cuí sna himthosca agus féadfaidh sí, más gá, an foriarratas a chur ar atráth chun fógra faoin iarratas a thabhairt d’aon pháirtí a ndéanann an diúscairt a bhfuil gearán á dhéanamh ina leith nó diúscairt na maoine lena mbaineann difear dó nó di.
 
 
III. Imeachtaí comhchónaithe
 
Imeachtaí comhchónaithe a thosú
 
 
16. (i) Tabharfar “imeachtaí comhchónaithe” ar imeachtaí faoi Chuid 15 den Acht, lena n-áirítear aon imeachtaí a aistrítear chuig an Ard-Chúirt faoi alt 196(6) den Acht, agus beidh feidhm ag an riail seo agus ag rialacha 17 go 19 go huile maidir le gach imeacht den sórt sin.
(ii) Déanfar imeachtaí comhchónaithe i leith aon ordaithe amháin nó níos mó faoi ailt 174, 175, 187 agus 194 den Acht a thosú le toghairm speisialta, ar toghairm chomhchónaithe í.
 
(iii) Is é seo a leanas an teideal a bheidh ar gach imeacht comhchónaithe:
 
 
“AN ARD-CHÚIRT COMHCHÓNAÍ
 
Maidir le halt den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 (nó de réir mar a bheidh)
 
Idir/
A.B., Iarratasóir agus
 
C.D., Freagróir”
 
 
(iv) Is é “Formhuiniú Éilimh Speisialta” an teideal a bheidh ar an bhformhuiniú éilimh agus déanfar an faoiseamh a lorgaítear agus gach alt den Acht faoina lorgaítear an faoiseamh agus na forais ar a lorgaítear an faoiseamh a lua ann go sonrach, fairis na sonraí go léir is gá.
(v) Beidh feidhm ag forálacha riail 5 agus rialacha 7-14 go huile mutatis mutandis in imeachtaí comhchónaithe agus, go háirithe, beidh feidhm acu in imeachtaí den sórt sin amhail is dá mba thagairt do “comhchónaitheoir” tagairt in aon cheann de na rialacha sin do “páirtnéir sibhialta” agus, maidir leis an tagairt in aon cheann de na rialacha sin d’fhoráil den Acht a luaitear i gcolún (1) den tábla a ghabhann leis an bhfo-riail seo, amhail is dá mba thagairt í don fhoráil den Acht i gcolún (2) den tábla sin díreach os a coinne.
 
Colún (1) Colún (2)
An fhoráil den Acht in imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta An fhoráil chomhréireach den Acht in imeachtaí comhchónaithe
alt 56(1) alt 179(1)
alt 121 alt 187
alt 126(2) alt 192
alt 131 alt 173(6)
alt 140(5) alt 196(6)
alt 142 alt 197
 
Éileamh a fhíorú
 
17. (i) In aon imeachtaí de bhun riail 16(ii), beidh i mionnscríbhinn ina bhfíoraítear na himeachtaí nó ina dtugtar freagra orthu (“an mhionnscríbhinn” sa riail seo) ceann amháin nó níos mó de na sonraí atá leagtha amach sa riail seo, más infheidhme.
 
(ii) In aon imeachtaí den sórt sin, áireofar na nithe seo a leanas sa mhionnscríbhinn:
 
(a) sonraí faoi fhad an chaidrimh idir na páirtithe agus faoi fhad a gcomhchónaithe;
(b) sonraí faoin mbonn ar a bhfuil nó ar a raibh na páirtithe ina gcónaí le chéile;
 
(c) a mhéid atá ceachtar páirtí i gcleithiúnas an pháirtí eile ó thaobh airgeadais de agus aon chomhaontuithe i leith a gcúrsaí airgeadais;
 
(d) sonraí faoi mhéid agus faoi chineál aon socruithe airgeadais idir na páirtithe, lena n-áirítear aon cheannach i gcomhpháirt ar eastát nó ar leas i dtalamh nó aon fháil i gcomhpháirt ar mhaoin phearsanta;
 
(e) an amhlaidh atá leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó ann de chuid ceachtar páirtí nó de chuid an dá pháirtí;
 
(f) an amhlaidh atá aon leanbh de chuid an pháirtí eile faoi chúram duine de na páirtithe agus an amhlaidh a dhéanann sé nó sí an leanbh sin a chothú;
 
(g) a mhéid a dhéanann na páirtithe iad féin a chur i láthair mar lánúin do dhaoine eile;
 
(h) aon mhíchumas coirp nó meabhrach atá ar cheachtar páirtí;
 
(i) sonraí iomlána i dtaobh aon leanaí de chuid an iarratasóra nó an fhreagróra agus i dtaobh aon linbh as caidreamh roimhe sin de chuid ceachtar páirtí agus luafar an bhfuil soláthar déanta i gcomhair gach linbh agus aon linbh den sórt sin, agus má tá, cén soláthar é;
 
(j) mionsonraí i dtaobh aon fhaoisimh pósta, dlí teaghlaigh nó dlí páirtnéireachta sibhialta roimhe sin a fuair ceachtar de na páirtithe (agus, más cuí, is ceart cóip dheimhnithe d’aon ordú Cúirte iomchuí agus/nó d’aon chomhaontú iomchuí a fhoilseánadh leis an mionnscríbhinn);
 
(k) an áit ina bhfuil sainchónaí ar gach páirtí ar dháta an iarratais lena dtionscnaítear an t-imeacht nó an áit ina raibh gnáthchónaí ar gach páirtí don bhliain roimh dháta an iarratais sin;
 
(l) mionsonraí i dtaobh na háite (na n-áiteanna) ina raibh cónaí ar na páirtithe le chéile le linn a gcaidrimh;
 
(m) i gcás go ndéantar tagairt sa toghairm chomhchónaithe d’aon mhaoin dhochorraithe, cibé acu is talamh cláraithe nó neamhchláraithe í agus tuairisc ar na tailte/na háitribh dá dtagraítear amhlaidh;
 
(n) aon ní eile atá iomchuí chun críocha alt 173(3) den Acht.
 
(iii) I gcás iarratais ar sholáthar as eastát comhchónaitheora éagtha faoi alt 194 den Acht, áireofar sa mhionnscríbhinn cibé cinn de na sonraí a luaitear i bhfo-riail (2) agus is cuí agus:
 
(a) mionsonraí i dtaobh aon fhaoiseamh comhchónaithe roimhe sin a fuair an t-iarratasóir;
(b) mionsonraí i dtaobh aon sochair a fuarthas ón gcomhchónaitheoir éagtha, nó thar ceann an chomhchónaitheora éagtha, cibé acu trí chomhaontú nó ar shlí eile, agus mionsonraí i dtaobh aon sochar a fhabhróidh chuig an iarratasóir faoi théarmaí uacht an chomhchónaitheora éagtha nó ar shlí eile;
 
(c) dáta báis an chomhchónaitheora éagtha, an dáta a deonaíodh ionadaíocht den chéad uair i leith eastát an chomhchónaitheora sin agus an dáta a thug an t-iarratasóir fógra don ionadaí pearsanta á rá go raibh ar intinn aige nó aici iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh de bhun alt 194(6) den Acht;
 
(d) stádas páirtnéireachta sibhialta nó pósta an chomhchónaitheora éagtha ar an dáta báis agus stádas páirtnéireachta sibhialta nó pósta an iarratasóra ar dháta an iarratais;
 
(e) mionsonraí i dtaobh chleithiúnaithe an chomhchónaitheora éagtha ar an dáta báis, i dtaobh chleithiúnaithe an iarratasóra ar dháta an iarratais agus i dtaobh aon daoine leasmhara eile;
 
(f) deimhneasc i dtaobh an ndearnadh aon ordú roimhe sin faoi alt 173(7) den Acht;
 
(g) mionsonraí i dtaobh luach eastát an chomhchónaitheora éagtha, más eol sin.
 
Faoiseamh eatramhach, idirbhreitheach, coimhdeach nó iarmhartach
 
18. (i) Is trí fhógra foriarratais chun na Cúirte a dhéanfar iarratas chun na Cúirte in imeachtaí comhchónaithe ar aon fhaoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach, lena n-áirítear iarratas ar aon cheann de na faoisimh seo a leanas:
 
(a) faoi réir riail 21, ordú faoi alt 173(6) den Acht lena n-urscaoiltear nó lena n-athraítear ordú faoi alt 175 nó alt 187 den Acht, nó lena ndéantar aon fhoráil d’ordú den sórt sin a fhionraí nó a athbheochan;
(b) ordú faoi alt 175(2) den Acht;
 
(c) ordú faoi alt 175(3) den Acht chun ordú cothabhála a urrú;
 
(d) ordú faoi alt 176 den Acht le haghaidh ordaithe astaithe tuillimh;
 
(e) ordú faoi alt 183 den Acht lena n-urscaoiltear nó lena n-athraítear ordú astaithe tuillimh.
 
(ii) Déanfar cóip den fhógra foriarratais faoi fho-riail (1) a sheirbheáil ar an bpáirtí eile nó ar na páirtithe eile san imeacht 14 lá iomlána roimh an dáta fillte agus, más cuí, beidh an mhionnscríbhinn ón bpáirtí tionscnaimh mar fhoras leis.
(iii) Féadfar iarratas lena mbaineann fo-riail (1) a dhéanamh ex parte chun na Cúirte in aon chás ina dteastaíonn faoiseamh eatramhach de chineál práinneach agus láithreach ón iarratasóir agus féadfaidh an Chúirt in aon chás, más deimhin léi gur cuí é, an faoiseamh sin a dheonú, nó cibé ordú a dhéanamh is dealraitheach di a bheith cuí sna himthosca.
 
(iv) Is i bhFoirm Uimh. 2 nó 3, de réir mar is cuí, i bhFoscríbhinn II a bheidh ráiteas maidir le tuilleamh chun críocha mhír (a) nó (b) d’alt 179(1) nó alt 179(1) den Acht. Déanfar ráiteas den sórt sin ó fhéichiúnaí cothabhála a fhíorú ar mhionnscríbhinn nó faoi mhionn ag éisteacht an iarratais. Ní gá ráiteas den sort sin ó fhostóir a fhíorú ar mhionnscríbhinn mura rud é go n-éilíonn an creidiúnaí cothabhála amhlaidh.
 
(v) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is ar mhionnscríbhinn a éistfear aon iarratas lena mbaineann an riail seo. I gcás go n-éistfidh an Chúirt aon fhianaise bhéil i gcúrsa aon iarratais ex parte, ullmhóidh an t-iarratasóir nó aturnae an iarratasóra nóta i dtaobh na fianaise sin agus ceadóidh an Chúirt é agus déanfar an nóta sin, mar aon le cóip den ordú a bheidh déanta, más ann, a sheirbheáil láithreach ar an bhfreagróir, mura rud é go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
 
19. Is trí fhoriarratas san imeacht iar bhfógra chuig an bpáirtí lena mbaineann a dhéanfar iarratas chun na Cúirte faoi alt 173(6) den Acht agus beidh mionnscríbhinn lena bhfíoraítear an céanna mar thacaíocht leis agus leagfar amach go hiomlán ann conas agus cathain a tháinig athrú ar imthosca agus an tslí ar ar tháinig athrú orthu nó cén fhianaise nua atá ann ar dá barr is ceart don Chúirt ordú lena mbaineann alt 173(6) den Acht a athrú nó a urscaoileadh nó a mhodhnú thairis sin ar shlí ar bith.
 
 
IV. Ilghnéitheach
 
20. Beidh feidhm ag forálacha Ordú 49, rialacha 1, 2, 3 agus 6 maidir le haon imeacht arna thosú faoi riail 2 nó riail 16.
21. Féadfaidh aon fhreagróir in imeachtaí dlí páirtnéireachta sibhialta nó in imeachtaí comhchónaithe frithéileamh a dhéanamh trí mhionnscríbhinn freagartha agus déanfar an faoiseamh a éilítear agus na forais ar a n-éilítear é a leagan amach go soiléir sa mhionnscríbhinn sin ar an gcaoi chéanna amhail is dá mba iarratasóir é agus é faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo.
 
22. Sna cásanna go léir ina gceanglaítear ar Chláraitheoir na Cúirte cóip d’ordú a sheirbheáil ar aon duine nó ar aon daoine nó ar aon chomhlacht, nó a thaisceadh le haon duine nó le haon daoine nó le haon chomhlacht, féadfar an tseirbheáil nó an taisceadh sin a dhéanamh trí chóip dheimhnithe den ordú sin a sheirbheáil ar an duine nó ar na daoine nó ar an gcomhlacht sin leis an bpost cláraithe.
 
23. Ní bheidh feidhm ag foráil Ordú 119, rialacha 2 agus 3, maidir le haon chúis, caingean ná imeacht faoin Ordú seo.