Ordú 133

Fuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta : I.R. Uimh 94 de 2001

1. Chun críocha an Ordaithe seo:
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Fhuadach Leanaí

agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta, 1991;

ciallaíonn “Coinbhinsiún na Háige” an Coinbhinsiún maidir leis na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí, arna shíniú sa Háig an 25ú lá de Dheireadh Fómhair 1980 agus arna leagan amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Lucsamburg” an Coinbhinsiún Eorpach ar Aithint agus Forghníomhú Cinntí maidir le Coimeád Leanaí agus ar Choimeád Leanaí a Athbhunú, arna shíniú i Lucsamburg an 20ú lá de Bhealtaine 1980, agus arna leagan amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht;

ciallaíonn “Stát Conarthach” Stát arna mhíniú le halt 3 nó alt 17 den Acht, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “An tÚdarás Lárnach” an tÚdarás Lárnach arna cheapadh ag an Aire de bhun alt 8 nó alt 22 den Acht, de réir mar a bheidh.

2. (i) Is trí thoghairm speisialta, ar toghairm dlí teaghlaigh a bheidh inti, a thionscnófar aon iarratais a dhéanfar de bhun alt 9(2), alt 10(2), alt 11, alt 15, alt 24(2) nó alt 25 den Acht, agus is é seo a leanas an teideal a bheidh uirthi:


“ An Ard-Chúirt
An Dlí Teaghlaigh,


Maidir leis an Acht um Fhuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta, 1991, agus Maidir le Coinbhinsiún (de réir mar a bheidh) agus Maidir le [X], is mionaoiseach,
Idir

AB,

Agus

an t-iarratasóir,

CD,

an freagróir”.

(ii) I gcás go dtionscnóidh an tÚdarás Lárnach iarratais, is é “an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, mar Údarás Lárnach na hÉireann, ex parte (an t-iarratasóir)” a ghairfear den iarratasóir.

(iii) Is é “Formhuiniú Speisialta an Éilimh” an teideal a bheidh ar fhormhuiniú an éilimh agus déanfar an faoiseamh atá á lorg, gach alt den Acht faoina mbeidh an faoiseamh á lorg agus na forais ar a bhfuil an faoiseamh á lorg, a lua ann, maille leis na sonraí go léir is gá. Sonrófar an méid seo a leanas san fhormhuiniú, más féidir:

(a) ainm agus dáta breithe (i gcás go bhfuil sé ar fáil) an mhionaoisigh;
(b) an dáta, más eol sin, ar ar tharla aistriú nó coinneáil an mhionaoisigh, is aistriú nó coinneáil atá faoi dhíospóid;

(c) ainm thuismitheoirí nó chaomhnóirí an mhionaoisigh;

(d) mionsonraí aon chinnidh a bhaineann le coimeád nó rochtain, ar cinneadh é a bhféachtar lena aithint nó lena fhorghníomhú;

(e) leas an iarratasóra san ábhar;

(f) céannacht an duine a líomhnaítear ina leith gur aistrigh sé nó sí an mionaoiseach agus, más duine eile é nó í, céannacht an duine a líomhnaítear go bhfuil an mionaoiseach leis nó léi;

(g) an áit ina gcreidtear an mionaoiseach a bheith.

3. (i) In aon imeacht de bhun riail 2(1) thuas, tabharfar aird i mionnscríbhinn lena bhfíoraítear an t- imeacht sin ar na hábhair a shonraítear in Airteagal 8 de Choinbhinsiún na Háige agus in Airteagal 13 de Choinbhinsiún Lucsamburg, de réir mar a bheidh, agus, más féidir, beidh an doiciméadacht iomchuí go léir ag gabháil léi lena n-áirítear an doiciméadacht sin a liostaítear in Airteagal 8 de Choinbhinsiún na Háige nó in Airteagal 13 de Choinbhinsiún Lucsamburg, de réir mar a bheidh.
(ii) D’ainneoin fhorálacha Ordú 38, riail 1, beidh an toghairm speisialta, tráth a eiseofar í, le filleadh os comhair na Cúirte. Déanfar cruthúnas cuí ar sheirbheáil a chur ar fáil don Chúirt ar an dáta fillte.

4. (i) Féadfaidh freagróir mionnscríbhinn freagartha a sheachadadh agus déanfar an mhionnscríbhinn freagartha sin a sheirbheáil ar an iarratasóir laistigh de sheacht lá tar éis an mhionnscríbhinn forais a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

(ii) Leagfar amach sa mhionnscríbhinn freagartha forais uile na cosanta ar a mbeifear ag seasamh chun cur i gcoinne iarratas an iarratasóra.

(iii) Féadfaidh an t-iarratasóir mionnscríbhinn eile a chomhdú mar fhreagra ar aon saincheist nó ábhar a ardóidh an freagróir laistigh de sheacht lá tar éis mionnscríbhinn an fhreagróra a sheirbheáil ar an iarratasóir.

5. (i) Déanfaidh an Chúirt, a luaithe a bheidh deis ann, cibé ordacháin a thabhairt is gá chun socrú a dhéanamh go dtabharfar éisteacht sholamh don ábhar agus déanfaidh na páirtithe go léir dá réir sin.

(ii) Is ar bhonn fianaise mionnscríbhinne amháin a éistfear iarratais. Féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, in imthosca eisceachtúla, a ordú nó a cheadú fianaise bhéil a thabhairt ar aird.

6. (i) I gcás go bhfuiltear ar tí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi Chuid II nó Cuid III den Acht, féadfaidh an t-iarratasóir, de bhun alt 12(1), 12(2), 26(1) nó 26(2) den Acht, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordacháin eatramhacha.

(ii) Féadfar iarratas de bhun alt 12(2) nó 26(2) a dhéanamh ex parte chun na Cúirte in aon chás ina bhfuil gá le hordacháin eatramhacha i gcás práinne. Is ar mhionnscríbhinn a éistfear iarratas den sórt sin mura n- ordóidh an Chúirt a mhalairt. I gcás go n-éistfidh an Chúirt aon fhianaise bhéil i gcúrsa aon iarratais ex parte den sórt sin, ullmhóidh an t-iarratasóir nó aturnae an iarratasóra nóta i dtaobh na fianaise sin agus formheasfaidh an Chúirt é agus seirbheálfar láithreach ar an bhfreagróir é, mar aon le cóip den ordú a bheidh déanta, más ann, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(iii) I gcás go mbeidh toghairm speisialta eisithe agus seirbheáilte, is trí fhógra foriarratais chun na Cúirte a thionscnófar iarratas arna thionscnamh de bhun alt 12(1) nó 26(1) den Acht. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an bpáirtí eile san imeacht seacht lá roimh an dáta fillte agus sonrófar ann na hordacháin nó an faoiseamh atá á lorg ón gCúirt. Is í mionnscríbhinn an pháirtí lena mbaineann a bheidh mar fhoras leis an bhfógra sin.

(iv) Is trí fhoriarratas iar bhfógra sna himeachtaí a thionscnófar aon iarratas arna thionscnamh faoin Acht (nach iarratas atá luaite i riail 2(1) é).

7. (i) Is trí fhógra foriarratais, lena bhféachtar leis an ordú aitheantais nó forghníomhaithe a bheidh déanta ag an gCúirt roimhe sin a athrú nó a chúlghairm, a thionscnófar iarratas a dhéanfar de bhun alt 31(1) den Acht. Is mionnscríbhinn arna seirbheáil seacht lá roimh an dáta fillte a bheidh mar fhoras leis an iarratas sin. Beidh an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 13 de Choinbhinsiún Lucsamburg in éineacht leis an mionnscríbhinn sin.

8. (i) I gcás go ndéanfar iarratas de bhun alt 36(3) den Acht, is trí fhógra foriarratais tionscnaimh a thionscnófar an t-iarratas sin. Is é seo a leanas an teideal a bheidh ar an bhfógra foriarratais sin


“ An Ard-Chúirt
An Dlí Teaghlaigh,


Maidir le hAlt 36(3) den Acht um Fhuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta, 1991
Agus maidir le hImeachtaí Coigríche dar teideal, nó ar a mbeidh an teideal “ ..... ” (de réir mar a bheidh).”

(ii) Is mionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir a bheidh mar fhoras leis an bhfógra foriarratais sin, is mionnscríbhinn ina leagfar amach:

(a) leas an iarratasóra san ábhar;
(b) an modh ar a ndearnadh an mionaoiseach a aistriú nó a chur amach nó a choinneáil amach as an Stát gan toiliú aon duine de na daoine ag a bhfuil an ceart áit chónaithe an mhionaoisigh a chinneadh faoi dhlí an Stáit sin;

(c) na daoine laistigh de dhlínse na Cúirte a bhféadfaidh faisnéis iomchuí a bheith acu;

(d) na forais chun a chreidiúint go bhféadfaidh faisnéis iomchuí a bheith ag na daoine sin;

(e) cineál na faisnéise iomchuí ar ina leith a lorgaítear ordú um nochtadh.

9. Maidir le forálacha Ordú 119, rialacha 2 agus 3, a mhéid amháin a bhaineann siad le peiriúic agus róba a chaitheamh, ní bheidh feidhm acu maidir le haon imeachtaí faoin Ordú seo.”