Ordú 46

Orduithe muirir agus orduithe stoptha

I. Orduithe ag muirearú stoc agus scaireanna.


1. Is le foriarratas ex parte a dhéanfar iarratas ar ordú do mhuirearú stoc nó scaireanna de bhun 3 & 4 Vic., c. 105, agus an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland) 1853. Ordú daingean a bheidh san ordú sin ar an gcéad ásc, ach féadfaidh an Chúirt, ar aon duine leasmhar dá iarraidh sin, agus ar cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile is cóir, an t-ordú sin a urscaoileadh nó a athrú.


2. Maidir le hiarratas ar ordú de bhun an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland) 1853, alt 133, chun stoc, cistí, urrúis nó scaireanna a aistriú chuig an sirriam, nó chun díbhinní an chéanna, an t-ús ar an gcéanna agus an toradh bliantúil ón gcéanna a íoc leis, is le foriarratas iar bhfógra chuig an gcosantóir agus chuig gach duine agus cuideachta ar gá a ngníomh nó a dtoiliú leis sin a dhéanfar é.


II. Orduithe ag muirearú leasa comhpháirtí.


3. Is le foriarratas a sheirbheálfar ar an bhféichiúnaí breithiúnais, agus ar cibé duine eile de na comhpháirtithe a bheidh laistigh den dlínse, a dhéanfar gach iarratas ó chreidiúnaí breithiúnais comhpháirtí ar ordú do mhuirearú a leasa i maoin agus i mbrabúis na comhpháirtíochta faoin Partnership Act, 1890, alt 23, agus ar cibé orduithe eile a údaraítear leis sin a dhéanamh, agus is seirbheáil mhaith ar na comhpháirtithe go léir an tseirbheáil sin, agus is ar an gcuma chéanna a sheirbheálfar gach ordú a dhéanfar leis an bhforiarratas sin.


4. Is le foriarratas a sheirbheálfar ar an gcreidiúnaí Breithiúnais agus ar an bhfé ichiú naí Breithiúnais, agus ar cibé duine nó daoine de na comhpháirtithe eile nach gcomhthoileoidh leis an iarratas agus a bheidh laistigh den dlínse, a dhéanfar gach iarratas a dhéanfaidh aon chomhpháirtí don fhéichiúnaí breithiúnais faoin achtachán a luaitear i riail 3, agus is seirbheáil mhaith ar na comhpháirtithe go léir an tseirbheáil sin, agus is ar an gcuma chéanna a sheirbheálfar gach ordú a dhéanfar leis an bhforiarratas sin.


III. Fógra chun aistriú stoic a shrianadh.


5. Sa chuid seo den Ordú seo ciallaíonn an focal ‘cuideachta’ aon chomhlacht corpraithe (lena n-áirítear cuideachta, poiblí nó príobháideach) atá corpraithe nó a bhfuil clár aige laistigh den dlínse, agus folaíonn an focal ‘stoc’ aon scaireanna, urrúis, agus aon díbhinní (lena n-áirítear ús agus bónais) orthu.


6. Aon duine a bheidh á éileamh leas a bheith aige in aon stoc a bheidh i leabhair (laistigh den dlínse) chuideachta nó inscríofa i gclár (laistigh den dlínse) cuideachta, féadfaidh sé, ar mhionnscríbhinn ón duine féin nó óna aturnae i bhFoirm Uimh. 27 i bhFoscríbhinn C, agus ar an gcéanna a chomhdú sa Phríomh-Oifig maille le fó gra i bhFoirm Uimh. 28 i bhFoscríbhinn C, agus ar chóip fhianaithe den mhionnscríbhinn agus dúblach den fhógra comhdaithe arna fhíordheimhniú le séala na hArd-Chúirte a fháil, an chóip fhianaithe agus fógra dúblach a sheirbheáil ar an gcuideachta.


7. Cuirfear nóta ag gabháil leis an mionnscríbhinn ina luafar an duine a mbeidh sí comhdaithe thar a cheann, maille leis an seoladh a mbeidh fógraí (más ann) don duine sin le cur chuige.


8. Measfar gach fógra den sórt sin a bheith curtha go cuí má chuirtear leis an bpost é i litir réamhíoctha arna díriú chuig an duine sin ag an seoladh a bheidh luaite amhlaidh, nó ag aon seoladh ionadach den sórt dá luaitear anseo ina dhiaidh seo, cibé acu an beo nó nach beo don duine a mbeidh an fógra curtha chuige.


9. Féadfaidh an duine a dhéanfaidh, nó ar thar a cheann a dhéanfar, an mhionnscríbhinn a chomhdú an seoladh a bheidh luaite amhlaidh a athrú ó thráth go chéile ach, aon fhógra a bheidh curtha leis an bpost sula ndéanfar an t-athrú ar an seoladh a bheidh tugtha a chéaduair nó a bheidh curtha ina ionad de thuras na huaire, ní dhéanfaidh aon athrú ina dhiaidh sin difear dó. Féadfar aon athrú den sórt sin ar an seoladh a dhéanamh trí mheabhrán ina thaobh a sheirbheáil ar an gcuideachta sa tslí a cheanglaítear chun fógra a sheirbheáil faoin Ordú seo.


10. Ón tráth a sheirbheálfar an chóip fhianaithe den mhionnscríbhinn agus an dúblach den fhógra comhdaithe, agus dá éis sin, ní dleathach don chuideachta a cheadú an stoc a bheidh sonraithe san fhógra a aistriú, ná, má shainítear an fógra a bheith beartaithe stop a chur le díbhinní a fháil, na díbhinní ar an stoc a bheidh sonraithe amhlaidh a íoc, fad a leanfaidh an fógra de bheith i ngníomh.


11. Féadfaidh an duine a mbeidh fógra arna chomhdú faoi riail 6 tugtha aige, nó a mbeidh sé tugtha thar a cheann, é a tharraingt siar tráth ar bith ar iarraidh i scríbhinn arna síniú aige, nó féadfar a chur faoi deara go scoirfidh oibriú an fhógra sin le hordú a bheidh le fáil le foriarratas iar bhfógra arna sheirbheáil go cuí ag aon duine eile a bheidh á éileamh leas a bheith aige sa stoc a mbeifear ag iarraidh go ndéanfaidh an fógra difear dó.


12. Más rud é, fad a bheidh fógra arna chomhdú faoi riail 6 i bhfeidhm, go bhfaighidh an chuideachta ar a mbeidh sé seirbheáilte iarraidh ón duine ar ina ainm a bheidh an stoc a bheidh sonraithe san fhógra nó ar ina ainm a bheidh an stoc sin inscríofa, nó ó dhuine éigin a bheidh ag gníomhú thar a cheann nó ag feidhmiú dó, á iarraidh a cheadú an stoc a aistriú nó na díbhinní air a íoc, ní údarófar don chuideachta, trí bhíthin nó de dhroim an fógra a sheirbheáil, gan ordú ón gCúirt, diúltú a cheadú an t-aistriú a dhéanamh nó íoc na ndíbhinní a choimeád siar ar feadh níos mó ná ocht lá tar éis dháta na hiarrata.


13. Má s mian leis an duine a chomhdóidh fógra faoi riail 6 tuairisc an stoic a bheidh sonraithe san fhógra comhdaithe a cheartú, fé adfaidh sé fógra leasaithe a chomhdú agus dúblach de, arna shéalú le séala na hArd-Chúirte, a sheirbheáil ar an gcuideachta, agus sa chás sin measfar an fógra a bheith seirbheáilte ar lá seirbheála an dúblaigh leasaithe amhlaidh.


IV. Orduithe stoptha.


14. Aon duine a mbeidh aon leas díorthaíoch aige (cibé acu trí shannadh nó muirear nó lian nó eile) in aon chistí nó urrúis a bheidh ar seasamh sa Chúirt (nó a mbeidh ordaithe iad a thabhairt isteach sa Chúirt) féadfaidh sé ordú (dá ngairtear ‘‘ordú stoptha’’ anseo ina dhiaidh seo) a iarraidh ar an gCúirt chun bac a chur ar na cistí nó na hurrúis a aistriú, a dhíol, a íoc amach nó a dhiúscairt ar shlí eile gan fógra don iarratasóir, agus féadfaidh an Chúirt, ar bheith deimhin di é a bheith cóir cothromasach an faoiseamh a bheidh á lorg a dheonú don iarratasóir, ordú stoptha a dhéanamh.


15. Féadfar ordú stoptha a dhéanamh ar iarratas ex parte aon uair a bheidh an Chúirt den tuairim nach ann d’aon duine a mbeidh leas aige sna cistí nó sna hurrúis ar chóir, de cheart, go mbeadh fógra faoin iarratas aige.


16. Déanfar deimhniú cistí a thabhairt ar aird ar gach iarratas ar an ordú stoptha agus beidh mionnscríbhinn mar thaca leis an iarratas ina ndéanfar leas an iarratasóra a leorleagan amach agus ina bhfíorófar forghníomhú na hionstraime (más ann) a mbeifear ag seasamh uirthi mar ionstraim shuite leas an iarratasóra.


17. Ní bheidh an t-iarratasóir ar ordú stoptha i dteideal aon chostas, mura ndéanfaidh an Chúirt, dá rogha féin, costais a dhámhachtain.


18. Féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, ordú a dhéanamh á ordú d’iarratasóir aon duine a shásóidh an Chúirt costais nó caiteachais a bheith tabhaithe aige, mar gheall ar ordú stoptha arna dhéanamh ar thionscnamh an iarratasóra, a shlánú i suim a shonrófar san ordú.