Ordú 17

Athrú páirtithe trí bhás, 7rl.

1. Ní rachaidh cúis nó ábhar ar ceal mar gheall ar bhás, nó féimheacht, aon pháirtí sa chúis nó san ábhar, má mhaireann nó má leanann an chúis chaingne, agus ní bheidh an chúis nó an t-ábhar lochtach mar gheall ar aon eastát nó teideal a shannadh, a bhunú nó a chineachadh pendente lite; agus, cibé acu a mhairfidh an chúis chaingne nó nach mairfidh, ní tharlóidh aon chealú mar gheall ar ceachtar páirtí d’fháil bháis idir tráth an fhíoraisc nó tráth na saincheisteanna fíorais a chinneadh agus tráth an bhreithiúnais; ach féadfar breithiúnas a thaifeadadh i gcás den sórt sin, d’ainneoin an bháis.


2. I gcás aon pháirtí i gcúis nó in ábhar d’fháil bháis, nó i gcás a fhéimheachta nó chineachadh a eastáit trí oibriú dlí, féadfaidh an Chúirt, má mheastar gur gá sin chun na ceisteanna uile a bheidh i dtrácht a shocrú go hiomlán, a ordú go ndéanfar páirtí d’ionadaí pearsanta an pháirtí sin, nó dá shannaí nó dá iontaobhaí, nó de chomharba eile a leasa, más ann, nó go seirbheálfar fógra air sa tslí agus san fhoirm a fhorordaítear anseo ina dhiaidh seo, agus sin ar cibé téarmaí is cóir leis an gCúirt, agus déanfaidh an Chúirt cibé ordú is cóir chun an chúis nó an t-ábhar a chur i gcrích.

3. I gcás aon eastát nó teideal a shannadh, a bhunú nó a chineachadh pendente lite, féadfaidh an duine a mbeidh an t-eastát nó an teideal sin tagtha nó cineachta chuige leanúint den chúis nó den ábhar nó féadfar leanúint den chúis nó den ábhar ina choinne.

4. Más rud é, mar gheall ar bhás nó féimheacht, nó aon teagmhas eile a tharlóidh tar éis cúis nó ábhar a thionscnamh, agus a dtiocfaidh athrú nó tarchur leasa nó dliteanais de, nó mar gheall ar aon duine leasmhar do theacht tar éis an chúis nó an t-ábhar a thionscnamh, gur gá nó gurb inmhianaithe go ndéanfaí páirtí d’aon duine nach páirtí cheana féin, nó go ndéanfaí páirtí i gcáil eile d’aon duine a bheidh ina pháirtí cheana féin, féadfar ordú go rachfar ar aghaidh leis na himeachtaí idir na páirtithe leanúnacha, agus an páirtí nó na páirtithe nua sin, a fháil ex parte ar iarratas chun na Cúirte á líomhain an t-athrú sin, nó an tarchur leasa nó dliteanais sin, a bheith tarlaithe, nó an duine leasmhar sin a bheith tagtha.

5. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar ordú a gheofar mar a luaitear i riail 4 a sheirbheáil ar an bpáirtí leanúnach nó na páirtithe leanúnacha, nó ar a n-aturnaetha, agus freisin ar gach páirtí nua den sórt sin, murab é an duine a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige an t-aon pháirtí nua, agus, ó thráth na seirbheála sin, beidh an t-ordú ina cheangal, ach sin faoi réir rialacha 6 agus 7, ar na daoine ar a seirbheálfar é, agus beidh de cheangal ar gach duine ar a seirbheálfar é agus nach páirtí sa chúis nó san ábhar cheana féin láithreas a thaifeadadh dá réir laistigh den tréimhse ama agus sa tslí ina mbeadh air láithreas a thaifeadadh dá mbeifí tar éis toghairm a sheirbheáil air.

6. I gcás ina seirbheálfar ordú mar a luaitear i riail 4 ar aon duine nach mbeidh faoi aon mhíchumas, nó, ar é a bheith faoi aon mhíchumas, a mbeidh caomhnóir ad litem aige sa chúis nó san ábhar, féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú sin a urscaoileadh nó a athrú tráth ar bith laistigh de dhá lá dhéag óna sheirbheáil.

7. I gcás ina seirbheálfar aon ordú mar a luaitear i riail 4 ar aon duine a bheidh faoi aon mhíchumas agus nach mbeidh caomhnóir ad litem aige sa chúis nó san ábhar, féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú sin a urscaoileadh nó a athrú tráth ar bith laistigh de dhá lá dhéag tar éis caomhnóir ad litem a cheapadh don pháirtí sin, agus go dtí go mbeidh an tréimhse dhá lá dhéag sin caite ní bheidh feidhm ag an ordú sin, ná éifeacht leis, amhail i gcoinne an duine sin is déanaí a luaitear.

8. Nuair a éagfaidh an gearánaí nó an cosantóir i gcúis nó in ábhar agus go mairfidh an chúis chaingne, ach go mainneoidh an duine a bheidh i dteideal dul ar aghaidh déanamh amhlaidh, féadfaidh an cosantóir (nó an duine a bhféadfar leanúint den chúis nó den ábhar ina choinne) a iarraidh go gcuirfear d’iallach ar an ngearánaí (nó ar an duine a bheidh i dteideal dul ar aghaidh) dul ar aghaidh laistigh de cibé tréimhse ama a ordófar; agus d’éagmais dul ar aghaidh amhlaidh, féadfar breithiúnas a thaifeadadh don chosantóir nó, de réir mar a bheidh, don duine a bhféadfaí leanúint den chúis nó den ábhar ina choinne; agus sa chás sin, má tá an gearánaí tar éis bás a fháil, féadfar forghníomhú a eisiúint mar a dhéanfaí sa chás dá bhforáiltear le hOrdú 42, riail 24.

9. I gcás cosantóir aonair nó na cosantóirí uile i gcaingean chun talamh a aisghabháil d’fháil bháis roimh an triail, beidh an gearánaí i dteideal breithiúnais chun seilbh a aisghabháil ar an maoin, mura ndéanfaidh duine éigin eile cosaint laistigh de thréimhse ama a bheidh le ceapadh chuige sin le hordú na Cúirte, agus a bheidh le déanamh ar iarratas ex parte ón ngearánaí; agus is dleathach don Chúirt, ar an iarratas sin a dúradh, a ordú go mbeidh de chead ag an ngearánaí breithiúnas a shíniú laisigh de cibé tréimhse ama is cuí leis an gCúirt, mura ndéanfaidh an duine a bheidh i seilbh an uair sin, tríd féin nó trína thionónta, nó ionadaí dlíthiúil an chosantóra éagtha, láithriú sa chaingean laistigh den tréimhse ama sin; agus féadfar an t-ordú sin a sheirbheáil sa tslí chéanna is a sheirbheálfaí an toghairm; agus i gcás ina láithreoidh aon duine den sórt sin, féadfar na himeachtaí céanna a thionscnamh i gcoinne an chosantóra nua sin a thionscnófaí dá mbeadh sé tar éis láithriú agus an chaingean a chosaint ó thús; agus mura dtaifeadfar aon láithreas, ansin beidh de chead ag an ngearánaí breithiúnas a shíniú de bhun an ordaithe.

10. I gcás duine amháin de chosantóirí leithleacha i gcaingean chun talamh a aisghabháil d’fháil bháis roimh an triail agus cosaint ar leithligh á déanamh aige i leith coda den mhaoin nach mbeidh cosaint á déanamh ag an gcosantóir nó na cosantóirí eile ina leith, féadfar na himeachtaí céanna a thionscnamh i dtaobh na coda sin a thionscnófaí i gcás bhás cosantóra aonair, nó féadfaidh an gearánaí imeachtaí a thabhairt ar aghaidh i gcoinne an chosantóra mharthanaigh nó na gcosantóirí marthanacha i leith na coda den mhaoin a mbeidh cosaint á déanamh aige nó acu ina leith.

11. I gcás duine amháin de chosantóirí leithleacha i gcaingean chun talamh a aisghabháil d’fháil bháis roimh an triail agus cosaint ar leithligh á déanamh aige i leith maoine a mbeidh cosaint á déanamh freisin ag cosantóir marthanach nó cosantóirí marthanacha ina leith, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith roimh an triail, cead a thabhairt don duine a bheidh i seilbh na maoine tráth an bháis, nó d’ionadaí dlíthiúil an chosantóra éagtha, cosaint a dhéanamh, ar cibé téarmaí a dhealróidh a bheith réasúnach agus cóir, ar an duine sin nó ar an ionadaí sin dá iarraidh sin; agus mura ndéanfar aon iarratas den sórt sin nó mura dtabharfar cead, féadfaidh an gearánaí imeachtaí a thabhairt ar aghaidh i gcoinne an chosantóra mhartanaigh nó na gcosantóirí marthanacha go feadh breithiúnais agus forghníomhaithe.

12. I gcás ina rachaidh aon chúis nó ábhar ar ceal nó i gcás aon athraithe leasa den sórt dá bhforáiltear leis an Ordú seo, déanfaidh an t-aturnae thar ceann an ghearánaí nó an duine ag a mbeidh stiúradh na cúise nó an ábhair, de réir mar a bheidh, an méiid sin a dheimhniú don oifigeach cuí agus cuirfidh seisean faoi deara go ndéanfar é a thaifeadadh i Leabhar na gCúiseanna os coinne ainm na cúise nó an ábhair sin.

13. I gcás ina mbeidh aon chúis nó ábhar ar seasamh ar feadh bliana amháin i Leabhar na gCúiseanna agus í nó é marcáilte mar chúis nó ábhar a bheidh ‘‘dulta ar ceal’’, nó curtha ar gcúl go ginearálta, scriosfar an chúis nó an t-ábhar sin as Leabhar na gCúiseanna nuair a bheidh an bhliain caite.