Ordú 63C

Caingne seansaireachta agus neamhghiúiré agus imeachtaí ainmnithe eile: nósanna imeachta réamhthrialach : I.R. Uimh. 255 de 2016


I. Réamhráiteach
Léiriú

1. San Ordú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs nó an t-ábhar a mhalairt—

ciallaíonn “ordú um chásbhainistiú” ordú arna dhéanamh faoi riail 6(1) go mbeidh imeachtaí faoi réir cásbhainistiú de réir rialacha 6 go 8;

ciallaíonn “Breitheamh Liosta” an Breitheamh atá sannta de thuras na huaire ag Uachtarán na hArd-Chúirte, de réir riail 3(1), mar an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta le haghaidh catagóir imeachtaí;

ciallaíonn “Cláraitheoir”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, Cláraitheoir na hArd-Chúirte atá sannta de thuras na huaire ag Uachtarán na hArd-Chúirte de réir riail 3(2) mar an Cláraitheoir cuí i leith catagóir imeachtaí;

ciallaíonn “imeachtaí iomchuí”, i ndáil le Breitheamh Liosta nó Cláraitheoir, imeachtaí laistigh de chatagóir imeachtaí a bhfuil an Breitheamh sin i bhfeighil an Liosta ina leith de réir riail 3(1) nó, de réir mar a bheidh, ar ina leith atá an Cláraitheoir sin sannta, de thuras na huaire, de réir riail 3(2).

Feidhm an Ordaithe seo

2. (1) Beidh feidhm ag an Ordú seo maidir leis na himeachtaí seo a leanas:

(a) aon imeachtaí a ndéanfaí an triail ina leith a liostú i Liosta Seansaireachta nó i Liosta Neamhghiuiré na Cúirte tar éis fógra trialach a sheirbheáil (más gá);

(b) aon imeachtaí eile (gan imeachtaí arna nglacadh ar an Liosta Tráchtála faoi Ordú 63A, aon imeachtaí a gceanglaítear iad a éisteacht sa Liosta Iomaíochta faoi Ordú 63B, caingne díobhálacha pearsanta agus caingne giúiré a áireamh) a bheidh ainmnithe, de thuras na huaire, ag Uachtarán na hArd-Chúirte de réir fho-riail (2) mar imeachtaí lena mbainfidh an tOrdú seo,

agus déanfar aon tagairt san Ordú seo do “imeachtaí” a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Faoi réir fho-riail (3), féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, ó am go ham, aon chatagóir imeachtaí a ainmniú mar imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo ar imeachtaí iad atá sainaitheanta san ainmniúchán sin nó ar imeachtaí iad ag a bhfuil, nó lena ngabhann, aon tréithe a shainaithnítear san ainmniúchán sin.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Ordú seo, i gcás go n-éireoidh aon easaontas idir foráil d’aon riail den Ordú seo agus aon fhoráil eile de na Rialacha seo, beidh forlámhas ag an bhforáil den riail den Ordú seo.

Breithiúna Liosta agus Cláraitheoirí

3. (1) Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, chun críocha an Ordaithe seo, ó am go ham, Breitheamh a shannadh chun bheith mar an Breitheamh atá i bhfeighil an Liosta maidir le haon chatagóir imeachtaí atá luaite i riail 2, nó atá ainmnithe dá réir, agus foilseofar aon sannadh den sórt sin sa Dialann Dlí, ar choinníoll, i gcás nach bhfuil an Breitheamh Liosta cuí atá sannta de réir na rialach seo ar fáil ar aon chúis, go bhféadfaidh Breitheamh eile gníomhú in ionad an Bhreithimh Liosta a bheidh sannta.

(2) Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, chun críocha an Ordaithe seo, ó am go ham, aon Chláraitheoir amháin nó níos mó de Chláraitheoirí na hArdChúirte a shannadh chun bheith mar an Cláraitheoir i ndáil le haon imeachtaí, nó i ndáil le haon chatagóir imeachtaí, atá luaite i riail 2, nó atá ainmnithe dá réir, agus atá sonraithe sa sannadh sin, agus foilseofar aon sannadh den sórt sin sa Dialann Dlí, ar choinníoll, i gcás nach bhfuil an Cláraitheoir cuí atá sannta de réir na rialach seo ar fáil ar aon chúis, go bhféadfaidh Cláraitheoir eile den Ard-Chúirt gníomhú in ionad an Chláraitheora chéadluaite.

(3) Déanfaidh gach Cláraitheoir na feidhmeanna a thugtar dó leis an Ordú seo a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a thugtar dó leis an Ordú seo a fheidhmiú, de réir aon treoir nó teagasc a thabharfaidh an Breitheamh Liosta cuí dó maidir leis na himeachtaí, nó maidir leis an gcatagóir imeachtaí, ar ina leith a sannadh an Cláraitheoir sin de réir fho-riail (2).


II. Ullmhúchán réamhthrialach
Ginearálta

4. Féadfaidh Breitheamh, aon tráth agus ó am go ham, ar fhoriarratas ón mBreitheamh sin féin agus tar éis dó na páirtithe a éisteacht, nó ar iarratas ó pháirtí trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí eile nó chuig na páirtithe eile, cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh, lena n-áirítear teorainneacha ama a shocrú, de réir mar is dealraitheach a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh ar mhodh atá cóir dlúsúil agus ar dóigh dóibh costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú.

5. (1) Gan dochar do ghinearáltacht riail 4, féadfaidh Breitheamh—

(a) ar fhoriarratas ón mBreitheamh sin féin agus tar éis dó na páirtithe a éisteacht, nó

(b) ar iarratas ó pháirtí trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí eile nó chuig na páirtithe eile,

aon cheann de na horduithe seo a leanas a dhéanamh nó aon cheann de na hordacháin seo a leanas a thabhairt chun cinneadh na n-imeachtaí a éascú ar an modh atá luaite sa riail sin:

(i) ordú nó ordachán i dtaobh an leanfar leis na himeachtaí—


(I) le pléadálacha agus le héisteacht ar fhianaise béil,

(II) gan pléadálacha foirmiúla agus trí ráiteas maidir le saincheisteanna dlí nó fíorais, nó maidir le saincheisteanna dlí agus fíorais araon,

(III) gan pléadálacha foirmiúla agus trína n-éisteacht ar mhionnscríbhinn le fianaise béil, nó

(IV) gan pléadálacha foirmiúla agus trína n-éisteacht ar mhionnscríbhinn gan fianaise béil;


(ii) ordú nó ordachán lena socraítear aon saincheisteanna fíorais nó dlí a bheidh le cinneadh sna himeachtaí;

(iii) ordú nó ordachán chun na himeachtaí a chomhdhlúthú le cúis nó le hábhar eile atá ar feitheamh san Ard-Chúirt;

(iv) ordú nó ordachán chun go ndéanfaidh na páirtithe, nó aon pháirtí díobh, saincheisteanna a mhíniú, lena n-áirítear meabhráin a mhalartú idir na páirtithe d’fhonn saincheisteanna a shoiléiriú;

(v) ordú nó ordachán lena gceadaítear d’aon pháirtí a fhormhuiniú nó a phléadálacha a athrú nó a leasú, nó lena gceadaítear ráiteas maidir le saincheisteanna a leasú;

(vi) ordú nó ordachán lena gceanglaítear agarcheisteanna a sheachadadh, nó doiciméid a fhollasú nó a iniúchadh;

(vii) ordú nó ordachán lena gceanglaítear fiosrúcháin a dhéanamh nó cuntais a thógáil;

(viii) ordú nó ordachán lena gceanglaítear liostaí doiciméad a chomhdú, cibé acu i gcoitinne nó i leith nithe sonracha;

(ix) ordú de réir Ordú 36, riail 9(2);

(x) ordú sa chéill dá bhforáiltear in Ordú 39, riail 61(1) agus (2);

(xi) ordú nó ordachán lena ndéantar foráil maidir le doiciméid nó faisnéis a mhalartú idir na páirtithe, nó maidir leis na páirtithe do tharchur doiciméad nó faisnéise chuig an gCláraitheoir go leictreonach, lena n-áirítear mionnscríbhinn follasaithe agus cóipeanna de na doiciméid (gan doiciméid a n-éilítear pribhléid ina leith a áireamh) in aon sceideal a ghabhann léi nó leo a chomhdú nó a sheachadadh, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha agus eisceachtaí a ordóidh Breitheamh;

(xii) ordú nó ordachán maidir le haon fhinné a cheistiú faoi mhionn os comhair Breithimh, Cláraitheora nó oifigigh eile den Chúirt, nó os comhair aon duine eile, agus in aon áit, de réir Chuid II d'Ordú 39;

(xiii) ar iarratas ó aon pháirtí de na páirtithe nó ar fhoriarratas ón mBreitheamh féin, ordú faoi Ordú 56, riail 8, nó ordú faoi Riail 56A, riail 2;

(xiv) amchlár a shocrú ar dá réir a dhéanfar pléadálacha, iarratais idirbhreitheacha agus bearta réamhthrialach eile a chur i gcrích, agus féadfaidh sé, chun na críche sin, aon amchlár beartaithe arna chomhaontú ag na páirtithe nó arna thíolacadh ag páirtí (ar amchlár é a fhéadfaidh a bheith i bhFoirm 1 i bhFoscríbhinn JJ) a ghlacadh más deimhin leis go bhfuil sé réasúnach.

(2) Gan dochar d’aon achtachán nó riail dlí ar dá bhua nó dá bua atá doiciméid nó fianaise faoi phribhlé id ó thaobh nochtadh de, féadfaidh an Breitheamh, chun cabhrú leis breith a thabhairt i dtaobh cibé acu an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé aon ordú, nó an dtabharfaidh nó nach dtabharfaidh sé aon ordachán, de réir fho-riail (1), a ordú do na páirtithe, nó d’aon pháirtí díobh in imeachtaí iomchuí, faisnéis a sholáthar i leith na n-imeachtaí lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) liosta de na daoine a bhfuiltear ag súil leis go dtabharfaidh siad fianaise;

(b) sonraí i dtaobh aon ní de chineál teicniúil nó eolaíoch a d’fhéadfadh a bheith i gceist nó a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar d’fhianaise;

(c) meastachán réasúnaithe ar an tréimhse ama is dóigh a chaithfear—


(i) ar na himeachtaí a ullmhú le haghaidh trialach;

(ii) ar thriail na n-imeachtaí; agus

(iii) ar cheistiú nó ar chroscheistiú (de réir mar a bheidh) gach finné ar leith nó aon fhinné a mbeartaíonn an páirtí sin nó aon pháirtí eile é a ghlaoch;


(d) sonraí i dtaobh aon socruithe eadrána nó i dtaobh aon phróiseas RMD (de réir bhrí Ordú 56A, riail 1) a d’fhéadfadh a bheith ar fáil do na páirtithe.

Cásbhainistiú

6. (1) Féadfaidh Breitheamh Liosta—

(a) ar fhoriarratas ón mBreitheamh sin féin agus tar éis dó na páirtithe a éisteacht in imeachtaí iomchuí, nó

(b) ar iarratas ó pháirtí trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí eile nó chuig na páirtithe eile aon tráth roimh thriail na n-imeachtaí,

i gcás inar deimhin leis gur ceart na himeachtaí, de bhua a gcastachta, líon na saincheisteanna nó na bpáirtithe, mhéid na fianaise, nó ar chúis speisialta eile, a bheith faoi réir cásbhainistiú, ordú um chásbhainistiú a dhéanamh.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis ordú um chásbhainistiú a dhéanamh, socróidh an Breitheamh Liosta dáta do chomhdháil um chásbhainistiú agus féadfaidh sé aon ordacháin bhreise a thabhairt maidir le cibé bearta, más ann, sna himeachtaí a chur i gcrích roimh chomhdháil den sórt sin (lena n-áirítear cásleabhrán a ullmhú de réir fho-rialacha (9) agus (10)) de réir mar is cuí leis an mBreitheamh Liosta.

(3) Is é an Breitheamh Liosta, nó cibé Breitheamh a ainmneoidh an Breitheamh Liosta le ceadú ó Uachtarán na hArd-Chúirte, a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú agus a dhéanfaidh í a rialáil.

(4) I gcás go gcuirtear an chomhdháil um chásbhainistiú ar atráth, déanfar í a chur ar atráth go dtí dáta sonrach.

(5) Is é an t-aturnae nó an t-abhcóide a bheidh ag láithriú thar ceann gach duine ar leith de na páirtithe nó, i gcás nach mbeidh ionadaíocht dhlíthiúil ag páirtí, nach comhlacht corpraithe é, is é an páirtí é féin, a fhreastalóidh ar an gcomhdháil um chásbhainistiú. I gcás gur dóigh leis an mBreitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú gur gá nó gurb inmhianaithe é, féadfaidh sé a ordú don pháirtí sin, nó, i gcás gur comhlacht corpraithe an páirtí, don oifigeach cuí do pháirtí, freastal ar an gcomhdháil um chásbhainistiú, d’ainneoin go bhfreastalóidh an t-aturnae nó an t-abhcóide don pháirtí sin ar an gcomhdháil um chásbhainistiú freisin.

(6) Cinnteoidh gach aturnae nó gach abhcóide a fhreastalóidh ar an gcomhdháil um chásbhainistiú go bhfuil sé sách eolach ar na himeachtaí, agus go bhfuil údarás aige ón bpáirtí a bhfuil sé ag feidhmiú ar a shon chun déileáil le haon nithe ar dóigh go ndéileálfar leo ag an gcomhdháil.

(7) I gcás go bhfuil abhcóide ag feidhmiú ar son páirtí, ní cheadófar ach d’abhcóide amháin freastal ar an gcomhdháil um chásbhainistiú le linn costais a fhómhas nó a shocrú.

(8) Is é is cuspóir don chomhdháil um chásbhainistiú a chinntiú go n-ullmhófar na himeachtaí le haghaidh trialach ar mhodh atá cóir dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí a íoslaghdú agus, go háirithe, a luaithe is féidir roimh an triail, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) go ndéantar na saincheisteanna, cibé acu is saincheisteanna fíorais nó dlí, a mhíniú chomh soiléir, chomh cruinn agus chomh beacht agus is féidir;

(b) go ndéantar na pléadálacha, na mionnscríbhinní agus na ráitis go léir maidir le saincheisteanna a sheirbheáil;

(c) maidir le haon iarratais trí litir ar shonraí agus freagraí ar na hiarratais sin, aon admhálacha, nó iarrataí ar admhálacha, aon fhógraí chun doiciméid a ghlacadh nó chun fíorais a admháil agus freagraí ar na fógraí sin, agus aon mhionnscríbhinní arna ndéanamh de bhun aon fhógraí chun fíorais a admháil nó chun doiciméid a ghlacadh, go ndéantar iad a sheirbheáil nó a sheachadadh, de réir mar a bheidh;

(d) go ndéantar na hiarratais go léir ar fhaoiseamh de chineál idirbhreitheach a mbeartaíonn aon duine de na páirtithe iad a dhéanamh;

(e) go ndearnadh, nó go ndéanfar, na ráitis i scríbhinn go léir ó fhinnéithe agus na tuarascálacha go léir ó shaineolaithe de réir bhrí riail 17 a sheirbheáil;

(f) go bhfuiltear tar éis aon ordacháin a thugtar, nó aon orduithe a dhéantar, de réir riail 4 nó i gcúrsa comhdhála um chásbhainistiú a chomhlíonadh.

(9) Déanfaidh an gearánaí, an t-iarratasóir nó an páirtí eile a thabharfaidh na himeachtaí ar aghaidh, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile, cásleabhrán a ullmhú a bheidh le taisceadh leis an gCláraitheoir agus le seirbheáil ar an bpáirtí nó na páirtithe eile tráth nach déanaí ná ceithre lá glan roimh an gcéad dáta a shocraítear don chomhdháil um chásbhainistiú.

(10) Beidh an méid seo a leanas sa chásleabhrán—

(a) achoimre cáis ina gcuimseofar


(i) sracléiriú comhaontaithe ar an gcás agus ord cróineolaíoch na dteagmhas iomchuí;

(ii) liosta de na saincheisteanna;

(iii) ráiteas comhaontaithe maidir leis na saincheisteanna sin atá faoi dhíospóid, agus


(b) doiciméadacht réamhthrialach in ord cróineolaíoch, lena n-áirítear (más cuí) cóipeanna de phléadálacha a malartaíodh, de mhionnscríbhinní a comhdaíodh (seachas mionnscríbhinní seirbheála, nó mionnscríbhinní mar thaca le haon iarratas maidir le glacadh ar liosta áirithe nó glacadh le haghaidh cásbhainistiú, nó mar fhreagra ar iarratas den sórt sin), de ráitis maidir le saincheisteanna, d’orduithe a rinneadh nó d’ordacháin a tugadh, agus, má ordaíonn an Breitheamh amhlaidh, d’aon chomhfhreagras idir na páirtithe a bhaineann leis an gcás a ullmhú le haghaidh trialach, gan é a bheith sainráite ina leith go bhfuil sé “gan dochar”.

(11) Is é an páirtí atá freagrach as an gcásleabhrán a ullmhú a dhéanfaidh an cásleabhrán a tháirgeadh agus a chothabháil i cibé foirm, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a ordóidh an Breitheamh Liosta cuí agus, i gcás go n-ordóidh an Breitheamh sin amhlaidh, déanfar an cásleabhrán a thaisceadh nó a sheirbheáil trí mheán leictreonach, agus ar cibé coinníollacha agus faoi réir cibé eisceachtaí a fhorordóidh an Breitheamh sin.

(12) Déanfaidh an páirtí atá freagrach as an gcásleabhrán a ullmhú na hábhair atá ann a athbhreithniú, nó cuirfidh sé leo, ó am go ham de réir mar is gá, i gcomhairle leis an bpáirtí nó na páirtithe eile.

7. Ag an gcomhdháil um chásbhainistiú, féadfaidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú:

(a) amchlár a shocrú ar dá réir a dhéanfar ullmhú an cháis le haghaidh trialach a chur i gcrích, agus féadfaidh sé, chun na críche sin, aon amchlár beartaithe arna chomhaontú ag na páirtithe a ghlacadh más deimhin leis go bhfuil sé tráthúil, dlúsúil agus réasúnach;

(b) aon orduithe a dhéanamh, nó aon ordacháin a thabhairt, ar orduithe iad a fhéadfar a dhéanamh, nó ar ordacháin iad a fhéadfar a thabhairt, de réir Ordú 36, riail 9(2), nó de réir riail 5 den Ordú seo;

(c) más dóigh leis an mBreitheamh sin go bhféadfadh sé go mbeadh moill mhíchuí ann i ndáil le stiúradh na n-imeachtaí, nó go bhféadfadh sé go mbeadh cúis le hábhar imní ann maidir le stiúradh na n-imeachtaí, agus gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar do Bhreitheamh le hOrdú 33, riail 11, a cheangal ar an bpáirtí a dhealraíonn a bheith freagrach as stiúradh na n-imeachtaí, nó ar an oifigeach cuí nó ar an aturnae nó ar an abhcóide dá mbeidh treoir tugtha sna himeachtaí ag an bpáirtí sin, freastal os a chomhair chun cúrsa na n-imeachtaí a mhíniú, agus féadfaidh sé, air sin, cibé rialú nó ordachán a dhéanamh nó a thabhairt is cuí leis an mBreitheamh chun a chinntiú go dtabharfar aird chuí ar na saincheisteanna suntasacha sna himeachtaí nó chun na himeachtaí nó stiúradh na n-imeachtaí a luathú;

(d) gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar do Bhreitheamh le hOrdú 99, riail 37(13), costais aon fhormhuinithe éilimh, pléadáil, ráiteas maidir le saincheisteanna nó doiciméad eile sna himeachtaí nach bhfuil sách cruinn nó, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, ina mbeidh ábhar neamhriachtanach, nó a mbeidh fad neamhriachtanach ann, a dhícheadú agus na costais a bheidh tagtha de sin ar aon pháirtí eile a dhámhachtain i gcoinne an pháirtí sin;

(e) gan dochar d’aon chumhachtaí a thugtar do Bhreitheamh le hOrdú 33, riail 11 agus le hOrdú 99, riail 37(13), costais aon pháirtí a dhícheadú a bheidh tagtha air mar gheall ar mhoill nó mar gheall ar mhainneachtain ag an bpáirtí sin déanamh de réir teorainn ama maidir le haon ghníomh a dhéanamh nó le haon imeacht a thabhairt, agus na costais a bheidh tagtha de sin ar aon pháirtí eile a dhámhachtain i gcoinne an pháirtí sin.

8. Tabharfar cásbhainistiú imeachtaí chun críche i gcás ina dtarlóidh aon cheann de na teagmhais seo a leanas:

(a) deimhniú ullmhachta le haghaidh trialach a eisiúint;

(b) ordú críochnaitheach a dhéanamh sna himeachtaí, nó scor de na himeachtaí nó na himeachtaí a thabhairt chun críche ar shlí eile (lena n-áirítear trí shocrú), sula n-eisítear deimhniú ullmhachta le haghaidh trialach;

(c) ordú arna dhéanamh ag an mBreitheamh Liosta á chinneadh nach bhfuil sé i gcomhréir a thuilleadh leis na críocha dá dtagraítear i riail 4 go leanfadh na himeachtaí de bheith faoi réir cásbhainistiú.

Comhdhálacha réamhthrialach

9. (1) I gcás nach mbeidh aon ordú um chásbhainistiú déanta in imeachtaí, déanfaidh an Cláraitheoir, tar éis na himeachtaí a chur síos i gcomhair trialach, iad a liostú os comhair an Bhreithimh Liosta, nó os comhair cibé Breitheamh a ainmneoidh an Breitheamh Liosta le ceadú ó Uachtarán na hArd-Chúirte, le haghaidh comhdháil réamhthrialach.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis ordú um chásbhainistiú a dhéanamh in imeachtaí, déanfaidh an Breitheamh a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil um chásbhainistiú dáta le haghaidh comhdháil réamhthrialach a shocrú a luaithe a bheidh na horduithe go léir arna ndéanamh nó na hordacháin go léir arna dtabhairt i gcúrsa na comhdhála um chásbhainistiú comhlíonta.

(3) Féadfaidh an Breitheamh Liosta an ceanglas go mbeidh comhdháil réamhthrialach ann a ligean thar ceal in imeachtaí i gcás inar deimhin leis, ós rud é go bhfuil na saincheisteanna suntasacha sna himeachtaí sách soiléir agus, thairis sin, go bhfuil na himeachtaí réidh lena dtriail, nach bhfuil gá le comhdháil réamhthrialach i leith na n-imeachtaí.

10. Déanfaidh gach páirtí, i gcomhairle lena n-abhcóidí faoi seach, ceistiúchán réamhthrialach a chomhlánú agus a thaisceadh leis an gCláraitheoir tráth nach déanaí ná ceithre lá glan roimh an dáta a shocraítear don chomhdháil réamhthrialach, agus beidh an ceistiúchán sin i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn X, fara cibé modhnuithe is gá.

11. (1) Is é an Breitheamh Liosta, nó cibé Breitheamh a ainmneoidh an Breitheamh Liosta le ceadú ó Uachtarán na hArd-Chúirte, a bheidh i gceannas ar an gcomhdháil réamhthrialach agus a dhéanfaidh í a rialáil.

(2) I gcás go gcuirfear an chomhdháil réamhthrialach ar atráth, déanfar í a chur ar atráth go dtí dáta sonrach.