Ordú 62

Cásanna a shonrú don Ard-Chúirt

1. Maidir le gach cás arna shonrú ag Breitheamh den Chúirt Dúiche faoin Summary Jurisdiction Act, 1857 (20 agus 21 Vic. c. 43), déanfaidh an páirtí a mbeidh an cás á iarraidh aige é a tharchur chuig an bPríomh-Oifig laistigh de thrí lá tar éis an cás sin a fháil.


2. Maidir le gach cás speisialta arna shonrú ag eadránaí nó moltóir faoin Acht Eadrána, 1954, nó faoi aon reacht eile, déanfaidh an páirtí a mbeidh an cás á iarraidh aige é a tharchur chuig an bPríomh-Oifig laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an cás sin a fháil ón eadránaí nó ón moltóir, nó mura mbeidh aon pháirtí den sórt sin ann, nó má mhainníonn sé déanamh amhlaidh, ansin féadfaidh an t-eadránaí nó an moltóir nó páirtí ar bith sna himeachtaí an cás a tharchur chuig an bPríomh-Oifig.


3. I gcás ina ndéanfar aon chás eile a shonrú lena chinneadh ag an gCúirt, féadfaidh an duine nó an binse a mbeidh an cás á shonrú aige, nó páirtí ar bith sna himeachtaí a mbeidh an cás á shonrú iontu nó i ndáil leo, an cás a tharchur chuig an bPríomh-Oifig.


4. Féadfar aon chás a tharchur chuig an bPríomh-Oifig trína sheachadadh ar an oifigeach cuí, agus, ar é a fháil dó, déanfaidh an t-oifigeach cuí é a chomhdú agus a chur síos láithreach lena éisteacht; ach ní bheidh sé ar an liosta lena éisteacht go dtí go mbeidh deich lá caite tar éis é a fháil amhlaidh.


5. Díreach sula dtarchuirfidh sé an cás chuig an bPríomh-Oifig, tabharfaidh an duine a mbeidh an cás á tharchur aige fógra ina thaobh sin do gach páirtí eile sna himeachtaí a mbeidh an cás á shonrú iontu nó i ndáil leo.


6. Tráth tarchurtha an cháis chuig an bPríomh-Oifig, nó laistigh de dheich lá ina dhiaidh sin, déanfaidh an páirtí a mbeidh an cás á tharchur aige cóip amháin, nó cibé líon breise cóipeanna a bheidh ag teastáil le haghaidh úsáid na Cúirte, den chás sonraithe agus de na doiciméid (más ann) a mbeidh tagairt déanta dóibh ann a thaisceadh leis an oifigeach cuí.


7. Beidh páirtí ar bith sna himeachtaí i dteideal cóip amháin nó níos mó den chás sonraithe, nó de na doiciméid (más ann) a mbeidh tagairt déanta dóibh ann, a fháil ar iarratas a dhéanamh chuig an oifigeach cuí agus ar an táille fhorordaithe a íoc.