Ordú 86B

Cásanna arna sonrú chun na Cúirte Achomhairc : I.R. Uimh. 485 de 2014

Feidhm an Ordaithe seo

1. Tá feidhm ag an Ordú seo:

(a) maidir le cás a shonróidh an Ard-Chúirt faoi fhorálacha alt 38 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, agus

(b) maidir le cás a shonróidh Breitheamh den Chúirt Chuarda faoi fhorálacha alt 16 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947.

Cás sonraithe a tharchur

2. (1) I gcás cáis a shonróidh an Ard-Chúirt ar Cuaird, nó Breitheamh den Chúirt Chuarda, déanfaidh an Cláraitheoir Contae, agus i gcás cáis a shonróidh an Ard-Chúirt ina suí di i mBaile Átha Cliath, Cláraitheoir na cúirte sin, a luaithe a dhéanfar an cás sonraithe a shíniú agus a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae nó leis an gCláraitheoir, de réir mar a bheidh, an méid seo a leanas a fhormhuiniú ar an gcás sonraithe:

(i) dáta an taiscthe,

(ii) ainm an pháirtí nó na bpáirtithe a rinne iarratas go ndéanfaí an cás a shonrú,

(iii) ainm an pháirtí ar a mbeidh cúram an cháis shonraithe, agus

(iv) ainmneacha agus seoltaí na n-aturnaetha (más ann) thar ceann na bpáirtithe.

(2) Déanfaidh an Cláraitheoir Contae nó an Cláraitheoir, de réir mar a bheidh, laistigh de sheacht lá tar éis an cás sonraithe a thaisceadh, fógra á rá go bhfuil an cás sonraithe sínithe agus taiscthe a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar gach páirtí a láithrigh tráth éisteachta an achomhairc nó an ábhair ar ina leith a bheidh an cás sonraithe agus déanfaidh sé an chóip bhunaidh den chás sonraithe a tharchur chuig an gCláraitheoir.

(3) Déanfaidh an Cláraitheoir an cás sonraithe a thaifeadadh os comhair na Cúirte Achomhairc le haghaidh ordachán.

(4) Déanfaidh na páirtithe aighneachtaí i scríbhinn ar an gcás sonraithe a sheachadadh nó a mhalartú agus iad a thaisceadh san Oifig, i gcomhréir le ceanglais aon ordacháin chleachtais reachtúil is infheidhme, ag an tráth nó na tráthanna a fhorordaítear le haon ordachán cleachtais reachtúil is infheidhme nó a ordóidh an Chúirt Achomhairc.

(5) A luaithe a bheidh na páipéir is gá in ord agus ullamh, féadfaidh an Cláraitheoir an cás sonraithe a chur síos lena éisteacht agus déanfar an cás sonraithe a éisteacht de réir a oird ar an liosta mura n-ordóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt.

(6) Tar éis fógra á rá go bhfuil cás sonraithe sínithe agus taiscthe a sheirbheáil, féadfaidh aon pháirtí leasmhar, ar iarratas chun an Chláraitheora, cóip amháin nó níos mó den chás sonraithe a fháil ar an táille fhorordaithe a íoc.

(7) Déanfaidh an páirtí ar a mbeidh cúram an cháis shonraithe, laistigh de 28 lá tar éis sheirbheáil an fhógra á rá go bhfuil an cás sonraithe sínithe agus taiscthe, an líon riachtanach cóipeanna den chás sonraithe, agus de na doiciméid (más ann) dá dtagraítear sa chás sonraithe, a thaisceadh leis an gCláraitheoir. 

Feidhm maidir le cásanna eile arna sonrú faoi reacht

3. Tá feidhm ag forálacha riail 2, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le gach cás a shonrófar chun tuairim na Cúirte Achomhairc a fháil air de bhun fhorálacha aon reachta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus nach mbeidh aon nós imeachta eile leagtha síos ina leith sna Rialacha seo. 

Cás a shonrú faoi Airteagal 40.4.3° den Bhunreacht

4. (1) I gcás cáis a shonrófar faoi Airteagal 40.4.3° den Bhunreacht, déanfaidh Cláraitheoir cuí na hArd-Chúirte an cás a shíniú thar ceann na hArd-Chúirte, agus féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú cén páirtí ar a mbeidh cúram an cháis shonraithe.

(2) Nuair a bheidh an cás sonraithe sínithe, déanfaidh Cláraitheoir cuí na hArd-Chúirte fógra a sheirbheáil, ar gach páirtí sna himeachtaí ina mbeidh an cás sonraithe, leis an bpost cláraithe nó, i gcás go dtabharfaidh páirtí a thoiliú, ar an bpáirtí sin le modh leictreonach, agus déanfaidh sé an cás sonraithe a tharchur láithreach chuig an gCláraitheoir.

(3) Féadfaidh gach páirtí den sórt sin sna himeachtaí cóip amháin nó níos mó den chás sonraithe a fháil ón gCláraitheoir, ar an táille fhorordaithe a íoc.

(4) Déanfaidh an Cláraitheoir an cás sonraithe a thaifeadadh os comhair na Cúirte Achomhairc le haghaidh ordachán.

(5) Déanfaidh na páirtithe aighneachtaí i scríbhinn ar an gcás sonraithe a sheachadadh nó a mhalartú agus iad a thaisceadh san Oifig, i gcomhréir le ceanglais aon ordacháin chleachtais reachtúil is infheidhme, ag an tráth nó na tráthanna a fhorordaítear le haon ordachán cleachtais reachtúil is infheidhme nó a ordóidh an Chúirt Achomhairc.

(6) Déanfaidh an páirtí ar a mbeidh cúram an ábhair, a luaithe is féidir, an líon riachtanach cóipeanna den chás sonraithe a thaisceadh leis an gCláraitheoir, agus ar na cóipeanna sin a thaisceadh déanfar an cás a chur síos lena éisteacht cibé tráth a ordóidh an Chúirt Achomhairc.

(7) Más rud é gurb é tuairim na Cúirte Achomhairc maidir leis an dlí, a bhfuil a bhailíocht tugtha faoi cheist, go bhfuil sé neamhbhailí ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta, ordóidh an Chúirt Achomhairc láithreach an duine atá faoi choinneáil a scaoileadh saor de réir an dlí sin.

(8) Más rud é gurb é tuairim na Cúirte Achomhairc maidir leis an dlí, a bhfuil a bhailíocht tugtha faoi cheist, nach bhfuil sé neamhbhailí ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta, déanfaidh an Chúirt Achomhairc an cheist a bheidh ardaithe lena cinneadh sa chás sonraithe a fhreagairt amhlaidh, agus déanfaidh sí an cás a tharchur chun na hArd-Chúirte chun go ndéileálfar leis de réir dlí.