Ordú 81

Na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 agus 1883

1. Déanfaidh an Máistir oifig an Chláraitheora a fhorghníomhú chun críche na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 agus 1883.


2. Féadfaidh an Máistir a ordú meabhrán sásaimh a scríobh ar chóip chláraithe de bhille díolacháin, ar fhoréileamh arna shíniú ag aturnae, maille le toiliú leis an sásamh arna shíniú ag an duine a bheidh i dteideal thairbhe an bhille díolacháin, agus arna fhíorú le mionnscríbhinn, a thabhairt ar aird don Mháistir agus a chomhdú sa Phríomh-Oifig. Is i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn R a bheidh an foréileamh agus an toiliú sin.


3. I gcás nach féidir toiliú a fháil, féadfaidh an Máistir, ar iarratas a dhéanamh chuige le foriarratas iar bhfógra agus ar an duine a bheidh i dteideal an bhille díolacháin a éisteacht, agus ar chruthúnas chun a shástachta an fiach (más ann) a mbeidh an bille díolacháin déanta ina leith a bheith glanta nó urscaoilte, a ordú meabhrán sásaimh a scríobh ar chóip chláraithe den bhille díolacháin.


4. Beidh duine ar bith i dteideal, ar an táille chuí a íoc, Clár na mBillí Díolacháin a chuardach agus gach bille díolacháin cláraithe a iniúchadh, a scrúdú agus sleachta a bhaint as, gan é a bheith faoi cheangal iarratas i scríbhinn a dhéanamh nó aon sonraí ina leith a shonrú. Ní bheidh sna sleachta ach dáta an fhorghníomhaithe, an chláraithe, na hathnuachana ar chlárú agus an tsásaimh, ainmneacha, seoltaí agus slite beatha na bpáirtithe, agus méid na comaoine.


5. Maidir leis an achomaireacht ar a mbeidh i mbille díolacháin a cheanglaítear leis an Bills of Sale (Ireland) Act (1879) Amendment Act, 1883, a tharchur chuig Cléireach Síochána, déanfar í a tharchur chuig an gCláraitheoir Contae cuí agus is i bhFoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn R a bheidh sí.


6. I gcás ina ndéanfar bille díolacháin a athchlárú faoin Bills of Sale (Ireland) Act, 1879, alt 11, déanfar achomaireacht ar an athchlárú a tharchur leis an bpost chuig an gCláraitheoir Contae ar cheart an achomaireacht sin a bheith tarchurtha chuige dá mbeifí tar éis an bille díolacháin a chlárú faoin Bills of Sale (Ireland) Act (1879) Amendment Act, 1883.


7. I gcás ina mbeidh meabhrá n sá saimh scríofa, nó ina ndéanfar meabhrán sásaimh a scríobh, ar aon chóip chláraithe nó athchláraithe de bhille díolacháin a mbeidh achomaireacht air tarchurtha chuig aon Chláraitheoir Contae, déanfar fógra faoin sásamh sin, i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn R, a tharchur chuig gach Cláraitheoir Contae a mbeidh achomaireacht ar an mbille díolachá in sin tarchurtha chuige.


8. Déanfaidh gach Cláraitheoir Contae na hachomaireachtaí agus na fógraí sásaimh a uimhriú san ord ina bhfaighidh sé iad faoi seach, agus déanfaidh sé iad a chomhdú agus a choimeád ina oifig.


9. Coimeádfaidh gach Cláraitheoir Contae innéacs, agus é leagtha amach de réir na haibítre, ina dtaifeadfaidh sé, faoin gcéad litir de shloinne an mhorgáisteora nó an tsannóra, an sloinne sin, mar aon leis na hainmneacha baiste cuí, leis an seoladh cuí agus leis an tuairisc chuí, agus an uimhir a bheidh greamaithe den achomaireacht.


10. Ar fhógra sásaimh a fháil, taifeadfaidh an Cláraitheoir Contae an fógra sásaimh ar an achomaireacht ar an mbille lena mbainfidh sé, agus nótálfaidh sé san innéacs i gcoinne ainm an mhorgáisteora nó an tsannóra an sásamh a bheith taifeadta.


11. Ceadóidh an Cláraitheoir Contae do dhuine ar bith an t-innéacs a chuardach le linn uaireanta oifige ar tháille £0.50 a íoc, agus sleachta a bhaint as an achomaireacht agus as an bhfógra sásaimh (más ann) ar £0.50 a íoc ar gach achomaireacht a iniúchfar.


12. Má éilítear é, cuirfidh an Cláraitheoir Contae faoi deara, freisin, cóip oifige a dhéanamh d’aon sliocht nó d’aon fhógra sásaimh agus beidh sé i dteideal, as an gcéanna a dhéanamh agus a mharcáil, na táille céanna a bheidh iníoctha sa Phríomh-Oifig.