Ordú 102A

An tAcht um Rialáil Eitlíochta, 2001 : I.R. Uimh. 810 de 2004

1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Rialáil Eitlíochta, 2001, agus ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún um Rialáil Eitlíochta a bunaíodh le halt 5 den Acht.

2. Is le foriarratas iar bhfógra chun an duine a mbeidh faoiseamh á lorg ina choinne a dhéanfar gach iarratas faoi alt 39 den Acht.

3. Is é teideal a chuirfear ar an bhfógra foriarratais “Maidir leis an Acht um Rialáil Eitlíochta, 2001, agus Maidir le hAlt 39 den Acht sin agus ar Iarratas ón gCoimisiún” agus luafar go comair ann an cinneadh nó an iarraidh a mbeidh an t-iarratas á thionscnamh ina leith agus an faoiseamh a bheidh á lorg; luafar ann an dáta ar a mbeidh sé beartaithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar fhaoiseamh agus comhdófar sa Phríomh-Oifig é.

4. Is é foras a bheidh leis an iarratas mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní arna mionnú thar ceann an Choimisiúin. Déanfar an fógra foriarratais agus an mhionnscríbhinn a sheirbheáil ar an duine a mbeidh an faoiseamh á lorg ina choinne.

5. Ní foláir 4 lá ar a laghad a bheith idir tráth seirbheála an fhógra agus an lá a bheidh ainmnithe ann chun an foriarratas a éisteacht.

6. Faoi réir cheart na Cúirte chun cibé ordacháin a thabhairt chuige sin is cuí nó is caoithiúil léi, is le mionnscríbhinn a thabharfar fianaise tráth éisteachta foriarratais faoi riail 2.