Ordú 89

Na hAchtanna um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947-1973

1. Is le toghairm speisialta a dhéanfar iarratas de bhun alt 16 den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947.

2. Féadfar iarratas de bhun alt 11 (1) den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967, a dhéanamh le foriarratas ex parte, a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis, agus is é teideal a chuirfear uirthi ná mar a bheidh i dteideal an chuntais ar chun creidiúna dó a bheidh an éarlais curtha, de bhun Ordú 77, riail 79. Déanfar cóip fhianaithe d’aon ordú á ordá gan an éarlais nó aon chuid di a scaoileadh a thaisceadh leis an gCuntasóir nó a chur chuige.