Ordú 45
Astú fiach
I. Astú fiach.
1. (1) Ar iarratas ex parte ó aon duine a mbeidh breithiúnas nó ordú chun airgead a ghnóthú nó a íoc leis faighte aige, cibé acu sula ndéanfar aon cheistiú ó bhéal ar an bhféichiúnaí a bheidh faoi dhliteanas faoin mbreithiúnas nó faoin ordú sin (dá ngairtear an féichiúnaí breithiúnais anseo feasta) nó dá éis sin, agus ar mhionnscríbhinn ón duine féin nó óna aturnae á rá breithiúnas a bheith gnóthaithe, nó an t-ordú a bheith déanta, agus é a bheith gan sásamh fós, agus an méid a bheidh sé gan sásamh, agus fiacha a bheith ag aon duine eile ar an bhféichiúnaí sin, agus é a bheith laistigh den dlínse, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar na fiacha go léir a bheidh dlite nó ag fabhrú ón tríú duine sin (dá ngairtear an gairnisí anseo feasta) don fhéichiúnaí sin a astú chun freagairt don bhreithiúnas nó don ordú; agus féadfar a ordú leis an ordú céanna, nó le haon ordú ina dhiaidh sin, go láithreoidh an gairnisí os comhair na Cúirte nó os comhair oifigigh don Chúirt, arna cheapadh ag an gCúirt sin, chun cúis a shuíomh le nach ceart dó an fiach a bheidh dlite uaidh don fhéichiúnaí sin, nó an oiread agus is leor de chun an breithiúnas nó an t-ordú a shásamh, a íoc leis an duine a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú sin faighte aige.
(2) Seacht lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta, seirbheálfar an t-ordú nisi ar an ngairnisí agus, mura n-ordófar a mhalairt, ar an bhféichiúnaí breithiúnais nó ar a aturnae. Féadfar seirbheáil ar an bhféichiúnaí breithiúnais a dhéanamh sa tslí a fhoráiltear le hOrdú 121, nó i cibé slí eile a ordóidh an Chúirt.
(3) Sa riail seo folóidh ‘‘aon duine eile’’ gnólacht, a mbeidh cónaí ar aon chomhalta de laistigh den dlínse, agus féadfar ordú gairnisí a dhéanamh i gcoinne aon ghnólachta in ainm an ghnólachta; agus, má dhéanann aon chomhalta a bheidh in alt na huaire laistigh den dlínse láithriú de bhun aon ordaithe a dhéanfar faoin riail seo, is láithriú dóthanach ag an ngnólacht é sin.
2. Má sheirbheáiltear ordú á ordú go ndéanfar fiacha a bheidh dlite nó ag fabhrú d’fhéichiúnaí breithiúnais a astú, nó fógra ina thaobh sin, ar an ngairnisí, i cibé slí a ordóidh an Chúirt, cuirfidh sin ceangal ar na fiacha sin ina lámha.
3. Mura n-íocfaidh an gairnisí isteach sa Chúirt láithreach an tsuim a bheidh dlite uaidh don fhéichiúnaí breithiúnais, nó suim is ionann agus méid an bhreithiúnais nó an ordaithe, agus nach ndíospóidfidh sé an fiach a bheidh dlite uaidh, nó a mbeidh éilithe é a bheith dlite uaidh, don fhéichiúnaí sin, nó mura láithreoidh sé, ansin, féadfaidh an Chúirt a ordú go n-eiseofar forghníomhú, agus féadfar é a eisiúint dá réir sin, gan aon ordú nó próis roimh ré, chun an tsuim a bheidh dlite ón ngairnisí sin a thobhach, nó an oiread agus is leor di chun an breithiúnas nó an t-ordú a shásamh, mar aon le costais na n-imeachtaí sa ghairnisí.
4. Má dhíospóideann an gairnisí a dhliteanas, féadfaidh an Chúirt, in ionad ordú a dhéanamh go n-eiseofar forghníomhú, a ordú go mbeidh aon saincheist nó ceist is gá chun go gcinnfear a dhliteanas le triail nó le cinneadh in aon slí inar féidir aon saincheist nó ceist i gcaingean a thriail nó a chinneadh.
5. Aon uair a mhaífidh an gairnisí, in imeachtaí chun astú fiach a fháil, gur le tríú duine éigin an fiach a mbeifear ag iarraidh é a astú, nó lian nó muirear a bheith ag aon tríú duine air, féadfaidh an Chúirt a ordú don tríú duine sin láithriú, agus an cineál éilimh, agus sonraí an éilimh, a bheidh aige ar an bhfiach sin a lua.
6. Tar éis di líomhaintí aon tríú duine a éisteacht faoi ordú mar a luaitear i riail 5, agus líomhaintí aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt dó, leis an ordú céanna nó le haon ordú ina dhiaidh sin, láithriú, nó i gcás nach láithreoidh an tríú duine sin nuair a ordófar sin dó, féadfaidh an Chúirt a ordú forghníomhú a eisiúint chun an tsuim a bheidh dlite ón ngairnisí sin a thobhach, mar aon le costais na n-imeachtaí sa ghairnisí, nó aon saincheist nó ceist a thriail nó a chinneadh de réir na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, agus féadfaidh sí éileamh an tríú duine sin a urchosc, nó cibé ordú eile a dhéanamh is cuí leis an gCúirt, ar cibé téarmaí, i ngach cás, maidir le lian nó muirear (más ann) an tríú duine sin, agus maidir le costais, is dóigh leis an gCúirt a bheith cóir réasúnach.
7. Beidh íocaíocht a dhéanfaidh an gairnisí, nó forghníomhú a thoibheofar air, faoi aon imeacht den sórt sin a dúradh ina hurscaoileadh bailí dó, i leith na suime a bheidh íoctha nó toibhithe, amhail i gcoinne an fhéichiúnaí breithiúnais, cé go bhféadfar an t-imeacht sin a chur ar ceal, nó an breithiúnas nó an t-ordú a fhreaschur.
8. Is faoi rogha na Cúirte a bheidh costais aon iarratais chun fiacha a astú , agus costais aon imeachtaí a thiocfaidh den iarratas sin nó a ghabhfaidh leis, agus, maidir le costais an chreidiú naí Breithiúnais, mura n-ordófar a mhalairt, déanfar iad a choinneáil as an airgead a bheidh gnó thaithe aige faoin ordú gairnisí, agus sin i dtosaíocht ar mhéid an fhéich bhreithiúnais.
II. Glacadóirí le haghaidh forghníomhú i gcothromas.
9. I ngach cás ina ndéanfar iarratas chun glacadóir le haghaidh forghníomhú i gcothromas a cheapadh, nuair a bheidh an Chúirt á chinneadh an cóir nó an caoithiúil an ceapachán sin a dhéanamh, tabharfaidh sí aird ar mhéid an fhéich a bheidh á éileamh ag an iarratasóir, ar an méid is dóigh don ghlacadóir a fháil, agus ar na costais is dóigh a bhainfidh lena cheapachán, agus féadfaidh sí, má mheasann sí gur cuí é, a ordú aon fhiosrúcháin i dtaobh na nithe sin nó nithe eile a dhéanamh sula ndéanfaidh sí an ceapachán. Déanfar an t-ordú ar cibé téarmaí a ordóidh an Chúirt.