Ordú 44

Astú agus cimiú

I. Ginearálta.

1. Ordófar le hordú astaithe go ndéanfar an duine a mbeidh an t-ordú dírithe ina choinne a thabhairt os comhair na Cúirte chun an díspeagadh a mbeidh an t-ordú eisithe ina leith a fhreagairt, agus is i bhFoirm Uimh. 11 i bhFoscríbhinn F, Cuid II, a bheidh sé.

 

2. Ordófar le hordú cimithe go ndéanfar an duine a mbeidh an t-ordú dírithe ina choinne, ar é a ghabháil, a chur i bpríosún go dtí go mbeidh leorghníomh déanta aige sa díspeagadh sin aige agus go scaoilfear leis de bhun ordaithe eile ón gCúirt, agus is i bhFoirm Uimh. 12 i bhFoscríbhinn F, Cuid II, a bheidh sé.

 

3. Ach amháin i leith cimiú mar gheall ar dhíspeagadh in éadan na Cúirte nó cimiú faoi riail 4 ní dhéanfar aon ordú astaithe nó cimithe a eisiúint ach amháin le cead na Cúirte, ar cead é a iarrfar le foriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí a mbeidh an t-astú nó an cimiú le díriú ina choinne.

 

4. Nuair a dhéanfar an duine a mbeidh ordú astaithe dírithe ina choinne a thabhairt os comhair na Cúirte ar é a ghabháil, féadfaidh an Chúirt scaoileadh leis ar cibé téarmaí agus coinníollacha i dtaobh costas nó eile is cuí léi, nó é a chimiú chun príosúin mar gheall ar an díspeagadh sin aige, ar feadh tréimhse cinnte a shonrófar san ordú, nó go dtí go mbeidh leorghníomh déanta aige sa díspeagadh agus go scaoilfear leis le hordú eile ón gCúirt.

 

5. Féadfaidh duine a mbeidh ordú cimithe dírithe ina choinne iarraidh ar an gCúirt an t-ordú sin a urscaoileadh. Is le foriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí a mbeifear tar éis an t-ordú cimithe a dhéanamh ar a thionscnamh a dhéanfar gach iarratas den sórt sin, agus i gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, ar an bhforiarratas sin a éisteacht, an t-ordú cimithe a urscaoileadh, féadfaidh an Chúirt é sin a dhéanamh ar cibé téarmaí agus coinníollacha i dtaobh costas nó eile is cuí léi.

 

6. Féadfaidh an Chúirt ordú astaithe a dhéanamh i gcás inarb iarratas é ar ordú cimithe, agus vice versa.

 

7. Díreofar gach ordú astaithe nó cimithe chuig Coimisinéir agus comhaltaí an Gharda Síochána.

 

8. Ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den Ordú seo maidir le cimiú faoin Debtors Act (Ireland), 1872, alt 6.

II. An Debtors Act (Ireland), 1872.

9. Agus ordú cimithe chun príosúin faoin Debtors Act (Ireland), 1872 (35 & 36 Vic., c. 57), alt 6, á dhéanamh ag an gCúirt, féadfaidh sí an phríosúnacht sin a dhéanamh in-fhoirceanta ar an tsuim iomlán a íoc a mbeidh mainnithe ina leith ag an duine a bheidh le príosúnú, mar aon le cibé costais is cuí leis an gCúirt, nó féadfaidh sí a ordú go ndéanfar an fiach a íoc i cibé tráthchodanna is cuí leis an gCúirt, agus an phríosúnacht a dhéanamh infhoirceanta ar cibé costais agus cibé cinn de na tráthchodanna sin is cuí leis an gCúirt a íoc; agus i gceachtar de na cásanna sin féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfar suim i gcomhlán in ionad costas fómhasta.

 

10. Féadfaidh orduithe cimithe faoin Acht sin a bheith i gceann d’Fhoirmeacha Uimh. 13 agus 14 i bhFoscríbhinn F, Cuid II, agus seachadfar dhá chóip de gach ordú díobh sin ar Choimisinéir an Gharda Síochána, agus na sonra a cheanglaítear le hOrdú 42, riail 16, formhuinithe air.

 

11. Díreach tar éis na gabhála déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána a mbeidh an t-ordú cimithe á fhor- ghníomhú aige dáta cruinn na gabhála sin a fhormhuiniú ar gach cóip den ordú agus fágfaidh sé cóip amháin arna formhuiniú amhlaidh ag Rialtóir an phríosúin ina gcuirfear an féichiúnaí agus déanfaidh sé, laistigh de dhá lá, an chóip eile den ordú, arna formhuiniú amhlaidh, a chur ar ais chuig aturnae an duine a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú á thabhairt ar aghaidh aige, nó chuig an duine sin féin más i bpearsa a bheidh sé ag gníomhú.

 

12. Ar an tsuim nó na suimeanna chuige sin a bheidh luaite san ordú cimithe, maille leis na costais nó an tsuim chomhlá n in ionad costas, is iníoctha leis an ordú , a íoc beidh an duine a bheidh cimithe i dteideal deimhnithe i bhFoirm Uimh. 15 i bhFoscríbhinn F, Cuid II, arna shíniú ag aturnae an duine a mbeidh an breithiú nas nó an t-ordú nach mbeifear tar é is gé illeadh dó á thabhairt ar aghaidh aige, nó , má s i bpearsa a bheidh an duine sin ag gníomhú, ansin arna shíniú aige féin agus arna fhianú ag aturnae nó ag feidhmeannach síochána.

 

13. Ní dhéanfaidh aon iarratas a dhéanfar faoin alt 6 a dúradh, ná aon ordú a dhéanfar air sin, aon cheann de na leigheasanna a mbeadh an duine a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú nach mbeidh géillte dó á thabhairt ar aghaidh aige ina theideal, i gcoinne mhaoin an duine nach mbeidh ag géilleadh don bhreithiúnas nó don ordú sin, dá mba rud é nach mbeadh aon iarratas den sórt sin déanta, a athrú nó a chur ar fionraí ar shlí ar bith; ach féadfaidh an duine a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú sin á thabhairt ar aghaidh aige dul ar aghaidh chun leas a bhaint as na leigheasanna sin gan aon aird ar an iarratas sin nó ar aon ordú arna dhéanamh air sin, ach amháin a mhéid a bhféadfar, leis an ordú sin is deireanaí a luaitear, é a shrianadh go sainráite ó leas a bhaint as na leigheasanna sin.

 

14. I gcás ina ndéanfar aon ordú faoin alt sin 6 chun suim airgid a íoc ina tráthchodanna, agus go bhfailleoidh nó go ndiúltóidh an duine a bheidh príosúnaithe, tar éis é a scaoileadh as an bpríosún, na tráthchodanna ina dhiaidh sin nó aon cheann díobh a íoc, beidh an duine a mbeidh an breithiúnas nó an t-ordú ar ina leith a mbeifear tar éis a ordú na tráthchodanna sin a íoc á thabhairt ar aghaidh aige, i dteideal, de bhreis ar a chuid leigheasanna i gcoinne mhaoin an duine a bheidh ag mainneachtain, orduithe cimithe a iarraidh ó thráth go chéile mar gheall ar neamhíoc aon tráthchoda amháin nó níos mó de na tráthchodanna sin ina dhiaidh sin.