Ordú 69

Cosantóir a ghabháil faoin Debtors Act (Ireland), 1872

1. Is le mionnscríbhinn agus ex parte a dhéanfar ordú gabhála faoin Debtors Act (Ireland), 1872, alt 7 (agus is i bhFoirm Uimh. 16 i bhFoscríbhinn F, Cuid II, a bheidh sé), ach féadfaidh an cosantóir, tráth ar bith tar éis na gabhála, a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú a chealú nó a athrú, nó go ndéanfaí é a scaoileadh as coimeád, nó féadfaidh sé cibé faoiseamh eile is cóir a iarraidh ar an gCúirt.

 

2. Sula ndéanfar ordú gabhála a sheachadadh ar an nGarda Síochána déanfar áit chláraithe ghnó aturnae an ghearánaí, nó seoladh seirbheála an ghearánaí féin mar a cheanglaítear le hOrdú 4, rialacha 14 agus 15, a fhormhuiniú air.

 

3. Féadfaidh sé gurb é a bheidh san urrús a bheidh le tabhairt ag an gcosantóir an tsuim a bheidh luaite san ordú a thaisceadh sa Chúirt, nó banna don ghearánaí ó n gcosantóir agus beirt leorurra (nó, le cead ón gCúirt, urra amháin nó níos mó ná beirt urra), nó, le toiliú an ghearánaí, aon chineál eile urrúis. Féadfaidh an gearánaí, laistigh de cheithre lá tar éis sonraí a fháil i dtaobh ainmneacha agus sheoltaí na n-urraí beartaithe, fógra a thabhairt á rá é a bheith ag cur ina choinne sin, agus sonraí a agóidí á lua aige san fhógra. Sa chás sin déanfaidh an Máistir dóthanacht an urrúis a chinneadh agus beidh cumhacht aige costais a dhámhachtain do cheachtar páirtí. Beidh sé de dhualgas ar an ngearánaí coinne a fháil chun na críche sin agus, mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de cheithre lá tar éis fógra agóide a thabhairt, measfar gur leor an t-urrús.

 

4. Beidh an t-airgead a thaiscfear, maille leis an urrús, agus gach imeacht air sin, faoi réir ordú agus rialú na Cúirte.

 

5. Mura n-ordófar a mhalairt, beidh na costais a ghabhfaidh agus a bhainfidh le hordú gabhála ina gcostais sa chúis.

 

6. Ar an tsuim a bheidh luaite san ordú a íoc isteach sa Chúirt, tabharfar admháil, agus ar an mbanna nó ar an urrús eile a fháil, tabharfar deimhniú sa chéill sin, arna shíniú nó arna fhianú ag aturnae an ghearánaí, má tá aturnae aige, nó ag an ngearánaí, má agraíonn sé i bpearsa. Tabharfaidh seachadadh na hadmhála sin, nó deimhnithe, ar an oifigeach a mbeidh an t-ordú á fhorghníomhú aige teideal don chosantóir chun bheith scaoilte as coimeád.

 

7. An t-oifigeach a mbeidh gabháil á déanamh aige faoi ordú den sórt sin, déanfaidh sé dáta cruinn na gabhála a fhormhuiniú ar an ordú laistigh de dhá lá tar éis na gabhála sin.