Ordú 132

Iarratais de bhun Airteagal 28.4.3 den Bhunreacht : I.R. Uimh. 281 de 1998

1. San Ordú seo:

folaíonn “iarratas” iarratas ó pháirtí in imeachtaí in aon Chúirt seachas an Ard-Chúirt agus iarratas ó bhinse faoi Airteagal 28.4.3 den Bhunreacht;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;

folaíonn “páirtí” an gearánaí, an comhghearánaí, an cosantóir, an comhchosantóir, an frithéilitheoir, ionchúisitheoir, cúisí agus, chun críocha an Ordaithe seo, binse arna cheapadh ag an Rialtas nó ag Aire den Rialtas le húdarás Thithe an Oireachtais chun fiosrú a dhéanamh faoi ní a luafaidh siad ina thaobh go bhfuil tábhacht phoiblí ann.

Iarratas chun na Cúirte

2. Is trí thoghairm speisialta a thosóidh páirtí iarratas chun na Cúirte lena lorgaítear pléití i dtaobh ní áirithe ag cruinnithe den Rialtas a nochtadh. Déanfar an páirtí a thionscnóidh an t-iarratas a ainmniú sa chéanna mar an gearánaí. I ngach iarratas den sórt sin, déanfar an Rialtas a ainmniú sa chéanna mar an cosantóir.

Fógra maidir le hIarratas

3. Tabharfar fógra faoi na himeachtaí:

(a) don Ard-Aighne;

(b) d’aon pháirtí eile ar páirtí é in imeachtaí i gCúirt eile;

(c) don Chúirt eile sin; agus

(d) i gcás iarratais ó bhinse, do Thithe an Oireachtais agus d’aon Aire iomchuí a cheap an binse.

4. Beidh mar thaca leis an toghairm speisialta mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí a thionscnóidh an t-iarratas, nó thar ceann an pháirtí sin, ar mionnscríbhinn í ina leagfar amach go hiomlán an bonn ar a líomhnaítear gur ceart an nochtadh a lorgaítear a dhéanamh.

5. Déanfaidh an gearánaí an cosantóir a sheirbheáil a luaithe is féidir agus, tar éis dó fógra a thabhairt do na fógra-pháirtithe a cheanglaítear agus gan aon mhoill, déanfaidh sé foriarratas chuig an gCúirt lena lorgaítear ordacháin na Cúirte maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) malartú pléadálacha, comhdú mionnscríbhinní, seirbheáil pointí éilimh nó pointí cosanta nó cibé nithe eile is dealraitheach don Chúirt a bheith cuí;

(ii) seirbheáil an fhógra faoi imeachtaí ar aon pháirtithe eile a bhfuil baint dhíreach acu, nó a bhféadfadh baint dhíreach a bheith acu, leis na saincheisteanna is cúis leis an iarratas;

(iii) follasú doiciméad;

(iv) tráth agus modh trialach;

6. Tabharfaidh an Chúirt cibé ordacháin is gá i ndáil le héisteacht an iarratais chun a chinntiú go n-éistfear é a luaithe is féidir.

7. In aon chás ina bhfuil iarratas le tionscnamh ag páirtí in aon imeachtaí atá ar feitheamh san Ard-Chúirt, ní bheidh feidhm ag Riail 2 agus déanfar an t-iarratas a thionscnamh trí fhógra foriarratais sna himeachtaí agus beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialacha 3 go 6 go huile maidir le hiarratas den sórt sin.