Ordú 112

Achomhairc faoi Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) (Leasú), 1983

1. Is le toghairm speisialta a thionscnófar gach achomharc chun na Cúirte faoi Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) (Leasú), 1983, alt 13.

2. Is é teideal a chuirfear ar an toghairm ná maidir leis an Acht sin, agus ar iarratas ón duine a mbeidh an t-achomharc á thionscnamh aige, agus luafar inti an bhreith ón mBinse Cíosa (dá ngairtear an Binse anseo ina dhiaidh seo) a mbeidh achomharc á dhéanamh ina haghaidh agus na forais achomhairc.

3. Seirbheálfar an toghairm ar gach páirtí i mbreith an Bhinse.

4. Eiseofar an toghairm laistigh de thrí mhí tar éis don Bhinse cinneadh a dhéanamh nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a lamhálfaidh an Chúirt.

5. Is le toghairm speisialta, dar teideal maidir leis an Acht a dúradh agus ar iarratas ón Aire a dúradh, a chuirfear aon cheist a tharchuirfidh an tAire Comhshaoil chun na Cúirte. Luafar go comair sa toghairm an cheist a bheidh tarchurtha chun breith na Cúirte a fháil uirthi agus seirbheálfar í ar gach páirtí san iarratas chun an Bhinse.