Ordú 113A

Achomhairc faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Córas Ginearálta maidir le hAitheantas a Thabhairt do Dhioplómaí Ardoideachais), 1991 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Dara Córas Ginearálta maidir le hAitheantas a Thabhairt d’Oideachas Ga

1. San Ordú seo:

ciallaíonn “Rialacháin 1991” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Córas Ginearálta maidir le hAitheantas a Thabhairt do Dhioplómaí Ardoideachais), 1991.

ciallaíonn “Rialacháin 1996” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Dara Córas Ginearálta maidir le hAitheantas a Thabhairt d’Oideachas Gairmiúil agus d’Oiliúint Ghairmiúil), 1996.

2. (1) Maidir le hachomharc i gcoinne cinnidh ó aon údarás ainmnithe, cibé acu faoi Rialachán 11 de Rialacháin 1991 nó faoi Rialachán 15 de Rialacháin 1996, tionscnófar é trí fhoriarratas iar bhfógra don údarás ainmnithe iomchuí ar i gcoinne a chinnidh atá an t-achomharc á thionscnamh. Déanfar an foriarratas sin a thionscnamh laistigh de thréimhse 42 lá ón dáta a chuirtear an cinneadh in iúl don iarratasóir.

(2) Maidir le hachomharc i leith mainneachtana ar thaobh aon údaráis ainmnithe cinneadh a thabhairt mar a cheanglaítear le Rialacháin 1991 nó le Rialacháin 1996, is trí fhoriarratas iar bhfógra don údarás ainmnithe iomchuí a thionscnófar é agus tionscnófar é laistigh de 42 lá ó dhul in éag na tréimhse ceithre mhí dá dtagraítear i Rialachán 10 de Rialacháin 1991 nó i Rialachán 14 de Rialacháin 1996, de réir mar a bheidh.

3. Is maidir leis na rialacháin iomchuí an teideal a bheidh ar an bhfógra foriarratais; ar iarratas ón duine a thionscnaíonn an t-achomharc; luafar ann an faoiseamh atáá lorg; luafar ann ainm agus áit chónaithe nó seoladh le haghaidh seirbheála an duine a bhfuil an faoiseamh á lorg aige; luafar ann an dáta a bheartaítear iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar fhaoiseamh agus comhdófar é sa Phríomh-Oifig.

4. Tabharfar fógra faoin bhforiarratas don údarás ainmnithe iomchuí, ar choinníoll, má dhealraíonn sé don Chúirt ag aon chéim gur cheart go mbeadh fógra tugtha d’aon duine eile nár tugadh an fógra sin dó, go bhféadfaidh an Chúirt éisteacht an chéanna a chur ar atráth chun go bhféadfar an fógra sin a thabhairt, ar cibé téarmaí (más ann) is cuí leis an gCúirt a fhorchur.

5. Mura dtugann an Chúirt cead speisialta dá mhalairt, ní foláir 10 lá iomlána ar a laghad a bheith idir seirbheáil an fhógra agus an lá a bheidh ainmnithe ann chun an foriarratas a éisteacht.

6. (1) Faoi réir cheart na Cúirte cibé ordacháin, maidir le fianaise bhéil nó eile, a thabhairt is cuí nó is caoithiúil léi, is trí mhionnscríbhinn a thabharfar fianaise ag éisteacht foriarratais faoi riail 2.

(2) Déanfar aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid mar thaca leis an bhforiarratas a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus déanfar cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin a sheirbheáil leis an bhfógra. Déanfaidh an freagróir nó aon fhógra-pháirtí aon mhionnscríbhinn a úsáidfear i gcoinne an iarratais a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh de 21 lá ó mhionnscríbhinn an iarratasóra a sheirbheáil agus ní foláir don fhreagróir nó don fhógra-pháirtí, de réir mar a bheidh, cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin a bheartaíonn sé a úsáid a sheirbheáil ar an iarratasóir laistigh den tréimhse sin.