Ordú 105A

Achomhairc ón mBinse Cúitimh i nDáil le Heipitíteas C : I.R. Uimh. 392 de 1998

1. Is trí fhógra foriarratais tionscnaimh a thionscnófar achomharc chun na hArd-Chúirte faoi alt 5 (15) nó faoi alt 5 (16) den Acht um Binse Cúitimh i nDáil le Heipitíteas C, 1997 (“an tAcht”).

2. (1) I gcás go dtionscnaíonn éilitheoir achomharc i gcoinne dámhachtana, eiseofar fógra foriarratais den sórt sin laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar fógra maidir leis an dámhachtain a dhéanamh nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a fhorordóidh an tAire.

(2) I gcás go dtionscnaítear achomharc i gcoinne cinnidh ón mBinse (seachas dámhachtain), eiseofar fógra foriarratais den sórt sin laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh.

(3) I gcás go dtionscnaíonn éilitheoir achomharc, féadfaidh an tAire cros-achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin ón dáta a sheirbheálfar an fógra foriarratais ar an Aire. Is trí fhógra foriarratais a dhéanfar cros-achomharc den sórt sin. Cuirfidh achomharc ó aon pháirtí an ní a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne i saincheist go hiomlán agus ní cheanglófar fógra cros-achomhairc maidir leis an tsaincheist sin ó aon pháirtí eile.

(4) I gcás go ndéanann an tAire nó gníomhaireacht iomchuí achomharc a thionscnamh faoi alt 5 (16) den Acht, tionscnófar achomharc den sórt sin laistigh de mhí amháin ón dáta a dhéanfar damáistí forthromaithe nó eiseamláireacha a dhámhachtain.

(5) Maidir le haon achomharc arna thionscnamh ag duine de bhun alt 6 (3) (e) den Acht, tionscnófar é trí fhógra foriarratais tionscnaimh laistigh de shé mhí ó dháta thosach feidhme na rialacha seo nó laistigh de cibé tréimhse eile a cheadóidh an Chúirt faoi Ordú 122.

3. (1) Maidir le haon fhógra foriarratais lena ndéantar achomharc i gcoinne aon dámhachtana nó aon chinnidh eile nó lena ndéantar cros-achomharc i gcoinne achomhairc arna thionscnamh ag éilitheoir, seirbheálfar é leis an ngnáthphost réamhíoctha.

(2) Maidir le héilitheoir nó le duine atá ag déanamh achomhairc i gcoinne dámhachtana faoi alt 6 (3) (e), i gcás go dtionscnaíonn sé achomharc déanfar é a sheirbheáil ar an Aire agus ar aon ghníomhaireacht iomchuí freisin, más cuí sin. Is é agus is í an tAire agus an ghníomhaireacht iomchuí sin (más ann) an freagróir (nó na freagróirí) san achomharc.

(3) I gcás go ndéanann an tAire nó gníomhaireacht iomchuí achomharc a thionscnamh, déanfar é a sheirbheáil ar an éilitheoir agus ar an Aire, mura bhfuil sé ag tionscnamh an achomhairc, nó ar an ngníomhaireacht iomchuí, mura bhfuil sí ag tionscnamh an achomhairc, de réir mar is cuí.

(4) I ngach achomharc, déanfaidh an duine atá ag tionscnamh an achomhairc cóip den achomharc a sheirbheáil ar an mBinse.

4. (1) Ní foláir deich lá ar a laghad a bheith idir dáta seirbheála an fhógra foriarratais agus an dáta a bheidh sonraithe ann chun an foriarratas a éisteacht.

(2) Beidh mar fhoras le gach fógra foriarratais lena dtionscnaítear achomharc mionnscríbhinn an achomharcóra agus cibé mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní eile is dealraitheach a bheith cuí, agus beidh mar fhoras le gach cros-achomharc a dhéanfaidh an tAire cibé mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní a fhéadfar a chomhdú thar ceann an Aire. Féadfaidh aon fhreagróir in achomharc mionnscríbhinn freagartha ar an gcéanna a chomhdú laistigh de 28 lá ó fhógra achomhairc den sórt sin a fháil nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a cheadóidh an Chúirt.

(3) Déanfar an méid seo a leanas sa mhionnscríbhinn a ghabhann le gach achomharc a thionscnóidh éilitheoir nó duine a bheidh ag déanamh achomhairc i gcoinne dámhachtana faoi alt 6(3)(e):

(a) foilseánfar inti an t-iarratas a rinneadh chuig an mBinse nó chuig Binse na scéime neamhreachtúla, de réir mar a bheidh;

(b) foilseánfar inti an fhianaise scríofa liachta nó an fhianaise shaineolach scríofa iomchuí eile a tugadh ar aird;

(c) foilseánfar inti aon ábhar iomchuí eile a tugadh ar aird thar ceann an éilitheora sin nó an duine sin;

(d) foilseánfar inti cibé taifead scríofa (más ann) ar na himeachtaí agus ar an gcinneadh a rinne an Binse nó Binse na scéime neamhreachtúla, de réir mar a bheidh;

(e) foilseánfar inti cóip de dhámhachtain iomchuí nó de chinneadh iomchuí an Bhinse nó de dhámhachtain Bhinse na scéime neamhreachtúla, de réir mar a bheidh;

(g) foilseánfar inti tarscaoileadh aon chirt caingne a cheanglaítear le halt 5(18) den Acht agus/nó aon fhógra maidir le scor d’imeachtaí a tionscnaíodh cheana féin;

(h) luafar inti go comair na forais ar ar tionscnaíodh an t-achomharc;

(i) más rud é go bhfuil an t-éilitheoir nó an duine atá ag déanamh achomhairc i gcoinne dámhachtana faoi alt 6 (3) (e) ag iarraidh go n-éistfí an t-achomharc ar shlí eile seachas go poiblí, sonrófar an méid sin inti.

(4) I gcás go dtionscnaíonn an tAire cros-achomharc, fíorófar é le mionnscríbhinn ina leagfar amach go comair na forais atá le haon achomharc den sórt sin agus ina bhfoilseánfar an t-ábhar iomchuí a bhaineann le cros-achomharc den sórt sin. Féadfaidh an t-achomharcóir mionnscríbhinn freagartha a chomhdú laistigh de 28 lá ó fhógra maidir le cros-achomharc den sórt sin a fháil.

(5) I gcás go dtionscnaíonn an tAire nó gníomhaireacht iomchuí achomharc maidir le dámhachtain damáistí forthromaithe nó eiseamláireacha, fíorófar achomharc den sórt sin le mionnscríbhinn ina leagfar amach go comair na forais achomhairc agus ina bhfoilseánfar an t-ábhar iomchuí go léir a bhaineann le hachomharc den sórt sin.

(6) I gcás go dtionscnaíonn an tAire nó an ghníomhaireacht iomchuí achomharc den sórt sin faoi alt 5(16) den Acht féadfaidh an t-éilitheoir, laistigh d'ocht lá is fiche ó achomharc den sórt sin a fháil, mionnscríbhinn freagartha nó mionnscríbhinní freagartha ar an gcéanna a chomhdú agus féadfaidh an t-éilitheoir, in aon mhionnscríbhinn den sórt sin nó trí litir i scríbhinn nó ag éisteacht achomhairc den sórt sin, a iarraidh go n-éistfí achomharc den sórt sin go poiblí.

5. Déanfar achomharc nó cros-achomharc arna thionscnamh de bhun an Achta a éisteacht agus a chinneadh ar mhionnscríbhinn ar an gcoinníoll go bhféadfaidh éilitheoir nó a lia-chleachtóir nó a shaineolaí liachta nó iad araon nó go bhféadfaidh aon duine eile, le cead na Cúirte, fianaise bhéil a thabhairt don Chúirt. Maidir le haon achomharc nó achomhairc a bhaineann le comhdhámhachtain a thug an Binse d’éilitheoir agus dá chéile, is ar bhonn comhpháirteach a éistfear an t-achomharc sin.

6. Aon duine ar mian leis cead na Cúirte a lorg chun achomharc a dhéanamh de bhun alt 5(19) den Acht, déanfaidh sé nó sí, laistigh de lá is fiche ó dháta an chinnidh ón gCúirt, fógra a thabhairt d'aon pháirtí eile maidir leis an gceist shonraithe dlí ar ina leith atá cead á lorg.

7. Beidh feidhm ag forálacha Ordú 22 riail 10(10) mutatis mutandismaidir le hiarratas de bhun alt 5(13) den Acht ar cheadú na Cúirte, ar ceadú é a lorgófar trí na páipéir go léir is gá a thaisceadh laistigh de mhí amháin ón bhfógra maidir leis an dámhachtain a thabhairt.

8. Beidh feidhm ag forálacha Rialacha 1 go 7 maidir le haon Achomhairc atá ar marthain ar dháta thosach feidhme na Rialacha seo a mhéid a fhéadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte a ordú dá rogha féin.