Ordú 61

Achomhairc ón gCúirt Chuarda

1. San Ordú seo:


ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936;


folaíonn ‘‘Cláraitheoir Contae’’ aon leas-Chláraitheoir Contae agus aon duine a bheidh ceaptha chun gníomhú mar Chláraitheoir Contae nó leas-Chláraitheoir Contae agus freisin, i gcás ina gceadóidh an comhthéacs é, aon duine a bheidh ceaptha chun gníomhú mar Chláraitheoir don Ard-Chúirt ar Cuaird.


2. Is le fógra achomhairc a dhéanfar gach achomharc faoi Chuid IV den Acht agus seirbheálfar é ar gach páirtí a ndéanfaidh an t-achomharc difear dó go díreach laistigh de dheich lá ó dháta fógartha an bhreithiúnais nó an ordaithe, a mbeifear ag achomharc ina choinne, i gcú irt oscailte. Luafar san fhógra achomharc a bheith á dhéanamh i gcoinne an iomláin nó gan é a bheith á dhéanamh ach i gcoinne coda den bhreithiúnas nó den ordú, agus, sa chás deiridh, sonrófar an chuid sin ann. I gcás achomharc chun na hArdChúirte ina suí di i mBaile Átha Cliath, is fógra don chéad uair a bheidh caoi ann chuige sin tar éis deich lá a bheith caite ó dháta na seirbheála a bheidh san fhógra, agus, i gcás achomharc chun na hArd-Chúirte ar Cuaird, is fógra don chéad suí eile den Ard-Chúirt ar Cuaird tar éis na deich lá a dúradh a bheith caite a bheidh ann. Is i bhFoirm Uimh. 1 nó i bhFoirm Uimh. 2 (de réir mar a bheidh) i bhFoscríbhinn I a bheidh an fógra achomhairc sin.


3. Déanfaidh an t-achomharcóir, laistigh den tréimhse deich lá a dúradh ó dháta fógartha an bhreithiúnais nó an ordaithe a mbeifear ag achomharc ina choinne.

(a) i gcás achomharc chun na hArd-Chúirte ina suí di i mBaile Átha Cliath, dhá chóip den fhógra achomhairc,
(b) in aon chá s eile, có ip amhá in den fhó gra achomhairc, a mbeidh dáta na seirbheála formhuinithe uirthi, mar aon le mionnscríbhinn seirbheála, a thaisceadh le Cláraitheoir Contae an Chontae ina mbeifear tar éis an cás a éisteacht, agus déanfaidh sé, roimh an lá a bheidh ainmnithe chun an t-achomharc a éisteacht, cóip fhianaithe den bhreithiú nas nó den ordú a mbeifear ag achomharc ina choinne a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae sin, mar aon le cóip, i gcás aon chaingne nó ábhair nach mbeifear tar éis aon fhianaise béil a thabhairt tráth a héisteachta nó a éisteachta, nó chun í nó é a chinneadh, de na doiciméid agus na foilseáin go léir a bheifear tar éis a ghlacadh i bhfianaise nó a úsáid ar an gcaingean sin nó ar an ábhar sin a éisteacht nó a chinneadh.


4. I gcás achomharc chun na hArd-Chúirte ina suí di i mBaile Átha Cliath, déanfaidh an Cláraitheoir Contae—

(a) dáta taiscthe an fhógra achomhairc a fhormhuiniú ar an dá chóip den fhógra agus, laistigh de cheithre lá ón dáta sin, ceann amháin de na cóipeanna sin a tharchur chuig an bPríomh-Oifig,
(b) cóip dheimhnithe den bhreithiúnas nó den ordú a mbeifear ag achomharc ina choinne a tharchur chuig an bPríomh-Oifig, a luaithe is féidir tar éis dó an céanna a fháil, agus

(c) i gcás aon chaingne nó ábhair nach mbeifear tar éis aon fhianaise béil a thabhairt tráth a héisteachta nó a éisteachta, nó chun í nó é a chinneadh, na cóipdhoiciméid agus na foilseáin agus na mionnscríbhinní (más ann) a mbeifear tar éis a thaisceadh leis.


5. Ní gá, in aon imthosca, do pháirtí a mbeidh fógra achomhairc seirbheáilte air fógra a thaisceadh nó a sheirbheáil i bhfoirm cros-achomhairc, ach, má tá ar intinn ag an bpáirtí sin, nuair a bheidh an t-achomharc á éisteacht, a iarraidh go ndéanfar an breithiúnas nó an t-ordú a mbeifear ag achomharc ina choinne a athrú, déanfaidh sé, laistigh de cheithre lá ón tseirbheáil sin air, fógra á rá é sin a bheith ar intinn aige a thabhairt d’aon pháirtí a ndéanfaidh an t-iarratas sin difear dó go díreach.


6. Ní oibreoidh achomharc mar bhac ar imeachtaí ar an mbreithiúnas nó ar an ordú a mbeifear ag achomharc ina choinne mura n-ordóidh an Breitheamh Cuarda nó, ar achomharc, an Ard-Chúirt ina suí di i mBaile Átha Cliath, é, agus ansin féin ní oibreoidh sé ach ar cibé téarmaí (más ann) a shocróidh an Breitheamh Cuarda nó an Ard-Chúirt ina suí di i mBaile Átha Cliath (de réir mar a bheidh). Is le fógra foriarratais, a sheirbheálfar ar gach páirtí dá ndéanfaidh an t-iarratas difear agus a thaiscfear leis an gCláraitheoir Contae laistigh de cheithre lá tar éis an t-iarratas a dhéanamh chuig an mBreitheamh Cuarda, a dhéanfar an t-achomharc sin. Déanfaidh an Cláraitheoir Contae, laistigh de dhá lá tar éis an fógra foriarratais sin a thaisceadh, é a tharchur chuig an bPríomh-Oifig.


7. I gcás aon achomhairc, má thugann an t-achomharcóir, roimh an lá chun an t-achomharc a éisteacht, fógra i scríbhinn do gach páirtí ar a mbeidh fógra achomhairc seirbheáilte, agus don Chláraitheoir Contae, á rá gan é a bheith ar intinn aige an t-achomharc a thabhairt ar aghaidh, ní bheidh le híoc ag an achomharcóir ach na costais a bheidh tabhaithe go cuí agus de riachtanas roimh dháta seirbheála an fhógra sin i scríbhinn.


8. I gcás inar mian le haon pháirtí fianaise nua a thabhairt ar aird nuair a bheidh achomharc á éisteacht in aon chaingean nó ábhar nach mbeifear tar éis aon fhianaise béil a thabhairt tráth a héisteachta nó a éisteachta, nó chun í nó é a chinneadh, seirbheálfaidh agus taiscfidh sé mionnscríbhinn inaleagfaramachcineálnafianaise, mailleleisnafáthannanach mbeifear tar éis í a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda. Beidh aon pháirtí ar a ndéanfar an mhionnscríbhinn sin a sheirbheáil i dteideal mionnscríbhinn freagartha a sheirbheáil agus a thaisceadh, nó cead a iarraidh ar an gCúirt, nuair a bheidh an t-achomharc á éisteacht, cibé fianaise, ó bhéal nó eile, a thabhairt ar aird is gá chun an fhianaise nua sin a fhreagairt, ar an gcoinníoll, áfach, go bhféadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, fianaise nua a ghlacadh, ó bhéal nó eile, ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt, agus go bhféadfaidh sí a ordú don teisteoir freastal lena chroscheistiú in aon mhionnscríbhinn a mbeifear tar éis í a úsáid sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt.


9. Is fógra dhá lá a bheidh san fhógra achomhairc i gcoinne iarratas ex parte a dhiúltú, agus ní gá aon duine a sheirbheáil.


10. I gcás inar mian le cosantóir achomharc arna thionscnamh ag comhchosantóir a chonspóid mar fhreagróir, de bhun an Achta um Dhliteanas Sibhialta, 1961, alt 32 (3), déanfaidh sé fógra á rá é a bheith ar intinn aige é sin a dhéanamh a sheirbheáil i bhFoirm Uimh. 30 i bhFoscríbhinn C ar an gcomhchosantóir sin agus ar an ngearánaí, agus ar aon pháirtí eile a ndéanfaidh sé difear dó go díreach, laistigh de sheacht lá ó dháta seirbheála an fhógra achomhairc air, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe ama a lamhálfaidh an Chúirt, agus déanfaidh sé cóip den fhógra á rá é a bheith ar intinn aige an t-achomharc a chonspóid a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae tráth nach déanaí ná an lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil go deireanach.


11. Déanfaidh an Cláraitheoir Contae gach breithiúnas nó ordú ón Ard-Chúirt ar Cuaird a dhréachtú agus a shíniú, agus déanfaidh Cláraitheoir na hArd-Chúirte ina suí di i mBaile Átha Cliath gach breithiúnas nó ordú ón gCúirt sin a dhréachtú agus a shíniú, agus tarchuirfidh sé cóip de chuig Cláraitheoir Contae an chontae chuí. Luafar i ngach breithiúnas nó ordú ón gCúirt é a bheith déanta le costais nó gan chostais, agus cuirfear isteach ann an tsuim (más ann) a bheidh iníoctha i leith costas, lena n-áirítear caiteachais fhinnéithe, ach amháin i cibé cásanna a dtarchuirfidh an Chúirt na costais agus na caiteachais sin lena bhfómhas.


12. Déanfaidh Cláraitheoir Contae an chontae chuí costais achomharc, nuair a tharchuirfear iad lena bhfó mhas, a fhó mhas (agus chun na críche sin beidh cumhachtaí uile Máistir Fómhais aige). Déanfar na costais sin, faoi réir aon ordacháin speisialta ón gCúirt, a fhó mhas de ré ir an scála a bheidh infheidhme maidir le caingean nó ábhar arna tionscnamh nó arna thionscnamh, nó arna héisteacht nó arna éisteacht, sa Chúirt Chuarda, i dteannta aon eisíoca is gá agus na n-ítimí atá leagtha amach i bhFoscríbhinn W, Cuid V. Is le fógra foriarratais chun na hArd-Chúirte ina suí di i mBaile Átha Cliath a dhéanfar aon iarratas chun fómhas a bheidh déanta faoin riail seo a athbhreithniú agus seirbheálfar é ar na páirtithe go léir dá ndéanfaidh an t-iarratas difear agus taiscfear sa Phríomh-Oifig é laistigh de dheich lá ó dháta an deimhnithe fómhais. Sonrófar san fhógra foriarratais na hítimí nó na codanna díobh a mbeifear ag agóid ina gcoinne, maille leis na forais agus na fáthanna leis an agóid sin, agus déanfar cóip den fhógra sin a tharchur láithreach ón bPríomh-Oifig chuig an gCláraitheoir Contae chun a thuarascáil nó a thuairim a fháil air. Le linn costais a fhómhas faoin riail seo, tabharfaidh an Clá raitheoir Contae aird ar na costais a bheidh ceadaithe, nó incheadaithe, i leith éisteacht an cháis sa Chúirt Chuarda.


13. Más rud é, faoin Ordú seo, go gceanglófar nó go n-údarófar aon doiciméad a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae, nó go gceanglófar nó go n-údarófar aon fhógra a thabhairt don Chláraitheoir Contae, féadfar é a thaisceadh nó a thabhairt tríd an doiciméad nó an fógra a fhágáil ag an gCláraitheoir Contae nó trína chur ar aghaidh leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig an gCláraitheoir Contae agus, sa chás deireanach sin, is é an lá a bhfaighidh an Cláraitheoir Contae an doiciméad nó an fógra iarbhír dáta an taiscthe nó na fála.


14. Maidir leis an bpáirtí a mbeidh fógra achomhairc nó fógra nó doiciméad eile le seirbheáil air, aon uair a bheidh sé tar éis láithriú trí aturnae, tráth éisteachta an agra nó an ábhair, ar ócáid déanta an bhreithiúnais nó an ordaithe a mbeifear ag achomharc ina choinne, déanfar gach fógra agus gach doiciméad eile a bheidh le seirbheáil ar an bpáirtí sin a sheirbheáil ar an aturnae a mbeidh an páirtí sin tar éis láithriú tríd amhlaidh, agus déanfár an tseirbheáil sin trí na fógraí nó na doiciméid sin a fhágáil in oifig an aturnae sin.


15. Is é an modh chun aon fhógra achomhairc, nó aon fhógra nó doiciméad eile, a sheirbheáil ar pháirtí nach mbeidh tar éis láithriú trí aturnae mar a dúradh ná trína sheirbheáil go pearsanta ar an bpáirtí sin, nó trína fhágáil in á it chó naithe an phá irtí sin, le clé ireach, seirbh´ýseach, banché ile nó leanbh, nó duine eile san áit chónaithe sin a bheidh os cionn sé bliana déag d’aois, nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe arna díriú chuig an bpáirtí sin san áit chónaithe is deireanaí is eol a bheith aige.


16. I gcás nach modh seirbheála a bheidh indéanta le réasún an modh seirbheála a dúradh beidh cumhacht ag an gCúirt a mheas gur leorsheirbheáil í aon seirbheáil eile.


17. Nuair is gá an tseirbheáil sin a chruthú féadfar í a chruthú le mionnscríbhinn ón duine a mbeidh an tseirbheáil sin á déanamh aige nó i cibé slí eile a ordóidh an Chúirt.


18. Féadfar agra i leith subpoena ad testificandum nó duces tecum san Ard-Chúirt ar Cuaird a dhéanamh sa Phríomh-Oifig nó in oifig Chláraitheoir Contae an Chontae ina mbeifear tar éis an cás a éisteacht.


19. I gcás ina ndéanfar agra i leith subpoena in oifig an Chláraitheora Contae faoi riail 18, eiseofar an subpoena ón oifig sin agus séalófar é le séala na Cúirte Cuarda don Chontae ina mbeifear tar éis an cás a éisteacht agus síneoidh an Cláraitheoir Contae é; agus beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag gach subpoena a eiseofar, a shéalófar agus a shíneofar amhlaidh amhail is dá mbeifí tar éis é a eisiúint ón bPríomh-Oifig.


20. Féadfar gach breithiúnas nó ordú ón Ard-Chúirt ar Cuaird agus ón Ard-Chúirt ina suí di i mBaile Átha Cliath (mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt) a chur i bhfeidhm le hordú forghníomhaithe arna eisiúint ag an gCúirt Chuarda de réir na Rialacha Cúirte Cuarda a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire amhail is dá mba bhreithiúnas nó ordú ón gCúirt Chuarda é.