Ordú 86C

Achomhairc agus iarratais eile chun na Cúirte Achomhairc in imeachtaí coiriúla : I.R. Uimh. 485 de 2014

I. FEIDHM AN ORDAITHE SEO AGUS LÉIRIÚ


Feidhm an Ordaithe seo
1. Níl feidhm ag an Ordú seo ach amháin maidir le hachomhairc in imeachtaí coiriúla.
Léiriú

2. (i) San Ordú seo:

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967;

ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Cheartas Coiriúil, 2006;

ciallaíonn “Acht 2010” an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 2010;

ciallaíonn “Breitheamh de chúirt na trialach”, in aon achomharc in imeachtaí coiriúla, an Breitheamh d’aon Chúirt ar ón gciontú os a comhair nó ón bpianbhreith uaithi a dhéanann duine achomharc chun na Cúirte Achomhairc;

ciallaíonn “oifigeach cuí do chúirt na trialach”, in aon achomharc in imeachtaí coiriúla, Cláraitheoir na cúirte nó duine eile a bheidh ag gníomhú de thuras na huaire sa cháil sin in aon chúirt ar ón gciontú os a comhair nó ón bpianbhreith uaithi a dhéanann duine achomharc chun na Cúirte Achomhairc.

(ii) Folaíonn tagairtí sa Chuid seo d’aon taifead, athscríbhinn, foilseán, doiciméad nó tuarascáil i dtaca le triail, i gcás iarratais de bhun alt 9(3) d’Acht 2010, tagairtí d’aon taifead, athscríbhinn, foilseán, doiciméad nó tuarascáil den sórt sin i dtaca leis an triail a raibh de thoradh uirthi an ciontú ar a mbeifear ag seasamh chun críocha alt 9(1)(b) d’Acht 2010 san iarratas sin.

(iii) Folaíonn tagairtí sa Chuid seo don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, más cuí, tagairtí don Ard-Aighne.

(iv) Chun críocha seirbheála, maidir le haturnae a áirithítear chun láithriú thar ceann duine chiontaithe ag a thriail, measfar, i gcás aon iarratais nó achomhairc ón ionchúisitheoir, go leanfaidh sé de bheith á áirithiú thar ceann an duine chiontaithe mura mbeidh an t-aturnae sin urscaoilte ag an gCúirt Achomhairc.


II. ACHOMHAIRC AGUS IARRATAIS Ó DHUINE CIONTAITHE NÓ CÚISITHE A THIONSCNAMH

Fógra achomhairc nó fógra iarratais ó dhuine ciontaithe nó cúisithe
3. (i) Déanfaidh duine ciontaithe ar mian leis achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc in imeachtaí coiriúla fógra achomhairc i bhFoirm Uimh. 9 a thaisceadh leis an gCláraitheoir. Tabharfar freagra ar cheisteanna na foirme sin agus déanfar de réir cheanglais na foirme sin san fhógra comhlánaithe a thaiscfear. Ní fhéadfar achomharc i gcoinne ciontú a argóint ach ar fhorais a bheidh leagtha amach san fhógra, ach amháin mar a n-ordóidh an Chúirt Achomhairc, ar iarratas arna dhéanamh chuici tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-achomharc a éisteacht, forais achomhairc a chur leis.

(ii) Déanfaidh duine ciontaithe ar mian leis iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc faoi alt 2 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1993, fógra iarratais i bhFoirm Uimh. 10, a mbeidh ráiteas i bhFoirm Uimh. 11 ar fhorais an iarratais mar thaca leis agus a dhéanfar a fhíorú le mionnscríbhinn, a thaisceadh leis an gCláraitheoir. Ní fhéadfar iarratas faoi alt 2 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1993 a argóint ach ar fhorais a bheidh leagtha amach sa ráiteas i dtaobh foras, ach amháin mar a n-ordóidh an Chúirt Achomhairc, ar iarratas chuici tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht, forais bhreise a chur leis.

(iii) Déanfaidh an t-achomharcóir féin, ach amháin sna cásanna a luaitear i bhfo-rialacha (4), (5), (6) agus (7), gach fógra achomhairc nó iarratais faoi fho-riail (1) nó (2) a shíniú. Is i scríbhinn a bheidh aon fhógra eile agus síneoidh an duine a bheidh á thabhairt, nó a aturnae, é.

(iv) Maidir le duine cúisithe ar mian leis nó léi achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc, féadfaidh sé nó sí:

(a) faoi alt 7(3) den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht), 2006, i gcoinne cinnidh ón bPríomh-Chúirt Choiriúil, ón gCúirt Chuarda nó ón gCúirt Choiriúil Speisialta go bhfuil sé nó sí neamhinniúil chun trialach, nó
(b) faoi alt 8(6) den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht), 2006, i gcoinne cinnidh go bhfuil sé nó sí neamhchiontach de dheasca gealtachta ón bPríomh-Chúirt Choiriúil, ón gCúirt Chuarda nó ón gCúirt Choiriúil Speisialta, nó

(c) faoi alt 9(1) den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht), 2006, i gcoinne breithe ó Chúirt na trialach chun ordú cimithe a dhéanamh faoi alt 4 (3)(b), 4 (5)(c), 4 (6)(a), 5(2) nó 5(3) den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht), 2006, nó gan é sin a dhéanamh,

achomharc a dhéanamh trí fhógra achomhairc i bhFoirm Uimh. 12 a thaisceadh leis an gCláraitheoir. Déanfar de réir cheanglais na foirme sin san fhógra comhlánaithe a thaiscfear.
(v) Maidir le hachomharcóir, iarratasóir nó aon duine eile a bheidh údaraithe, nó a gceanglófar air, aon fhógra a thabhairt nó a sheoladh, i gcás nach mbeidh sé ábalta scríobh, féadfaidh sé a mharc a dhaingniú den fhógra i láthair finné a fhianóidh an doiciméad a bheith marcáilte ag an achomharcóir agus measfar fógra a mbeidh fianú den sórt sin ar áireamh ann a bheith sínithe go cuí.

(vi) I gcás go líomhnaítear go bhfuil achomharcóir nó iarratasóir ina ghealt an tráth a cheanglaítear air nó a údaraítear dó aon fhógra a thabhairt, féadfaidh aturnae nó duine eile an fógra a thabhairt agus a shíniú thar a cheann.

(vii) I gcás comhlachta chorpraithe agus i gcás go gceanglófar ar an achomharcóir i bpearsa fógra nó doiciméad eile a shíniú, féadfaidh stiúrthóir, rúnaí nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe nó an t-aturnae a bheidh ag gníomhú thar ceann an chomhlachta chorpraithe an fógra nó an doiciméad eile a shíniú.

(viii) I ngach cás nach mbeidh achomharcóir nó iarratasóir i bpríosún nó ina mbeidh aturnae ag feidhmiú thar a cheann, déanfar a fhógra achomhairc nó a fhógra iarratais ar chead achomhairc a sheirbheáil ar an gCláraitheoir go pearsanta nó tríd an gcéanna a sheachadadh ar an oifigeach cuí ag Oifig Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc le haghaidh gnó choiriúil ag na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath.


Teorainneacha ama chun fógra achomhairc a thaisceadh

4. (i) Faoi réir fho-riail (2) agus ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le reacht, déanfar gach fógra achomhairc faoi riail 3 i gcoinne cinnidh ó chúirt na trialach a thaisceadh laistigh de 28 lá ó dháta an chinnidh a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne.

(ii) Níl feidhm ag fo-riail (1) maidir le hiarratas faoi alt 2 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1993.
Méadú ar thréimhse ama chun achomharc a dhéanamh

5. (i) Is i bhFoirm Uimh. 13 a bheidh iarratas chun na Cúirte Achomhairc ar mhéadú ar thréimhse ama ar lena linn a fhéadfar fógra achomhairc a sheirbheáil.

(ii) Chomh maith le forais an iarratais ar mhéadú ar thréimhse ama a shonrú, sonrófar san fhoirm iarratais, freisin, na forais ar a mbeidh beartaithe ag an iarratasóir a achomharc a bhunú.

(iii) Féadfaidh an Cláraitheoir a ordú go dtaiscfidh an t-achomharcóir beartaitheach mionnscríbhinn ina ndéanfar forais an iarratais ar mhéadú ar thréimhse ama a fhíorú.


III. ACHOMHAIRC AGUS IARRATAIS Ó STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ A THIONSCNAMH

Achomhairc agus iarratais ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
6. (i) Is trí fhógra iarratais tionscnaimh i bhFoirm Uimh. 14 dar teideal maidir le hiarratas de bhun alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993, amhail idir an Stiúrthóir mar iarratasóir agus an duine a ciontaíodh mar fhreagróir, a thionscnófar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun na Cúirte Achomhairc faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993. Déanfar an fógra bunaidh a thaisceadh leis an gCláraitheoir agus déanfar cóip den fhógra a sheirbheáil ar an bhfreagróir laistigh den tréimhse dá dtagraítear in alt 2(2) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993. Leagfar amach san fhógra na forais ar a líomhnaítear go raibh an phianbhreith arna forchur ag an gcúirt ghearrtha pianbhreithe róthrócaireach.

(ii) Is trí fhógra achomhairc i bhFoirm Uimh. 15 dar teideal maidir le hachomharc de bhun alt 4E(7) d’Acht 1967, amhail idir an Stiúrthóir mar achomharcóir agus an duine a cúisíodh mar fhreagróir, a thionscnófar achomharc ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun na Cúirte Achomhairc faoi alt 4E(7) d’Acht 1967 (arna chur isteach le halt 9 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1999) i gcoinne cúisimh arna dhíbhe ag cúirt na trialach faoi alt 4E(4) d’Acht 1967. Leagfar amach forais an achomhairc san fhógra. Déanfar an fógra bunaidh a thaisceadh leis an gCláraitheoir agus déanfar cóip den fhógra a sheirbheáil ar an bhfreagróir laistigh den tréimhse dá dtagraítear in alt 4E(7) d’Acht 1967.

(iii) Déanfar gach fógra achomhairc faoi alt 24 d’Acht 2006 a thaisceadh leis an gCláraitheoir agus déanfar cóip a sheachadadh ar an duine éigiontaithe nó ar a aturnae laistigh den tréimhse dá dtagraítear in alt 24(2) d’Acht 2006 agus is i bhFoirm Uimh. 16 a bheidh sé.

(iv) Is trí fhógra iarratais tionscnaimh i bhFoirm Uimh. 17 nó i bhFoirm Uimh. 18, de réir mar a bheidh, dar teideal maidir le hiarratas de bhun alt 8(3) nó, de réir mar a bheidh, alt 9(3) d’Acht 2010, amhail idir an Stiúrthóir mar iarratasóir agus an duine a bheidh éigiontaithe mar fhreagróir, a dhéanfar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun na Cúirte Achomhairc faoi alt 8(3) nó alt 9(3) d’Acht 2010. Déanfar an fógra bunaidh a thaisceadh leis an gCláraitheoir agus déanfar cóip den fhógra a sheirbheáil ar an bhfreagróir laistigh de sheacht lá tar éis an fógra bunaidh a thaisceadh. Leagfar amach na nithe seo a leanas go hachomair san fhógra:

(a) i gcás iarratais faoi alt 8(3) d’Acht 2010, an cion iomchuí lena mbaineann agus na forais ar a líomhnaítear

(i) go bhfuil fianaise nua fhíorláidir ann i gcoinne an fhreagróra i ndáil leis an gcion iomchuí lena mbaineann, agus
(ii) gurb é leas an phobail é ordú atrialach a dhéanamh, nó


(b) i gcás iarratais faoi alt 9(3) d’Acht 2010, sonraí faoin gciontú ar a mbeifear ag seasamh chun críocha alt 9(1)(b) d’Acht 2010 agus na forais ar a líomhnaítear

(i) go bhfuil fianaise fhíorláidir ann i gcoinne an fhreagróra i ndáil leis an gcion lena mbaineann an t-iarratas ar atriail, agus
(ii) gurb é leas an phobail é ordú atrialach a dhéanamh.

(v) I gcás go ndéanfar ceist dlí a tharchur chun na Cúirte Achomhairc lena cinneadh de réir alt 34 d’Acht 1967, déanfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí fógra i bhFoirm Uimh. 19, mar aon le cóip den ráiteas ar an gceist dlí lena mbaineann, a sheirbheáil ar an duine éigiontaithe lena mbaineann agus déanfaidh sé cóip den fhógra sin, mar aon leis an ráiteas bunaidh dá dtagraítear in alt 34(2) d’Acht 1967, agus é sínithe go cuí, a thaisceadh san Oifig laistigh de sheacht lá tar éis an fógra a sheirbheáil.
(vi) I gcás go bhfuil ar intinn ag an duine éigiontaithe lena mbaineann éisteacht a fháil ar an tarchur, déanfaidh sé, nó déanfaidh a ionadaí dlíthiúil, fógra i scríbhinn go bhfuil ar intinn aige déanamh amhlaidh a thabhairt don
Chláraitheoir tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an fógra a luaitear i bhfo-riail

(vii) a sheirbheáil air, agus tabharfaidh sé cóip den fhógra sin don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí laistigh den tréimhse chéanna.

(viii) Déanfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cruthúnas ar sheirbheáil an fhógra achomhairc nó an fhógra iarratais ar gach duine a mbeidh an fógra sin seirbheáilte air a thabhairt ar aird don Chúirt Achomhairc nó don Chláraitheoir nuair a iarrfar é.


IV. FÓGRA I dTAOBH ACHOMHARC AGUS IARRATAS

Daoine dá dtabharfaidh an Cláraitheoir fógra achomhairc nó fógra iarratais
7. (i) Nuair a gheobhaidh an Cláraitheoir fógra achomhairc ó dhuine a ciontaíodh nó fógra um iarratas faoi alt 2 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1993, tabharfaidh sé fógra i bhFoirm Uimh. 20 do na daoine seo a leanas:

(a) an Príomh-Aturnae Ionchúisimh;
(b) an t-oifigeach cuí do chúirt na trialach;

(c) an t-oifigeach cuí den Gharda Síochána atá freagrach as taifid choiriúla (Oifig Taifead Coiriúil an Gharda Síochána);

agus do na daoine seo a leanas chomh maith más rud é go mbeidh an t-achomharcóir i bpríosún, nó go mbeidh sé scaoilte saor faoi bhannaí—
(d) Rialtóir an phríosúin iomchuí (mura mbeidh fógra achomhairc an achomharcóra curtha ar aghaidh ag Rialtóir chuig an gCláraitheoir), agus
(e) an t-oifigeach cuí don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (Seirbhís Phríosúin na hÉireann).

(ii) Nuair a gheobhaidh an Cláraitheoir fógra um achomharc nó fógra um iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, tabharfaidh sé fógra do cibé oifigigh chúirte agus daoine eile a mheasfaidh sé is gá sna himthosca.

V. ORDACHÁIN

8. (i) Gan dochar do chumhachtaí na Cúirte Achomhairc faoi Ordú 86, riail 3,

(a) féadfaidh an Chúirt Achomhairc, ar iarratas ó aon duine atá i dteideal éisteacht a fháil ar tharchur faoi alt 34 d’Acht 1967, is iarratas arna dhéanamh iar bhfógra chun gach duine eile atá i dteideal amhlaidh éisteacht a fháil, cibé orduithe a dhéanamh agus cibé ordacháin a thabhairt i dtaobh sheoladh an tarchuir a mheasfar is cuí;
(b) féadfar ordú lena sanntar abhcóide faoi alt 34(4) d’Acht 1967 a dhéanamh ar iarratas a luaitear i mír (a), nó thairis sin aon tráth a dhéanfaidh an Chúirt Achomhairc foriarratas uaithi féin;

(c) féadfaidh an Chúirt Achomhairc, in imeachtaí ar iarratas faoi alt 2 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1993, nó ar iarratas faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993, ar an iarratas arna dhéanamh ag páirtí iar bhfógra chun gach duine eile a bheidh i dteideal éisteacht a fháil, nó uaithi féin, cibé orduithe a dhéanamh, agus cibé ordacháin a thabhairt i dtaobh sheoladh na n-imeachtaí, a mheasfar is cuí;

(d) féadfaidh an Chúirt Achomhairc, in imeachtaí ar iarratas ar ordú faoi alt 8 nó 9 d’Acht 2010, ar an iarratas arna dhéanamh ag páirtí iar bhfógra chun gach duine eile a bheidh i dteideal éisteacht a fháil, nó uaithi féin, cibé orduithe a dhéanamh, lena n-áirítear aon ordú a luaitear in alt 12 d’Acht 2010, agus cibé ordacháin a thabhairt i dtaobh sheoladh na n-imeachtaí, a mheasfar is cuí.

(ii) Más dealraitheach don Chláraitheoir nach ndéantar aon fhoras substaintiúil achomhairc a shuíomh in aon fhógra achomhairc, féadfaidh an Cláraitheoir an cás a liostú os comhair na Cúirte Achomhairc le haghaidh ordachán gan athscríbhinn fhíoraithe a fháil de thaifead na n-imeachtaí ag an triail de réir riail 9.

VI. ATHSCRÍBHINN AGUS ÁBHAIR EILE ATÁ LE hÚSÁID AR ACHOMHARC NÓ IARRATAS A ÉISTEACHT

Taifead agus Athscríbhinn a sholáthar don Chláraitheoir agus an Cláraitheoir do sholáthar Taifid agus Athscríbhinne
9. (i) Déanfaidh an Cláraitheoir socrú go ndéanfar athscríbhinn fhíoraithe de na himeachtaí ag an triail lena mbaineann a thabhairt ar aird de réir Ordú 87.

(ii) Déanfaidh an Cláraitheoir cóip den athscríbhinn fhíoraithe a sholáthar saor in aisce:

(a) do pháirtí a mbeidh deimhniú um chúnamh dlíthiúil (achomharc) deonaithe dó, agus
(b) d’aon pháirtí eile le hordú ón gCúirt Achomhairc.

(iii) Féadfaidh aon pháirtí eile in achomharc nó in iarratas cóip den athscríbhinn fhíoraithe iomlán nó d’aon chuid di a bhaineann leis an achomharc nó leis an iarratas a fháil ón gCláraitheoir, ar na táillí cuí a íoc.
(iv) In aon chás ina bhforchuirfidh an Chúirt Achomhairc pianbhreith de réir alt 3(1)(d) nó alt 3(2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1993, beidh feidhm ag forálacha Ordú 85, riail 13, amhail is dá mba thagairt don Chúirt Achomhairc an tagairt sa riail sin don Phríomh-Chúirt Choiriúil agus tabharfaidh an Cláraitheoir freagra ar aon iarratas ar athscríbhinn den éisteacht lena mbaineann de réir na rialach sin.


Leabhair achomhairc a thaisceadh

10. (i) Déanfaidh an páirtí tionscanta in aon achomharc, iarratas nó tarchur, gan mhoill, an líon riachtanach leabhar a thaisceadh san Oifig agus beidh i ngach leabhar cóipeanna de na doiciméid go léir a mbeidh gá leo chun an t-achomharc, an t-iarratas nó an tarchur a éisteacht, mar aon le hinnéacs leordhóthanach, agus leabhair údarás, mura gceanglóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt.

(ii) Féadfaidh an Cláraitheoir a ordú don pháirtí tionscanta an líon riachtanach cóipeanna a thaisceadh d’aon doiciméid bhreise a mheasfaidh an Cláraitheoir a bheidh ag teastáil chun an t-achomharc, an t-iarratas nó an tarchur a éisteacht, mar aon le hinnéacs leordhóthanach.
Foilseáin agus doiciméid a bhaineann le triail

11. Féadfaidh an Chúirt Achomhairc, ag aon chéim d’achomharc nó d’iarratas, ar iarratas ó pháirtí sna himeachtaí, a ordú d’aon duine a bhfuil aon doiciméad, foilseán, nó ní eile atá bainteach leis na himeachtaí ina choimeád nó faoina urláimh an doiciméad, an foilseán, nó an ní eile lena mbaineann a thabhairt ar aird don Chúirt Achomhairc nó don Chláraitheoir (a fhéadfaidh a cheadú do pháirtí sna himeachtaí an céanna a iniúchadh).

Tuarascáil ó Bhreitheamh na trialach

12. (i) I gcás ina measfaidh an Chúirt Achomhairc gur gá sin, féadfaidh sí a ordú don Chláraitheoir tuarascáil don Chúirt Achomhairc ar an triail, nó ar aon chuid den triail, a iarraidh ar Bhreitheamh na trialach.

(ii) Is chun na Cúirte Achomhairc a dhéanfar an tuarascáil ón mBreitheamh.


VII. BANNAÍ

13. (i) Faoi réir aon fhorála de chuid reachta, tá feidhm ag forálacha na rialach seo maidir le hiarratais chun na Cúirte Achomhairc ar bhannaí.
(ii) Déanfaidh duine ar mian leis go ligfear faoi bhannaí é, ag feitheamh ar chinneadh a achomhairc nó a iarratais, iarratas chun na Cúirte Achomhairc i bhfoirm fógra foriarratais a mbeidh mionnscríbhinn mar fhoras leis. Leagfar amach go hiomlán i mionnscríbhinn an iarratasóra an bonn ar a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc agus:

(a) déanfar na forais ar a bhfuil bannaí á lorg a leagan amach agus a fhíorú inti;
(b) áireofar inti téarmaí aon bhannaí a bheidh deonaithe ag feitheamh ar thriail an duine, agus

(c) téarmaí agus coinníollacha na mbannaí a bheartaítear.

(iii) Faoi réir aon ordaithe ón gCúirt Achomhairc, déanfar cóip den fhógra foriarratais agus den mhionnscríbhinn forais (agus d’aon fhoilseáin) a sheirbheáil ar an bPríomh-Aturnae Ionchúisimh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte a bheidh sannta don fhoriarratas.
(iv) Mura n-ordóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt, féadfar cúirtbhannaí an achomharcóra agus aon urra a ghlacadh os comhair duine a bheadh údaraithe faoi alt 22(3)(b)go(e) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, chun cúirtbhanna a ghlacadh.

(v) Is i bhFoirm Uimh. 21 a bheidh na cúirtbhannaí. Déanfaidh an cléireach Cúirte Dúiche, a bheidh sannta don cheantar Cúirte Dúiche ina ndéanfar an cúirtbhanna a ghlacadh ó urra, deimhniú i bhFoirm Uimh. 22 a thabhairt don urra sin agus déanfaidh an t-urra an deimhniú sin a shíniú agus a choinneáil.

(vi) Déanfaidh an cléireach Cúirte Dúiche, a bheidh sannta d’aon cheantar Cúirte Dúiche ina ndéanfar aon chúirtbhanna den sórt sin a ghlacadh mar a dúradh, fógra a thabhairt láithreach do Rialtóir an phríosúin sin, i bhFoirm Uimh. 23, á rá go ndearnadh é a chomhlánú.

(vii) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc duine atá i gcoimeád a ligean faoi bhannaí, ní scaoilfear saor an duine go dtí go mbeidh cibé suim (más ann) nó cion den tsuim (más ann) ina mbeidh an duine agus a urra nó a hurra nó a urraí nó a hurraí (más ann) le cur faoi cheangal íoctha isteach sa chúirt a bheidh cinnte ag an gCúirt Achomhairc.

(viii) I gcás go gcinnfidh an Chúirt Achomhairc duine a ligean faoi bhannaí le hurra amháin nó níos mó, féadfaidh sí a ordú go ndéanfar suim airgid, cóimhéid le suim na mbannaí (de bhreis ar aon suim a shonrófar i leith chúirtbhanna an achomharcóra féin de réir fho-riail (2)) a ghlacadh in ionad an urra nó na n-urraí sin. I gcás go gceanglófar ar dhuine atá i gcoimeád, nó ar aon urra nó urraí mar choinníoll a ghabhann le cúirtbhanna, aon airgead a íoc isteach sa chúirt faoin gcúirtbhanna sin, nó i gcás go gceanglófar aon urrús a mbeidh glactha leis sa chúirt in ionad íocaíochta den sórt sin a thaisceadh sa chúirt, measfar go mbeidh an t-airgead sin nó an t-urrús sin íoctha isteach sa chúirt nó taiscthe sa chúirt nuair a dhéanfar é a íoc nó a thaisceadh leis an duine a luaitear i bhfo-riail (4) ar os a chomhair a ghlacfar cúirtbhanna an achomharcóra nó, de réir mar a bheidh, leis an gcléireach Cúirte Dúiche a bheidh sannta don cheantar Cúirte Dúiche ina nglacfar cúirtbhanna ó urra.

(ix) Ar na suimeanna nó ar an urrús is gá a íoc nó a thaisceadh leis an duine sin agus ar an gcúirtbhanna a chomhlánú, scaoilfear saor an t-achomharcóir mura bhfuil de chúis lena bheith nó lena beith i gcoimeád ach an cion ar ina leith a dheonófar bannaí.

(x) Déanfaidh an duine sin ar os a chomhair a bheidh cúirtbhanna an achomharcóra glactha na cúirtbhannaí comhlánaithe a tharchur láithreach chuig an gCláraitheoir.

(xi) Faoi réir théarmaí aon ordaithe ón gCúirt Achomhairc lena ligfear achomharcóir faoi bhannaí, beidh achomharcóir a bheidh ligthe faoi bhannaí i láthair i bpearsa ag gach uile éisteacht ar a achomharc, agus ag an gcinneadh críochnaitheach a dhéanfar ar a achomharc. Déanfaidh achomharcóir den sórt sin, aon uair a ghlaofar a chás os comhair na Cúirte Achomhairc, é féin a thabhairt suas do cibé daoine a ordóidh an Chúirt Achomhairc ó thráth go chéile, agus féadfaidh siad é a chuardach, agus measfar go mbeidh sé i gcoimeád dleathach na ndaoine sin go dtí go scaoilfear saor arís é faoi bhannaí nó go ndéileálfar leis i cibé slí eile a ordóidh an Chúirt Achomhairc. Féadfaidh an Chúirt Achomhairc, i gcás achomharcóir den sórt sin gan a bheith i láthair ag aon éisteacht ar a achomharc, an t-achomharc a dhíbhe agus barántas a eisiúint chun an t-achomharcóir a ghabháil, i bhFoirm Uimh. 24; ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an Chúirt Achomhairc an t-achomharc a bhreithniú gan é a bheith i láthair, nó cibé ordú eile is cuí léi a dhéanamh.

(xii) Féadfaidh an Chúirt Achomhairc aon ordú bannaí a chúlghairm nó a athrú, nó cúirtbhanna an achomharcóra nó a urraí a mhéadú, nó aon urra eile a chur in ionad urra a cuireadh faoi cheangal roimhe sin.

(xiii) I gcás go mbeidh drochamhras ar an urra, a ndearnadh achomharcóir a scaoileadh saor faoi bhannaí ar a chúirtbhanna, go bhfuil an t-achomharcóir ar tí mainneachtain, ar aon mhodh, na coinníollacha a ghabhann lena chúirtbhanna a urramú, féadfaidh an t-urra faisnéis a chur i láthair faoi mhionn agus i scríbhinn os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil an t-achomharcóir, nó a gcreideann an t-urra é a bheith inti, nó ina bhfuil an t-urra, i bhFoirm Uimh. 25, agus féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche, má shásaíonn an fhaisnéis é, barántas i bhFoirm Uimh. 26 a eisiúint chun an t-achomharcóir a ghabháil.

(xiv) Déanfar an t-achomharcóir, ar é a ghabháil, a thabhairt os comhair na Cúirte Dúiche a shonrófar sa bharántas a luaitear i bhfo-riail (13). Féadfaidh an Breitheamh, ar an bhfaisnéis faoi mhionn ón bhfaisnéiseoir a fhíorú, le barántas cimithe i bhFoirm Uimh. 27, an t-achomharcóir a chimiú chun an phríosúin ar chuige a dhéantar daoine a chúisítear i gcionta indíotáilte os comhair na Cúirte Dúiche sin a chimiú de ghnáth.

(xv) Déanfaidh Cléireach na Cúirte Dúiche, ar aon achomharcóir a chimiú de réir fho-riail (14), fógra chuige sin a thabhairt láithreach don Chláraitheoir agus déanfaidh sé an fhaisnéis a tógadh os comhair na Cúirte Dúiche agus cóip den bharántas cimithe a chur ar aghaidh chuige.

(xvi) Nuair a dhéanfar achomharcóir a scaoileadh saor faoi bhannaí agus é a ghabháil faoin riail seo agus nuair a bheidh sé i bpríosún, déanfaidh Rialtóir an phríosúin fógra ina thaobh sin a thabhairt láithreach don Chláraitheoir, agus cuirfidh an Cláraitheoir é sin in iúl don Chúirt Achomhairc, agus féadfaidh an Chúirt Achomhairc cibé ordacháin a thabhairt i dtaobh an achomhairc, nó eile, is cuí léi.

(xvii) Tráth ar bith tar éis achomharcóir a scaoileadh saor faoi bhannaí, féadfaidh an Chúirt Achomhairc an t-ordú lena ligtear faoi bhannaí é a chúlghairm, agus féadfaidh sí barántas i bhFoirm Uimh. 24 a eisiúint chun é a ghabháil agus a ordú é a chimiú chun príosúin.

(xviii) Ní dhéanfaidh aon ní sa riail seo difear do cheart urra chun an duine a mbeidh sé tagtha chun bheith faoi cheangal go láithreoidh sé a ghabháil agus a thabhairt suas i gcoimeád, agus leis an tabhairt suas sin é féin a urscaoileadh óna urraíocht.

(xix) Ar chúirtbhanna achomharcóra a shárú, féadfaidh an Chúirt Achomhairc a ordú go ndéanfar a chúirtbhanna féin a eistréatadh agus féadfaidh sí chomh maith, iar bhfógra chun a urra, a ordú go ndéanfar cúirtbhanna an urra a eistréatadh. Féadfaidh an barántas eistréata a bheith i bhFoirm Uimh. 28.


VIII. ACHOMHAIRC A LIOSTÚ AGUS A ÉISTEACHT

Fógra a thabhairt do pháirtithe
14. Nuair a shocrófar dáta chun achomharc nó iarratas a éisteacht, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i dtaobh an dáta sin don achomharcóir nó don iarratasóir agus dá aturnae (más ann) agus don Phríomh-Aturnae Ionchúisimh.


IX. ACHOMHARC A THRÉIGEAN

Achomharc a thréigean
15. (i) Maidir le hachomharcóir nó le hiarratasóir nach mbeidh faoi bhannaí, féadfaidh sé, tráth ar bith tar éis dó fógra achomhairc nó fógra um iarratas chun an tréimhse ama a mhéadú a sheirbheáil go cuí, a achomharc nó a iarratas a thréigean trí fhógra tréigin a thabhairt don Chláraitheoir agus don fhreagróir i bhFoirm Uimh. 29 tráth nach déanaí ná deich lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-achomharc nó an t-iarratas a éisteacht.

(ii) Nuair a gheobhaidh an Cláraitheoir fógra tréigin faoi fho-riail (1), féadfaidh sé, ar iarraidh ón bPríomh-Aturnae Ionchúisimh, an t-ábhar a liostú os comhair na Cúirte Achomhairc iar bhfógra chun an achomharcóra agus chun an Phríomh-Aturnae Ionchúisimh d’fhonn aon ordú iarmhartach a dhéanamh.

(iii) Maidir le hachomharcóir a bheidh faoi bhannaí, nó ar mian leis a achomharc nó a iarratas a thréigean tráth is déanaí ná deich lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-achomharc nó an t-iarratas a éisteacht, déanfaidh sé iarratas chun na Cúirte Achomhairc trí fhoriarratas iar bhfógra chun an Phríomh-Aturnae Ionchúisimh ar chead chun an t-achomharc nó an t-iarratas a thréigean agus ar cibé orduithe iarmhartacha is gá agus féadfaidh an Chúirt Achomhairc an t-iarratas a cheadú nó a dhiúltú agus i gcás go gceadóidh sí an t-iarratas, féadfaidh sí aon orduithe iarmhartacha is gá a dhéanamh.

(iv) I gcás go ndéanfar achomharc nó iarratas a thréigean nó a chinneadh de réir na rialach seo, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i dtaobh thréigean nó chinneadh na n-imeachtaí do na daoine go léir dá mbeidh fógra tugtha aige á rá an fógra achomhairc nó an fógra i dtaobh iarratais eile a bheith faighte aige.


X. FIANAISE BHREISE

Iarratas ar chead chun fianaise bhreise a thabhairt isteach
16. (i) Is trí fhoriarratas iar bhfógra chun an pháirtí eile san achomharc, a mbeidh mar fhoras leis mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscanta nó thar a cheann ina leagfar amach agus ina bhfíorófar na forais ar a mbeidh cead á lorg, a dhéanfar iarratas ar chead chun fianaise bhreise a thabhairt isteach ag éisteacht achomhairc. Déanfar mionnscríbhinn ón bhfinné beartaithe, ina leagfar amach an fhianaise a bheartaíonn sé a thabhairt agus an fáth nár thug sé an fhianaise sin ag an triail, a thaisceadh leis an bhforiarratas agus leis an mionnscríbhinn forais, mura rud é go ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc an ceanglas maidir le mionnscríbhinn den sórt sin a ligean thar ceal.

(ii) I gcás go ndéanfar ordú chun go bhfreastalóidh finné agus go gceisteofar é, déanfar ordú i bhFoirm Uimh. 30, ina sonrófar an t-am agus an áit ag a mbeidh air freastal, a sheirbheáil ar an bhfinné.

(iii) I gcás go n-ordóidh an Chúirt Achomhairc go ndéanfar ceistiú aon fhinné a sheoladh ar shlí seachas os comhair na Cúirte Achomhairc, sonrófar san ordú an duine a bheidh ceaptha mar scrúdaitheoir chun an ceistiú a dhéanamh, agus an áit ina ndéanfar an ceistiú, agus an finné nó na finnéithe a bheidh le ceistiú.

(iv) Tabharfaidh an Cláraitheoir don duine a bheidh ceaptha chun ceistiú a dhéanamh aon doiciméid nó foilseáin agus aon ábhar eile a bhainfidh leis an achomharc de réir mar a iarrfar air déanamh amhlaidh agus nuair a iarrfar air déanamh amhlaidh. Déanfaidh an scrúdaitheoir na doiciméid agus na foilseáin agus an t-ábhar eile sin, mar aon le taifead den fhianaise arna glacadh aige, a thabhairt ar ais don Chláraitheoir tar éis don cheistiú a bheith curtha i gcrích.

(v) Nuair a bheidh an lá agus an t-am don cheistiú ceaptha ag an scrúdaitheoir, iarrfaidh sé ar an gCláraitheoir fógra faoin lá agus faoin am sin a thabhairt don achomharcóir agus dá ionadaí dlíthiúil (más ann), don Phríomh-Aturnae Ionchúisimh agus, nuair a bheidh an t-achomharcóir i bpríosún, do Rialtóir an phríosúin sin. Cuirfidh an Cláraitheoir faoi deara fógra i bhFoirm Uimh. 31 a sheirbheáil ar gach finné a bheidh le ceistiú amhlaidh.

(vi) Tabharfaidh gach finné a cheisteofar os comhair scrúdaitheora a fhianaise faoi mhionn a bheidh le cur ag an scrúdaitheoir, ach amháin i gcás nach gá aon fhinné a chur faoi mhionn más rud é gur ag tabhairt fianaise mar fhinné ag triail ar díotáil atá sé.

(vii) Is i bhfoirm teistíochta ar an modh chun fianaise a thógáil faoi alt 4F(3) d’Acht 1967 a dhéanfar ceistiú gach finné a cheisteofar os comhair scrúdaitheora. Beidh an teideal i bhFoirm Uimh. 32 ag gabháil le haon teistíocht den sórt sin.

(viii) Féadfar caiteachais aon fhinné a fhreastalóidh de bhun an ordaithe ón gCúirt Achomhairc, agus na caiteachais go léir a bhainfidh agus a ghabhfaidh le haon cheistiú finnéithe arna sheoladh ag aon duine a cheapfaidh an Chúirt Achomhairc, i gcás go n-ordóidh agus a mhéid a ordóidh an Chúirt Achomhairc é, a íoc suas le suim a cheadóidh an Chúirt Achomhairc mar chuid de chostais an Stáit san achomharc nó a bhainfidh leis an achomharc.

(ix) Beidh an t-achomharcóir agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó abhcóide nó aturnae thar a gceann, i dteideal a bheith i láthair ag aon cheistiú ar aon fhinné lena mbaineann an riail seo agus páirt a ghlacadh ann.


XI. ORDUITHE ÁIRITHE A SHEIRBHEÁIL

Orduithe a sheirbheáil go pearsanta
17. Is le sheirbheáil phearsanta a sheirbheálfar aon ordú arna dhéanamh faoi riail 11 nó riail 16, mura n-ordóidh an Chúirt Achomhairc a mhalairt, agus d’fhonn seirbheáil chuí a dhéanamh ar ordú den sórt sin, féadfaidh an Cláraitheoir cúnamh a éileamh ón nGarda Síochána, agus comhlíonfaidh an Garda Síochána aon ordacháin ón gCláraitheoir faoin riail seo.


XII. ACHOMHAIRC AGUS IARRATAIS EILE A ÉISTEACHT

Achomharcóir i gcoimeád
18. (i) Faoi réir aon fhorála de chuid reachta agus faoi réir aon ordaithe roimhe sin ón gCúirt Achomhairc arna dhéanamh de réir alt 33 d’Acht na bPríosún, 2007, féadfaidh achomharcóir nó iarratasóir a bheidh i gcoimeád, más mian leis déanamh amhlaidh, a bheith i láthair i bpearsa ag éisteacht a achomhairc nó a iarratais agus, i gcás go gceadóidh an Chúirt Achomhairc amhlaidh, ar iarratas a dhéanfar i scríbhinn chun an Chláraitheora, ag éisteacht na n-iarratas idirbhreitheach go léir i ndáil lena achomharc nó lena iarratas.

(ii) Tá feidhm ag forálacha fho-riail (1), fara na modhnuithe is gá, maidir leis an gceart atá ag iarratasóir ar mhéadú ar thréimhse ama chun bheith i láthair ag éisteacht iarratais den sórt sin.
Duine le tairbhe ordaithe aisig nó ordaithe cúitimh i dteideal éisteacht a fháil

19. I gcás go mbeidh ordú aisig nó ordú cúitimh déanta ag cúirt na trialach, féadfar an duine a mbeidh an t-ordú sin déanta ina fhabhar, an t-achomharcóir, agus, le cead na Cúirte Achomhairc, aon duine eile a éisteacht sula ndéanfaidh an Chúirt Achomhairc aon ordú ag neamhniú nó ag athrú an ordaithe aisig nó an ordaithe cúitimh.
Fógra i dtaobh ordaithe lena gcinntear achomharc

20. (i) Nuair a dhéanfaidh an Chúirt Achomhairc ordú lena ndéanfar achomharc nó iarratas ó dhuine a ciontaíodh a chinneadh go críochnaitheach, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i dtaobh an ordaithe i bhFoirm Uimh. 33 do na daoine seo a leanas:

(a) an t-achomharcóir (mura rud é go raibh an t-achomharcóir i láthair nó go raibh dlíodóir ag feidhmiú ar a shon);
(b) an t-oifigeach cuí do chúirt na trialach;

(c) an t-oifigeach cuí den Gharda Síochána atá freagrach as taifid choiriúla (Oifig Taifead Coiriúil an Gharda Síochána);

(d) aon duine eile a gceanglaítear le reacht fógra a thabhairt dó;

agus do na daoine seo a leanas, chomh maith, más rud é go bhfuil an t-achomharcóir i bpríosún, nó gur scaoileadh saor faoi bhannaí é—
(e) Rialtóir an phríosúin iomchuí (mura mbeidh fógra achomhairc an achomharcóra curtha ar aghaidh ag Rialtóir chuig an gCláraitheoir), agus
(f) an t-oifigeach cuí don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (Seirbhís Phríosúin na hÉireann).

(ii) Nuair a dhéanfaidh an Chúirt Achomhairc ordú lena ndéantar achomharc nó iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a chinneadh go críochnaitheach, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra do cibé daoine a mbeidh fógra tugtha aige dóibh i dtaobh an achomhairc nó an iarratais de réir riail 7(2).
(iii) Déanfaidh an t-oifigeach cuí do chúirt na trialach, ar fhógra faoi fho-riail (1) nó (2) a fháil, sonraí ordú na Cúirte Achomhairc a thaifeadadh ar thaifid chúirt na trialach.
Deimhnithe áirithe a eisiúint tar éis achomharc a chinneadh

21. (i) I gcás gur gá deimhniú dá dtagraítear in alt 96(4) d’Acht 2006 a eisiúint ar achomharc a chinneadh, is i bhFoirm Uimh. 34 a bheidh an deimhniú, agus déanfaidh an Cláraitheoir é a tharchur láithreach, nó déanfar é a tharchur láithreach thar ceann an Chláraitheora, chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 96(6) d’Acht 2006.

(ii) I gcás gur gá deimhniú dá dtagraítear in alt 14 den Acht um Chiontóirí Gnéis, 2001, ar achomharc a chinneadh, is i bhFoirm Uimh. 35 a bheidh an deimhniú, agus déanfaidh an Cláraitheoir é a tharchur láithreach, nó déanfar é a tharchur láithreach thar ceann an Chláraitheora, chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 14(5) den Acht sin.


XIII. ILGHNÉITHEACH

Fógra foriarratais chun na Cúirte Achomhairc
22. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCuid seo, is trí fhógra foriarratais de réir Fhoirm Uimh. 36 a bheidh gach iarratas chun na Cúirte Achomhairc in imeachtaí a bheidh tionscanta sa Chúirt Achomhairc agus déanfar é a thaisceadh leis an gCláraitheoir agus a sheirbheáil ar an bpáirtí eile sna himeachtaí agus ar cibé duine eile, más ann, a ordóidh an Chúirt Achomhairc.

Foirmeacha a sholáthar

23. Foilseoidh an Cláraitheoir na foirmeacha agus na treoracha is gá i ndáil le fógraí achomhairc nó fógraí iarratais ionas go mbeidh siad ar fáil d’aon duine a dteastóidh siad uathu. Déanfaidh Rialtóir príosúin na foirmeacha agus na treoracha sin a chur ar fáil do phríosúnaigh ar mian leo aon iarratas a dhéanamh, agus déanfaidh sé aon fhógra den sórt sin a bheidh tugtha ag príosúnach a bheidh ina choimeád a thaisceadh leis an gCláraitheoir.

Fiosrúcháin ag an nGarda Síochána

24. Déanfaidh an Garda Síochána ón dúiche ina raibh cónaí ar achomharcóir nó ar iarratasóir sular ciontaíodh é, nó ón dúiche óna ndearnadh an t-achomharcóir nó an t-iarratasóir a chimiú, fiosrúchán agus tabharfaidh siad tuarascáil don Chláraitheoir, ar an gCláraitheoir dá éileamh sin, i dtaobh acmhainn agus dhálaí aon achomharcóra nó iarratasóra i gcás go n-ardófar ceist den sórt sin.

Forfheidhmiú dualgas le hordú ón gCúirt Achomhairc

25. Féadfar comhlíonadh aon dualgais a fhorchuirtear ar aon duine leis an gCuid seo a fhorfheidhmiú le hordú ón gCúirt Achomhairc.

Barántas chun achomharcóir a ghabháil

26. Féadfar déileáil le haon bharántas a eiseoidh an Chúirt Achomhairc chun achomharcóir a ghabháil, chun gach críche, ar an modh céanna is a dhéanfaí le barántas arna eisiúint ag Breitheamh den Chúirt Dúiche chun duine a ghabháil a bheidh cúisithe in aon chion indíotáilte faoi fhorálacha an Petty Sessions (Ireland) Act 1851, nó faoi fhorálacha aon reachta lena leasaítear an tAcht sin.