Ordú 28

Leasú

1. Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim de na himeachtaí, a cheadú do cheachtar páirtí a fhormhuiniú nó a phléadálacha a athrú nó a leasú i cibé slí agus ar cibé téarmaí is cóir, agus déanfar gach leasú den sórt sin is gá chun a chinneadh cad iad na fíorcheisteanna a bheidh faoi chonspóid idir na páirtithe.

2. Féadfaidh an gearánaí, gan aon chead, a ráiteas éilimh a leasú, cibé acu a bheidh sé formhuinithe ar an toghairm nó nach mbeidh, uair amháin tráth ar bith sula mbeidh an tréimhse ama a bheidh ceaptha chun freagra a thabhairt caite, agus sula dtabharfar freagra nó, i gcás nach seachadfar aon chosaint, tráth ar bith sula mbeidh ceithre sheachtain caite ó láithriú an chosantóra a bheidh tar éis láithriú go deireanach.

3. Féadfaidh cosantóir a mbeidh aon fhrithéileamh nó fritháireamh curtha suas aige an frithéileamh nó an fritháireamh sin a leasú, gan aon chead, tráth ar bith laistigh de shé lá ó dháta seachadta an fhreagra nó ón tréimhse ama a bheidh lamháilte chun é a sheachadadh a bheith caite, cibé tréimhse acu is giorra.

4. I gcás ina mbeidh a phléadáil leasaithe ag aon pháirtí faoi riail 2 nó riail 3, féadfaidh an páirtí freasúrach, laistigh d’ocht lá tar éis an phléadáil leasaithe a sheachadadh air, a iarraidh ar an gCúirt an leasú, nó aon chuid de, a dhícheadú, agus féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi gur gá sin de réir cheartas an cháis, an céanna a dhícheadú, nó é a cheadú faoi réir cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile is cóir.

5. I gcás ina mbeidh a phléadálacha leasaithe ag aon pháirtí faoi riail 2 nó riail 3, pléadálfaidh an páirtí freasúrach sa phléadáil leasaithe, nó leasóidh sé a phléadáil, laistigh den tréimhse ama a bheidh aige an tráth sin chun pléadáil, nó laistigh d’ocht lá ó dháta seachadta an leasaithe, cibé tréimhse acu is faide; agus i gcás go mbeidh an páirtí freasúrach tar éis pléadáil roimh sheachadadh an leasaithe, agus nach ndéanfaidh sé pléadáil arís nó nach ndéanfaidh sé leasú laistigh den tréimhse ama atá luaite thuas, measfar é a bheith ag seasamh ar a phléadáil bhunaidh mar fhreagra ar an leasú sin.

6. I ngach cás nach bhforáiltear dó leis na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, féadfaidh ceachtar páirtí cead a iarraidh ar an gCúirt, roimh thriail na caingne nó sa triail, chun leasú a dhéanamh, agus féadfar an leasú sin a cheadú ar cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile is cóir.

7. Páirtí a mbeidh ordú faighte aige á cheadú leasú a dhéanamh, más rud é nach ndéanfaidh sé leasú dá réir sin laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú, nó mura mbeidh aon tréimhse ama ceaptha leis an ordú, ansin laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta an ordaithe, tiocfaidh an t-ordú sin chun leasú a dhéanamh chun bheith ar neamhní ipso facto ar an tréimhse cheaptha ama a dúradh, nó na ceithre lá dhéag sin, de réir mar a bheidh, a bheith caite, mura gcuirfidh an Chúirt fad leis an tréimhse ama.

8. Féadfar formhuiniú nó pléadáil a leasú trí athruithe a scríobh sa chóip a bheidh seachadta, agus trí aguisíní ar pháipéar a chuirfear idir na leathanaigh más gá, mura n-éileofar leis na leasuithe níos mó ná 144 fhocal a chur isteach in aon áit amháin, nó mura mbeidh siad chomh líonmhar sin, nó de chineál a d’fhágfadh gur dheacair nó gur mhíchaoithiúil an doiciméad a léamh dá ndéanfaí i scríbhinn iad, agus i gceachtar cás acu sin ní foláir an leasú a dhéanamh tríd an doiciméad arna leasú a sheachadadh, agus beidh sé clóite nuair a cheanglaítear é a chló faoi Ordú 19, riail 9.

9. Aon uair a leasófar aon fhormhuiniú nó pléadáil, déanfar an céanna, arna leasú, a mharcáil le dáta an ordaithe, más ann, faoina mbeidh an céanna leasaithe amhlaidh, agus dáta lá déanta an leasaithe sin, mar seo a leanas, eadhon: ‘‘Arna leasú an ... lá de .... de bhun ordaithe ó ... dar dáta an ... lá de ... .’’

10. Aon uair a dhéanfar aon fhormhuiniú nó pléadáil a leasú, seachadfar an doiciméad leasaithe sin ar an bpáirtí freasúrach laistigh den tréimhse ama a bheidh lamháilte chun an céanna a leasú.

11. Féadfaidh an Chúirt dearmaid chléireachais i mbreithiúnais nó in orduithe, nó earráidí a bheidh tarlaithe de thaisme iontu de dheasca aon bhotúin nó easnaimh, a cheartú, tráth ar bith, le foriarratas, gan achomharc.

12. Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, agus ar cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile is cóir leis an gCúirt, aon locht nó earráid in aon imeachtaí a leasú, agus déanfar gach leasú is gá chun a chinneadh cad í an fhíorcheist nó an fhíor-shaincheist a bheidh tarraingthe anuas ag na himeachtaí nó ag brath orthu.

13. Maidir leis na costais a bhainfidh le haon leasú agus a thiocfaidh d’aon leasú a dhéanfar de bhun rialacha 2 agus 3, is é páirtí déanta an leasaithe a iompróidh iad, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.