Ordú 103A

An tAcht um Thruailliú Aeir 1987 : I.R. Uimh. 377 de 1996

1. (1) San Ordú seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Thruailliú Aeir, 1987, arna leasú.

(2) Beidh an bhrí chéanna le focail agus abairtí atá san Ordú seo atá leo san Acht.

(3) San Ordú seo aon tagairt d’alt nó d’fho-alt is tagairt í don alt nó don fho-alt sin san Acht, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d’achtachán éigin eile atá beartaithe.

2. Is le foriarratas iar bhfógra don duine a mbeidh faoiseamh á lorg ina choinne a dhéanfar iarratas ar ordú faoi alt 28 den Acht.

3. Is é teideal a chuirfear ar an bhfógra foriarratais ná maidir leis an Acht um Thruailliú Aeir, 1987, ar iarratas ón údarás áitiúil nó ón duine a mbeidh an t-iarratas á thionscnamh aige; déanfar an faoiseamh a bheidh á lorg a lua ann; déanfar tuairisc na hastaíochta a mbeidh gearán á dhéanamh fúithi a thabhairt ann; déanfar ainm agus áit chónaithe, nó seoladh le haghaidh seirbheála, an duine a mbeidh faoiseamh á lorg aige a lua ann, maille leis an dáta ar a mbeidh beartaithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar fhaoiseamh, agus comhdófar sa Phríomh-Oifig é.

4. Seirbheálfar fógra faoin bhforiarratas ar an duine a mbeidh an faoiseamh á lorg ina choinne (an freagróir); ach, más rud é go ndealróidh sé don Chúirt, maidir le haon duine nach mbeidh fógra seirbheáilte air, gur chóir go mbeadh an fógra sin aige nó gur chóir go mbeadh sé tar éis bheith aige, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a dhíbhe, nó éisteacht an iarratais a chur ar atráth, ionas go bhféadfar an fógra sin a sheirbheáil, ar cibé téarmaí (más ann) is cuí leis an gCúirt a fhorchur.

5. Ní foláir deich lá ar a laghad a bheith idir tráth seirbheála an fhógra agus an lá a bheidh ainmnithe ann chun an foriarratas a éisteacht.

6. Go dtí go gcinnfear iarratas faoi alt 28 den Acht, féadfaidh an Chúirt, ar an iarratasóir nó ar an bhfreagróir dá iarraidh sin, le hordú idirbhreitheach (nó, más deimhin léi go bhféadfadh sé go dtiocfadh mísc neamh-inchúlghairthe nó thromchúiseach de mhoill, le hordú eatramhach ar iarratas ex parte), aon ordú de chineál urghaire a dhéanamh ag toirmeasc nó ag srianadh na hastaíochta a mbeidh gearán á dhéanamh fúithi ó aon áitreabh agus féadfaidh sí a údarú d’aon duine dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh; agus chun gach ceann nó aon cheann de na críocha sin féadfaidh sí a údarú aon sampla a thógáil, nó aon tuairimí a thabhairt, aon ríomhaireachtaí nó aon tomhais a dhéanamh, nó aon turgnamh a thriail, a mheasfaidh sí is cuí nó is gá nó is fóirsteanach sna himthosca.

7. (a) Faoi réir cheart na Cúirte chun cibé ordacháin a thabhairt chuige sin is cuí nó is caoithiúil léi, is le mionnscríbhinn a thabharfar fianaise tráth éisteachta foriarratais faoi riail 2.

(b) Déanfar aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid mar thaca leis an bhforiarratas a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus seirbheálfar cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin i dteannta an fhógra foriarratais.

(c) Déanfaidh an freagróir aon mhionnscríbhinn a bheidh le húsáid i gcoinne an iarratais a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh de sheacht lá tar éis an mhionnscríbhinn ón iarratasóir a sheirbheáil air, agus ní foláir don fhreagróir, laistigh den tréimhse sin, cóip d’aon mhionnscríbhinn a mbeidh ar intinn aige í a úsáid a sheirbheáil ar an iarratasóir.

8. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha roimhe seo, ach amháin an chuid sin de riail 6 a bhaineann le horduithe eatramhacha, maidir le hiarratas ar ordú faoi alt 28A den Acht.”