Ordú 40

Mionnscríbhinní

I. Ginearálta

1. Ar aon achainí, foriarratas, nó iarratas eile, féadfar fianaise a thabhairt le mionnscríbhinn, ach féadfaidh an Chúirt, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, a ordú don duine a mbeidh aon mhionnscríbhinn den sórt sin á déanamh aige freastal lena chroscheistiú.

2. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na Rialacha seo, déanfar gach mionnscríbhinn a chomhdú sa Phríomh-Oifig. Is in Oifig na gCoimircithe Cúirte a chomhdófar mionnscríbhinní a úsáidfear in imeachtaí chun coimircí Cúirte a dhéanamh de mhionaoiseach. Is in Oifig an Scrúdaitheora a chomhdófar mionnscríbhinní a úsáidfear in ábhair a bhainfidh le féimheacht, comhshocraíocht nó dócmhainneacht. Is san Oifig Phrobhá ide a chomhdófar mionnscribhinní a úsáidfear in ábhair phrobháide neamhchointinneacha.

3. Is é teideal a chuirfear ar gach mionnscríbhinn ná maidir leis an gcúis nó leis an ábhar ina mionnófar í; ach i ngach cás ina mbeidh níos mó ná gearánaí nó cosantóir amháin, is leor ainm iomlán an chéad ghearánaí nó an chéad chosantóra, faoi seach, a lua, agus a lua gearánaithe nó cosantóirí eile, de réir mar a bheidh, a bheith ann; agus dícheadóidh an Máistir Fómhais na costais a thiocfaidh d’aon fhadálacht gan riachtanas in aon teideal den sórt sin.

4. Cloífidh mionnscríbhinní le cibé fíorais is féidir leis an bhfinné a chruthú as a eolas féin, agus luafar iontu conas is feasach dó iad, ach amháin i gcás foriarratas idirbhreitheach, ar a bhféadfar ráitis i dtaobh a mbeidh á chreidiúint aige, agus na forais a bheidh aige leis sin a chreidiúint, a ghlacadh. Ní cheadófar na costais a bhainfidh le haon mhionnscríbhinn ina leagfar amach gan riachtanas ábhair chlostráchta, nó ábhar argóinteach, nó cóipeanna de dhoiciméid nó sleachta astu.

5. Mionnscríbhinní a mhionnófar in Éirinn déanfar iad a mhionnú os comhair breithimh nó coimisinéara mionnaí nó oifigigh a mbeidh cumhacht aige daoine a chur faoi mhionn.

6. Saineoidh gach coimisinéir mionnaí an t-am agus an áit a dtógfaidh sé aon mhionnscríbhinn, nó a nglacfaidh sé admháil aon ghníomhais, nó cúirtbhanna; mura ndéanfaidh sé ní mheasfar í nó é a bheith údarach, ná ní ghlacfar í nó é lena comhdú nó lena chomhdú, nó lena rollú, gan cead ón gCúirt; agus saineoidh gach coimisinéir den sórt sin an t-am agus an áit a ndéanfaidh sé aon ghníomh eile a bhainfidh lena oifig.

7. Féadfar gach ceistiú, mionnscríbhinn, dearbhú, dearbhascadh agus fianú onóra i gcúiseanna nó in ábhair a bheidh ar feitheamh san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Uachtarach, agus freisin admhá lacha a bheidh ag teastáil chun aon ghníomhas a rollú sna Cúirteanna sin, a chur nó a thógáil in aon tír nó áit choigríche os comhair aon ionadaí nó gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta ag feidhmiú a fheidhmeanna dó sa tír nó san áit sin nó, nuair nach mbeidh aon ionadaí nó gníomhaire den sórt sin ann nó aon ionadaí nó gníomhaire gar don teisteoir sa tír nó san áit sin, os comhair aon nótaire phoiblí a bheidh údaraithe go dleathach chun daoine a chur faoi mhionn sa tír nó san áit sin, nó i gcás inar cuid de Chomhlathas Briotanach na Náisiún nó inar sealúchas Briotanach an tír nó an áit sin, os comhair aon bhreithimh, cúirte, nótaire phoiblí nó duine a bheidh údaraithe chun daoine a chur faoi mhionn sa chuid nó sa sealúchas sin; agus tabharfaidh Breithiúna na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí agus na hoifigigh do na Cúirteanna sin aird bhreithiúnach ar shéala nó ar shíniú, de réir mar a bheidh, aon ionadaí nó gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta, breithimh, cúirte, nótaire phoiblí nó duine eile den sórt sin a bheidh i gceangal le, ag gabháil le nó curtha le haon cheistiú, mionnscríbhinn, dearbhú, dearbhascadh, fianú onóra, nó admháil den sórt sin, nó le haon ghníomhas nó doiciméad eile.

8. Déanfar gach mionnscríbhinn a dhréachtú sa chéad phearsa agus a roinnt ina míreanna agus uimhreofar gach mír as a chéile, agus, an oiread agus is féidir sin, cloífidh sí le cuid ar leithligh den ábhar. Beidh gach mionnscríbhinn scríofa nó clóite i bhfoirm leabhair. Ní cheadófar aon chostais i leith aon mhionnscríbhinne nó coda de mhionnscríbhinn a bhrisfidh go substaintiúil an riail seo.

9. Luafar i ngach mionnscríbhinn tuairisc an teisteora agus a áit chónaithe dhílis; agus luafar i ngach mionnscríbhinn seirbheála cathain agus conas a bheifear tar éis an tseirbheáil sin a dhéanamh, cá háit a mbeifear agus cé a bheidh tar éis í a dhéanamh agus, i gcás seachadadh ar aon duine, luafar inti aithne shúl a bheith ag an teisteoir ar an duine sin tráth an tseachadta sin.

10. I ngach mionnscríbhinn a dhéanfaidh beirt teisteoir nó níos mó cuirfear ainmneacha na ndaoine uile agus faoi seach a mbeidh an mhionnscríbhinn á déanamh acu isteach sa jurat, ach amháin má thógann an t-oifigeach céanna mionnscríbhinn na dteisteoirí go léir an tráth céanna gur leor a rá ‘‘na teisteoirí thuasluaite’’ araon (nó uile) a bheith tar éis í a mhionnú.

11. Beidh nóta ar gach mionnscríbhinn ag taispeáint cén duine ar thar a cheann a bheidh sí comhdaithe, agus ní chomhdófar nó ní úsáidfear aon mhionnscríbhinn gan an nóta sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

12. Féadfaidh an Chúirt a ordú aon ábhar a bheidh scannalach a scriosadh amach as aon mhionnscríbhinn, agus féadfaidh sí a ordú go n-íocfar amhail idir aturnae agus cliant costais aon iarratais chun ábhar den sórt sin a scriosadh amach.

13. Aon mhionnscríbhinn a mbeidh inti féin nó ina jurat aon idirlíniú, athrú, nó scriosadh, ní dhéanfar, gan cead ón gCúirt, í a chomhdú, a léamh nó a úsáid in aon ábhar a bheidh ar feitheamh sa Chúirt mura mbeidh an t-idirlíniú nó an t-athrú (seachas athrú trí ní a scriosadh amach) fíordheimhnithe le hinisealacha an duine a mbeidh an mhionnscríbhinn á tógáil aige, ná, i gcás aon ní a bheith scriosta amach, mura ndéanfaidh an duine a mbeidh an mhionnscríbhinn á tógáil aige na focail nó na figiúirí a dhealróidh, tráth tógtha na mionnscríbhinne, a bheith scríofa ar an ní a bheidh scriosta amach a athscríobh agus a shíniú nó a inisealú ar chiumhais na mionnscríbhinne.

14. Na daoine go léir a mbeidh mionnscríbhinní á dtógáil acu deimhneoidh siad sa jurat a ghabhfaidh le gach mionnscríbhinn a thógfaidh siad aithne a bheith acu ar an teisteoir féin, nó ar dhuine éigin a bheidh ainmnithe sa jurat agus a dheimhneoidh aithne a bheith aige ar an teisteoir. I gcás ina mbeidh mionnscríbhinn mionnaithe ag aon duine a dhealróidh don oifigeach a bheidh ag tógáil na mionnscríbhinne a bheith neamhliteartha nó dall, deimhneoidh an t-oifigeach sa jurat an mhionnscríbhinn a bheith léite ina láthair don teisteoir, gur dealraitheach an teisteoir a bheith tar éis í a thuiscint go foirfe, agus an teisteoir a bheith tar éis a shíniú nó a mharc a dhéanamh i láthair an oifigigh. Ní úsáidfear aon mhionnscríbhinn den sórt sin i bhfianaise in éagmais an deimhnithe sin, mura deimhin leis an gCúirt ar shlí eile an mhionnscríbhinn a bheith léite amach don teisteoir agus gur dealraitheach í a bheith tuigthe go foirfe aige.

15. Féadfaidh an Chúirt aon mhionnscríbhinn arna mionnú d’fhonn í a úsáid in aon chúis nó ábhar a ghlacadh d’ainneoin aon lochta trí mhíthuairisc ar pháirtithe nó ar shlí eile sa teideal nó sa jurat, nó aon neamhrialtachta eile ina foirm, agus féadfaidh sí a ordú meabhrán a chur ar an doiciméad á rá é a bheith glactha amhlaidh.

16. (a) I gcásanna ina gceadófar mionnscríbhinn bhunaidh a úsáid déanfar, tráth a húsáidte, í a sheachadadh ar an oifigeach cuí agus a fhágáil aige, agus cuirfidh an t-oifigeach á comhdú í.

(b) Féadfar i ngach cás cóip de mhionnscríbhinn a úsáid, ar an mionnscríbhinn bhunaidh a bheith comhdaithe roimhe sin, agus an chóip a bheith fianaithe go cuí.
(c) Féadfar cóip fhótastatach de mhionnscríbhinn bhunaidh a bheidh comhdaithe a úsáid, más rud é go mbeidh deimhnithe ag an aturnae a bheidh tar éis an mhionnscríbhinn bhunaidh sin a chomhdú í a bheith ina fíorchóip den mhionnscríbhinn sin agus an mhionnscríbhinn bhunaidh sin a bheith comhdaithe.

17. Ní leor aon mhionnscríbhinn má mhionnaítear í os comhair an aturnae a bheidh ag gníomhú don pháirtí ar thar a cheann a bheidh an mhionnscríbhinn le húsáid, nó os comhair aon ghníomhaire nó comhfhreagróra don aturnae sin, nó os comhair an pháirtí féin.
18. Aon mhionnscríbhinn nár leor í dá mionnófaí os comhair an aturnae féin í ní leor í má mhionnaítear os comhair a chléirigh nó a chomhpháirtí í.

19. I gcás ina mbeidh tréimhse speisialta ama ceaptha chun mionnscríbhinní a chomhdú, ní úsáidfear aon mhionnscríbhinn a chomhdófar tar éis na tréimhse ama sin, mura bhfaighfear cead ón gCúirt.

20. Ach amháin le cead na Cúirte ní bheidh aon fheidhm le haon ordú arna dhéanamh ex parte sa Chúirt agus arna bhunú ar aon mhionnscríbhinn mura rud é gur roimh dhéanamh an iarratais ar an ordú a bheidh an mhionnscríbhinn, ar a mbeidh an t-iarratas déanta, déanta iarbhír agus go mbeidh sí tugtha ar aird nó comhdaithe tráth déanta an iarratais.

21. I gcás ina ndeonófar nó ina ndéanfar urghaire nó ordú gan an dlínse a fhágáil, tabharfaidh páirtí iarrtha na hurghaire nó an ordaithe sin cóipeanna de na mionnscríbhinní is foras léi nó leis d’aon pháirtí dá ndéanfaidh sí nó sé difear ar í nó é a éileamh agus ar íoc aisti nó as de réir an ráta a shonraítear in Ordú 117.

22. Is leor d’fhianaise ar thoiliú iontaobhaí chun gníomhú toiliú i scríbhinn arna shíniú aige agus arna fhíorú le síniú a aturnae nó aturnae an iarratasóra.

II. Mionnscríbhinní agus fianaise os comhair an Mháistir nó an Scúdaitheora

23. An páirtí a mbeidh ar intinn aige aon mhionnscríbhinn a úsáid mar thaca le haon iarratas arna dhéanamh os comhair an Mháistir nó os comhair an Scrúdaitheora tabharfaidh sé fógra do na páirtithe eile lena mbainfidh á rá é sin a bheith ar intinn aige.

24. Féadfar gach mionnscríbhinn a bheidh déanta agus léite roimhe sin sa Chúirt ar aon imeacht i gcúis nó in ábhar a úsáid os comhair an Mháistir nó an Scrúdaitheora.

25. Déanfar gach athrú i gcuntas arna fhíorú le mionnscríbhinn agus a bheidh le húsáid os comhair an Mháistir nó os comhair an Scrúdaitheora a mharcáil le hinisealacha an duine ar os a chomhair a bheidh an mhionnscríbhinn mionnaithe, agus ní dhéanfar na hathruithe sin trí ní a scriosadh amach.

26. Ní chuirfear cuntais, sleachta as cláir pharóiste, sonraí i dtaobh fiach creidiúnaithe, ná doiciméid eile dá dtagrófar le mionnscríbhinn i gceangal leis an mionnscríbhinn, ná ní thagrófar dóibh sa mhionnscríbhinn mar nithe arna gcur i gceangal, ach tagrófar dóibh mar fhoilseáin.

27. Déanfar gach deimhniú ar fhoilseán dá dtagrófar i mionnscríbhinn agus a shíneoidh an duine ar os a chomhair a mhionnófar an mhionnscríbhinn a mharcáil le gearrtheideal na cúise nó an ábhair.


III. Triail le mionnscríbhinn

28. Laistigh de cheithre lá dhéag tar éis toiliú a bheith tugtha chun fianaise a thógáil le mionnscríbhinn amhail idir na páirtithe, nó tar éis ordú a bheith déanta chun na críche sin, nó laistigh de cibé tréimhse ama ar a gcomhaontóidh na páirtithe, nó a lamhálfaidh an Chúirt, comhdóidh an gearánaí a mhionnscríbhinní agus seachadfaidh sé liosta díobh ar an gcosantóir nó ar a aturnae.

29. Déanfaidh an cosantóir, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an liosta sin a sheachadadh, nó laistigh de cibé tréimhse ama ar a gcomhaontóidh na páirtithe, nó a lamhálfaidh an Chúirt, a mhionnscríbhinní a chomhdú, agus liosta díobh a sheachadadh ar an ngearánaí nó ar a aturnae.

30. Laistigh de sheacht lá tar éis na ceithre lá dhéag deiridh sin a luaitear a bheith caite, nó cibé tréimhse ama eile a luaitear roimhe seo, déanfaidh an gearánaí a mhionnscríbhinn a chomhdú mar fhreagra, agus clóýfidh na mionnscríbhinn sin go dlúth le hábhair mar fhreagra, agus déanfaidh sé liosta díobh a sheachadadh ar an gcosantóir nó ar a aturnae.

31. Nuair a thógfar an fhianaise le mionnscríbhinn, féadfaidh aon pháirtí ar mian leis teisteoir a mbeidh mionnscríbhinn déanta aige, arna comhdú thar ceann an pháirtí fhreasúraigh, a chroscheistiú fógra i scríbhinn a sheirbheéil ar an bpáirtí a mbeidh an mhionnscríbhinn sin comhdaithe aige, á cheangal an teisteoir a thabhairt ar aird lena chroscheistiú sa triail, agus seirbheálfar an fógra sin tráth ar bith sula mbeidh na ceithre lá dhéag díreach tar éis dheireadh na tréimhse ama a bheidh lamháilte chun mionnscríýbhinn a chomhdú mar fhreagra caite, nó laistigh de cibé tréimhse ama a cheapfaidh an Chúirt go speisialta in aon chás; agus mura dtabharfar an teisteoir sin ar aird dá réir sin, ní úsáidfear a mhionnscríýbhinn mar fhianaise mura bhfaighfear cead ón gCúirt. Ní bheidh an páirtí a mbeidh an teisteoir sin á thabhairt ar aird aige lena chroscheistiú i dteideal na caiteachais a bhainfidh leis sin a éileamh ar an gcéad ásc ón bpáirtí a bheidh ag éileamh an teisteoir a thabhairt ar aird amhlaidh. Is i bhFoirm Uimh. 21 i bhFoscríbhinn C a bheidh an fógra.

32. Beidh an páirtí dá dtabharfar an fógra sin a luaitear i riail 31 i dteideal iallach a chur ar an teisteoir freastal lena chroscheistiú sa tslí chéanna ina bhféadfadh sé iallach a chur ar fhinné freastal le dul faoi cheistiú.

33. Nuair a thógfar an fhianaise faoin Ordú seo le mionnscríbhinn, tabharfar an fógra trialach an tráth céanna tar éis dul in éag don tréimhse ama a cheaptar le riail 29 a fhoráiltear leis na Rialacha seo tar éis dheireadh na bpléadálacha; ar an gcoinníoll go bhféadfar mionnscríbhinní eile a úsáid má thoilíonn na páirtithe leasmhara go léir leis sin, nó má ordaíonn an Chúirt amhlaidh.