Ordú 32

Admhálacha

1. Féadfaidh aon pháirtí i gcúis nó in ábhar fógra a thabhairt, lena phléadáil, nó ar shlí eile i scríbhinn, á rá é a bheith ag admháil gur fíor don iomlán nó d’aon chuid de chás aon pháirtí eile.

2. Féadfaidh ceachtar páirtí iarraidh ar an bpáirtí eile aon doiciméad a admháil, lasmuigh de gach eisceacht chóir; agus má dhiúltaítear nó má fhaillítear é a admháil, tar éis an fhógra sin, is é an páirtí a bheidh ag failliú nó ag diúltú amhlaidh a íocfaidh costais chruthaithe aon doiciméad den sórt sin, cibé toradh a bheidh ar an gcúis nó ar an ábhar, mura ndeimhneoidh an Chúirt sa triail nó ag an éisteacht é a bheith réasúnach diúltú na doiciméid sin a admháil; agus ní lamhálfar aon chostais chun aon doiciméad a chruthú mura mbeidh an fógra sin tugtha, ach amháin más é tuairim an Mháistir Fómhais gur sábháil chostais é gan an fógra a thabhairt.

3. Is i bhFoirm Uimh. 13 i bhFoscríbhinn C a bheidh fógra chun doiciméid a admháil.

4. Féadfaidh aon pháirtí, le fógra i scríbhinn, tráth ar bith nach ná naoi lá roimh an lá dá mbeidh fógra trialach tugtha, iarraidh ar aon pháirtí eile aon fhíoras sonrach nó aon fhíorais shonracha a bheidh luaite san fhógra sin a admháil chun críocha na cúise nó an ábhair nó na saincheiste agus chun na gcríoch sin amháin. Agus má dhiúltaítear nó má fhaillítear an fíoras nó na fíorais sin a admháil laistigh de shé lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise ama a lamhálfaidh an Chúirt, is é an páirtí a beidh ag failliú nó ag diúltú amhlaidh a íocfaidh costais chruthaithe an fhíorais nó na bhfíoras sin, cibé toradh a bheidh ar an gcúis nó ar an ábhar nó ar an tsaincheist, mura ndeimhneoidh an Chúirt sa triail nó ag an éisteacht é a bheith réasúnach diúltú an fíoras nó na fíorais sin a admháil, nó mura n-ordóidh nó mura dtreoróidh an Chúirt a mhalairt tráth ar bith. Ar an gcoinníoll, má dhéantar aon admháil de bhun an fhógra sin go measfar í a bheith déanta chun críocha na cúise nó an ábhair nó na saincheiste áirithe, agus chun na gcríoch sin amháin, agus nach mar admháil lena húsáid i gcoinne an pháirtí ar aon ócáid eile nó i bhfabhar aon duine seachas an páirtí a mbeidh an fógra á thabhairt aige. Ar an gcoinníoll, freisin, go bhféadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, a cheadú d’aon pháirtí aon admháil a bheidh déanta amhlaidh a leasú nó a tharraingt siar ar cibé téarmaí is cóir; agus ar an gcoinníoll thairis sin gurb é a íocfaidh na costais agus na caiteachais sin go léir arb é, i dtuairim an Mháistir Fómhais nó na Cúirte, neamhsheirbheáil an fhógra sin mar a dúradh ag aon pháirtí a bheidh tar éis bheith ina cúis leo, cibé toradh a bheidh ar an gcúis nó ar an ábhar nó ar an tsaincheist, an páirtí nach mbeidh an fógra sin seirbheáilte aige, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

5. Is i bhFoirm Uimh. 14 i bhFoscríbhinn C a bheidh fógra chun fíorais a admháil agus is i bhFoirm Uimh. 15 i bhFoscríbhinn C a bheidh admhálacha fíoras.

6. Féadfaidh aon pháirtí, ag aon chéim de chúis nó d’ábhar, i gcás ina mbeidh admhálacha fíorais déanta, ar na pléadálacha nó ar shlí eile, cibé breithiúnas nó ordú a mbeidh sé ina theideal, ar na hadmhálacha sin, a iarraidh ar an gCúirt, gan fanacht go dtí go gcinnfear aon cheist eile idir na páirtithe, agus féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas sin a dhéanamh chuici, cibé ordú a dhéanamh, nó cibé breithiúnas a thabhairt, is cóir leis an gCúirt.

7. Beidh mionnscríbhinn ón aturnae á rá aon admhálacha a bheidh déanta de bhun aon fhógra chun doiciméid nó fíorais a admháil a bheith sínithe go cuí ina leorfhianaise ar na hadmhálacha sin, más gá fianaise orthu.

8. Is i bhFoirm Uimh. 16 i bhFoscríbhinn C a bheidh an fógra chun doiciméid a thabhairt ar aird. Beidh, i ngach cás, mionnscríbhinn ón aturnae, nó óna chléireach, á mionnú aon fhógra chun doiciméid a thabhairt ar aird a bheith seirbheáilte, agus ina mionnófar tráth seirbheála an fhógra sin, maille le cóip den fhógra chun na doiciméid a thabhairt ar aird, ina leorfhianaise ar sheirbheáil an fhógra, agus ar thráth a sheirbheála.

9. Má chuimsítear doiciméid nach mbeidh gá leo i bhfógra chun doiciméid a admháil nó a thabhairt ar aird, is é an páirtí a mbeidh an fógra sin á thabhairt aige a íocfaidh na costais a thiocfaidh de sin.