Ordú 64

Aimiréalacht

1. Sna Rialacha seo, ciallaíonn an abairt ‘‘caingean aimiréalachta’’ aon imeacht chun aon cheann de na héilimh nó de na ceisteanna seo a leanas a chinneadh:—

(a) éileamh nó ceist a mbíodh dlínse ag an Ard-Chúirt Aimiréalachta in Éirinn ina leith;
(b) éileamh chun long, nó aon scair inti, a dhíol;

(c) éileamh chun aon déileáil le long, nó le haon scair inti, a thoirmeasc;

(d) éileamh i leith morgáiste nó muirir ar long nó ar aon scair inti;

(e) éileamh a bhainfidh le longmhorgáiste;

(f) éileamh chun aon long, nó a tácla, a feisteas nó a troscán, a fhorghéilleadh, nó chun í nó é a thabhairt ar ais tar éis a hurghabhála nó a urghabhála, nó éileamh ar chostais nó ar dhamáistí i leith a hurghabhála nó a urghabhála nó a coinneála nó a choinneála;

(g) éileamh de chineál píolótaíochta nó a bhainfidh le píolótaíocht;

(h) éileamh a bhainfidh le gníomh caillroinnte ilpháirtí.


2. Is i bhFoirm Uimh. 1, 2 nó 3 i bhFoscríbhinn J a bheidh toghairm thionscnaimh i gcaingean aimiréalachta; agus úsáidfear na foirmeacha eile san Fhoscríbhinn sin, nuair is infheidhme, in imeachtaí aimiréalachta.


3. Féadfar nós imeachta le toghairm speisialta a ghlacadh sna haicmí éileamh seo a leanas:

(a) éileamh ó mhorgáistí loinge nó aon scaire inti chun í a dhíol nó chun a urrús a chur i bhfeidhm i slí eile, nó ó mhorgáisteoir chun í a fhuascailt;
(b) éileamh chun long, nó aon scair inti, a dhíol de bhun an Achta Loingis Thráchtála, 1955, alt 47.


4. Féadfar nós imeachta le toghairm speisialta a ghlacadh le toiliú na bpáirtithe uile in aon imeachtaí aimiréalachta nach mbeidh ag teacht faoi réim aon cheann de na haicmí i riail 3.


5. Is é a éistfidh imeachtaí aimiréalachta cibé Breitheamh (dá ngairtear ‘‘an Breitheamh’’ san ordú seo) a shannfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó thráth go chéile chun iad a éisteacht.


6. I gcaingne aimiréalachta in rem féadfaidh an Máistir barántas chun maoin a ghabháil a eisiúint ar thionscnamh an ghearánaí nó an chosantóra tráth ar bith tar éis an toghairm a eisiúint, agus is i bhFoirm Uimh. 8 i bhFoscríbhinn J a bheidh an barántas sin, ach faoi réir fhorálacha riail 7 ní eiseofar aon bharántas gabhála go dtí go mbeidh mionnscríbhinn ón bpáirtí, nó óna ghníomhaire, comhdaithe agus na forálacha seo a leanas comhlíonta:

(a) luafar sa mhionnscríbhinn ainm agus tuairisc an pháirtí a mbeidh an barántas le heisiúint ar a thionscnamh, cineál an éilimh nó an fhrithéilimh, ainm agus cineál na maoine a bheidh le gabháil, agus nach mbeifear tar éis an t-éileamh nó an frithéileamh a shásamh;
(b) i gcaingean phá nó seilbhe luafar sa mhionnscríbhinn gné náisiúnta an árthaigh a mbeidh imeachtaí á saothrú ina coinne, agus, más i gcoinne árthaigh choigríche dóibh, luafar fógra faoi thionscnamh na caingne a bheith tugtha do Chonsal an Stáit, nó d’ionadaí eile don Stát, lena mbainfidh an t-árthach, má tá cónaí i mBaile Átha Cliath ar a leithéid, agus cuirfear cóip den fhógra i gceangal leis an mionnscríbhinn;

(c) i gcaingean longmhorgáiste déanfar an banna longmhorgáiste agus, más i dteanga iasachta dó, tiontú nótaireachta air, a thabhairt ar aird le go ndéanfaidh an Máistir iniúchadh air agus é a ghrinnscrúdú, agus cuirfear cóip den bhanna, nó den tiontú air, a bheidh deimhnithe a bheith ina thiontú ceart, i gceangal leis an mionnscríbhinn;

(d) i gcaingean dáilte tarrthálais, luafar sa mhionnscríbhinn méid an airgid tarrthálais a bheidh dáfa nó a mbeidh comhaontaithe glacadh leis, maille le hainm, seoladh agus tuairisc an duine a bheidh á shealbhú;

(e) gealltanas i scríbhinn a bheith taiscthe ag an aturnae a bheidh ag iarraidh go n-eiseofar an barántas, á ghealladh táillí agus caiteachais an oifigigh a bheidh ag forghníomhú an bharántais a íoc.


7. Féadfaidh an Breitheamh, in aon chás, a cheadú go n-eiseofar an barántas a luaitear i riail 6 cé go bhféadfaidh sé nach mbeidh na sonraí go léir is gá sa mhionnscríbhinn atá luaite sa riail sin. I gcaingean phá féadfaidh an Breitheamh seirbheáil an fhógra a tharscaoileadh, agus i gcaingean longmhorgáiste féadfaidh sé tabhairt ar aird an bhanna a tharscaoileadh.


8. I gcaingne aimiréalachta in rem ní gá an toghairm nó an barántas a sheirbheáil i gcás ina gcomhaontóidh aturnae an chosantóra seirbheáil a ghlacadh agus go ngeallfaidh sé i scríbhinn láithreas a thaifeadadh agus bannaí a chur isteach, nó airgead a íoc isteach sa Chúirt in ionad bannaí.


9. I gcaingne aimiréalachta in rem is é an Marascal Aimiréalachta nó a ionadaithe a sheirbheálfaidh an barántas gabhála, agus déanfar an barántas a chomhdú sa Phríomh-Oifig tar éis é a sheirbheáil.


10. I gcaingne aimiréalachta in rem déanfar toghairm nó barántas i gcoinne lasta nó luchta loinge ar bord a sheirbheáil tríd an toghairm bhunaidh nó an barántas bunaidh a thairneáil ar chrann mór nó ar aonchrann an árthaigh, nó ar chuid fheiceálach eile di, nó a ghreamú den chrann nó den chuid sin, ar feadh tréimhse giorra ama, agus, tar éis an toghairm nó an barántas a bhaint anuas, trí chóip dhílis di nó de a fhágáil tairneáilte nó greamaithe ina hionad nó ina ionad.


11. Más rud é go mbeidh an lucht curtha i dtír nó trasloingsithe déanfar an toghairm nó an barántas chun an lucht agus an lasta a ghabháil a sheirbheáil tríd an toghairm nó an barántas a chur ar an lucht, ar feadh tréimhse giorra ama, agus tar éis an toghairm nó an barántas a bhaint anuas, trí chóip dhílis di nó de a fhágáil air.


12. Má tá an lucht i gcoimeád duine nach gceadóidh rochtain air, féadfar an toghairm nó an barántas a sheirbheáil ar an duine sin.


13. I gcaingean aimiréalachta in rem, dlífear aturnae nach mbeidh láithreas á thaifeadadh aige, nó bannaí á gcur isteach aige nó airgead á ioc isteach sa Chúirt aige in ionad bannaí, de bhun gealltanais scríofa uaidh go ndéanfadh sé amhlaidh, a astú.


14. I gcaingean aimiréalachta in rem féadfaidh aon duine nach mbeidh ainmnithe sa toghairm idiragairt agus láithriú ar mhionnscríbhinn a chomhdú a thaispeánfaidh leas a bheith aige sa res a bheidh faoi ghabháil nó sa chiste sa Chúirt.


15. I gcaingne aimiréalachta in rem féadfar bannaí a thógáil sa Phríomh-Oifig nó os comhair coimisinéara a bheidh ceaptha chun bannaí a thógáil in aimiréalacht, nó os comhair coimisinéara a bheidh ceaptha chun daoine a chur faoi mhionn, agus i ngach cás déanfaidh na hurraí fírinniú.


16. Ní dhéanfar, ach amháin le toiliú, banna urraí a chomhdú go dtí go mbeidh ceithre huaire an chloig is fiche caite ón tráth a mbeifear tar éis fógra ina mbeidh ainmneacha agus seoltaí na n-urraí beartaithe, agus an choimisinéara (más ann dó) a mbeifear tar éis an banna a thógáil os a chomhair, a sheirbheáil ar an bpáirtí codarsna nó ar a aturnae agus déanfar cóip den fhógra arna fhíorú le mionnscríbhinn a chomhdú i dteannta an bhanna urraí.


17. Déanfar agóid in aghaidh urra trí fhógra faoin agóid a sheirbheáil ar an bpáirtí codarsna, nó ar a aturnae, agus trí chóip di a thaisceadh sa Phríomh-Oifig, agus déanfaidh an Breitheamh í a bhreithniú ar fhoriarratas iar bhfógra ón bpáirtí a mbeidh na bannaí á bhforthairiscint aige.


18. Ní dhéanfar maoin a bheidh gafa in imeachtaí aimiréalachta le barántas a scaoileadh ach amháin faoi údarás ordaithe ón Máistir.


19. Páirtí a mbeifear tar éis maoin a ghabháil ar a thionscnamh féadfaidh sé, sula mbeidh láithreas taifeadta, ordú a fháil chun an mhaoin sin a scaoileadh trí fhógra a chomhdú á fhógairt an barántas a bheith á tharraingt siar aige.


20. Féadfaidh páirtí ordú a fháil chun aon mhaoin a scaoileadh tríd an tsuim a mbeifear tar éis an chaingean a thionscnamh ina leith, maille le suim le haghaidh costas a bheidh le socrú ag an Máistir, a íoc isteach sa Chúirt.


21. Féadfar lucht nach mbeidh gafa ach mar gheall ar lasttáille a scaoileadh trí mhionnscríbhinn a chomhdú i dtaobh luach na last-táille, agus trí mhéid na last-táille, maille le suim i leith costas a bheidh le socrú ag an Máistir, a íoc isteach sa Chúirt nó tríd an mBreitheamh a shásamh maidir le méid na last-táille a bheith íoctha cheana féin.


22. I gcaingean tarrthálais comhaontófar ar luach na maoine a bheidh faoi ghabháil, nó comhdófar mionnscríbhinn luacha sula scaoilfear an mhaoin, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt.


23. Páirtí ar mian leis cosc a chur le haon mhaoin a bheidh faoi ghabháil a scaoileadh déanfaidh sé fógra i bhFoirm Uimh. 14 i bhFoscríbhinn J a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus air sin déanfar caveat in aghaidh scaoileadh na maoine a thaifeadadh sa leabhar a bheidh le coimeád sa Phríomh-Oifig agus dá ngairfear an ‘‘Leabhar Caveat in aghaidh Scaoileadh’’.


24. Aturnae a mbeidh banna urraí comhdaithe aige sa tsuim a mbeidh an chaingean tionscanta ina leith, maille le suim le haghaidh costas a bheidh le socrú ag an Máistir, nó a mbeidh na suimeanna sin íoctha isteach sa Chúirt aige, agus, más caingean tarrthálais í an chaingean, a mbeidh mionnscríbhinn comhdaithe aige freisin i dtaobh luach na maoine gafa, beidh sé i dteideal scaoileadh ina leith sin, mura mbeidh caveat in aghaidh a scaoilte sin in éifeacht sa ‘‘Leabhar Caveat in aghaidh Scaoileadh’’.


25. Nuair a gheofar an scaoileadh déanfaidh an t-aturnae a mbeidh sé á thógáil amach aige é a fhágáil, maille le fógra, san oifig chuí, agus íocfaidh sé, freisin, san am céanna, na costais, na táillí agus na caiteachais uile a bheidh ag baint le cúram agus coimeád na maoine le linn di bheith faoi ghabháil, agus air sin déanfar an mhaoin a scaoileadh.


26. Páirtí a mbeidh moill á cur aige ar aon mhaoin a scaoileadh trí caveat a thaifeadadh dlífear costais agus damáistí a ghearradh air mura suífidh sé chun sástacht an Bhreithimh leorchúis mhaith a bheith aige leis sin a bheith déanta aige.


27. Páirtí ar mian leis cosc a chur le gabháil aon mhaoine féadfaidh sé a chur faoi deara caveat a thaifeadadh sa Phríomh-Oifig in aghaidh barántas a eisiúint chun an mhaoin sin a ghabháil.


28. Chun críche riail 27 cuirfidh an páirtí faoi deara fógra arna shíniú aige féin nó ag a aturnae a chomhdú sa Phríomh-Oifig á ghealladh láithreas a thaifeadadh in aon chaingean a thionscnófar i gcoinne na maoine sin agus bannaí a thabhairt sa chaingean sin i suim nach mó ná méid a luafar san fhógra, nó an tsuim sin a íoc isteach sa Chúirt. Beidh san fhógra sin seoladh an pháirtí le haghaidh seirbheála nó áit chláraithe ghnó an aturnae a mbeidh an fógra á chomhdú aige. Air sin déanfar caveat in aghaidh barántas a eisiúint chun an mhaoin a ghabháil a thaifeadadh i leabhar a choimeádfar sa Phríomh-Oifig agus dá ngairfear an ‘‘Leabhar Caveat in aghaidh Barántas’’.


29. Páirtí a mbeidh caingean á tionscnamh aige in aghaidh aon mhaoine a mbeidh caveat taifeadta ina leith sa ‘‘Leabhar Caveat in aghaidh Barántas’’ déanfaidh sé cóip den toghairm a sheirbheáil láithreach ar an bpáirtí ta thar a cheann, nó ar a aturnae. a mbeidh an caveat taifeadta thar a cheann, nó ar a aturnae.


30. Laistigh de dhá lá dhéag ó dháta seirbheála na toghairme, nó cóipe di, déanfaidh an páirtí a mbeidh an caveat taifeadta thar a cheann, mura mó an tsuim a mbeidh an chaingean tionscanta ina leith, mar aon leis an tsuim i leith costas a luaitear anseo ina dhiaidh seo, ná an méid a mbeidh gealltanas tugtha aige ina leith, bannaí a thabhairt sa tsuim sin maille le suim i leith costas a bheidh le socrú ag an Máistir, nó é sin a íoc isteach sa Chúirt, agus mura ndéanfar sin féadfaidh an gearánaí dul ar aghaidh leis an gcaingean trí mhainneachtain.


31. Más rud é, nuair a thiocfaidh an chaingean os comhair an Bhreithimh, gur deimhin leis bonn maith a bheith leis an éileamh, féadfaidh sé fógairt a dhéanamh i leith na suime a dhealróidh dó a bheith dlite, agus féadfar íoc na suime sin a chur i bhfeidhm trí astú i gcoinne an pháirtí a mbeidh an caveat taifeadta thar a cheann agus tríd an maoin a ghabháil má tá sí laistigh de dhlínse na Cúirte an tráth sin, nó má thagann sí laistigh de dhlínse na Cúirte ina dhiaidh sin.


32. Ní chuirfidh aon ní san Ordú seo cosc ar pháirtí barántas a bhaint amach chun aon mhaoin a ghabháil d’ainneoin caveat a bheith taifeadta sa ‘‘Leabhar Caveat in aghaidh Barántas’’ ach dlífidh an páirtí sin an barántas a urscaoileadh agus dlífear costais agus damáistí a ghearradh air mura suífidh sé chun sástacht an Bhreithimh leorchúis mhaith a bheith aige leis sin a bheith déanta aige.


33. Ní thógfaidh aon choimisinéir bannaí thar ceann aon duine a mbeidh sé féin nó aon duine i gcomhpháirtíocht leis ag gníomhú mar aturnae nó mar ghníomhaire dó.


34. I gcaingne aimiréalachta in rem, i gcás nach láithreoidh an cosantóir laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris, féadfaidh an chaingean dul ar aghaidh, ar an ngearánaí do chomhdú mionnscríbhinn chuí seirbheála, amhail is dá mbeadh an cosantóir sin tar éis láithriú.


35. I gcaingne aimiréalachta in rem ar mhainneachtain láithriú, más deimhin leis an mBreitheamh, nuair a thiocfaidh an chaingean os a chomhair, bonn maith a bheith le héileamh an ghearánaí, féadfaidh sé fógairt a dhéanamh i leith an éilimh, le tarchur nó gan tarchur chuig Breitheamh nó chuig an Máistir, agus féadfaidh sé, san am céanna, a ordú go ndéanfar an mhaoin a mheas agus a dhíol, le fógra roimh ré nó gan fógra, agus na fáltais a íoc isteach sa Chúirt, nó féadfaidh sé cibé ordú a dhéanamh is cóir leis.


36. (i) I gcaingne i leith damáiste de dheasca imbhualadh idir árthaí, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt, déanfaidh an gearánaí, laistigh de sheacht lá tar éis an chaingean a thionscnamh, agus déanfaidh an cosantóir, laistigh de sheacht lá i ndiaidh an láithris, agus sula seachadfar aon phléadáil, doiciméad dá ngairfear réamhghníomh a chomhdú le hoifigeach cuí na Príomh-Oifige, ar doicimé ad é a shé aló far agus nach n-oscló far go dtí go n-ordóidh an Breitheamh amhlaidh, agus ina mbeidh ráiteas i dtaobh na sonraí seo a leanas:—

(a) ainmneacha na n-árthaí a bheidh tar éis bualadh faoina chéile agus ainmneacha na máistrí orthu;
(b) am an imbhuailte;

(c) áit an imbhuailte;

(d) treo agus neart na gaoithe;

(e) staid na haimsire;

(f) staid agus fórsa na taoide;

(g) cúrsa agus luas an árthaigh nuair a bheifear tar éis an t-árthach eile a fheiceáil ar dtús;

(h) na soilse, más ann, a bheidh tar éis bheith ar iompar aici;

(i) achar agus treo-uillinn an árthaigh eile nuair a bheifear tar éis í a fheiceáil ar dtús;

(k) na soilse, más ann, de chuid an árthaigh eile a bheifear tar éis a fheiceáil ar dtús;

(l) an mbeidh aon soilse de chuid an árthaigh eile, seachas na soilse a bheifear tar éis a fheiceáil ar dtús, tar éis nochtadh roimh an imbhualadh;

(m) cad iad na bearta a bheifear tar éis a dhéanamh, agus cathain a bheifear tar éis iad a dhéanamh, chun an t-imbhualadh a sheachaint;

(n) na codanna de gach árthach a bheidh tar éis teagmháil le chéile ar dtús;

(o) na fuaimchomharthaí (más ann) a bheifear tar éis a thabhairt, agus cathain a bheifear tar éis iad a thabhairt;

(p) na fuaimchomharthaí (más ann) a bheifear tar éis a chloisteáil ón árthach eile agus cathain a bheifear tar éis iad a chloisteáil.


(ii) Féadfaidh an Breitheamh a ordú an réamhghníomh a oscailt agus an fhianaise a thógáil air sin gan gá a bheith le haon phléadálacha a sheachadadh ar dtús; ach sa chás sin, má tá ar intinn ag ceachtar páirtí seasamh ar chosaint na píolótaíochta éigeantaí, féadfaidh sé déanamh amhlaidh, agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin i scríbhinn don pháirtí eile, laistigh de dhá lá ó dháta oscailte an réamhghnímh.


37. Ag aon chéim i gcaingean aimiréalachta tar éis don chosantóir láithriú, féadfaidh ceachtar páirtí ordú a iarraidh ar an mBreitheamh, le foriarratas dar foras mionnscríbhinn, á ordú go rachaidh an chaingean ar aghaidh ar aon cheist nó saincheist a bheidh socraithe os comhair an Bhreithimh agus sin le pléadáil nó tuilleadh pléadála nó gan phléadáil nó tuilleadh pléadála.


38. Nuair a cheadóidh an Breitheamh an t-iarratas faoi riail 37, ordóidh sé, san am céanna, go seachadfar cibé sonraí is cuí leis agus tabharfaidh sé cibé ordacháin agus déanfaidh sé cibé orduithe breise nó eile is cuí leis.


39. Nuair a bheifear tar éis sonraí a ordú mar a luaitear i riail 38, ní sheasfar, mar éileamh nó mar chosaint, ar aon ábhar dlí nó fíorais nach mbeidh nochta sna sonraí a bheidh seachadta, gan cead ón mBreitheamh.


40. I gcá s ina ndé anfaidh an cosantó ir, i gcaingean bhunaidh damáiste de dheasca imbhualadh, frithéileamh i leith damáiste a bheidh bainte dó i leith an imbhuailte chéanna, más rud é, sa chaingean bhunaidh, go mbeifear tar éis long an chosantóra a ghabháil nó go mbeidh urrús tugtha aige chun freagairt sa bhreithiúnas agus, sa fhrithéileamh, nach féidir long an ghearánaí sa chaingean bhunaidh a ghabháil agus nach mbeidh urrús tugtha chun freagairt sa bhreithiúnas sa fhrithéileamh, féadfaidh an Breitheamh na himeachtaí sa chaingean bhunaidh a fhionraí go dtí go mbeidh urrús tugtha chun freagairt sa bhreithiúnas sa fhrithéileamh.


41. Airgead a íocfar isteach sa Chúirt i gcaingean aimiréalachta ní íocfar amach as an gCúirt é ach amháin de bhun ordaithe ón mBreitheamh.


42. Páirtí ar mian leis cosc a chur le hairgead a íoc amach as an gCúirt i gcaingean aimiréalachta comhdóidh sé fógra i ndúblach i bhFoirm Uimh. 16 i bhFoscríbhinn J, agus air sin taifeadfar caveat i leabhar a choimeádfar sa Phríomh-Oifig agus dá ngairfear an ‘‘Leabhar Caveat in aghaidh Íocaíochtaí’’, agus tarchuirfear an dúblach chuig an gCuntasóir lena nótáil.


43. Féadfaidh an Breitheamh measúnóirí a cheapadh in aon chaingean aimiréalachta ar thionscnamh aon pháirtí nó i gcás ina measfaidh sé gur gá sin a dhéanamh chun go riarfar an ceartas go cuí.


44. Íocfar le gach measúnóir cibé suim a shocróidh an Breitheamh in aghaidh gach lae a bhfreastalóidh sé, agus íocfaidh an páirtí a dtabharfar breithiúnas ar a thaobh nó ina fhabhar táillí gach measúnóra, agus beidh siad ina gcostais sa chúis; ach nuair a dhéanfar damáistí a roinnt íocfaidh na páirtithe na táillí sin go cothrom.


45. I gcaingean aimiréalachta féadfaidh an Breitheamh nó an Máistir cúnamh a fháil, i cibé slí is cuí leis an mBreitheamh, ó chuntasóirí, ceannaithe, innealtóirí, achtúirí, agus lucht eolaíochta eile, chun gur fearrde a bheifear ábalta aon ábhar a chinneadh láithreach, agus féadfaidh sé gníomhú ar dheimhniú ó dhaoine den sórt sin.


46. (i) Beidh feidhm ag an riail seo maidir le tarchur ón mBreitheamh chuig an Máistir, cibé acu is tarchur chuig an Máistir féin é nó tarchur chuig an Máistir agus ceannaí nó ceannaithe, nó duine nó daoine eile, ag cabhrú leis.


(ii) Laistigh de dhá lá dhéag ó lá déanta an ordaithe don tarchur, comhdóidh an t-éilitheoir an t-éileamh agus na mionnscríbhinní, agus seachadfaidh sé cóipeanna díobh ar an bpáirtí codarsna nó ar a aturnae, agus déanfaidh seisean, laistigh de dhá lá dhéag ó lá comhdaithe an éilimh agus na mionnscríbhinní, a fhrith-mhionnscríbhinní (más ann) a chomhdú agus tabharfaidh sé fógra, á rá é sin a bheidh déanta aige, maille le cóipeanna de na frith-mhionnscríbhinní sin, don éilitheoir nó dá aturnae.


(iii) Ó thráth seirbheála fógra faoi chomhdú na bhfrithmhionnscríbhinní, agus cóipeanna díobh a sheachadadh, cibé acu is deireanaí a tharlóidh, ní lamhálfar ach sé lá chun cóipeanna d’aon mhionnscríbhinní breise ó cheachtar páirtí a chomhdú agus a sheachadadh ach amháin le hordú ón Máistir. Ní foláir don pháirtí a mbeidh aon mhionnscríbhinn bhreise den sórt sin á comhdú aige fógra faoina comhdú a thabhairt don pháirtí codarsna nó dá aturnae.


(iv) Déanfaidh an t-éilitheoir, laistigh de thrí lá ó dheireadh na tréimhse ama a bheidh lamháilte chun an mhionnscríbhinn deiridh a chomhdú, fógra a chomhdú sa Phríomh-Oifig á impí an tarchur a bheith curtha ar an liosta lena éisteacht, agus mura ndéanfaidh sé amhlaidh, féadfaidh an páirtí codarsna a iarraidh ar an mBreitheamh an t-éileamh a dhíbhe, le costais.


(v) Féadfar finnéithe a thabhairt ar aird os comhair an Mháistir lena gceistiú, agus déanfaidh an Máistir nó, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, luathscríobhaí an fhianaise a bhreacadh síos an tráth sin.


(vi) Féadfaidh abhcóide freastal ar éisteacht aon tarchuir, ach ní dhéanfar na caiteachais a bhainfidh le fostú abhcóide a cheadú san fhómhas mura dóigh leis an Máistir gá a bheith le freastal an abhcóide.


(vii) Féadfaidh an Máistir a dheimhniú an ceart aon chuid de chostais an tarchuir a cheadú, agus cad é an chuid í, agus cé dó ar ceart na costais sin a cheadú.


(viii) Beidh socrú agus rialáil an chúrsa imeachta faoi gach tarchur go hiomlán faoi réir rialú agus faoi threorú an Mháistir.


(ix) Luafar toradh an fhiosrúcháin os comhair an Mháistir i ndeimhniú a shíneoidh sé, agus nuair a bheidh an deimhniú sin socraithe déanfar é a léirscríobh, agus nuair a bheidh sé sínithe comhdófar é, agus air sin beidh an deimhniú sin arna dhaingniú mura ndéanfar, laistigh de cheithre lá tar éis a chomhdaithe, fógra foriarratais a sheirbheáil chun é a chur ar ceal nó a athrú.


(x) Sonrófar i ngach fógra foriarratais den sórt sin na forais ar a mbeifear ar intinn a iarraidh go ndéanfar an deimhniú sin a chur ar ceal nó a athrú.


(xi) I gcás na mbeidh deimhniú ó n Máistir arna dhaingniú faoi fho-riail (9), nó i gcás ina ndéanfar é a dhaingniú ar an bhforiarratas sin a luaitear san fho-riail sin, féadfar breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh láithreach dá réir sin.


47. Beidh feidhm mutatis mutandis freisin ag forálacha riail 46 i gcásanna ina ndéanfar tarchur chuig Breitheamh, agus sna cásanna sin forléireofar an riail amhail is dá mbeadh ‘‘Breitheamh’’ curtha in ionad ‘‘Máistir’’ inti.


48. I gcaingean aimiréalachta féadfar an fhianaise go léir, nó aon chuid di, a thabhairt le mionnscríbhinn má ordaítear sin. Ní chlóbhuailfear mionnscríbhinní den sórt sin gan ordú speisialta ón mBreitheamh.


49. Is é an Marascal Aimiréalachta nó a ionadaithe a fhorghníomhóidh gach coimisiún chun maoin in imeachtaí aimiréalachta a mheas nó a dhíol, mura n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt; agus déanfaidh páirtí, nó a aturnae, a mbeidh coimisiún den sórt sin á thógáil amach aige, gealltanas a chomhdú go n-íocfaidh sé táill agus caiteachais an Mharascail, má éilítear sin.


50. Déanfaidh an Marascal Aimiréalachta na fáltais chomhlána as díol aon mhaoine a bheidh díolta aige a íoc isteach sa Chúirt láithreach agus, ar an díol a bheith críochnaithe, déanfaidh sé an cuntas díola, mar aon le deimhnithe mar thaca leis sin, a thabhairt isteach sa Phríomh-Oifig lena fhómhas ag an Máistir.


51. Féadfar aon duine a mbeidh leas aige i bhfáltais díola a éisteacht os comhair an Mháistir nuair a bheidh an cuntas caiteachas ón Marascal Aimiréalachta á fhómhas, agus éistfear agóid in aghaidh an fhómhais sa tslí chéanna le hagóid in aghaidh an fhómhais ar bhille costas aturnae.


52. In imeachtaí aimiréalachta, aon chomhaontú i scríbhinn idir na páirtithe, arna shíniú ag na páirtithe nó ag a n-aturnaetha, féadfar, má mheasann an Máistir gur comhaontú réasúnach é agus de chineál a cheadódh an Breitheamh sna himthosca, é a chomhdú agus air sin tiocfaidh sé chun bheith ina ordú ón gCúirt.


53. Beidh cumhacht ag an mBreitheamh ag aon chéim de chaingean aimiréalachta triail luath a ordú, agus chun na críche sin beidh cumhacht ag an mBreitheamh an tréimhse nó na tréimhsí ama atá ceaptha leis na Rialacha seo chun pléadálacha a sheachadadh, nó chun aon ghníomh a dhéanamh, a ligean thar ceal nó a ghiorrú ar cibé téarmaí (más ann) is gá de réir nádúr an cháis.


54. Féadfar na moilleanna a cheanglaítear leis an Ordú seo maidir le bannaí a thógáil in aimiréalacht a ligean thar ceal le toiliú na bpáirtithe nó a n-aturnaetha i scríbhinn.


55. In imeachtaí aimiréalachta, ní fhanfaidh caveat in aghaidh barántas a eisiúint, maoin a scaoileadh, nó airgead a íoc amach as an gCúirt i bhfeidhm níos faide ná sé mhí ó dháta an caveat.


56. I gcaingean aimiréalachta déanfar gach ionstraim faoi shéala na hArd-Chúirte a eisiúint ar fhógra arna chomhdú ag na páirtithe a mbeidh an ionstraim á hiarraidh acu agus beidh dáta a heisiúna uirthi.


57. Déanfar gach ionstraim den sórt sin a sheirbheáil laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dháta a heisiúna; mura ndéanfar amhlaidh ní bheidh seirbheáil na hionstraime bailí.


58. Ní dhéanfar aon ionstraim den sórt sin, ach amháin barántas, a sheirbheáil ar an Domhnach, ar Aoine an Chéasta, nó ar Lá Nollag.


59. Gach barántas nó ionstraim eile ar gá don Mharascal Aimiréalachta é nó í a fhorghníomhú nó a sheirbheáil déanfaidh an t-aturnae a mbeidh sé nó sí á thógáil nó á tógáil amach aige é nó í a fhágáil sa Phríomh-Oifig, maille le fógra i bhFoirm Uimh. 7 nó i bhFoirm Uimh. 21 i bhFoscríbhinn J, Cuid II (cibé foirm acu is cuí).


60. Déanfar seirbheáil aon ionstraime ag an Marascal Aimiréalachta a fhíorú le deimhniú uaidh. Mura ndéanfar amhlaidh, is le mionnscríbhinn a dhéanfar seirbheáil aon ionstraime a fhíorú.


61. Is é a fheidhmeoidh agus a chomhlíonfaidh na cumhachtaí, na húdaráis, na dualgais agus na feidhmeanna a d’fheidhmíodh agus a chomhlíonadh an Marascal Aimiréalachta cibé oifigeach don Ard-Chúirt a bheidh ag fónamh sa Phríomh-Oifig (ar a dtabharfar ‘‘an Marascal Aimiréalachta’’) agus a ordóidh an t-oifigeach ag a mbeidh bainistiú na hoifige sin, ó thráth go chéile, agus déanfar an abairt ‘‘Marascal Aimiréalachta’’ a fhorléiriú dá réir sin.


62. (i) Féadfar iarratas chun long a choinneáil nó a ghabháil de bhun an Shipowners’ Negligence (Remedies) Act, 1905, nó an Merchant Shipping (Stevedores and Trimmers) Act, 1911, a dhéanamh ex parte, ach déanfar fógra faoin iarratas a thabhairt, leis an bpost, le teileagram nó ar shlí eile, do ghníomhaire na loinge laistigh den dlínse nó don aturnae thar ceann úinéirí nó mháistir na loinge (más eol an gníomhaire nó an t-aturnae sin don iarratasó ir). Ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an Chúirt a ndéanfar an t-iarratas chuici an fógra sin a ligean thar ceal i gcás nach indéanta é a thabhairt mar gheall ar phráinn nó eile.


(ii) Féadfaidh an Chúirt, sula ndéanfaidh sí ordú den sórt sin a dúradh, a cheangal ar an iarratasóir gealltanas nó urrús a thabhairt go gcloífidh sé le haon ordú a dhéanfar ina dhiaidh sin chun aon damáistí a bheidh bainte d’úinéirí na loinge, nó do dhuine eile a mbeidh leas aige sa long, mar gheall ar í a choinneáil nó a ghabháil, a íoc.


(iii) Déanfar méid an urrúis a bheidh le tabhairt de bhun aon ordaithe chun long a choinneáil nó a ghabháil a shonrú san ordú, ach féadfar é a athrú tráth ar bith le hordú ina dhiaidh sin.


(iv) Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, ar chúis mhaith a shuíomh, aon ordú chun long a choinneáil nó a ghabháil a chealú, nó a ordú go scaoilfear an long.