Ordú 56B

Breithniú : I.R. Uimh. 450 de 2016

1. San Ordú seo:

(1) Ciallaíonn “Acht 2013” an tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013;

ciallaíonn “breithneoir” breithneoir arna cheapadh nó arna ceapadh de bhun fhorálacha alt 6 d’Acht 2013.

(2) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tá le habairtí a úsáidtear san Ordú seo an bhrí chéanna atá leo in Acht 2013.

2. Is le fógra foriarratais tionscnaimh a dhéanfar iarratas ar chead ón gCúirt chun breith ó bhreithneoir de bhun alt 6(11) d’Acht 2013 a fhorghníomhú nó chun breithiúnas a thaifeadadh i leith na breithe sin.

3. (1) I gcás aon imeachtaí a bheidh taifeadta sa Liosta Tráchtála, beidh feidhm ag na forálacha atá sonraithe san Ordú seo maidir le himeachtaí trí fhógra foriarratais tionscnaimh de réir an Ordaithe seo, ach sin faoi réir fhorálacha Ordú 63A agus fhorálacha aon ordaithe arna dhéanamh ag an gCúirt, nó aon ordacháin arna thabhairt ag an gCúirt, faoin Ordú sin.

(2) Maidir le gach fógra foriarratais tionscnaimh, beidh mionn- scríbhinn ann mar fhoras leis, arna mionnú ag an bpáirtí tionscanta nó thar a cheann nó a ceann. Maidir le gach mionnscríbhinn forais den sórt sin—

    • (i) déanfar an conradh foirgníochta lena mbaineann an bhreith a shainaithint inti;

      (ii) déanfar breith an bhreithneora a fhoilseánadh inti;

      (iii) leagfar amach inti an bonn ar dá réir is ceart don Chúirt a chinneadh go bhfuil breith an bhreithneora ina ceangal ar an bhfreagróir;

      (iv) daingneofar an méid seo a leanas inti—


      • (a) nach bhfuil an díospóid íocaíochta socraithe go críochnaitheach ag na páirtithe;

        (b) nár thángthas ar bhreith éagsúil tar éis an díospóid íocaíochta a chur chun eadrána;

        (c) nár thángthas ar bhreith éagsúil in imeachtaí arna dtionscnamh i gcúirt i ndáil le breith an bhreith- neora; agus


      (iv) leagfar amach inti na fíorais a bhfuiltear ag seasamh orthu chun a thaispeáint gur mhainnigh an freagróir breith an bhreithneora a chomhlíonadh.

(3) Déanfar cóipeanna den fhógra foriarratais tionscnaimh agus den mhionnscríbhinn forais agus d’aon fhoilseáin a ghabhann leis an mionnscríbhinn sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir (ar na freagróirí) tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a bheidh socraithe le haghaidh éisteacht an fhoriarratais.

(4) Féadfaidh an Chúirt, ar mhaithe leis an gceartas, an teorainn ama atá sainaitheanta i bhfo-riail (3) a ghiorrú.

(5) Féadfaidh aon fhreagróir mionnscríbhinn freagartha a sheachad- adh. Déanfar aon mhionnscríbhinn freagartha den sórt sin a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus seirbheálfar cóip di ar an iarratasóir agus ar gach freagróir eile laistigh de sheacht lá ón tráth a seirbheálann an t-iarratasóir an fógra foriarratais tionscnaimh agus mionnscríbhinn forais an iarratasóra ar an bhfreagróir.

(6) Déanfar na forais a bhfuil an freagróir ag seasamh orthu chun cur i gcoinne éileamh an iarratasóra ar na faoisimh atá leagtha amach san fhógra foriarratais tionscnaimh, amhail i gcoinne an fhreagróra sin, a leagan amach go cruinn in aon mhionnscríbhinn freagartha.

(7) Beidh de chead ag an iarratasóir mionnscríbhinn eile a chomhdú chun freagra a thabhairt ar aon ábhar a tharraingíonn freagróir anuas i mionnscríbhinn freagartha, agus comhdófar an mhionnscríbhinn eile sin sa Phríomh-Oifig agus seachadfar cóip di ar gach freagróir laistigh de sheacht lá tar éis mionnscríbhinn freagartha an fhreagróra a sheirbheáil ar an iarratasóir.

(8) Déanfar mionnscríbhinn ina dtabharfar ainmneacha agus seoltaí gach duine ar seirbheáladh an fógra foriarratais tionscnaimh, an mhionnscríbhinn forais agus na foilseáin orthu, agus ina dtabharfar ainmneacha na n-áiteanna ina ndearnadh, agus na dátaí ar a ndear- nadh, an tseirbheáil sin, a chomhdú sula n-éistfear an foriarratas. Más rud é, maidir le haon duine ba chóir a bheith seirbheáilte faoin Ordú seo, nár seirbheáladh é, déanfar an fíoras sin, mar aon leis an gcúis leis, a lua sa mhionnscríbhinn.

4. Ach amháin i gcás ina n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is ar mhionnscríbhinn a éistfear agus a chinnfear gach iarratas faoin Ordú seo.

5. Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine de na páirtithe nó ar fhoriarratas uaithi féin, cibé orduithe iarmhartacha breise nó cibé orduithe iarmhartacha breise nó eile a dhéanamh, nó cibé ordacháin a thabhairt, a mheasann an Chúirt a éascóidh diúscairt dhlúsúil na n-imeachtaí arna dtionscnamh faoin Ordú seo.