Ordú 14

Caingne ag gnólachtaí agus daoine ag a mbeidh gnó á sheoladh in ainmneacha seachas a nainmneacha féin, agus caingne ina gcoinne sin

1. Aon bheirt daoine nó níos mó a bheidh ag éileamh nó a bheidh faoi dhliteanas mar chomhpháirtithe agus a mbeidh gnó á sheoladh acu laistigh den dlínse, féadfaidh siad agairt, nó féadfar iad a agairt, in ainm na ngnólachtaí faoi seach, más ann, a mbeidh na daoine sin tar éis bheith ina gcomhpháirtithe iontu tráth fabhraithe na cúise caingne; agus féadfaidh aon pháirtí i gcaingean i gcás den sórt sin iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ráiteas ina mbeidh ainmneacha na ndaoine a bheidh tar éis bheith, tráth fabhraithe na cúise caingne, ina gcomhpháirtithe in aon ghnólacht den sórt sin, agus an ráiteas sin a bheith le tabhairt i cibé slí, arna fhíorú faoi mhionn nó ar shlí eile, a ordóidh an Chúirt.

2. Nuair a agróidh gearánaithe in ainm a ngnólachta, dearbhóidh siad féin nó a n-aturnae i scríbhinn láithreach, arna éileamh sin i scríbhinn ag aon chosantóir nó thar a cheann, ainmneacha agus áiteanna cónaithe na ndaoine go léir arb iad an gnólacht iad ar thar a cheann a bheidh an chaingean á tionscnamh. Mura ndéanfaidh na gearánaithe nó a n-aturnae de réir an éilimh sin, féadfar, ar iarratas chuige sin, gach imeacht sa chaingean a bhacadh ar cibé téarmaí a ordóidh an Chúirt. Nuair a dhearbhófar ainmneacha na gcomhpháirtithe amhlaidh, rachaidh an chaingean ar aghaidh sa tslí chéanna, agus leanfaidh na hiarmhairtí céanna go huile agus go hiomlán aisti, a rachadh agus a leanfadh dá mbeadh na comhpháirtithe ainmnithe mar ghearánaithe sa toghairm; ach mar sin féin is in ainm an ghnólachta a leanfaidh na himeachtaí go léir ar aghaidh.

3. I gcás ina mbeidh daoine á n-agairt mar chomhpháirtithe in ainm a ngnólachta faoi riail 1 seirbheálfar an toghairm ar aon duine amháin nó níos mó de na comhpháirtithe nó seirbheálfar í i bpríomháit ghnó na comhpháirtíochta, laistigh den dlínse, ar aon duine a bheidh, tráth na seirbheála, ag rialú nó ag bainistiú ghnó na comhpháirtíochta ansin; agus, faoi réir na Rialacha seo, measfar an tseirbheáil sin a bheith ina seirbheáil mhaith ar an ngnólacht a bheidh á agairt amhlaidh, cibé acu a bheidh aon duine dá chomhaltaí lasmuigh den dlínse nó nach mbeidh, agus ní gá aon chead chun toghairm a eisiúint ina gcoinne: ar an gcoinníoll, i gcás comhpháirtíochta is eol don ghearánaí a bheith díscaoilte roimh thionscnamh na caingne, go ndéanfar an toghairm a sheirbheáil ar gach duine laistigh den dlínse a mbeifear ag iarraidh é a thabhairt faoi dhliteanas.

4. I gcás ina n-eiseofar toghairm i gcoinne gnólachta, agus go seirbheálfar í mar a ordaítear le riail 3, cuirfear in iúl le fógra i scríbhinn, arna thabhairt tráth na seirbheála sin, do gach duine ar a seirbheálfar í, é a bheith seirbheáilte mar chomhpháirtí nó mar dhuine a bheidh ag rialú nó ag bainistiú ghnó na comhpháirtíochta, nó sa dá cháil. D’éagmais an fhógra sin measfar an duine sin a bheith seirbheáilte mar chomhpháirtí.

5. I gcás ina mbeidh daoine á n-agairt mar chomhpháirtithe in ainm a ngnólachta, láithreoidh siad ina nduine agus ina nduine ina n-ainm féin, ach mar sin féin, is in ainm an ghnólachta a leanfar de na himeachtaí uile ina dhiaidh sin.

6. I gcás ina seirbheálfar toghairm faoi riail 3 ar dhuine a bheidh ag rialú nó ag bainistiú ghnó na comhpháirtíochta, ní gá dó láithriú mura comhalta é den ghnólacht a bheidh á agairt.

7. (1) Aon duine a sheirbheálfar mar chomhpháirtí faoi riail 3, ach a shéanfaidh gan é a bheith ina chomhpháirtí nó faoi dhliteanas mar chomhpháirtí aon tráth ábhartha, féadfaidh sé láithreas a thaifeadadh ina luafar é a bheith á dhéanamh sin mar ‘‘duine a seirbheáladh mar chomhpháirtí sa ghnólacht is cosantóir ach a shéanann nár chomhpháirtí é aon tráth ábhartha’’. Measfar, fad a sheasfaidh an láithreas sin, é a bheith ina láithreas ar son an ghnólachta.

(2) Má thaifeadtar láithreas amhlaidh—

    • (a) féadfaidh an gearánaí a iarraidh go gcuirfí ar ceal é ar an bhforas an duine a bheidh á thaifeadadh a bheith ina chomhpháirtí nó faoi dhliteanas mar chomhpháirtí, nó féadfaidh sé an cheist sin a fhágáil lena cinneadh ag céim níos déanaí de na himeachtaí; nó

      (b) féadfaidh an duine a mbeidh an láithreas á thaifeadadh aige a iarraidh go gcuirfí an tseirbheáil air ar ceal ar an bhforas gan é a bheith ina chomhpháirtí nó faoi dhliteanas mar chomhpháirtí, nó féadfaidh sé, an tráth cuí, cosaint a sheachadadh ag séanadh a dhliteanais mar chomhpháirtí nó ag séanadh dhliteanas an ghnólachta is cosantóir, nó ag séanadh a ndliteanais araon, i leith éileamh an ghearánaí.

(3) Ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, féadfar ordú a dhéanamh tráth ar bith go bhféadfar ceachtar de na ceisteanna, nó an dá cheist, i dtaobh dhliteanas an duine a bheidh seirbheáilte agus i dtaobh dhliteanas an ghnólachta is cosantóir, a thriail ar cibé modh agus cibé tráth is cuí leis an gCúirt.

8. (1) Más i gcoinne gnólachta a thabharfar breithiúnas nó a dhéanfar ordú, féadfar forghníomhú a eisiúint—

    • (a) i gcoinne aon mhaoine de chuid na comhpháirtíochta a bheidh laistigh den dlínse;

      (b) i gcoinne aon duine a bheidh tar éis láithriú ina ainm féin faoi rialacha 5 nó 6 nó a mbeidh admhaithe aige ar na pléadálacha gur comhpháirtí é, nó a bheidh breithnithe ina chomhpháirtí;

      (c) i gcoinne aon duine a mbeidh an toghairm seirbheáilte air ar leithligh, mar chomhpháirtí, agus a mbeidh loicthe aige láithriú.

(2) Má éilíonn an páirtí a mbeidh breithiúnas nó ordú faighte aige é a bheith i dteideal forghníomhú a eisiúint i gcoinne aon duine eile mar gur comhalta den ghnólacht é, féadfaidh sé cead chun sin a dhéanamh a iarraidh ar an gCúirt; agus féadfaidh an Chúirt an cead sin a thabhairt mura ndíospóidfear an dliteanas, nó má dhíospóidtear an dliteanas sin, féadfaidh sí a ordú dliteanas an duine sin a thriail agus a chinneadh in aon slí ina bhféadfar aon saincheist nó ceist i gcaingean a thriail agus a chinneadh. Ach amháin amhail i gcoinne aon mhaoine de chuid na comh pháirtíochta, ní dhéanfaidh breithiúnas i gcoinne gnólachta aon chomhalta den ghnólacht, is comhalta a bheidh tar éis bheith lasmuigh den dlínse tráth eisiúna na toghairme agus nach mbeidh tar éis láithriú de réir na toghairme, a chur faoi dhliteanas nó a scaoileadh, nó ní dhéanfaidh sé difear dó in aon slí eile mura rud é go mbeidh páirtí sa chaingean déanta de faoi Ordú 11 nó go mbeifear tar éis é a sheirbheáil laistigh den dlínse tar éis an toghairm sa chaingean a eisiúint.

9. Féadfar fiacha a bheidh dlite de ghnólacht a mbeidh gnó á sheoladh aige laistigh den dlínse a astú faoi Ordú 45, cé go bhféadfaidh sé go mbeidh cónaí lasmuigh den Stát ar chomhalta amháin nó níos mó den ghnólacht sin; ar an gcoinníoll go seirbheálfar an t-ordú gairnisí ar dhuine a bheidh ag rialú nó ag bainistiú ghnó na comhpháirtíochta, nó ar chomhalta den ghnólacht a bheidh laistigh den dlínse. Is láithriú dóthanach ag an ngnólacht aon chomhalta do láithriú de bhun ordaithe.

10. Beidh feidhm ag na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo maidir le caingne idir gnólacht agus comhalta amháin nó níos mó dá chuid, agus le caingne idir ghnólachtaí a mbeidh comhalta amháin nó níos mó i gcoiteannas acu, ar an gcoinníoll go mbeidh gnó á sheoladh ag an ngnólacht nó ag na gnólachtaí sin laistigh den dlínse; ach ní eiseofar aon fhorghníomhú i gcaingne den sórt sin gan cead ón gCúirt, agus, ar iarratas a dhéanamh ar chead chun an forghníomhú sin a eisiúint, féadfar a ordú go dtógfar gach cuntas agus go déanfar gach fiosrúchán agus go dtabharfar gach ordachán is cóir.

11. Aon duine a mbeidh gnó á sheoladh aige laistigh den dlínse in ainm nó faoi theideal seachas a ainm féin, féadfar é a agairt san ainm sin nó faoin teideal sin amhail is dá mba ainm gnólachta é; agus, a mhéid agus is féidir sa chás, beidh feidhm ag na rialacha uile a bhainfidh le himeachtaí i gcoinne gnólachtaí.