Ordú 105

Achomhairc ón mBinse Achomhairc Fostaíochta

1 Is le toghairm speisialta a thionscnófar gach achomharc chun na Cúirte faoi na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 agus 1971, nó faoin Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973.

2. Is é teideal a chuirfear ar an toghairm ná maidir leis an Acht iomchuí, ar iarratas ón duine a mbeidh an t-achomharc á thionscnamh aige, agus luafar inti an bhreith ón mBinse Achomhairc Iomarcaíochta (dá ngairtear an Binse anseo ina dhiaidh seo) a mbeidh achomharc á dhéanamh ina haghaidh agus na forais achomhairc.

3. Seirbheálfar an toghairm ar an Aire Saothair agus ar gach páirtí i mbreith an Bhinse.

4. Eiseofar an toghairm laistigh de lá is fiche tar éis an dáta a mbeidh fógra faoi bhreith an Bhinse tugtha don pháirtí a mbeidh achomharc á dhéanamh aige; ar an gcoinníoll go bhféadfar an tréimhse ina bhféadfar an toghairm a eisiúint a fhadú ar iarratas ex parte a dhéanamh tráth ar bith laistigh de shé sheachtain ón dáta a mbeidh fógra faoi bhreith an Bhinse tugtha don pháirtí ar mian leis achomharc a dhéanamh.

5. Is le toghairm speisialta, dar teideal maidir leis an Acht iomchuí, ar iarratas ón Aire a dúradh, a chuirfear aon cheist a tharchuirfidh an tAire sin chun na Cúirte faoi aon cheann de na hAchtanna sin. Luafar go comair sa toghairm an cheist a bheidh tarchurtha chun breith na Cúirte a fháil uirthi agus seirbheálfar í ar gach páirtí san iarratas chun an Bhinse.

6. Ní cheadófar aon chostais i leith aon imeachtaí faoin Ordú seo mura gceadóidh an Chúirt na costais sin le hordú speisialta.