D'fhéadfaí roinnt doiciméad a mhalartú idir na páirtithe sular féidir dáta éisteachta a thabhairt do chás

Ní chuirtear na doiciméid seo isteach chun na Príomh-Oifige ach caithfear iad a chuimsiú leis na doiciméid don bhreitheamh lá na héisteachta.

D'fhéadfadh sé gur ghá duit iarratais a thabhairt os comhair na cúirte roimh éisteacht do cháis. Is le fógra foriarratais a eisítear na hiarratais faoi fhoras (tacaíocht) mionnscríbhinne.

Murar tharla aon rud i do chás le breis agus 12 mhí agus más mian leat iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte, beidh ort fógra rúin a sheirbheáil ar an bpáirtí eile go bhfuil tú le dul ar aghaidh agus fanacht ar feadh tréimhse míosa roimh aon doiciméad eile a chur isteach.