Is féidir gníomhartha Neamh-Ghiúiré agus Seansaireachta a éisteacht i gCorcaigh. Chun cás a chuimsiú ar an liosta seo is féidir iarratas a dhéanamh leis an gCláraitheoir atá i mbun an liosta Neamh-Ghiúiré nó Seansaireachta nuair a bhíonn na páirtithe sásta an cás a aistriú. Nuair nach bhfuil siad sásta, ba chóir iarratas a dhéanamh aon mhaidin Déardaoin ar an liosta bainteach ar fhógra leis an taobh eile. Ba chóir do chleachtóirí a thabhairt dá n-aird nach oiriúnach cásanna ar faide ná trí lá iad chun a gcuimsiú ar an liosta seo.

Is féidir cásanna díobhálacha pearsanta, seachas cásanna faillí leighis agus cásanna bulaíochta agus ciaptha, a éisteacht i mBaile Átha Cliath, Dún Dealgan, Port Láirge, Cill Chainnigh, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh nó i Sligeach, mar a gcónaíonn an Gearánaí nó mar ar tharla an timpiste/gortú.

Éisteann Breithiúna de chuid na hArd-Chúirte achomhairc ón gCúirt Chuarda in ionaid lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Maidir leis na hAchomhairc Chuarda seo, is í an oifig Chúirte Cuarda chuí a thugann tacaíocht riaracháin seachas Cláraitheoir de chuid na hArd-Chúirte.