Ár Misean

Is é Misean na hOifige rochtain ar réiteach neamhspleách, neamhchlaonta agus oibiachtúil ar dhíospóidí maidir le costais dhlíthiúla a chumasú. Trí sheirbhís chúirtéiseach ghairmiúil a sholáthar agus a feidhm reachtúil a chur i bhfeidhm. Follasacht a choinneáil agus a sholáthar i rith an phróisis ó thús go deireadh, agus torthaí réasúnaithe á bhfoilsiú, a fhad is a bhíonn sé ceadaithe de réir an dlí, agus inrochtana trí chlár na gcinntí, chun cleachtóirí dlí agus an pobal a chur ar an eolas. Is é ár misean an tseirbhís seo a chur ar fáil go tráthúil, ag soláthar agus ag tacú le rochtain ar cheartas.

Mar thaca leis an misean seo, leanann an Oifig dhá sprioc straitéiseacha:

• Tacú le Breithneoirí Costais Dlíthiúla

Is dualgas reachtúil de chuid Sheirbhíse na gCúirteanna é tacú leis an bPríomh-Bhreithneoir Costais Dlíthiúla agus na Breithneoirí Costais Dlíthiúla agus dá réir sin leis an Oifig agus tá sé sin lárnach dár misean. Chomh maith le bheith mar phríomhthosaíocht straitéiseach ann féin, tá sé ríthábhachtach freisin chun ár dtosaíochtaí straitéiseacha uile a bhaint amach.

• Seirbhís Ardchaighdeáin a sholáthar d’Úsáideoirí Cúirte

Cuid lárnach dár misean is ea seirbhís chomhsheasmhach, neamhchlaonta, thráthúil agus d’ardchaighdeán a sholáthar d’úsáideoirí cúirte, i gcomhréir le teorannú sainchúram reachtúil na hOifige.

Ár bhFís

Le himeacht ama, de réir mar a bheidh líon na mbreithnithe curtha i gcrích agus clár na gcinntí á nuashonrú, beidh corpas faisnéise ar fáil go poiblí chun raon na gcostas dlí, an bealach a gcinntear iad agus na cúiseanna atá leo a chur in iúl don phobal agus do chleachtóirí.

Ár Luachanna

Táimid tiomanta dár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh agus ár bhfreagrachtaí a chomhlíonadh, maidir le neamhspleáchas, cothroime, ionracas, gairmiúlacht, nuálaíocht agus cuntasacht. Tagann ár láidreachtaí ó shaineolas na foirne san oifig. Chun tiomantas seirbhísí a fheabhsú, próisis nuálacha a chur in oiriúint agus cloí le dea-chleachtais agus straitéisí a fhorbairt le haghaidh feabhsúcháin.

How to make or take up a lodgement in relation to the Adjudication of Legal Costs.

The Rules of the Superior Courts (Costs) Rules 2019, make provision in Part XII of Order 99 for the making of a lodgment or a tender in satisfaction of costs.
Click here for:- How to make or take up a lodgement in relation to the Adjudication of Legal Costs.

Foilseacháin

Tuarascáil Bhliantúil 2020

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Plean Straitéiseach 2020 - 2023