Iarratas Duine ar a S(h)onraí (ag lorg sonraí pearsanta atá faoi smacht ag an tSeirbhís Chúirteanna)

Faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá sé oscailte d’aon duine, fostaithe san áireamh, iarratas a chur isteach ar chóip d’eolas ar leith nó an t-eolas go léir atá faoi choinneáil ag an tSeirbhís Chúirteanna a bhaineann leo, 

Tá eolas bunaithe ar rochtain ar  shonraí pearsanta atá faoi smacht ag na cúirteanna ar fáil anseo. Chun an t-amhras a sheachaint, níl an tSeirbhís Cúirteanna mar rialaitheoir sonraí i dtaca le taifid chúirte atá faoi choinneáil ag an chúirt.

Tá eolas maidir  le sonraí pearsanta atá faoi smacht ag an tSeirbhís Cúirteanna ar fáil anseo.

Chun iarratas duine ar a shonraí a phróiseáil, tá cruthúnas céannachta agus seoladh riachtanach nuair atá tú ag déanamh an iarratais. Mar shampla, cóip de do phas nó do bhille fóntais. De ghnáth is é an rud is fearr ná  an t-iarratas chomh dírithe agus is féidir sa chaoi go gcuardóidh an tSeirbhís Chúirteanna le haghaidh an eolais is ábhartha.

Má tá tú ag déanamh iarratais thar ceann duine eile, tá cóip d’údarás sínithe den duine eile ag teastáil chomh maith.

Nuair atá an t-iarratas deimhnithe, seolfaidh é chuig an ionad gnólachta ábhartha chun é a phróiseáil. 

Tá sé mar dhualgas ar  an tSeirbhís Chúirteanna freagra a thabhairt laistigh de thréimhse ama ar leith (mí fhéilire amháin) do na hiarratais go léir a thagann isteach. Is féidir Iarratas Duine ar a Shonraí a dhéanamh i scríbhinn chuig an seoladh thíos:
 
Ionad Cosanta Sonraí,

Oifig an POF,

An tSeirbhís Cúirteanna,

15/24 Teach an Fhionnuisce,

Margadh na Feirme,

Baile Átha Cliath 7.

Ríomhphost: DataProtection@courts.ie

Má tá aon cheisteanna eile agat a bhaineann le hIarratas Duine ar Shonraí is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Cosanta Sonraí trí scríobh chucu leis an seoladh thuas nó trí theileafón:
 01 888 / 6130 / 6461 / 6632