Tá Taifid Chúirte faoi smacht ag na cúirteanna agus ní an tSeirbhís Chúirteanna.

Tá liosta faoi na srianta go léir den RGCS in Airteagal 23(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí “nuair atá meas ag srian mar seo ar eisint na gceart bunúsach agus saoirsí agus is  beart riachtanach agus comhréireach i sochaí daonlathach”.

B’fhéidir go mbeidh an RGCS srianta chun an stáit nó a saoránaigh a chosaint sa chás go:

  1. Slándáil náisiúnta, cosaint agus slándáil phoiblí
  2. I gcásanna nuair atá sé riachtanach an cosc, an fiosrúchán, an brath agus an t-ionchúiseamh de chiontaí coiriúla.
  3. I gcásanna nuair atá sé riachtanach a  pionóis choiriúla a chur i bhfeidhm, ag cosaint in aghaidh agus an cosc ar bhagairtí do shlándáil phoiblí
  4. Cuspóirí tábhachtache eile ar leas an phobail ghinearálta den Aontas Eorpach nó de Bhallstáit, tábhachtach ar leith le leasa eacnamaíochta nó airgeadais cosúil le bearta airgeadaíochta, buiséid agus cánachais
  5. Ceisteanna de shláinte phoiblí agus slándáil shóisialta den Aontas Eorpach nó de Bhallstáit 
  6. An chosaint ar neamhspleáchas breithiúnach agus imeachtaí breithiúnacha.

Sa chás gur phróiseáil sonraí pearsanta ag nó ar son na cúirte nuair atá sé in inniúlacht bhreithiúnach, tá srianta ar chearta an duine lena mbaineann sé a ndéantar  tagairt dó i roinn 158(1) den Acht um Chosaint Sonraí 2018  sa mhéid go bhfuil na srianta riachtanach agus comhréireach chun neamhspleáchas breithiúnach agus imeachtaí cúirte a chosaint

Chomh maith leis sin, sa chás gur phróiseáil sonraí pearsanta ag nó ar son na cúirte nuair atá sé in inniúlacht bhreithiúnach, tá srianta ar chearta an duine lena mbaineann sé   a ndéantar tagairt dó  i roinn 158(1) den Acht um Chosaint Sonraí 2018  sa mhéid is go bhfuil na srianta riachtanach agus comhréireach chun neamhspleáchas breithiúnach agus imeachtaí cúirte a chosaint.

Rinneadh na rialacha seo a leanas faoi roinn 158(3) den Acht um Chosaint Sonraí 2018 le haghaidh an chuspóra d’fheidhmiú sriain faoi roinn 158(1) a chinntiú:

S.I. No. 658 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 158(3)) Rules 2018.pdf

Ba cheart do dhaoine atá ag iarraidh rochtain a fháil ar thaifid chúirte in imeachtaí cúirte a bhfuil siad mar pháirtí ar fhiosrúcháin a dhéanamh ar na hoifigí cúirte a bhaineann sé leis.

Baineann na rialacha seo a leanas le hiarratais le haghaidh rochtain ar shonraí pearsanta atá faoi smacht sa chúirt ag baill bona fide na meáin nó na meáin chraolta:

S.I. No. 660 den 2018 Acht um Chosaint Sonraí 2018 (Roinn 159(7) Superior Courts) Rules 2018.pdf

S.I. No. 664 den 2018 Acht um Chosaint Sonraí 2018 (Roinn 159(7): Circuit Court) Rules 2018.pdf

S.I. No. 664 den 2018 Acht um Chosaint Sonraí 2018 (Roinn 159(7): District Court) Rules 2018.pdf

Rinneadh na rialacha seo a leanas maisir le próiseáil ar son cúirte de shonraí pearsanta atá faoi smacht ag an chúirt sin nuair atá sí ag gníomhiú ina hinniúlacht bhreithiúnach:

An phróiseál sonraí pearsanta atá faoi smacht i dtaifead den Chúirt Uachtarach, An Chúirt Achomhairc nó an Ard-Chúirt

S.I. No. 659 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(1)) Rules 2018.pdf

An phróiseáil de shonraí pearsanta atá faoi smacht i dtaifead den Chúirt Chuarda

S.I. No. 661 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(2)) Rules 2018.pdf

An phróiseáil sonraí pearsanta atá faoi smacht i dtaifead den Chúirt Dúiche

S.I. No. 663 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(3)) Rules 2018.pdf

An phróiseáil de shonraí pearsanta, seachas taifid chúirte, atá faoi smacht ag cúirt nuair atá sé in inniúlacht bhreithiúnach

S.I. No. 665 of 2018 Data Protection Act 2018 (Section 159(4)) Rules 2018.pdf

Rochtain ar Thaifid Chúirte

Tá taifid chúirte faoi smacht ag na breithiúna. Is féidir rochtain ar thaifid chúirte ar leith a thabhairt do na na páirtithe lena mbaineann sé leis nó a gcuid ionadaithe dlíthiúla.

Ba cheart do dhaoine atá ag lorg rochtain ar thaifid chúirte teagmháil a dhéanamh leis an oifig chúirte ina n-éistear leis an chás. Mínigh foireann na hoifige chúirte na gnásanna atá i gceist.

Tá liosta anseo de na sonraí teagmhála le haghaidh na noifigí chúirte go léir.

Taifid Chúirte agus tras-scríbhinní

Tá gnásanna speisialta i bhfeidhm do pháirtí ar bith atá ag iarraidh iarratas a chur isteach le haghaidh rochtain ar thaifead d’imeachtaí cúirte (a thugtar taifeadadh “DAR” air chomh maith) Tá na rialacha cúirte atá rialaithe leis an ghnás a chaifear a leanúint nuair atá tú ag lorg rochtain ar thaifeadadh ar bith d’imeachtaí cúirte agus na téarmaí ina bhfuil rochtain ceadaithe leagtha síos sna hIonstraimí Reachtúla thíos:

S.I. No. 99 den 2013 -Rialacha na Cúirte Dúiche (Taifeadadh ar na hImeachtaí) 2013 
◦ S.I. No. 100 den 2013 -Rialacha na Cúirte Cuarda (Taifeadadh ar na hImeachtaí) 2013 
◦ S.I. No. 101 den 2013 -Rialacha na nUaschuirteanna (Taifeadadh ar na hImeachtaí) 2013 

Caithfidh aon iarratas le haghaidh an taifid ar imeachtaí cúirte a dhéanamh trí iarratas foirmiúil chuig an bhreitheamh sna himeachtaí, agus ar aird an pháirtí nó páirtithe eile do na himeachtaí.

Tá sé faoi  thuairim an bhreithimh cinneadh a dhéanamh air má tá, agus i cibé foirm atá rochtain ar thaifeadadh d’imeachtaí cúirte ar fáil.

Má tá iarratas le haghaidh taifid chúirte ceadaithe ag an bhreitheamh, caithfidh an t-iarrthóir an costas den taifeadadh a íoc. Is thart ar €200 an uair de thaifeadadh fuaime an costas atá ar thras-scríbhinn taifeadta.

Déan Teagmháil Linn

Déan Teagmháil Linn

Féach le do thoil ar an leathanach Déan Teagmháil Linn le haghaidh sonraí teagmhála breise má tá fiosrúcháin ar bith agat faoin méid atá thuas.