Is ceart reachtúil é an tAcht um Shaoráil Faisnéise a bhronntar ar gach duine den phobal le haghaidh rochtain ar thaifid atá faoi choinneáil ag comhlachtaí poiblí fad a bhíonn siad ag cothromú leas an phobail agus an ceart le príobháideachas daoine.

Tá sé tábhachtach go dtuigeann tú nach bhfuil scéim foilsitheoireachta ag an tSeirbhís Cúirteanna a chuireann eolas ar fáil don phobal go rialta mar pháirt dá ghníomhachtaí gnóthaí normálta. Roimh iarratas SF a chur isteach féach ar roinn na scéime foilsitheoireachta chun a chinntiú nach bhfuil an t-eolas atá tú ag lorg ar fáil cheana féin.

Chun iarratas SF a dhéanamh, caithfidh tú iarratas a chur isteach i scríbhinn agus  a chur  in iúl go bhfuil tú ag lorg eolais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

I do chomhfhreagras, ba cheart duit   an méid is mó eolais is féidir a thabhairt ar na taifid atá tú á lorg agus luaigh go sonrach cén dóigh ab fhearr leat na taifid a fháil, mar shampla trí fhótachóip, ríomhphost, srl. Ba cheart duit chomh maith uimhir ghutháin a thabhairt ionas go mbeimid ábalta teagmháil a dhéanamh leat más gá.

Is féidir leat d’iarratas féin a chur isteach tríd an phost nó trí ríomhphost ag baint úsáide as na sonraí teagmhála atá liostaithe thíos.

Tabharfaimid freagra  do na hiarratais go léir laistigh de 20 lá oibre ón dáta a  fhaighimid an t-iarratas.

Tá an ceart agat:

  • Rochtain a fháil ar thaifead atá faoi choinneáil ag an tSeirbhís Cúirteanna, ag brath ar sholáthairtí an Achta bunaithe  ar thaifid dhíolmhaithe;
  • Eolas pearsanta  a bheith agat fút féin atá faoi choinneáil ag an tSeirbhís Cúirteanna ceartaithe in áiteanna a bhfuil sé mícheart, neamhchríochnaithe nó míthreorach;
  • Rochtain a fháil ar chúiseanna na gcinntí atá déanta ag an tSeirbhís Cúirteanna a théann go díreach i bhfeidhm ortsa .

Seo iad a leanas na taifid a thagann  faoi réimse an Achta:

  • Na taifid go léir atá faoi choinneáil ag an tSeirbhís Cúirteanna  ina bhfuil eolas pearsanta fút féin laistigh díbh ;
  • Na taifid go léir a chruthaigh an tSeirbhís Cúirteanna ón dáta tosaithe an Achta, 21 Aibreán 1998 (ag brath ar shrianta an Achta);
  • Aon taifead eile atá neamhriachtanach le cuidiú ar thaifead reatha

Oifigeach um Shaoráil Faisnéise na Seirbhíse Cúirteanna:

Caithfidh aon iarratas le haghaidh rochtain ar thaifid atá faoi choinneáil ag an tSeirbhís Cúirteanna faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig:

Annika Stephan

Uas Oifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Aonad SF,
An tSeirbhís Chúirteanna,
15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh,
Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7

Fón + 353 1 888 6130
Ríomhphost: foi@courts.ie