Is ceart bunúsach é cosaint sonraí atá leagtha amach in Airteagal 8 na Cairt um Chearta Bunúsacha an AE

Léiríonn sé in Airteagal 8 den Cháirt um Chearta Bunúsacha an AE:

  1. Tá an ceart ag gach duine do chosaint a bheith acu ar shonraí pearsanta  a bhaineann leis/léi.
  2. Caithfidh na sonraí seo a phróiseáil go cothrom le haghaidh cuspóirí ar leith agus ar bhonn an cead den duine a bhaineann sé leis nó ar bhonn dlisteanach eile leagtha amach sa dlí. Tá an ceart ag gach duine rochtain a fháil ar shonraí bailithe a bhaineann leis/léi, agus an ceart é a réiteach.
  3. Cuirtear chomhlíonadh leis na rialacha seo faoi smacht údarás neamhspleách.

Ciallaíonn seo go bhfuil an ceart ag gach duine cosaint a fháil at a gcuid sonraí pearsanta, agus úsáid a bhaint as i mbealach cothroim agus dlíthiúl, agus é a chur ar fáil dóibh nuair atá cóip ag teastáil uathu. Má tá duine ar bith den tuairim go bhfuil a gcuid sonraí pearsanta mícheart, is féidir leo ceist a chur  an t-eolas a cheartú.

Tabharfaidh na hocht gcatagóir thíos mioneolas breise ar do chearta mar dhuine faoi chosaint sonraí agus conas na cearta sin a chur i bhfeidhm duit féin.

An ceart rochtain a fháil ar eolas (Airteagal 15 den RGCS)

Tá an ceart agat iarratas a dhéanamh le haghaidh cóip de na sonraí pearsanta atá faoi choinneáil againn fút. Tá cúpla eisceacht ar an cheart seo, ionas nár ligeadh cead ar rochtain, mar shampla, má chuirtear an t-eolas ar fáil duit féin, nochtfá sonraí pearsanta faoi dhuine éigin eile, nó má chuirtear cosc go dleathach orainn an t-eolas a scaoileadh. Tá tú i dteideal na sonraí pearsanta atá faoi choinneáil fútsa a fheiceáil. Má tá tú ag iarraidh seo a dhéanamh, déan teagmháil linn le do thoil ag baint úsáid a chuirtear ar fáil.

Tá an ceart agat na rudaí seo a leanas a fháil ón rialaitheoir sonraí.

  1. Deimhniú ar go bhfuil nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leatsa a phróiseáil
  2. Cóip do shonraí pearsanta nuair atá sonraí pearsanta a bhaineann leatsa a phróiseáil,
  3. Nuair atá sonraí pearsanta a bhaineann leatsa a phróiseáil, tá eolas breise ar seo a leanas:
  1. Cuspóir(í) den phróiseáil
  2. Catagóirí de shonraí pearsanta
  3. Faighteoir(í) ar bith de shonraí pearsanta an duine atá nó a bheidh foilsithe, go faighteoirí i dtíortha den tríú domhain nó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eolas faoi chosaintí oiriúnacha
  4. An tréimhse choinneála nó, mura bhfuil seo indéanta, an critéar a úsáidtear chun an tréimhse choinneála a fháil amach
  5. Feidhmiú na cearta seo a leanas: 
     
    • An ceart le ceartú
    • An ceart scrios a dhéanamh
    • An ceart srian a chur le próiseáil
    • An ceart cuir i gcoinne rud éigin
    • Agus eolas ar conas iarratas a dhéanamh ar seo ón rialtóir.
       
  6. An ceart imní a léiriú le húdarás maoirseachta (in Éirinn, is é seo an Coimisiún um Chosaint Sonraí)
  7. Nuair a nach mbailítear sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, aon eolas atá le fáil mar fhoinse leo
  8. Cinnteoireacht uathoibrithe, ag próifíliú agus eolas fiúntach ar conas a dhéantar cinntí san áireamh, an tábhacht agus iarmhairtí de phróiseáil.

Dearbhaíonn an RGCS go gcaithfidh an ceart cóip dá shonraí pearsanta a fháil gan dul i gcion ar chearta agus saoirse daoine eile. Ciallaíonn seo nach féidir úsáid a bhaint as an cheart chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta de dhaoine eile, i.e. Tríú páirtithe.

Tá cuid mhór srianta eile ar an cheart le rochtain, a chuirtear ar fáil ag Roinn 60 den Acht um Chosaint Sonraí 2018.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh faoin Cheart Rochtana ar mo shonraí pearsanta? 

Féach ar an leathanach Conas is féidir Iarratas Rochtana ar Ábhar a dhéanamh le haghaidh an ghnáis ar conas Iarratas Rochtana ar Ábhar a dhéanamh.

Nuair atá tú ag déanamh iarratais, bí chomh sonrach agus is féidir le do thoil i dtaca na sonraí pearsanta atá tú ag iarraidh. D’fhéadfaí  ceist a chur ort fianaise ar d’aitheantas a chur ar fáil. Déantar seo chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas pearsanta ag dul go dtí an duine ceart.

An bhfuil an rialaitheoir sonraí ábalta costas a chur ar dhuine nuair atá sé ag cur cóip den eolas ar fáil dóibh? 

Níl, caithfidh an rialaitheoir sonraí cóip den eolas a chur ar fáil saor in aisce. Mar sin de, má dhéanann an duine iarratas ar bith eile  le haghaidh aon chóip eile, nó má tá an t-iarratas gan bhunús go soiléir nó iomarcach, is féidir leis an rialaitheoir costas réasúnta a chur ag brath ar chostais riaracháin.

 

An ceart le bheith ar an eolas (trédhearcacht) (Airteagal 13& 14 den RGCS)

Ba cheart aon phróiseáil de shonraí pearsanta a bheith dlíthiúil, cothrom agus trédhearcach. Ba cheart é a bheith soiléir agus trédhearcach do dhaoine a  bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leo bailithe, úsáidte, ceadaithe nó a phróiseáil agus cá mhéad sonra pearsanta a bheith próiseáilte. Tá an ceart a bheith ar an eolas, faoi Airteagal 13 agus 14 den RGCS mar chuid thábhachtach de dhualgas na Seirbhíse Chúirteanna le bheith trédhearcach.

Teastaíonn ón phrionsabal trédhearcachta eolas nó cumarsáid ar bith a bhaineann leis an phróiseáil de shonraí pearsanta atá inrochtana agus éasca a thuiscint, agus go n-úsáidtear teanga shoiléir agus shimplí. Ba cheart aon eolas atá dírithe ar an phobal nó chuig an ábhar sonraí a bheith gonta, éasca a thuiscint  inrochtana agus go n-úsáidtear teanga shoiléir agus shimplí agus, chomh maith leis sin, más cuí úsáid a bhaint as léirshamhlú. Mar gheall go bhfuil cosaint ar leith de dhíth ar  pháistí, ba cheart go mbeadh eolas agus cumarsáid ar bith, nuair atá an phróiseáil ag baint le páiste, i dteanga shoiléir agus shimplí ionas go mbeadh an páiste ábalta é a thuiscint.

Ba cheart daoine a chur ar an eolas faoi rioscaí, rialacha, cosaintí agus cearta a bhaineann leis an phróiseáil de shonraí pearsanta agus conas a gcuid cearta a  bhaineann leis an phróiseáil seo a fheidhmiú. Go háirithe, ba cheart na cuspóirí ar leith atá ag baint leis na sonraí pearsanta próiseáilte a bheith soiléir agus dlisteanach agus diongbháilte ag an am bailithe de na sonraí pearsanta

 

An ceart le ceartú (Airteagal 16 & 19 den RGCS)

Má tá do shonraí pearsanta míchruinn, tá an ceart agat na sonraí a cheartú, ag an rialtóir, gan moill mhíchuí.

Má tá do shonraí pearsanta neamhchríochnaithe, tá an ceart agat na sonraí bheith críochnaithe, ag cur eolas breise san áireamh chomh maith.

Tá srian ar an cheart le scriosadh chomh maith i gcúinsí ar leith faoi Roinn 60 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, a chuireann srianta atá riachtanach do chuspóirí tábhachtacha ar leas an phobail a chur ar fáil, agus faoi Roinn 43 den Acht a theastalaíonn cothromaíocht a bhaint amach idir an ceart le scriosadh leis an cheart de shaoirse tuairimíochta agus eolais. Tá níos mó eolais ar shrian an duine ar fáil anseo.

 

An ceart scriosadh a dhéanamh (Airteagal 17 & 19 den RGCS)

Tá an ceart agat do chuid sonraí pearsanta a scriosadh nuair atá sé neamhriachtanach do na cuspóirí ina raibh sé bailithe, nó nuair, i measc rudaí eile, bhí do chuid sonraí pearsanta próiseáilte go neamhdhleathach. Tugtar an ‘ceart le go ligfí i ndearmad’ ar seo chomh maith.

Tá an ceart agat léirscrios a dhéanamh ar do shonraí pearsanta, gan moille mhíchuí, ag an rialaitheoir sonraí, má tá ceann amháin de na cúiseanna seo i gceist:

  1. Nuair atá do chuid sonraí pearsanta neamhriachtanach leis an chuspóir ina raibh sé bailithe nó próiseáilte
  2. Nuair a thógann tú do chead ar ais ar an phróiseáil agus níl aon bhunús dleathach eile leis na sonraí a phróiseáil
  3. Nuair a chuireann tú i gcoinne leis an phróiseáil agus níl aon chúis dhlisteanach bhreise le an leanúint ar aghaidh leis an  phróiseas (féach pointe 6 thíos)
  4. Nuair a chuireann tú i gcoinne na próiseála agus tá do chuid sonraí pearsanta próiseáilte díreach le haghaidh cuspóirí margaíochta  (féach pointe 6 thíos)
  5. Nuair atá do chuid sonraí pearsanta próiseáilte go neamhdhleathach
  6. Nuair a dhéantar scrios ar do chuid sonraí pearsanta chun a chloí le hoibleagáid dlíthiúil
  7. Nuair a bailíodh  do shonraí pearsanta mar a  bhaineann siad leis an tairiscint d'eolas seirbhísí na sochaithe (e.g. Na meáin shóisialta) chuig páiste

 

Cad a tharlaíonn nuair a chuir an rialaitheoir sonraí do chuid sonraí pearsanta ar fáil don phobal go léir agus caithfidh siad na sonraí a léirscriosadh?

Nuair a chuir an rialaitheoir sonraí do chuid sonraí pearsanta ar fáil don phobal go léir, agus ar bhunús ceann amháin de na cúiseanna seo thuas, caithfidh siad l  na sonraí a scriosadh:

  • Caithfidh an rialaitheoir sonraí aon cheartú nó scriosadh de do shonraí pearsanta a chur in iúl do gach faighteoir ina raibh na sonraí pearsanta nochtaithe, mura bhfuil seo dodhéanta nó má tá dua díréireach ag baint leis.
  • Má chuireann tú iarratas isteach le haghaidh eolas ar fhaighteoirí do chuid sonraí pearsanta, caithfidh an rialaitheoir sonraí na bhfaighteoirí go léir a chur in iúl duit.
  • Tógfaidh an rialaitheoir sonraí céimeanna stuama chun rialaitheoirí eile atá ag próiseáil do chuid sonraí pearsanta a chur ar an eolas gur chur tú iarratas isteach le haghaidh an scriosta uathu ar aon nasc chuig, nó cóipeanna dá chuid sonraí pearsanta. (Ciallaíonn céimeanna stuama, an méid teicneolaíochta atá ar fáil agus an costas feidhmithe cosúil le bearta teicneolaíocta a chur san áireamh.) 

 

An bhfuil cúinsí ar bith  nach bhfuil an ceart go ligfí i ndearmad i gceist?

Tá, léiríonn an RGCS nach mbeidh  an ceart go ligfí i ndearmad i gceist nuair atá próiseáil riachtanach do:

  • An feidhmiú ar an cheart de shaoirse tuairimíochta agus eolais
  • Comhlíonadh le hoibleagáid dlíthiúil, an feidhmiú ar thasc a rinneadh i leas an phobail nó i bhfeidhmiú údarás oifigiúil
  • Cúiseanna do leas an phobail maidir le sláinte phoiblí (Féach Airteagal 9(2)(h) & (i) agus Airteagal 9(3), RGCS)
  • Cuspóirí cartlainne do leas an phobail, cuspóirí taighde eolaíoch nó stairiúil nó cuspóirí staitistiúil
  • Gnólacht, cearta dlíthiúla a fheidhmiú nó a chosaint.

Tá srian ar an cheart le scriosadh chomh maith i gcúinsí ar leith faoi Roinn 60 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, a chuireann srianta atá riachtanach do chuspóirí tábhachtacha do leas an phobail a chur ar fáil, agus faoi Roinn 43 den Acht a theastaíonn cothromaíocht a bhaint amach idir an ceart le scriosadh leis an cheart de shaoirse tuairimíochta agus eolais.  Tá níos mó eolais ar shrian an duine ar fáil anseo

 

An ceart le hiniomparthacht sonraí (Airteagal 20 den RGCS)

I gcúinsí ar leith, b’fhéidir go mbeidh tú ábalta do shonraí pearsanta a fháil ó na rialaitheoirí sonraí i bhfoirm níos éasca d’eolas a athúsáid i gcomhthéacs eile, agus chun na sonraí seo a scaipeadh chuig rialaitheoir sonraí eile de do rogha féin gan bhac. Tugtar an ceart le hiniomparthacht sonraí air seo chomh maith.

 

Cathain a tharlaíonn an ceart le hiniomparthacht sonraí?

Ní bhaineann an ceart seo ach nuair a dhéanann an phróiseáil ar shonraí pearsanta (curtha ar fáil ag an ábhar ag an duine lena mbaineann na sonraí) I mbealaí  uathoibrithe, agus nuair a thugann tú cead don phróiseáil nó nuair a dhéantar  an phróiseáil ar an bhunús de chonradh idir tú féin agus an rialaitheoir sonraí.

Ní bhaineann an ceart seo ach ar an mhéid nach mbaineann le cearta agus saoirse daoine eile.

Nuair atá an ceart seo i gceist, conas a scaipfidh agus a chuirfidh rialaitheoirí sonraí na sonraí ar fáil?

Nuair atá an ceart seo i gceist, caithfidh rialaitheoirí sonraí na sonraí pearsanta a scaipeadh agus a chur ar fáil i bhfoirm struchtúrtha, coitianta agus inléite ag meaisín. Más féidir le sonraí a phróiseáil go héasca ag ríomhaire, tá siad struchtúrtha agus inléite ag meaisín.

Faoin cheart seo, is féidir ceist a chur ar rialaitheoir sonraí do chuid sonraí a scaipeadh chuig rialaitheoir sonraí eile, má tá an saghas scaipeadh indéanta go teicniúil.

 

Do chearta a bhaineann le cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh (Airteagal 22 den RGCS)

Tá an ceart agat gan a bheith mar pháirt  de chinneadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin. Tá próiseáil ‘uathoibrithe’ nuair a dhéantar é gan idirghabháil daoine agus nuair a chruthaíonn sé éifeachtaí dlíthiúla nó nuair a théann sé i bhfeidhm ort go mór.

Tá próifíliú san áireamh i bpróiseáis uathoibrithe.

Maidir le sonraí pearsanta, cathain a mbíonn próiseas uathoibrithe ceadaithe?

Tá próiseas uathoibrithe ceadaithe amháin nuair a léiríonn tú cead, nuair atá sé riachtanach don chomhlíonadh de chonradh nó nuair a thugtar údarás ag dlí Aontais nó dlí Ballstáit. Nuair atá ceann amháin de na heisceachtaí seo i gceist, caithfidh bearta oiriúnach a bheith ann chun do chuid cearta, saoirsí agus leasa dlisteanacha a chosaint. B’fhéidir go mbeadh an ceart idirghabháil daoine ar thaobh  an rialaitheora, an ceart do thuairim a léiriú agus an ceart an cinneadh a cheistiú san áireamh. 

Maidir le sonraí pearsanta de chatagóir speisialta(‘íogair’), cathain a a mbíonn próiseas uathoibrithe ceadaithe? 

Nuair atá próiseas uathoibrithe bunaithe ar na catagóirí speisialta de shonraí pearsanta (a mhíniú sna sainmhínithe thuas), tá an phróiseáil dlíthiúil ach amháin nuair a thugann tú do chead don  phróiseáil, nó nuair atá sé riachtanach do chúiseanna do leas an phobail atá suntasach. . 

 

An ceart cuir i gcoinne  phróiseáil de shonraí pearsanta (Airteagal 21 den RGCS)

I gcúinsí ar leith, tá an ceart agat chomh maith cuir i gcoinne phróiseáil  do chuid sonraí pearsanta agus ceist a chur orainn bac nó srian a chur ar do chuid sonraí pearsanta nó iad a scriosadh. Má tá tú ag iarraidh go stopaimid ag úsáid do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil linn le do thoil trí ríomhphost a sheoladh chugainn leis na sonraí teagmhála thíos. 

Cathain a bhfuil an ceart chun cuir i gcoinne agat? 

Tá an ceart cuir i gcoinne ar chineálacha próiseála ar leith de do chuid sonraí pearsanta nuair atá an phróiseáil seo déanta amach i dtaobh le tascanna:

  • Ar leas an phobail,
  • Faoi údarás oifigiúil,
  • Nó ar leasa daoine eile

Tá ceart níos láidre agat chur i gcoinne ar an phróiseáil do chuid sonraí pearsanta nuair atá an próiseas bunaithe le margaíocht dhíreach. Nuair atá rialaitheoir sonraí ag úsáid do chuid sonraí pearsanta le haghaidh na margaíochta  duit, nó tú féin a phróifíliú díreach le haghaidh cuspóirí margaíochta, is féidir cuir i gcoinne am ar bith, agus caithfidh an rialaitheoir sonraí stop a chur leis an phróiseáil chomh luath agus a fhaigheann siad do chur i gcoinne.

Is féidir leat  cuir i gcoinne chomh maith ar  phróiseáil do chuid sonraí pearsanta le haghaidh cuspóirí taighde, ach amháin mura bhfuil an phróiseáil riachtanach do chomhlíonadh an taisc a dhéantar amach ar leas an phobail.

Conas a chuirtear i gcoinne na próiseála?? 

Chun a chur i gcoinne na próiseáile , caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí agus na cúiseanna a bhfuil tú ag cur i gcoinne a léiriú. Caithfidh na cúiseanna seo a bheith bainteach le do chás áirithe. Nuair atá cur i gcoinne bailí déanta agat, caithfidh an rialaitheoir sonraí stop a chur leis an phróiseáil do shonraí pearsanta, ach amháin mura bhfuil an rialaitheoir sonraí ábalta cúiseanna dlisteanacha an-láidir a chur ar fáil chun leanúint ar aghaidh le próiseáil do shonraí. Is féidir le rialaitheoirí sonraí leanúint ar aghaidh go dleathach do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil má tá sé riachtanach do chineálacha cearta dlíthiúla áirithe. 

Cén oibleagáidí atá ar  rialaitheoirí sonraí i dtaca leis an cheart seo? 

Nuair atá an ceart cuir i gcoinne i gceist, caithfidh rialaitheoirí sonraí tú a chur ar an eolas faoi seo ag am na chéad chumarsáide leat. Nuair a dhéanann an phróiseáil ar líne, caithfidh rialaitheoirí sonraí modh nua a chur ar fáil chun a chur i gcoinne ar líne.

Do chearta a bhaineann le cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh (Airteagal 22 den RGCS)

Tá an ceart agat gan a bheith mar pháirt de chinneadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin. Tá próiseáil ‘uathoibrithe’ nuair a dhéantar é gan idirghabháil daoine agus nuair a chruthaíonn sé éifeachtaí dlíthiúla nó nuair a théann sé i bhfeidhm ort go mór.

Tá próifíliú san áireamh i bpróiseas uathoibrithe. 

Maidir le sonraí pearsanta, cathain a mbíonn  próiseas uathoibrithe ceadaithe? 

Tá próiseas uathoibrithe ceadaithe ach  amháin nuair a léiríonn tú cead, nuair atá sé riachtanach don chomhlíonadh de chonradh nó nuair a thugtar údarás ag dlí Aontais nó dlí Ballstáit. Nuair atá ceann amháin de na heisceachtaí seo i gceist, caithfidh bearta oiriúnacha a bheith ann chun do chuid cearta, saoirsí agus leasa dlisteanach a chosaint. B’fhéidir go mbeadh an ceart idirghabháil daoine ar thaobh an rialaitheora, an ceart do thuairim a léiriú agus an ceart an cinneadh a cheistiú san áireamh.

Maidir le sonraí pearsanta de chatagóir speisialta(‘íogair’), cathain a mbíonn próiseas uathoibrithe ceadaithe? 

Nuair a bhíonn próiseas uathoibrithe bunaithe ar na catagóirí speisialta de shonraí pearsanta (a mhíniú sna sainmhínithe thuas), tá an próiseáil dlíthiúil ach amháin nuair a thugann tú do chead don  phróiseáil, nó nuair atá sé riachtanach do chúiseanna suntasacha do leas an phobail..

 

An ceart le srian (Airteagal 18 den RGCS)

Tá ceart le srian teoranta agat leis an phróiseáil do chuid sonraí pearsanta trí rialaitheoir sonraí. Nuair atá srian ar an phróiseáil do chuid sonraí, is féidir leis a bheith stóráilte ag an rialaitheoir sonraí, ach beidh do chead ag teastáil leis an chuid is mó de ghníomhartha próiseála eile, cosúil le scriosadh.

Conas a bhíonn  an ceart seo i gceist? 

Tá an ceart seo i gceist i gceithre bhealach. Tá an chéad dá chineálacha sriain le próiseáil i gceist nuair a chuireann tú i gcoinne na próiseála do chuid sonraí faoi Airteagal 21 nó nuair a chuireann tú i gcoinne  I dtaobh chruinneas do shonraí. Sna cásanna seo, bíonn an srian i gceist go dtí go ndéanfaidh an rialaitheoir sonraí amach cruinneas na sonraí, nó an toradh ar do chur i gcoinne.

Baineann an tríú cás inar féidir leat iarratas a chur isteach ar shrian le próiseáil atá neamhdhleathach. Sna cásanna seo, mura bhfuil tú ag iarraidh go ndéanfadh rialaitheoir sonraí d’eolas a scriosadh, is féidir leat iarratas a chur isteach le haghaidh srian do chuid sonraí pearsanta ina áit sin.

Bíonn an cheathrú cineál sriain de phróiseáil i gceist nuair a bhíonn sonraí le haghaidh  éileamh  dlíthiúil ag teastáil uait. Sa chás seo, is féidir leat iarratas a chur isteach ar shrian fiú nuair  nach bhfuil na sonraí ag teastáil ón rialaitheoir sonraí níos mó. 

Nuair atá srian ar phróiseáil agat, cad iad na hoibleagáidí atá ag an rialaitheoir sonraí? 

Nuair atá srian ar an phróiseáil do chuid sonraí agat, caithfidh an rialaitheoir sonraí tú a chur ar an eolas sula gcuireann sé deireadh leis an srian.

Déan Teagmháil Linn

Déan Teagmháil Linn

Féach le do thoil ar an leathanach Déan Teagmháil Linn le haghaidh sonraí teagmhála breise má tá fiosrúcháin ar bith agat faoin méid atá thuas.