Cad é Cosaint Sonraí?

Is é Cosaint sonraí ná an bealach le  cearta príobháideachta daoine a  chosaint i dtaca leis an bhailiúchán agus an phróiseail dá sonraí pearsanta. Tá freagracht fhoriomlán ag an tSeirbhís Chúirteanna chun comhlíonadh leis an reachtaíocht Cosaint Sonraí a chinntiú i dtaca le sonraí pearsanta ar a gcuireann sé smacht.. Cuirtear é seo i bhfeidhm  trí reachtaíocht  tríd an Acht um Chosaint Sonraí 2018  lena gcaithfidh Oifigeach Cosanta Sonraí na Seirbhíse Cúirte  cloí .

Tá na fostaithe go léir sa tSeirbhís Chúirteanna a smachtaíonn/ a phróiseálann an úsáid ar shonraí pearsanta freagracht ar an chomhlíonadh agus rialachán ar reachtaíocht cosanta sonraí.

Cad é an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)?

Tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) isteach sa bhliain 2016 agus tháinig sé i bhfeidhm san Eoraip ar an 25 Bealtaine 2018.

Tháinig an RGCS in áit ar rialacha sonraí pearsanta reatha faoin Treorach 95/46/EC de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle, agus rinneadh leasúar  ár ndlíthe ar Chosaint Sonraí (Achtanna um Chosaintí Sonraí 1988-2003) tríd an Data Protection Act, 2018  leis na riachtanais nua a chur san áireamh.  Tugtar Achtanna um Chosaintí Sonraí 1988-2018 ar an reachtaiocht nua.

Cad iad príomhchuspóirí RGCS?

Déanann RGCS caighdeánú ar agus neartaíonn sé an ceart do shaoránaigh de chuid na hEorpa ar shonraí príobháideachas.

Go ginearálta, seo iad a leanas príomhchuspóirí an RGCS:

  • Creat don mhargadh digiteach amháin a chomhoiriúnú agus é a dhéanamh ar bhealach níos simplí;
  • Ag cur daoine i gceannas ar a sonraí; agus
  • Rialachas cosanta sonraí nua-aimseartha a chur le chéile.

Tá an riachtanas d’eagraíochtaí le bheith go hiomlán trédhearcach ar conas atál siad ag úsáid agus ag cosaint sonraí pearsanta, agus an riachtanas d’eagraíochtaí go léir a bheith ar fáil chun freagracht le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí próiseála sonraí a léiriú i  lár an Rialachán Ginearálta le haghaidh Cosaint Sonraí.