Tá an nós imeachta a bhaineann le hiarratas a chur isteach ar chead achomhairc leagtha amach thíos.

Nós imeachta chun iarratas a chur isteach ar chead achomhairc

Nós imeachta chun iarratas a chur isteach ar chead achomhairc

Tá an nós imeachta a bhaineann le hiarratas a chur isteach ar chead achomhairc leagtha amach thíos. Tabhair do d'aird gur eascraíodh é seo as Treoir Chleachtais SC 19. Ba chóir duit tagairt d'ábhar iomlán na treorach cleachtais ina leagtar amach go mion an próiseas le haghaidh iarratas ar chead achomhairc agus, nuair a thugtar, an próiseas achomhairc.

1.         Chun iarratas ar chead achomhairc a chur faoi bhráid Oifig na Cúirte Uachtaraí, is gá duit  Foirm Uimh. 1 a chomhlánú.

2.         Ba chóir an fhoirm seo a thaisceadh in Oifig na Cúirte Uachtaraí faoi cheann 21 lá ó fhoirbhiú (síniú) an ordaithe a bhfuiltear ag achomharc ina leith.

3.         Ní mór cóip den fhógra iarratais ar achomharc a sheirbheáil ar gach páirtí ar a dtéann an t-iarratas ar chead achomhairc nó an t-achomharc féin i bhfeidhm go díreach ar an lá céanna a gcuirtear isteach an t-iarratas (mar a éilítear in Ordú 58 Riail17(1)).

Fógra an fhreagróra

Ní mór do gach freagróir, faoi cheann 6 seachtaine ó fhoirbhiú an ordaithe a bhfuiltear ag iarraidh cead achomhairc ina leith, é a chur faoi bhráid na hOifige agus fógra an fhreagróra a sheirbheáil i bhFoirm Uimh. 2.

Nuair nach féidir le freagróir fógra freagróra a chur isteach faoi cheann na teorann cuí ama, is féidir iarratas ar shíneadh ama a dhéanamh i gcuid 3 d'Fhoirm Uimh. 2. Féach ar Threoir Chleachtais SC19 i gcásanna nuair nach gcuirtear isteach fógra freagróra laistigh den tréimhse chuí.

 

Leabhrán iarratais ar chead achomhairc

Tá iallach ar an iarratasóir, faoi cheann 7 seachtaine ó fhoirbhiú an ordaithe óna n-iarrtar cead achomhairc, nó cibé síneadh ama a ceadaíodh, ceithre chóip chrua de leabhrán ina bhfuil cóipeanna de na doiciméid a leagtar amach thíos a chur faoi bhráid na hOifige go leictreonach nó, mura bhfuil córas r-chomhdaithe na Cúirte Uachtaraí á úsáid, é a dhéanamh san Oifig. Féach Treoir Chleachtais SC 19 i gcásanna nach gcuirtear isteach leabhráin bhreise laistigh den tréimhse chuí.

Doiciméid atá le bheith i leabhrán na ndoiciméad breise:

  • an fógra iarratais ar chead
  • fógra an fhreagróra má cuireadh isteach agus a seirbheáladh
  • cóip fhianaithe den fhoirm ordaithe óna bhfuiltear ag iarraidh cead achomhairc
  • an breithiúnas faofa a ndearnadh an t-ordú sin dá bhun
  • cóip fhianaithe d'aon ordú nó orduithe deiridh de chuid gach cúirte a phléigh leis na himeachtaí ar leibhéal níos ísle
  • aon bhreithiúnas nó breithiúnais fhaofa de chuid gach cúirte a phléigh leis na himeachtaí ar leibhéal níos ísle
  • deimhniú seirbhíse, san fhoirm atá leagtha amach i bparagraf 3(3)(b), den iarratas ar chead ar gach freagróir a seirbheáladh.

 

Nuair is in imeachtaí coiriúla a rinneadh an t-ordú óna bhfuiltear ag lorg cead achomhairc, sa leabhrán fosta beidh gach ábhar acu seo a leanas nuair a bhaineann an t-ábhar le haon cheist a ardaítear san iarratas ar chead achomhairc:

  • cóip de dhíotáil
  • tras-scríbhinn den chéad óráid ag abhcóide ionchúisimh
  • nuair a bhaineann achomharc le ceist ar leith a ardaíodh sa triail, tras-scríbhinn den fhianaise, aighneachtaí agus rialú a bhaineann leis an gceist
  • cóip den fhoilseán ábhartha
  • tras-scríbhinn de na hóráidí dúnta ag na habhcóidí ionchúisimh agus cosanta; agus
  • tras-scríbhinn de threoir an bhreithimh leis an ngiúiré sa mhéid is go mbaineann sé leis an gceist nó, nuair nár mhair an triail ach trí lá nó níos lú, an tras-scríbhinn iomlán.
     

Féach Treoir Chleachtais SC 19  maidir leis an nós imeachta atá le leanúint nuair a chinneann an Chúirt cead a thabhairt.